Pósadh comhghnéis ceadaithe sa Fhrainc

Is é an Fhrainc an 14 tír chun pósadh comhghnéis a cheadú. D’achtaigh an Parlimint reachtaíocht inniu agus i ndiaidh don Comhairle Bunreachtúil cinntiú de nach sáraíonn sé ar an bhunreacht cuirfidh an tUachtarán Holland a shíniú leis an Bhille.  Chuir sé pósadh comhghnéis chun tosaigh ar a chlár oibre sóisialta agus bhrúigh sé féin is a pháirtí go dúthrachtach ar a son. Ach b’ionadh le go leor chomh mór is a bhí an freasúra ina choinne agus bhí roinnt de na léirsithe i gcoinne na reachtaíochta ar na léirsithe is mó a bhí sa Fhrainc le blianta fada.

Scríofa ag ar 23.04.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

4 Nóta Tráchta ar “Pósadh comhghnéis ceadaithe sa Fhrainc”

  1. Pól Réamainn

    Maith thú an tUasal Holland!

  2. an tAstrálach

    Ceadaíodh pósadh comhghnéis sa Nua-Shéalainn an tseachtain seo caite ach ní féidir le daoine aeracha pósadh (le duine den chineál céanna) san Astráil fós. Tá na polaiteoirí abhus i bhfad chun cúil ar mhuintir na tíre de réir na bpobalbhreitheanna – mar is iondúil leo.

  3. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    is ait an mac an saol -tá na comhghréasaí ar a ndícheal ag iarraidh pósadh ach tá na hetroghréasaí ar a ndícheal ag iarraidh gan pósadh. tá an cine daonna trí na cheile shílfeá.

  4. Fearn

    Caidé sin anois 14 nó 17 tír agus cead phósadh cuma an gnéas ag cách?

    Agus tá 5 thír ann go fóill agus pionós báis fós i bhfeidhm iontu ar son homaghnéasachais.

Tabhair Freagra

© Nuacht24