Blah Blah Blag

Tá mé i ndiaidh díospóireacht uair a chloig a thaifead le Feidhlim Ó hAdhmaill , Poblachtach agus iarchimí, Gael, atá anois ina léachtóir ag Ollscoil Chorcaí.

Agus lena mhac Seán Ó hAdmhaill a bhí orthu sin a d’eagraigh Rith, a chuir é féin chun tosaigh do Uachtaránacht an Chonartha agus go leor eile. Beirt a bhfuil rudaí le rá faoin Ghaeilge ar fiú éisateacht leo. Beidh an t-agallamh sin le cloisteáil ag meán lae amárach, Aoine 12 Samhain, ar Raidió Fáilte, www.raidiofailte.com

Suimiúil is a bhí an uair a chloig cainte thug sé orm athmhachnamh ar chuid de na tuairimí a bhí agam le tamall anuas. Agus ní drochrud é sin.

Ach ritheann sé liom agus mé i ndiaidh an chlár sin a chur díom – an bhfuil 100 Gaeilgeoir i nDún na nGall Thiar Theas a bheadh sásta cur in iúl go poiblí go bhfuil a vóta ar fáil don duine a thacaíonn le cúig éilimh na Gaeilge? Máirtín Ó Cadhain a mhol a leithéid tráth den tsaol mura bhfuil dul amú orm ach is dócha gur beag toghcheantar sa tír ab fhearr chun a leithéid a thriall? An bhfuil 100 Gael dílís ann a bheadh sásta a macasamhail a dhéanamh? 50? Agus i gcás Thír Chonaill gach seans go mbeadh tábhacht is olltábhachtach le 30 vóta. Ní chuireann sé as dom nach bhfuil an 30 duine féin ann – ceal ama, eagair srl tuigim dóibh…

Ach an rud a chuireann as dom ná nach mbíonn Gaeilgeoirí go fiú ag caint faoina leithéid.

Am frustrach dom b’fhéidir ach is cinnte gur grumpyáilte a rachaidh mé agus mé ag dul anonn in aois!

Chaith mé trí lá i bPáras ag tús na seachtaine.

Agus mé ag dul ar an eitleán thóg an fear ar chúl an chuntair ag Easyjet ceist na mbuamaí liom.

Na buamaí sin a fritheadh i gcartúis dúiche le déanaí.

‘Tá naoi gcinn eile amuigh ansin nár aimsigh siad go fóill’ ar sé i gcogar comhcheilgeach liom.

‘Ocht nó naoi gcinn. Agus cá fios cén uair a phléascfaidh siad. Táthar á gcuardach. Mar sin, ná luaigh é seo le duine ar bith eile.’

Tá sé mar a bheadh an tríú rún Fatima agamsa a mhic.

Ní rachaidh focal faoi thar mo bheola.

Mura bhfuil 100 Gael a dhéanfaidh cic a thabhairt do na polaiteoirí i nDún na nGall tá sé le sonrú go bhfuil na mílte acu a dhéanfaidh cúpla uair a chloig a chaitheamh ar Facebook gach lá. Nuair a dheanfar iniúchadh ar athshlánú na Gaeilge lá éigin amach anseo beidh tagairt dhearfach ann do Facebook. Áis a chuir go mór le saol na mílte duine againn, sa bhaile agus i gcéin, gan oiread is deontas rialtais ní amháin gur craic ar dóigh atá ann ach gur íocshláinte iontach é an cuimhneamh laethúil agam go bhfuil na mílte Gaeilgeoirí ann sa aon mhogallra liom. Agus ní hionann is na daoine a scríobhann litreacha agus nótaí chuig nuachtáin is suíomhánna Gaeilge tá aghaidh agus fíorainm ag gach Gael ar Facebook.

Moladh maith ag mo chompánach Dónall Mac Murfaidh. Cad chuig enach nglacfadh ollscoileanna de chúram orthu féin de bheith ag uasdátú foclóirí Gaeilge ar bhonn bliaintiúil. Seachas muid a bheith ag brath ar uasghradú gach cúig bliain nó mar sin.

Is é Cathal Ó Searcaigh a dhéanfaidh an t-eagrán is úire de ‘Irish Pages’ a sheoladh ag ócáid sa Cheathrú Póilí i gCultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich i mBéal Feirste Dé Sathairn bheag amach romhainn. Is iad Chris Agee, Seán Mac Aindreasa agus Cathal Ó Searcaigh a rinne eagarthóireacht ar an eagrán ar leith seo de ‘Duillí Éireann’, cnuasach d’aistí is ábhar liteartha agus is eagrán Gaeilge atá i gceist. Tosóidh an t-ócáid ar 2.00 (seachas a haon a chlog mar a bhíonn i gceist go minic) agus beidh soláistí ar fáil. Gach eolas ó (028) 90322811.

Mar fhocal scoir – breithlá sona do Bhríd Ó Gallchóir, Stiúrthóir ar Aisling Ghéar. Tá éachtaí déanta ag an chompántas agus go háirithe faoi stiúir Bhríd le cúpla bliain anuas. Bhí cóisir bheag ag dul sa Chultúrlann inniu agus mé istigh ach bhí obair eile idir láimh agam mar sin….. cibé, breithlá sona aici. Agus beidh breithlá Ghearóid ann ar 21 nó 22 Samhain. Go maire sibh an chéad!

Scríofa ag ar 11.11.2010 Rannóg náisiúnta, tuairim.

Tabhair Freagra

© Nuacht24