Ní mhúchfar tine Oxigen go dtí an lá amárach ar a luaithe

Thug an Briogáid Dóiteáin le fios inniu nach múchfar an tine ag lárionad athchúrsála Oxigen I mBaile an Mhracota I mBaile Átha Cliath go dtí an lá amárach ar a luaithe. Rud a chiallaíonn go mbeidh sé ag dódh, faoin am sin, le trí lá. Dar leis an Áisínteacht um Chosaint an Chomhshaoil gur imeacht de ‘chatagéir 1′ a bhí ann, rud a chiallaíonn gur gá rabhadh a thabhairt don phobal maguaird. Sa chás seo tugadh le fios go mba cheart dhaoine maguaird fanacht sa bhaile a fhad is go bhfuil an tine á mhúchadh.

Dar le Oxigen nach bhfuil barúil acu cad a chuir tús leis an tine agus tá siad chun sciar den 120 oibrí atá fosaithe sa lárionad a bhogadh chuig oifigí is ionaid eile dá gcuid.

Scríofa ag ar 26.01.2014 Rannóg ealaíona.

Tabhair Freagra

© Nuacht24