Obama idir dhá thine Bealtaine

le hEoghan Ó Néill

 

Má leanann sé lena ionsaí ar an Siria beidh sé dul i gcoinne toil an phobail idirnáisiúnta, i gcoinne na Náisiúin Aontaithe agus i gcoinne cuid mhór dá phobal féin, tromlach a phobail féin más fíor do phobalbhreitheanna. Agus gach seans go bhfuil tromlach de pholaiteoirí Mheiriceá ina choinne ar an cheist seo.

Ach mura n-ionsaíonn sé an Siria i ndiaidh dó bagairt déanamh amhlaidh dar le cuid dá lucht tacaíochta go mbeidh laghdú ar a seasamh féin agus ar sheasamh Mheiriceá.Cibé rud a tharlóidh tá laghdú ar sheasamh Obama mar gheall ar ar tharla go dtí seo.

Do lucht na comhcheilge ní aon comhtharlúint é go bhfuil John Kerry i ndiaidh rud a rá a bhí ina ‘dála an scéil’ shílfeá agus atá inniu ina ábhar réitigh.

Nach iontach ar fad an dóigh a bhrostaigh an taidhleoireach ar ardluas inné agus gur thóg an Rúis an méid a dúirt sé láithreach ina chaint ‘dála an scéil’, chuir feoil ar na cnámha, phléigh é le rialtas na Siria agus thug ar rialtas na Siria, taobh istigh de chúpla uair a chloig, tacú leis agus i bhfaiteadh na súl bhí ábhar réitigh ann! Agus do mo chéad chleas eile …. !

Má chreideann tú sa chomhcheilg sin tugann sé réiteach fada casta a dtiocfadh le gach taobh glacadh leis agus maireachtáil leis. Ní chuireann sé as an áireamh go rachadh Obama i mbun fornirt mura bhfaigheann sé an rud atá uaidh. Ach má leantar le próiseas na Rúise thig le Obama an bua a fhógairt sa mhéid is gur thug sé ar Bashar al Assad glacadh le cur ó mhaith a airm ceimiceacha.

Agus dá mbeadh comhréiteach ann ní bheadh ar Obama leanúint leis ag brú cogaidh nár mhaith lena pháirtí féin, lena phobal féin ná le cairde Mheiriceá sa MheánOirthear.

Ach murab é gur fíor do lucht na comhcheilge ansin is fíor gur bhain an Rúis is an Siria tuisle as Meiriceá inné. Baineann an moladh a rinneadh inné an brí as an feachtas a bhí faoi lán seoil ag Obama chun tabhairt ar an Seanad agus ar Theach na Comhdhála chun glacadh leis an chogadh. Má dhiúltaíonn Obama don moladh cuirfidh sé cuma air féin go bhfuil sé maíte ar chogadh beag beann ar aon rogha eile. Bhí sé deacair ag Obama dul leis an chogaíocht roimhe seo. Beidh sé i bhfad níos deacra i bhfianaise ar moladh inné.

Agus cuireann an moladh seo cuma na measartha ar Assad agus an Rúis. Níor mhaith leis an Rúis, leis an Iaráin ná fiú le hAssad é féin go dtiocfadh na hairm ceimiceacha in Siria faoi smacht na ngrúpaí atá ceangailte le Al Qaeda agus atá chun tosaigh in lucht an éirí amach.

Mar sin oireann an plean a mhol an Rúis, oireann sé dóibh ar fad.

Ach an féidir a leithéid de phlean a chur i gcrích i bhfírinne?

Ní go huile is go hiomlán. Mar a léirigh próiseas díchur na n-arm sna Sé Chontae tá sé deacair spriocam readúil a aontú dá macasamhail, tá sé deacair dearbhú líon na n-arm, tá sé deacair agus fada iad a bhailiú in aon áit amháin, a bheith cinnte go bhfuil gach arm san áireamh agus ……. Tá fiche fadhb ann.

Ach is mó de réiteach siombalach a bheadh i gceist le díchur arm ceimiceacha. Bheadh an Rúis agus an Siria in ann bua a fhógairt mar gur thug siad ar Mheiriceá gan dul ar aghaidh leis an ionsaí ar an Siria.

Bheadh Meiriceá is a cairde in ann maíomh gur thug siad ar Assad géilleadh.

Bheadh pobal na Siria saor ó bhascadh eile ón Iarthar.

Ach an bhfuil toil ann leis an réiteach sin a chur i gcrích? Agus má tá níl réiteach go fóill ar an bhunfhadhb. Cogadh cathartha na Siria. Agus gan Meiriceá a ladhar a chur isteach ann tá an cuma ar an scéal go bhfuil agus go mbeidh an lámh in uachtar ag fórsaí Assad ar an bhlár catha. Rud nach maith le Meiriceá ná an tIarthar.

Gan amhras beidh idir Mheiriceá is an Rúis go mór i bhfách le cainteanna síochána sa Ghinéiv dá réiteofaí an ghéarchéim reatha faoi airm ceimiceacha. Ach an mbeadh lucht éirí amach in ann glacadh le cainteanna agus iad ag dul isteach ann ar an chos cúil ar an bhlár catha agus ar gach bealach eile?

Scríofa ag ar 10.09.2013 Rannóg gné-ailt/tuairim, idirnáisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “Obama idir dhá thine Bealtaine”

  1. Fearn

    Is ionadh liom gur féidir leat alt maith fada mar seo a scríobh gan an 100 000 a thug a n-anam go nuige seo agus na sluaite eile a bhéireas a n-anam amach anseo sa tSír.

  2. Séamus mac seáin

    ag leath ama sa ” chluiche ” seo idir Meiriceá agus an Rúis. Tá na Rúisigh ag baint 1-0 . Is droch chúlbáire é John Kerry nach féidir leis greim a choinneáil ar an liathróid agus níl a fhios ag Trapatoni Obama cad é atá ar bun. mura bhfuil Meiriceá cúramach críochnóidh siad ag bun na srátha!!!

  3. Fearn

    Dea-chur síos a Shéamuis, cé gur ionadh dom nach bhfeiceann éinne ach mar a mbíonn ag an Poncán. An Síreach bocht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24