Líomhaintí Snowden – tuilleadh eolais, tuilleadh achrainn

D’éilgh Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Laurent Fabius, cruinniú práinne le hAmbasadóir Mheiriceá sa tír i ndiaidh do líomhaintí a bheith foilsithe sa nuachtán Le Monde, go ndearna Meiriceá spiadóireacht ní amháin ar scairteanna gutháin a rinne daoine sa Fhrainc a raibh amhras sceimhlitheoireachta orthu ach ar na milliúin scairteanna eile a rinne oifigigh stáit, fir gnó, gnáthshaoránaigh agus eile. Tá an tuairisc in Le Monde bunaithe ar eolas a sceith Edward Snowden, iaroibrí sna seirbhísí bailiú faisnéise i Meiriceá. Tá ardteannas idir Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe i ndiaidh don iris Ghearmánach, Der Spiegel, tabhairt le fios ag deireadh na seachtaine go ndearna Meiricieá cúléisteacht ar scairteanna gutháin iarUachtarán Mheicsiceo, Felipe Calderon, le linn dó a bheith i gcumhacht.

Scríofa ag ar 21.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Líomhaintí Snowden – tuilleadh eolais, tuilleadh achrainn”

  1. Fearn

    Aidhe! Sin saol an 21ú linn. Níl príobháideachas ar teilifóin ná idirlíon. Tá spiarairí ag forchoiméad an teachtaireachta seo.

Tabhair Freagra

Tráchtanna is Déanaí

  • Séamus Macseáin Béal Feirste on
  • Séamus Macseáin Béal Feirste on
  • An tAstrálach on
  • Pól Réamainn on
  • Séamus Macseáin Béal Feirste on
© Nuacht24