Iarsmalann Tien An Men i ndiaidh oscailt in Hong Kong

Tuigtear go bhfuil na húdaráis sa tSin iontach míshásta go bhfuil iarsmalann i ndiaidh oscailt in Hong Kong ag cuimhniú eachtraí mí Mheithimh 1989 I gCearnóg Tien An Men. Mharaigh saighdiúirí de chuid na Síne na céadta de léirsitheoirí I bpríomhchearnóg Beijing nuair a chuaigh na mílte, mílte mac léinn go háirithe, I mbun agóide agus iad ag iarraidh níos mó saoirse. Rinneadh sléacht ar léirsitheoirí agus cuireadh na céadta acu faoi ghlas. Tá an tSín ag iarraidh a bheith cinnte nach mbeidh agoidí ná cuimhneacháin phoiblí ar an shléacht sa tSin I mbliana.

Scríofa ag ar 27.04.2014 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24