Vóta ar an reachtaíocht ginmhillte – 138 Tá, 24 Níl
Glacadh leis an Bille um Chosaint an Bheatha le linn Toirchis le linn vóta dara céime sa Dáil anocht. Bhí vóta 138 ar son na reachtaíochta agus 24 ina choinne. Cheadaigh Fianna Fáil saorvóta dá Teachtaí siúd agus vótáil triúr déag acu sin I gcoinne na reachtaíochta. Vótáil ceathrar ó Fhine Gael ina choinne agus Peadar Toibín ó Shinn Féin ina choinne chomh maith. Cuirfear an reachtaíocht I láthair Choiste Sláinte an Oireachtais amárach agus dreim le go gcuirfear leasuithe chun tosaigh ann. Vótáil seisear neamhspleách I gcoinne na reachtaíochta chomh maith.
An é seo an chéad léamh den bhille nó an darna léamh, nó caidé?