Máirtín Ó Néill, Roy Muirís Ó Catháin, i mbun na foirne

Dearbhaíodh inniu é agus Dé Sathairn cuirfear iad i láthair na meán is an lucht tacaíochta go hoifigiúil. Ach dhearbhaigh Cumann Sacar na hÉireann tráthnóna go mbeidh Martin O’Neill (61) ina bhainisteoir ar fhoireann sacar na hÉireann, agus go mbeidh Roy Keane (42) ina leasbhainisteoir aige. Beidh Steve Walford, Steve Guppy agus Seamus McDonagh ar an fhoireann cúltaca acu. Meastar go mbeidh siad i gceannas don chéad chluiche eile a bheidh ag an fhoireann, cluiche cairdiúil leis an Laitvia ar 15 Samhain. Dúirt John Delaney, ceannasaí an Chumann Sacair go raibh an plé a bhí acu le Roy Ó Catháin ar fheabhas, ainneoin ar tharla ag Saipanaon bhliain déag ó shin.

Scríofa ag ar 05.11.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

8 Nóta Tráchta ar “Máirtín Ó Néill, Roy Muirís Ó Catháin, i mbun na foirne”

  1. Fearn

    Cad a tharla i Saipan?

  2. Séamus mac seáin

    tá deis a labhartha acu ach níl a fhios agam an fiú luach á shaothair ceachtar acu. nárbh éigean an dís a caitheamh amach as Sunderland bhí siad chomh holc sin?. An bhfuil tír eile sa domhan a cheapfadh bainisteóirí maide dá macasamhail, ? go sabhála Dia na himreóirí bochta.

  3. Pól Réamainn

    B’fhéidir go mbeidh siad ina comhpháirtíocht thorthúil. Tá an bheirt acu iar-mhic léinn de Brian Clough.

  4. Dónall Chaoimhín

    Tabhair seans daofa in ainm chroim níl siad ach díreach ceapthaí sa phost agus tá daoine dá gcáineadh cheana féin!

  5. Séamus mac seáin

    fánfaidh muid uilig inár dtost mar sin a Dhónaill Chaoímhín a chara ach amháin le laoi molta a aithris? saol leadránach go leor a d’fhágfadh sé sin againn ach i gcead duit níl a fhios agam gairm ar bith eile a d’íocfadh £2mhilliúin le beirt ar theip go tubáisteach orthu sa phost dheireanach a bhí acu beirt. mar a dúirt a té a dúirt ” airgead maith má’s féidir leat é a fháil”

  6. Gearóid de Grás

    Chonaic mé grianghraif den bheirt seo sna nuachtáin inné agus poipíní Arm na Breataine á gcaitheamh acu go poiblí. An féidir glacadh leis anois agus an dá mhilliún (punt nó euro?) á íoc leo ag Cumann Sacar na hÉireann go mbainfidh siad an poipín dá gcótaí agus go gcaithfidh siad Lile na Cásca ina ionad?

  7. Dónall Chaoimhín

    Tá agus is é sin an rud faoi spórt ar nós an tsacair caithfidh foireann de na foirne atá ag imirt an cluiche a chailliúint nó críochnú ag bun na sraithe. Is é sin le rá go mbíonn buaiteoirí ann agus caillteoirí. Ach mar a deir na fir ghnó bíonn an teip mar chuid den phróisias foghlama.

Tabhair Freagra

© Nuacht24