Treascairt do Barca

Threascair Bayern Munich Barcelona 4-0 sa chéad chluiche leathcheannais i Léig na Seaimpíní. Bhí conspóid ag baint leis an dara cúl a scóráil Bayern, an raibh Gomez as alt na himeartha, agus leis an tríú chúl nó bhí cuma ar an scéal go ndearnadh calaois ar chosantóir Barca chun go dtiocfadh le Robben scóráil. Ach ó thús deiridh ba léir go raibh oiread scil is láidreacht i bhfoireann Bayern chun an lámh in uachtar a fháil ar Barca agus bhí an bua tuillte go maith acu. Is annamh a dhéantar treascairt mar seo ar Barca agus in ainneoin go mbeidh an dara babhta sa Camp Nou níl mórán de sheans ann go mbeidh siad in ann 5 cúl a scóráil i gcoinne Bayern.

Scríofa ag ar 23.04.2013 Rannóg nuacht, spórt.

1 Nóta Tráchta ar “Treascairt do Barca”

  1. Pól Réamainn

    Slán anois Tiki-Taka!

Tabhair Freagra

Scéalta is Déanaí

Tráchtanna is Déanaí

© Nuacht24