Sagart marbh in ionsaí i dtuaisceart na Siria
Ta sé dearbhaithe ag na Cumainn Misin Pontaifiúla gur maraíodh sagart Caitliceach in Gassanieh i dtuaisceart na Siria. Ba iad trodairí ón ghrúpa Jabhat al-Nusra, grúpa Ioslamach antoisceach ar chuid de na fórsaí frithrialtais é, b’iad a bhí freagrach as dícheannú an tAthair Francois Murad de réir tuairiscithe. Proinsiasach a ba ea é an tAthair Murad, 49 bliain d’aois, a bhog go Gassanieh cionn is an chontúirt a bhain lena fhanacht i gceantar maguaird. Tuigtear gur ionsaíodh an mhainistir a bhí sé ag stopadh ann ach dar le háisínteacht nuachta na Vatacáine nach léir go fóill iomlán na sonraí dar tharla. De réir físeáin a cuireadh in airde ar an idirlíon gearradh a chloigeann den sagart le scian cistine agus scaifte bailithe thart timpeall ag ceiliúradh an mharuithe. Dar leis an ArdEaspag Siriach Jacques Behnan Hindo go ndearna an tAthair Murad a bheatha a íobairt ar son síochána san Siria agus fud na cruinne. Ar na mallaibh cuireadh i leith trodairí antoisceacha Ioslamacha gur dhúnmharaigh siad Mohammed Qataa, buachaill 14 bliain d’aois in Aleppo. Chuir siad ina leithgo ndearna sé caint frithMoslamach. Agus tá tuairiscithe ann go ndearnadh daoine a dhúnmharú nó a loit i gceantracha atá faoi smacht ag Ioslamaigh antoisceacha fud na Siria.
más olc é Assad tá na haintoiscigh Mhoslamacha seo ar chomhbháracht leis. go bhfóire Dia ar mhuintir bhocht chráite an mheáin oirthir.
Agus tá Obama dá n-armáil.. Sa gcaoi céanna a bhíonns sé ag tabhairt tacaíocht den Muslim Brotherhood.
Tá daoine amuigh sna sráide san Éigipt le comharthaí ag iarraidh orainne i SAM dúiseacht. Is mór an trua é nach bhfuil suim dá laghad ag lucht na heite chlé sna meáin sa tír seo aon comhartha a thaispeaint nach mbíonn ag moladh ár gQuota President go hard na spéire.
@Sa gcaoi céanna a bhíonns sé ag tabhairt tacaíocht den Muslim Brotherhood. – Tá sé ag tabhairt tacaíocht leis an airm na hÉigipte ag an am céanna.
@ Proinsiasach a ba ea é an tAthair Murad
Ní shílim go bhfuil seo fíor. Díthreabhach a bhí ann, ancaire, a dh’iarr fothain sa mhainistir a chionn is a chontúirteach is a bhí cúrsaí
De réir tuairiscí úra scaoikeadh an tAth Murad chun báis ach Críostaithe eile a dícheannaíodh sa físeán. Má éiríonn leis na Jihadithe seo tá deireadh leis na Críostaithe sa Mheán Oirthear.
@ Má éiríonn leis na Jihadithe seo tá deireadh leis na Críostaithe sa Mheán Oirthear. -
Tá Críostaithe, maille lena gcrosáidairí, agus Moslamaigh, maille lena n-antoiscigh siúd, ag maireachtáil le chéile le mile go leith bliain sa Mheán-Oirthear.
Tiocfaidh siad.