Snowden ag lorg tearmainn
Tá Edward Snowden i ndiaidh tearmann a iarraidh in 21 tír, Éire san áireamh. Dar le hurlabhraí leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha go gcaithfidh duine a bheith in Éirinn chun iarratas ar thearmann in Éirinn a dhéanamh. Dúirt an Teachta Dála Richard Boyd Barrett (Daoine Roimh Bhrabach) go dtógfadh seisean an cheist sa Dáil agus go mba cheart don rialtas tearmann a cheadú sa chás seo.
Níl sé ag iarraidh a fhanacht sa Rúis. Tá an-tuiscint aige.
Is mairg a deir “bú” leis an bponcán!
Ní thiocfaidh Snowden i ngiorracht scread asail don tír ‘neamhspleách’, ‘neodrach’ seo má tá ciall ar bith aige.
Samhlaidh óráid Kenny i ndiaidh don Mhossad nó an SAS nó fórsaí speisialta Mheiriceá ionsaí a dhéanamh ar pé ionad tearmainn ina mbeadh sé anseo agus é seolta go Meiriceá sula mbeadh a fhios ag ‘ár’ bhfórsaí slándála go raibh sé imithe!
Kenny:
‘Nílimid sásta ar chor ar bith gur tharla sé seo. Tá an-damáiste déanta dár muinín i Meiriceá agus ina gcomhghualaithe. Tá baol ann anois fiú nach rachaidh mise agus mo chairde go Meiriceá in aon chor do Lá le Pádraig an bhliain seo chugainn – táimid ag breathnú ar roghanna eile cheana féin, na Bahámaí san áireamh. Táimid ar fad trína chéile faoi seo.’
An bhfuil sé fíor gur chuireadh barántas gabhála os comhair Rialtas na hÉireann ar eagla go dtuirlingeoidh an fear seo i Sionainn ar a shlí go Habhána?
Níor chuireadh isteach ar an cimí ar a shlí go Guantánamó.