Scamall dubh dorcha le Fáinne Geal an Lae

Tugadh ceathrar feisire parliminte de chuid an pháirtí Golden Dawn, (Fáinne Geal an Lae) os comhair cúirte inniu agus é curtha ina leith go raibh siad ceangailte le coireanna tromchúiseacha, dúnmharú ina measc. Tá ceannaire is leas-cheannaire an pháirtí le tabhairt os comhair cúirte ar ball. Gabhadh iad ar fad i ndiaidh do bhall an pháirtí an ceoltóir Pavlos Fyssas, fear de chuid na heite chlé, a dhúnmharú. Tá scrúdú tosaithe, dar leis na húdaráis, ar an ról a bhí ag péas áirithe i gcosaint agus cuidiú le baill den pháirtí, páirtí a lochtaíodh as an iliomad ionsaí ar inimircigh. Séanann Fáinne Geal an Lae gur páirtí Naitsíoch iad agus maíonn go bhfuil an smachtú ag tarlúint cionn is polaiteoirí eile a bheith buartha faoi fhás an pháirtí. Bhain siad 7% den vóta in 2012 agus tá 18 ball parliminte acu.

Scríofa ag ar 01.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

4 Nóta Tráchta ar “Scamall dubh dorcha le Fáinne Geal an Lae”

  1. Fearn

    Is ionadh dom an Ghaeilge a chuireann tú ar Χρυσή Αυγή, ged nach bhfuil sé cearr.

    Ach mar ainm ar phairtí antoisceach? nach leor an fhileatacht a fhágáil ar leataobh? Maidneachan órga a bhéarfainnse air

  2. Dónall Chaoimhín

    Sin an chéad úr riamh a léigh mé an focal ‘maidneachan’ agus b’éigin domh é a cheadú san fhoclóir, is túisce a thuigfinn ‘Fáinne Geal an Lae’.

  3. Fearn

    muise, cluainim an focal sin achan maidin istigh im aigne: “Arú, an diabhal maidneachan sin arís, éirigh amach a phlota”

  4. Dónall Chaoimhín

    Ceann maith a Fhirn! A fhad is nach a chomhionann agus Fáinne Geal an Lae na Gréige (Maidneachan Órga) atá taobh thiar de!

Tabhair Freagra

© Nuacht24