Ní cheadóidh muid reifreann sa Chatalóin – an Spáinn
Deir Aire Dí is Cirt na Spáinne, Alberto Ruiz-Gallardon nach ligfidh an rialtas sa Spáinn don rialtas I gCatalonia reifreann a reáchtáil ar 9 Samhain seo chugainn ag iarraidh ar phobal Chatalonia vótáil ar son nó I gcoinne neamhspleáchais. D’aontaigh na páirtithe uilig I gCatalonia inniu ar dhá cheist a chur I láthair na vótóirí. Iarrfar orthu (1) an stat í an Chatalóin (2) agus sa chás go measann said gur stat é ar mhaith leo é a bheith saor. Deir Artur Mas, Príomh Aire Chatalonia, go bhfuil na páirtithe sa reigiún aontaithe ‘ I bpionsabal’ ach go mbeidh plé breise de dhíth faoin cheist. Ach deir idir an PP agus an Páirtí Sóisialach sa Spáinn go gcuirfidh said go trean I gcoinne aon reifreann faoin cheist.
Cé a dúirt: “Dá n-oibródh an Daonlathas, chuirfidís ar ceal é.”?