Malala Yousafzai – faoi bhagairt i gcónaí
Is baol nach mbeidh Malala Yousafzai in ann feilleadh ar a ceantar dúchais sa Phacastáin má mhaireann sí beo. Scaoil gunnadóirí de chuid an Talaban Malala Yousafzai agus beirt chara léi inné agus iad ag filleadh ón scoil. Gortaíodh Malala Yousafzai go hiontach dona ach aréir d’éirigh le lia an piléar a bhaint amach as a cloigeann agus táthar muiníneach go mairfidh sí beo, cé nár eol go fóill an dochar atá déanta dá corp. Ach bhagair an Talaban uirthi gan filleadh ar a ceantar dúchais má mhaireann sí beo. Dar leo go bhfuil Malala Yousafzai freagrach as cur chun tosaigh saoltachas agus as daoine a mhealladh óna gcreideamh trí bheith ag brú scolaíocht do mhná óga.