Liam Adams ciontach
Ciontaíodh Liam Adams tráthnóna as éigniú a íníne Aine. Shocraigh giúiré a raibh naonúr fear agus triúr ban ann go raibh sé ciontach as deich gcúis. Shéan sé do na cúiseanna ar fad. Dearthair le Gearóid Mc Adam é Liam Adams(58). I ráiteas a léigh péas amach ar a son dúirt Aine Adams go dtiocfadh léi tosú ar mhaireachtáil a saoil anois in aois 40 bliain agus dearmad a dhéanamh ar an pháiste a bhíodh faoi sceon is sceimhle.
ar bhealach is cuma cé leis a bhfuil sé gaolta ach ní cuma gur ligeadh dó a bheith i ndlúthchuideachta le páistí óga agus a fhios ag daoine go raibh amhras faoi. Is ioma Easpag sa tír seo a chaill a bhacall mar gheall ar ionsaithe gnéis dhaoine eile agus bhí sin ceart ach cé a glacfaidh freagarthacht as páistí óga a chur i mbaol sa chás seo?