Jimmy Saville – níl sé ach ina thús
Tá péas Shasana ag fiosrú níos mó ná 120 gné de na líomhaintí a rinneadh go dtí seo i gcoinne Jimmy Saville. Aréir bhain oibrithe ar shiúil an leac uaighe os cionn uaigh an siamsóra ar iarratas óna mhuintir. Inné thug an péas le fios go bhfuil siad den bharúil go bhfuil na líomhaintí agus an fhianaise atá ag carnadh i gcoinne Jimmy Saville ag leanúint de phatrún oiread sin is gur deacair acu gan glacadh leis gur thug sé drochíde gnéasúil do mhná ar feadh i bhfad. Tá an BBC go háirithe faoi bhrú mór nó ba laoch mór dá gcuidse é feadh a shaoil mar shiamsóir agus tá ráite gur tharla roinnt eachtraí i bhfoirgnimh an BBC. Meastar nach bhfuil an scannal seo ach ina thús agus go mbeidh na péas ag fiosrú réalta eile teilifíse, raidió is ceoil, mar aon le daoine a raibh a fhios acu faoi drochíde ach nár thuairiscigh a raibh ar siúil. I láthair na huaire tá an NSPCC ag plé le breis ar scór duine a tháinig chun cinn agus mar aon leo sin deir an NSPCC go bhfuil siad ag plé le iarphéas a tháinig chun tosaigh le heolas a thabhairt.