‘Slán abhaile mo chara’ Tom Magher
‘Slán abhaile mo chara’ an slán a fhág Tom Magher inné lena bhean Jill ag tórramh in Melbourne na hAstráile. Bhí slua ollmhór i láthair ag an tórramh agus bhí an ócáid iontach corraitheach. Scaoileadh saor 29 colm, ceann acu do gach bliain a mhair Jill beo. Bhí na deora lena hathair, George Mc Keown nuair a léigh sé amach litir a bhí scríofa acu chuig Jill in 2004 nuair nach raibh sí sa bhaile, litir a chuir síos ar an chumha a bhí orthu faoin imeacht. Cuimhníodh ar an dúil a bhí ag Jill i leabhair agus i léamh, sa rince agus sa saol i gcoitinne. Chríochnaigh an seirbhís le ceol agus le hamhrán Edith Piaf, ‘Non, Je Ne Regrette Rien.’
Beidh Aifreann cuimhneacháin ann i nDroichead Átha do Jill ar ball inniu.