Leabhar Fheargail – leabhar nach seachnaíonn an cúlra polaitiúil

le Gearóid Ó Cairealláin

 

Bhuel, buíochas do Dhia, ach thiar thall sa deireadh tharla sé. Níor shíl mé go mairfinn fada go leor chun é a fheiceáil ach sain againn é. Údar atá sásta a admháil go raibh comhthéacs agus comhthéacs polaitiúil taobh thiar de athbheochan na Gaeilge sna Sé Chontae. Tuigim go bhfuil go leor daoine, agus iad ceangailte le gluaiseacht na Gaeilge arbh fhearr leo cloí leis an chur i gcéill ach nach amhlaidh atá.

Ina leabhar áfach. ‘Language, resistance and revival’ léiríonn Feargal Mac Ionrachtaigh an fhírinne mar a bheadh grian lár an tsamhraidh ann.

Ón tús fógraíonn sé an bunrud, is é de bharr ar choiliniú Shasana ar Éirinn a cailleadh an Ghaeilge sa chéad dul síos agus aithníonn sé an coilíneachas mar ghéag den chaipitileachas domhanda.

Mar sin de is mar bheart i gcoinne an choilíneachais a chuathas riamh – agus a théitear go fóill, i mbun athbheochan na teanga.

Is maith liom an leabhar seo ar go leor cuiseanna – níor fhéad mé é a fhágáil uaim le seachtain anuas. Ar ndóigh tá an-suim agam san ábhar, agus bheir ionrachas an údair greim orm.

Admhaíonn sé go luath go bhfuil sé claont taobh. Ní hé an cheist atá le freagairt ag an léitheoir an bhfuil sé claon taobhach; ach cén taobh ar a bhfuil sé.  Mar sin de, is é an taighdeoir é agus cuid den ábhar taighde chomh maith. Dála an scéil, sin cuid den deacracht atá ag iriseoir chomh maith, níl sé neodrach ná baol air agus é ag plé le hábhar mar seo.

Tá mise lán chomh claontaobh is atá Feargal.

An Ghaeilge ina uirlis chúltroda taobh istigh den phríosún agus sa saol mór taobh amuigh de is bun-ábhar don leabhar eachtach seo atá bunaithe ar agallaimh a rinne an t-údar le hiarchimí Poblachtacha agus le gníomhaithe Gaeilge sa tsaol mór.

Cionn is an sloinne aige agus an teaghlach Poblachtach s’aige – agus é a bheith claontaobhach – bhí bealach éasca isteach aige go dtí na hábhair agallaimh, ach cad é mar a tharla sé riamh gur ghlac cimí poblachtacha leis an Ghaeilge mar mheán cumarsaide agus uirlis cúltroda?

Míníonn Feargal go raibh an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach lárnach don athbheochan a spreag Éirí Amach na Cásca. ‘Éirí Amach’ na múinteoirí a tugadh ar Éirí Amach na Cásca tráth. Plódaíodh na príosúin le Gaeoilgeoirí de bharr ar 1916 agus leanadh den nós nó den traidisiún as sin anuas go dtí na blianta s’againn féin.  I gcónaí thug na cimí spreagadh as an nua do lucht na hathbheochana ar an taobh amuigh. Nóta uaim féin, le linn d’Ard Fheis Chonradh na Gaeilge a bheith ar siúil i mBéal Feirste sa bhliain 1995 labhair beirt chime sa Chéis Fhada leis na teachtaí ar an ghuthán agus ba mhór an fháilte a fuair siad.

Cé go bhfuil an leabhar seo díreach i ndiaidh teacht amach tá rí-rá agus ruaille buaille spreagtha aige ach mholfainn do dhuine ar bith ar suim leo athbheochan na Gaeilge sna Sé Chontae í a léamh agus sult a bhaint as. Sin an rud faoin fhírinne, nochtóidh sí í féin i gcónaí, bíodh sí ar ár sásamh nó ná bíodh. Taobh amuigh de chúrsaí Gaeilge is mór is fiú ‘Language, Resistance and Revival’ mar stair na príosúnachta sna Sé Chontae. Fáigh é agus léigh …..

 

Scríofa ag ar 18.11.2013 Rannóg gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht.

13 Nóta Tráchta ar “Leabhar Fheargail – leabhar nach seachnaíonn an cúlra polaitiúil”

  1. Fearn

    Cathain a bhéas leagan Gaeilge den leabhar seo ar fáil?

  2. Níl a fhios agam an mbeidh leagan Gaeilge ann cé nach dtogfainn ar an údar é leagan Gaeilge ann nó as nó is saothar tabhachtach é seo agus ba cheart é a léamh ar aon nós. Scríobhadh i mBéarla mar gur abhar trachtas a raibh ann, sílim, agus tá an t-é a scrígh é gnóthach go maith ag cur chun cinn na teanga ar go leor bealaí. Ba dheas leagan Gaeilge cinnte ach b’fhéidir go mbeidh fánacht fada ort….

  3. Fearn

    @…. ach b’fhéidir go mbeidh fánacht fada ort….

    Scéal an athréimniú !

  4. Séamus mac seáin Béal Feirste

    is leabhar mór é ,an leabhar seo ag Feargail ,agus ar bhealach is é a locht a mhéid, tá abhar thrí leabhar ann go fírinneach agus má bhíonn an tam aige am éigin amach annseo leagan Gaeilge a chur amach tá súil agam gur mar thrí imleabhar a dhéanfaidh sé é nó tá an tabhar aige. ceann amháin ar an Chóilíneachas dhomhanda, ceann eile ar na priosúnaigh agus an Ghaeilge agus ceann eile ar an Nua Chóilíneachas in Éirinn. Níor mhiste dar liom ag MISNEACH a bhfuil baint lárnach ag an udar leis cúram a fhoilsithe a thabhairt orthu féin agus baill na heagraíochta a earcú le cuid den aistriúchan a dhéanamh ( tá agallaimh na niarchimí polaitiúla i nGaeilge cheana féin).
    Ba iad na píosaí sa leabhar ar an Nua chóilíneachas a ba shuimiúla agam féin nó shoiléirigh siad go leor rudaí i m’aigne féin a bhí ag dó na geirbe agam le fada. Caidé mar a tharlaíonn sé mar shampla gur féidir le hiar-reibiliúnaithe agus iad i gcumhacht i dtír iar chóilínithe. a bheith chomh holc leis na ceannairí a bhí ann rompu. ó thaobh na cosmhuintire de, Tá admhaithe anois gur stát coirpithe é an Aifric Theas anois ainneoin na n-iar phriosúnach a bheith i gcumhacht. Líonadh coistí an mhaorlathais le cairde agus lucht tacaíochta an ANC agus tá an chosmhuintir go fóill ar an bhlar fholamh agus cé nach nabrann Feargal amach é sa leabhar is léir go bhfuil an Nua Chóilíneachas i réim i gcuid mhór dena ceantair phoblachtacha sna sé Chontae. agus. gur ar fhabhar agus chara sa chúirt atá cuid mhór de achmhaíní an stáit dá rannadh . Ar an abhar. sin amháin b’fhiú leagan Gaeilge den leabhar a bheith ann go háirithe nuair a smaoíníonn muid ar an dóigh ar ghlac Gluaiseacht na Poblachta greim scornaigh ar airgead na Gaeilge ó thuaidh nuair a bunaíodh Foras Na Gaeilge agus an dóigh ar ghabh siad seilbh ar an chiste inéistíochta Ghaeilge gan dul i gcomhar le Gaeil ar bith nach raibh umhal don bhunaíocht. is sampla maith é sin den Nua Chóilíneachas a bhfuil cur síos ag Feargal air ina leabhar cé nach mar sin a chuireann sé féin síos air. Tá abhar machnaimh sa leabhar a gcaithfear a chur amach i nGaeilge le go mbeidh fíor éifeacht leis.

  5. Fearn

    Tá sé soilléir ó chuntas Ghearóid, Chonchubhair agus Shéamuis gur leabhar fiúntach é seo. Chuirfinn spéis ann cinnte. Moltar an t-údar.

    Ach, uaireanta, is fiú na rudaí seo a rá i nGaeilge, go háirithe nuair is í an Ghaeilge is bun agus barr dó, mar leabhar. Is fiú labhairt liom im theanga fhéin

  6. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Tá an ceart agat a Fhearn. Caithfidh muid muinín a bheith againn gur féidir an teanga a úsáid do gach abhar.

  7. Gearóid de Grás

    Seachas aistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar leabhar atá i mbéal an phobail Ghaelaigh pé scéal é (tá súil agam!), tá sé níos tábhachtaí dar liom go n-eascrófar plé cuimsitheach doimhin faoin nuachóilíneachas in Éirinn i measc Béarlóirí agus Gaeilgeoirí, thuaidh agus theas – aontaím le Séamus gurb iad na codanna den leabhar faoin nuachóilíneachas na codanna is suimiúla. Dar liom, is iad is tábhachtaí freisin.

    Ba dheas, cinnte, dá mbeadh an leabhar scríofa i nGaeilge ar an gcéad dul síos agus aistriúchán Béarla curtha ar fáil ar ball ach ní dóigh liom go bhfuil sé chomh tábhachtach ag an bpointe seo go gcuirfí leagan Gaeilge ar fáil, a fhaid is nach ndéanann pobal naGaeilge dearmad nó neamhaird ar na teachtaireachtaí tábhachtacha atá sa leabhar faoin nuachóilíneachas agus an tslí ina n-oibríonn sé. Is gá do Bhéarlóirí na teachtaireachtaí sin a thuiscint freisin – b’fhéidir go deimhin, go bhfuil sé níos tábhachtaí go léadh siad siúd an leabhar ná go léadh ár leithéidne.

    An rud ar mhaith liomsa a fheiceáil anois ná tuilleadh leabhar (i nGaeilge, cinnte, agus i mBéarla freisin) ar an ábhar seo.Agus ní leabhair do dhaoine fásta amháin ach oiread. Ní téamaí éasca iad seo don aos óg ach tá staidéar á dhéanamh ag déagóirí ar an Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil cheana féin (sa státchóras iarchóilíneach ó dheas pé scéal é). Má tá saoirse le bheith ag muintir an oileáin seo choíche, is é an t-aos óg a bhainfidh amach é agus ní polaiteoirí an lae inniu atá sáite sa chóras iarchóilíneach agus ag baint buntáistí as. Is gá go mbeidh Gaeil óga ar an eolas faoin gcóras a bhfuil siad faoi smacht aige agus is é an dúshlán atá ann do phobal na Gaeilge ná bealaí a aimsiú chun deiseanna foghlama agus plé ar an ábhar seo a chur ar fáil dóibh.

  8. Dónall Chaoimhín

    Tá boladh láidir an náisiúnachais ag teacht ó do chuid cainte. Níl mé ina éadan, ach ní bheidh baint ná páirt ag formhór an aois óig leis a thuilleadh. Níor fhoghlaim duine ar bith a bhfuil aithne agam féin orthu an Ghaeilge mar gheall ar fhealsúnach, d’fhoghlaim siad í toisc gur thaitin sí leo, nó mar gheall ar chailín nó ar bhuachaill, nó faoi scáth tuismitheora, deartháir nó deirfiúir, nó múinteora spreagúil nó toisc gur chonacthas daofa gur shaibhrigh sí a saoil. Gach seans gur fealsúnach a spreag roinnt daoine sa chéad dul síos ach foghlaimíonn tú rud toisc gur ann dó, agus an rud gur ann dó is fiú é a fhoghlaim. Is ann don Ghaeilge in ainneoin gach tobaiste a thit uirthi agus mar sin rachaidh daoine á foghlaim. An rud atá mé a mhaíomh nár chóir go mbeifeá ag dúil go n-aontóidh gach duine le do thuairimí i leith na Gaeilge.

  9. Fearn

    A Dhónaill Chaoimhín.
    Cé air a bhfuil tú ag cur forrán?

  10. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Tá an fhealsúnacht mar théama ag raidhse mór leabhar i dTeangacha éagsúla a Dhónaill a chara mar sin níor mhiste go mbeadh sí á plé i nGaeilge chomh .maith. i dtaca le foghlaim na Gaeilge de is ioma cúis a bhíos ag daoine le hí a fhoghlaim agus níl cúis amháin níos fearr ná a chéile ach tá an ceart agat gur fearride sinn saol láidir fuinniúl cruthaíoch sultmhar a bheith ag Gaeil agus gur túisce a mheallfaidh sin daoine ( an t-aos óg go háirithe) Le taobhú lei ná céad léacht ar fhealsúnacht Ghluaiseacht na Teanga.

  11. Dónall Chaoimhín

    Táim ag teacht leat air sin a Shéamais, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios againn cad é a mheallann daoine i dtreo na teanga sa dóigh agus go mbeidh muid ábalta tógáil air.

  12. Ciarán Mac Giolla Bhéin

    Is suimiúl an phlé a spreag an leabhair seo i measc pobail agus gníomhaithe teanga fud fad na tíre. Creidim go bhfuil comhrá le hoscailt maidir le ‘athpholaitiú na Gaeilge’ agus is splanc an leabhar seo a chuirfeas brí agus teoiric leis an chomhrá thábhachtach sin. I dtaca liom féin de, tchítear dom go bhfuil clár polaitiúl a bhrú le blianta beaga anuas chun an Ghaeilge a ‘dípholaitiú’ agus creidim go bhfuil seo thar a bheith contúirteach do thodhchaí an teanga. Níl aon amhras ormsa go pearsanta, cuirim an Ghaeilge chun cinn mar chuid de chlár díchoilínithe atá fréamhaithe sa pholaitíocht agus atá ag teacht leis an chuir chuige atá ag neart gluaiseachtaí teanga fud an domhain. Baineadh an Ghaeilge dúinn mar chuid d’fheachtas sonrach polaitiúil, mar sin, is gníomh polaitiúil aon iarracht chun an teanga sin a aisiompú arís. Tá nasc cumhachtach, athghiniúna idir teanga agus féiniúlacht. Shamhlaigh a rá le duine ón Chatalóin nach bhfuil aon nasc idir a dteanga agus féiniúlacht láidir Catalóinise, le dlúthbhaint aige sin leis an fheachtas chun saoirse a bhaint amach don tír. Nó i dTír na mBascach fosta. Ní féidir an rud a dheighilt i mo thuairim. Más mian le daoine an Ghaeilge a chur chun cinn de thairbhe go measann siad go bhfuil sé suimiúl nó gur ‘ann do’, tá an rogha sin acu agus fáiltím rompu ach creidim go luíonn ár gcuid láidreachtaí mar phobal agus gluaiseacht lenár gcumas an nasc a thógáil idir teanga agus féiniúlacht. Tá go leor scríofa ag daoine atá níos cliste ná mé féin ar an ábhar seo…Franz Fanon, Alberto Memmi agus Tómas Mac Síomóin na tíre seo agus molaim do chách iad a léamh.

  13. Dónall Chaoimhín

    A Chiaráin, a chara, an pointe a bhí mé féin ag iarraidh a dhéanamh ná gur thosaigh ar an Ghaeilge a athbheochan i bhfad sular tháinig mise ná tusa ar an tsaol. Chomh maith leis sin bhí mise ag déanamh tagairt do cad chuige a fhoghlaimíonn daoine an Ghaeilge ní ar cad chuige a mbíonn daoine á chur chun cinn. Bheadh sé doiligh rud ar bith a fhoghlaim nach bhfuil ann dó. Fríd is fríd aontaím féin leis an méid atá tú a rá ach ní mór a lua go mbíonn cúiseanna éagsúla i gceantair éagsúla taobh thiar d’fhoghlaim agus chur cun cinn na Gaeilge. Ní fhéadfadh a rá gur feachtas polaitiúil atá ar bun sa Ghaeltacht nuair a chuireann tuismitheoirí an teanga ar aghaidh chuig a gcuid leanaí. Nó ní díchóilíniú atá i gceist i gcónaí nuair a chuireann daoine a gcuid páistí chuig Gaelscoil nó chun na Gaeltachta. Tá difear ann idir áiteanna amuigh faoi tuaith atá iontach gar don am ina raibh an Ghaeilge á labhairt iontu agus cathracha agus bailte móra atá ag athbheochan na teanga as an nua. Ach is maith an rud an éagsúlacht dtaca le teanga ar bith!

Tabhair Freagra

© Nuacht24