Siúlach Scéalach, Siamsaíoch – An Samhradh Linn’ ar TG4

Siúlach Scéalach, Siamsaíoch – An Samhradh Linn’  ar TG4

 

 

Cuirfear tús  Déardaoin 4 Iúil leis an séasúr nua den chlár bríomhar seachtainiúil seo á  chur i láthair ag Síle Ní Bhraonáin.

 

Rachaidh  Síle agus An Samhradh Linn ó cheann ceann na hÉireann ar thóir togha agus rogha an tséasúir,  idir cheol, bhia, scéalaíocht agus iontais iomadúil na tíre ! Beidh Síle agus an criú  i  gcontae éagsúil gach seachtain don san irischlár fuinniúil físiúil seo agus baileoidh sí scoth an cheoil agus an damhsa ón tallann is nua agus is bríomhaire dá bhfuil ar fáil.

Is léir go bhfuil rún ag go leor daoine saoire an tSamhraidh 2013 a chaitheamh in Éirinn  agus tabharfaidh An Samhradh Linn cuairt ar ionad turasóireachta éagsúil  (saor ó tháille) gach seachtain agus feicfidh sí an áilleacht agus an oidhreacht atá ar fáil ar leac an dorais againn féin.

 

Anuas air sin, casfaidh Síle le cócaire i mbialann áitiúil gach seachtain chun mias blasta a bhlaiseadh as na táirgí is fearr sa réigiún.

 

Cuid lárnach de shaol na hóige in Éirinn iad na coláistí samhraidh. Tabharfaimid fuinneamh na hóige chun an scáileáin gach seachtain uathu. Chomh maith leis sin beidh mír i ngach eagrán le damhsóir aitheanta ar an sean-nós agus go leor ceoil agus amhránaíochta den  scoth.

 

Ón amhrán ‘Thugamar Féin an Samhradh Linn’ a fuair TG4 teideal na sraithe agus tá Síle agus an criú ar fad ag súil go mór leis an dúshlán agus an deis chun an samhradh a thabhairt chugatsa.

 

Beidh An Samhradh Linn le feiceáil ar TG4 gach Déardaoin ag 8.30pm, agus ar líne ar www.tg4.ie.    Is i nDún na nGall a bheidh an chéad eagrán lonnaithe.

 

Bí Linn!

Scríofa ag ar 02.07.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24