Mikhail Kalashnikov marbh in aois 94 bliain

Tá an fear a rinne an raidhfil is iomráití ar an domhan, Mikhail Kalashnikov I ndiaidh a bháis. Bhí sé 94 bliai d’aois. Rinne sé an raidhlif Kalashnikov in 1947, raidhfil a bhí iontach feidhmiúil, simplí agus dá tharibhe a shimplíochta, saor. Ar na buntáistí eile a bhain leis bhí sé furasta a iompar ina píosa nó le chéile, furasta a bhaint as a chéile is a athdhéanamh agus a bhí thar a bheith éifeachtach.Meastar gur bhain Kalashnikov úsáid as teicneolaíocht ceannródaitheach a bhí in úsáid ag na Naitsithe I dtreo deiridh an chogaidh chun cur le héifeacht a raidhfile. Rinneadh príomhraidhfil an arm Soivéadaigh de agus ar ball ba é an gunna a ba mhó a d’úsáid lucht éirí amach sa Tríú Domhan, san Mheán Oirthear agus In áiteanna eile fud na cruinne mar a bhí cogaíocht ann. I Sléibhte na Ural, áit arbh as do Kalashnikov féin, a rinneadh an raidhfil ón tús agus tá sé á déanamh ansin I gcónaí, cé go bhfuil sé á déanamh I go leor tíortha eile, an tSín san áireamh. Meastar gur mó daoine ar maraíodh le raidhfilí Kalashnikov ná aon déanamh eile raidhfil. Dar le Kalashnikov nár mhothaigh sé ciontach as an úsáid ar bhain lucht troadda de. Dar leis gur iarradh air gunna a dhéanamh don arm Soivéadach, go ndearna sé amhlaidh agus go raibh daoine eile freagrach as an drochúsáid a baineadh de in áiteanna éagsúla.

Scríofa ag ar 23.12.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Mikhail Kalashnikov marbh in aois 94 bliain”

  1. Fearn

    Mo ghriadhn thú, a Mhicilín Claisnícobh!

Tabhair Freagra

© Nuacht24