Cairdeas láidir buan

‘Tá éiginnteacht ag baint le gach dá ndéanaimid’

le Meadhbh Ní Eadhra

Cad is fiú cúpla bomaite, nó uair an chloig, nó lá am­háin? Cad is fiú an tréimhse sin idir oíche agus maidin, idir dorchadas agus solas, idir lá amháin agus lá eile?

Cad is fiú na cuimhní a bhíonn againn ar dhaoine, nuair a bhíonn na daoine sin imithe?

Is fiú go mór iad.

Is iad na cuimhní sin a chuireann meangadh gáire ar ár n-aghaidh, nó a chuireann ag caint nó ag smaoineamh muid.

Nuair a smaoiním ar an cheathrar ban óg álainn a cailleadh ar 17 Samhain 2009, cuimhním ar an chairdeas láidir buan a bhí eatarthu. Cuimhním ar an gháire a rinne siad i gcónaí, ar an spraoi a bhí acu agus ar an ghrá a bhí acu don Ghaeilge agus dá chéile.

Nuair a chas mé leo den chéad uair, bhí siad go léir le chéile, iadsan agus Michelle, atá fós san ospidéal, í ag troid go crua agus ag dul ó neart go neart achan lá.

Dhá bhliain go leith ó shin, d’aimsigh mé baile nua dom féin, i gceartlár na hOllscoile anseo i nGaillimh. Áras na Gaeilge a thugtar air.

Go dtí le déanaí, níor thuig mé cé chomh lárnach tábh­achtach agus atá an tÁras i mo shaol agus i saol an-chuid daoine eile fosta.

Ar ndóigh, ní hé an foirgneamh féin atá tábh­achtach, ach na daoine a bhíonn ann ó lá go lá.

Aonad a bhí sna mná óga sin laistigh d’Áras na Gaeilge, grúpa laistigh de ghrúpa, cairde i measc cairde eile.

Tá áthas orm go bhfuair mé an deis aithne a chur ar mhná óga dá gcineál, mná óga cliste éirimiúla a raibh a saol ar fad os a gcomhair amach.

Níl sé ceart nach rabhadar in éineacht linn, Dé Céadaoin, nuair a fuair muid ár gcuid torthaí scrúduithe.

Níl sé ceart nach mbíonn siad in éineacht linn sna léachtaí a thuilleadh.

Tá spás agus ciúnas sna léachtaí nach raibh ann riamh cheana.

Déanann muid iarracht gan a bheith ag breathnú siar ar chúl an ranga, áit a suídís le chéile i gcónaí.

Go minic agus mé ag siúl thart fán ollscoil, feicim cóta cosúil leis an cóta a chait­headh Theresa, nó gruaig dhubh cosúil le gruaig Sarah, agus bíonn orm a chur i gcuimhne dom féin nach iad atá ann, agus nach bhfeicfidh mé go deo arís iad.

Ba bhreá liom dá mbeadh seans againn go léir a bheith le chéile ar feadh lá amháin eile, nó ar feadh rang amháin eile, nó fiú ar feadh cúpla bomaite. Tá an oiread sin gur mhaith liom a rá leis na cailíní, an oiread sin gur mhaith le gach duine a rá leo.

Tá sé deacair a thuiscint conas is féidir le rudaí mar seo tarlú, tragóid mar seo, caill­teanas chomh hollmhór agus chomh huafásach leis seo.

Tá mé cinnte de rud am­háin, agus is é sin go bhfuil éiginnteacht ag baint le gach uile rud a dhéanann muid, gach uile nóiméad, gach uile lá, gach uile sheachtain.

Na daoine atá thart ort inniu, seans nach mbeidh siad ann amárach, agus is rud é sin atá deacair glacadh leis.

Deirtear go gceapann muid mar dhaoine óga nach féidir le rud ar bith tarlú dúinn, go bhfuil muid invincible.

Is cinnte nach fíor sin, ar bhealach ar bith.

Is féidir le rud ar bith tarlú dúinn, drochrudaí nó dea-rudaí, rudaí a chuireann ag caoineadh muid, rudaí a chuireann ag gáire muid, rudaí a chuireann iontas agus fearg agus mearbhall agus uafás agus eagla agus díomá agus brón orainn.

Bíonn muid ag súil nach dtarlóidh drochrudaí dúinn, nó dár gcairde, ach mar sin féin, tarlaíonn siad.

Beidh na cailíní go léir mar chuid d’Áras na Gaeilge i gcónaí. Uaireanta, nuair a bhím sa seomra ríomhairí, thuas staighre, sílim go gcloi­sim ag gáire sa chúinne iad, na mná óga sin. Bhí brionglóidí acu, díreach cosúil linne.

Bíonn sé deacair díriú ar an obair agus ar aistí agus ar phleananna don todh­chaí, nuair a bhíonn an rud uafásach seo i gcúl ár gcinn i gcónaí.

Ach tá a fhios agam go ndéarfadh siad linn ár ndícheall a dhéanamh, agus go mbeadh siad ag iarraidh orainn na rudaí ar fad nach bhfuair siad féin deis orthu, a thriail dúinn féin.

Tá sé go hálainn a bheith mar chuid de phobal agus de theaghlach Áras na Gaeilge. Tugann achan duine tacaío­cht dá chéile i gcónaí agus go háirithe le dhá mhí anuas.

Tuigeann muid an luach agus an tábhacht a bhaineann le cairdeas, le grá, le bheith sásta agus le sult a bhaint as gach soicind den saol.

Ní bhíonn sé éasca, agus ní bheidh choíche, ach aimseoidh muid bealaí chun déileáil le gach rud. Dé Máirt, d’eagraigh muid aifreann cuimhneacháin do na cailíní go léir, agus tháinig muid go léir le chéile i séipéal na holls­coile. Bhí an cúigear teaghlach ann, chomh maith linne, na mic léinn, na léachtóirí, ion­adaithe ón Gharda Síochána agus baill eile d’fhoireann na hollscoile.

Bhí sé go hálainn, an lá sin. An dara lá den Earrach. Tús nua. Thug muid ár gcairde linn isteach sa todhchaí, trína bheith ag caint fúthu, agus ag smaoineamh orthu, agus ag casadh ceoil dóibh.

Las muid coinnle agus thug achan duine a gcoin­neal féin ón séipéal go dtí an gairdín cuimhneacháin atá san ollscoil ó thús an téarma seo caite. Bhí sé go hálainn na coinnle ar fad a fheiceáil, agus na bláthanna a leagamar sa ghairdín.

Bhí rud éigin iontach deas faoina bheith ag seasamh le chéile sa ghairdín, atá díreach in aice le hÁras na Gaeilge. Bhí slua ollmhór ann, agus bhí sé deas do na teaghlaigh go léir a fheiceáil go raibh an-ghrá agus an-mheas ag achan duine ar a n-iníonacha agus deirfiúracha agus cairde.

Níos déanaí an tráthnóna sin, nuair a bhí gach rud thart, agus muid i ndiaidh lón a bheith againn agus amhráin a chanadh agus slán a fhágáil leis na teaghlaigh go léir, chuaigh mé féin agus beirt chara liom ar ais go dtí an gairdín.

Bhí an dorchadas ag titim agus chonaic muid go raibh cuid de na coinnle a fágadh sa ghairdín i ndiaidh gabháil as.

Rith mé go dtí an siopa agus cheannaigh mé cipíní. Le chéile, las muid gach uile coinneal a bhí múchta, agus bhí na céadta acu ann.

Nuair a bhí muid críochnaithe, sheas muid le chéile sa chlapsholas, ag am­harc ar na coinnle.

Bhí na lasracha ag damhsa mar a bheadh nithe beo ann. Thuig mé i gceart, den chéad uair, an chumhacht a bhaine­ann le solas. Leis an dorcha­das mórthimpeall orainn, ba iad na coinnle sin, agus an solas a tháinig uathu, a chui­digh linn an oíche sin.

Bhraith mé go raibh ár gcairde linn, an lá sin agus an oíche sin, iad ag damhsa leis na lasracha, ag gáire linn agus ag cuidiú linn glacadh leis an rud atá tarlaithe.

Tá ainmneacha an chea­thrair greanta sa ghairdín sin go deo, mar atá ainm cara eile liom, Keith. Nuair a las muid na coinnle sin do na mná, las mé coinneal do Keith fosta, agus do na daoine eile a airím uaim. Sna blianta atá le teacht, beidh sé deas a bheith in ann filleadh ar an ghairdín, agus ar Áras na Gaeilge, agus ar na cuimhní go léir a thagann leo

 Sa phictiúr ó chlé, Sorcha Rose McLoughlin, Sarah Byrne, Michelle Ní Dhomhnaill (chun tosaigh), Marie Steph Ní Chonghaile agus Theresa Molloy

Scríofa ag ar 24.02.2010 Rannóg tuairim.

1 Nóta Tráchta ar “Cairdeas láidir buan”

  1. Píosa álainn, scríofa le hómós, le brón, le cairdeas. Go raibh maith agat as na smaointe sin a roinnt linn, a Mhéabh.

Tabhair Freagra

© Nuacht24