Lou Reed marbh

Tá an ceoltóir Lou Reed I ndiaidh bás a fháil agus é seachtó a haon bliain d’aois. Chuaigh sé faoi scian I mí Bealtaine na bliana seo cionn is fadhbanna duáin aige. Bhí ardmheas ar Lou Reed ní cionn is a ghuth ach cionn is a chumas mar cheoltóir agus mar scríbhneoir ceoil. ‘Walk on the Wild Side’ agus ‘Perfect Day’ an dá amhrán is mó a bhí luaite leis. Ball den ghrúpa mórthiochar an ‘Velvet Underground’ a bhí ann agus ceoltóir aonair ar ball.

Scríofa ag ar 27.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Lou Reed marbh”

  1. An tAstrálach

    Is dócha go bhfuil sé ag siúl ar an “dtaobh chiúin” anois agus ní “lá foirfe” é.

  2. Pól Réamainn

    Tá sé tuirseach, tá sé cortha, d’fhéadfadh sé a chodladh ar feadh 1000 bliain.

Tabhair Freagra

© Nuacht24