Teip na gcainteanna ó thuaidh – páipéar Hass ar fáil

Seo é an dreachtpháipéar a bhí curtha le chéile ag deireadh na gcainteanna a bhí faoi stiúir Richard Hass agus Megan O’Sullivan ó thuaidh – http://t.co/GI3mPMKtKH. Cé gur iarr Richard Hass, toscaire Mheiriceánach, agus Megan O’Sullivan ar na páirtithe ar fad toscairí a chur ann a bheadh in ann cinneadh a dhéanamh gan dul ar ais chuig an pháirtí shocraigh an UUP is an DUP nach dtiocfadh leo an páipéar a cuireadh chun tosaigh ag deireadh a mholadh agus go mbeadh orthu dul ar ais chuig a gcuid páirtithe leis an scéal a phlé. Dar le Sinn Féin agus an SDLP go dtiocfadh leo glacadh leis an phacáiste a leag amach roinnt moltaí maidir leis an bhealach chun  plé le stair na dtrioblóidí agus eachtraí conspóideacha ar Leith, agus maidir leis an bhealach chun ceist na mórshiúlta a réiteach. Dar le David Ford, Páirtí an Chomhaontais, nárbh fhéidir bogadh oireadh is leathorlaigh ar cheist na mbratacha cionn is go raibh na hAontachtaithe, duine ar dhuine, I gcoinne aon bhogadh dá laghad ar an cheist. Mar sin cuireadh an cheist siar ar mhéar iontach fada. Bhí fear acu sin a bhí I gceannas ar na mórshiúlta is agóidí dílseacha faoi bhratacha, Jamie Bryson I láthair taobh amuigh de na cainteanna le cúpla lá anuas agus mhaígh seisean tráthnóna inné go raibh sé muiníneach nach mbeadh aon bhogadh ar thaobh na nAontachtach. Cuireadh ceist Acht na Gaeilge ar an mhéar fhada chomh maith. Beidh toghchán sa tuaisceart I gceann 6 mhí agus meastar gur imir sé sin tionchar áirithe ar roinnt de na páirtithe agus ar a n-iompar ag na cainteanna.

Scríofa ag ar 31.12.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Teip na gcainteanna ó thuaidh – páipéar Hass ar fáil”

  1. An tAstrálach

    Jamie Bryson I láthair taobh amuigh de na cainteanna le cúpla lá anuas agus mhaígh seisean tráthnóna inné go raibh sé muiníneach nach mbeadh aon bhogadh ar thaobh na nAontachtach.

    No surrender, leagan 2014?

  2. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Is buíoch le bocht beagán a Astrálaigh a chara. Smaoínigh dá mbeadh acht na Gaeilge againn go mbeadh orainn cur suas leis an chacamas sin de cháipéis agus í i nGaeilge!!!

Tabhair Freagra

© Nuacht24