Leithscéal ó Daily Mail on Sunday

Tá eagarthóir an Daily Mail on Sunday sa Bhreatain i ndiaidh leithscéal neamhbhalbh a dhul le Ed Miliband cionn is go ndeachaigh iriseoir de chuid an nuachtáin chuig seirbhís phríobháideach a bhí á reáchtáil i gcuimhne ar uncail an Uasal Miliband. Rinne an t-iriseoir iarracht daoine a bhí ag an seirbhís a chur ag caint faoin rud a shíl siad de na haltanna a bhí curtha i gcló ag an Daily Mail ar na mallaibh ag ionsaí athair cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre thall. Dar le heagarthóir an Daily Mail on Sunday, Geordie Greig, nach raibh a fhios aige go raibh an t-iriseoir i mbun a leithéide agus ghabh sé leithscéal neamhbhalbh. Tá beirt iriseoir curtha ar fionraí fad is go bhfuil an scéal á fhiosrú dar leis.

Scríofa ag ar 03.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Leithscéal ó Daily Mail on Sunday”

  1. Pól Réamainn

    Seans ar bith go cuifear an MoS ar fionraí?

  2. an tAstrálach

    Is léir nach bhfuil ceacht foghlamtha acu tar éis scannal phreas Murdoch. Nár ceart dlí a achtú i gcoinne a leithéide? Agus Murdoch a chur i gcarcair?

Tabhair Freagra

© Nuacht24