Iompróidh Rory bratach na hÉireann má roghnaíonn sé foireann Oilimpeach na hÉireann

Iompróidh Rory Mc Ilroy bratach na hÉireann ag Cluichí Oilimpeacha 2016 má roghnaíonn sé imirt d’Éirinn thug Comhairle Oilimpeach na hÉireann le fios inniu. Dúirt cathaoirleach ar an Chomhairle, Pat Hickey, go mbeidh Rory ar an mhór rogha chun an bratach a iompar in Rio má roghnaíonn sé imirt do fhoireann na hÉireann. Tá an galfaire óg i dteideal imirt d’Éirinn nó don Bhreatain ach thug sé le fios ar na mallaibh gur seans maith go roghnóidh sé imirt ar son na Breataine.

Scríofa ag ar 09.10.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24