Pingin rua ní thabharfainn!

le Dónall Mac Giolla Chóill

Scríobh mé colún, tamall de bhlianta ó shin, ar Lá Nua, agus mé ag clamhsán, ag gearán, ag tabhairt amach. Plus ça change?

Bhí mé ag scríobh faoi lucht iarrtha déirce, nó le bheith níos beaichte agus níos cirte, ag cur tharam faoi dhíoltóirí The Big Issue.

Chreid mé riamh sa tionscnamh úd, go mbeadh daoine gan dídean in ann corrphingin a thuilleamh dóibh féin ar shlí a thug dínit doibh, agus a thug deis dóibh bheith páirteach i gcarthanacht gan a bheith ag lorg carthanachta go díreach.

Bhí bunphrionsabal ag baint leis seo: nach mbeadh siad ag lorg déirce, ach go mbeadh siad i mbun gnó; nach raibh cead acu airgead a iarraidh ach irisleabhar a dhíol.

A hand up, not a hand out! an mana a bhain leis seo.

Tiontaíodh sin bun os cionn, roinnt blianta ó shin, nuair a cuireadh tús le fiontar eile, fiontar a bhí neamhspleách ar an bhuntionscnamh, ach a bhain leas as The Big Issue go díreach.

Tháinig baicle daoine as an cheo, agus thosaigh siad ag díol an irisleabhair ar shráideanna Bhéal Feirste, agus iad ag lorg déirce ag an am céanna.

Bhí mise ag tabhairt amach fúthu, agus mar gheall ar gur eachtrannaigh iad, cuireadh i mo leith gur ciníochas a bhí ar bun agam.

Amaidí, a deirim!

Comhtharlú a bhí ann gur eachtrannaigh iad. Comhtharlú.

Comhtharlú a bhí ann gur cuma eagraithe a bhí ar an tionscnamh seo. Comhtharlú.

Comhtharlú a bhí ann gur fágadh ag bun Shráid an Chaisleáin iad gach maidin agus gur tógadh ag deireadh an lae iad, i mórghluaisteán, agus go raibh siad ina gcónaí le chéile. Comhtharlú.

Comhtharlú a bhí ann go mbeadh siad le feiceáil gach tráthnóna agus málaí móra siopadóireachta ó Tesco á n-iompair acu. Comhtharlú, a deirim!

Agus chuir sin corraí orm, ní amháin go raibh an tionscnamh fiúntach seo á scriosadh ag coirpigh eagraithe, ní na díoltóirí iad féin, ach iad siúd a thug isteach iad agus a thug dídean doibh, a thug foscadh do lucht díolta irisleabhair, a bhí agus atá in ainm agus a bheith chun sochair iad siúd gan dídean ná foscadh.

D’iarr na daoine seo déirc agus an t-irisleabhar go docht daingean ina ndorn.

Ní fhaca mé duine acu riamh ag díol cóipe, ach gach lá dá ndeachaigh agus dá dtéim síos go lár an bhaile, cloisim an caoineadh céanna: “Change please, mister! Give me change!”

Agus cuireadh i mo leith go raibh mé ag léiriú féith chiníoch.

Agus gan dabht, cuirfear i mo leith an choir chéanna, an uair seo.

Is annamh a thugaim déirc do lucht sráide mar go gcreidim gur dá n-aimhleas seachas dá leas é an gníomh sin.

Chonaic mé bean acu seo a bhíonn go rialta taobh amuigh de Shéipéal Naomh Muire taobh le Cearnóg an Bhruaigh, tá cúpla lá ó shin, agus a cloigeann sáite i mbosca bruscair, agus í ag rúscadh sa bhruscar.

Mhothaigh mé beagán trua di, agus deirtear gurbh fhearr beagán cúnaimh ná mórán trua, ach ní thabharfainn cúnamh di, agus chuir an trua seo ionadh orm, admhóidh mé.

Chuir sé ionadh orm, na blianta ó shin, nach raibh na húdaráis ag tabhairt faoi na daoine seo, agus ag aimsiú réitigh dóibh a d’fhágfadh nach gcaithfeadh siad déirc a lorg, agus cuireann sé ionadh orm go fóill nach bhfuil beart ar bun ag na húdaráis, ag na seirbhísí sóisialta agus uile, a d’fhágfadh nach gcaithfeadh bean tráthnóna a chaitheamh ag rúscadh i mbosca bruscair ar chúl Tesco.

Ní fheiceann tú daoine gan dídean a thuilleadh ar na sráideanna ag díol an irisleabhair seo. Cad chuige? Mar go bhfuil an drong eagraithe coirpeach seo ag seoladh a gcuid oibrithe amach ar na sráideanna agus ag brú daoine eile ar leataobh.

Pingin rua ní thabharfainn do na daoine seo. Beagán trua, sea, ach pingin rua, seans ar bith!

Scríofa ag ar 13.05.2010 Rannóg tuairim.

Tabhair Freagra

© Nuacht24