Gradaim Ghlór na nGael 2012
Duaiseanna Ghlór na nGael 2012 Bronnta
Thionól breis agus 300 ionadaí agus baill de choistí Gaeilge ó fhud fhad na tíre, agus thar lear, in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh ag an deireadh seachtaine I gcomhair Bhronnadh Duaiseanna agus Boinn Ghlór na nGael do chomórtas 2012.
Ba é príomh-aoí na hoíche ná an tAire Soisearach, Donncha Mac Fhionnlaoich TD. Bronnadh níos mó ná €145,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, coistí scoile agus ollscoile agus ar chóístí ó Alba agus Stáit Aontaithe Meiriceá.
I mbliana bhuaigh Coiste Forbartha Dobhair I nDún na nGall an Duais Náisiúnta gur fiú €40,000 agus Trófaí Ghlór an nGael do choistí a bhfuil duine fostaithe leo, agus thóg Cumann Gaelach Leath Chathail Duais mhór na rannóige Coistí gan cúnamh fostaíocht, agus seic do €8,000.
Ghabh an tAire Mc Ginley comhghairdeas leis an coisti ar fad a bhuaigh duaiseanna I mbliana. Dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann gur buaiteoirí iad na coistí ar fad a bhaineann páirt nó is tríd a n-iarrachtaí go bhfuil fás agus forbairt ar shaol agus todhchaí na Gaeilge sa tír.
Bronnadh duaiseanna sa dhá chatagóir atá ag an gcomórtas: duaiseanna do choistí gan cunamh fostaíochta agus duaiseana do choiste a bhfuil cúnamh fostaíochta acu. Chomh maith leeis sin, bronnadh duaiseanna aitheantais, duaiseanna i réimsí oibre faoi leith, na duaiseanna idirnáisiúnta agus duaiseanna an chomórtais speisialta a eagraítear i measc na gCumann Gaelach sna coláistí Tríú Leibhéal agus an comórtas nua do chlubanna Gaeilge sna meánscoileanna, an Comórtas G!
Don chéad uair, I mbliana, bronnadh níos mó ná 30 Bonn Ghlór na nGael, boinn chré umha, boinn airgid agus boinn óir, ar choistí a bhain céatadán ard marcanna sa chomórtas thar trí bliana ó 2010 ar aghaidh.
Tugadh an bualadh bos is mó do phobal Dobhair a bhuaigh an mhórdhuais náisiúnta don chéad uair, comhartha maith d’fhás agus bhuanú na Gaeilge ar fud na tíre agus don obair I measc na hóige ach go háirithe atá ar súil ag an choiste sin.
Liosta Iomlán
Boinn Ghlór na nGael – Medals
Bonn Cré Umha- Na Macallaí (Loch Garman)
Bonn Cré Umha – Glór Sionna (An Clár)
Bonn Cré Umha – An tAonach (Tiobraid Árann)
Bonn Cré Umha – Balána (Ceatharlach)
Bonn Airgead – Ionad Deirbhile, Eachléim (Maigh Eo)
Bonn Airgead – Comhar Dhún Chaocháin (Maigh Eo)
Bonn Airgead – Comharchumann Árainn Mhóir (Dún na nGall)
Bonn Airgead – Corca Dhuibhne ag Caint (Ciarraí)
Bonn Airgead – Uíbh Ráthach (Ciarraí)
Bonn Airgid – Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo)
Duaiseanna Speisialta
Duais Chumann na Sagart €1,000
Glór na nGael Gort a’Choirce (Dún na nGall)
Duais Chonradh na Gaeilge €1,000
An Clár as Gaeilge + Bonn Ór (Co an Chláir)
Duais Chonradh na Gaeilge €1,000
Glór Cheatharlach (Ceatharlach)
Duais Cholmcille – €1,500
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair (Dún na nGall)
+ Bonn Ór
Duais Cholmcille – €1,500
Glór Cheatharlach (Ceatharlach)
Duais an Fháinne, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, €1,000
Ionad Uíbh Eachach, & Trófaí + Bonn Airgid (Béal Feirste)
Duais Chomhluadar €1,00 & Duais Ógras €700
Coiste Forbartha Charn Tóchair, + Bonn Óir (Co. Doire)
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500
Boirche Íochtar, + Bonn Airgid (Co. an Dúin)
Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall, €1,500
Coiste Seán Bán Mhic Meanman (Dún na nGall)
Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe, €1,500
Maigh Cuilinn + Bonn Óir (Gaillimh)
Duais Chló Iar Chonnachta, & Dearbhán €1,000
Maigh Cuilinn + Bonn Óir (Gaillimh)
Duais Údaras Craolacháin na hÉireann, €1,500
Staisiún Tráchtála: Clare FM (An Clár)
Duais Údaras Craolacháin na hÉireann, €1,500
Staisiún Pobail: Near FM (Baile Átha Cliath)
Duais an Iontaobhas Ultach £1,400
Céim Aniar + Bonn Airgid (Dún na nGall)
Duais an Iontaobhas Ultach £1,400
An Droichead + Bonn Óir (Béal Feirste)
Duais na Comhairle Oidhreachta, €1,500
Comharchumann na nOileán Beag, Ancaire (Dún na nGall)
+ Bonn Cré-Umha
Duais an Fhoras Pátrúnachta €1,000
Craobh na Bóinne (Co Lú)
Gradam Ghlór na nGael
Raidió na Gaeltachta
Comórtas G! (Scoileanna iarbhunscoile)
Urraithe ag An Spailpín Fánach & COGG
Uladh: Cumann Gaelach, Scoil Íosaef, Domhnach Mór, Tír Eoghain
Mumhan: Gaeilge GaGa, Coláiste Pobail, Cill Mhíchíl, Co. an Chláir.
Connacht: Coiste na nDaltaí, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Laighean: Ruaille Buaile ND, Meánscoil Notre Dame, Baile Átha Cliath
Príomhbhuaiteoir: €2,000
Club Ailigh G, Coláiste Ailigh Leitir Ceanainn
Comórtas 3ú Leibhéal
An Roinn Oideachais & Eolaíochta
Gearrliosta do sheacht nduais:
Iontráil Nua is fearr, €500: An Cumann Gaelach, Institiúid Teicneolaíochta BÁC
An Cumann is fearr le níos lú ná 200 ball €1,000: : An Chumann Sóisialta, Acadamh na hOllscolaíochta GaeilgeAn Cheathrú Rua
Duais Trasteorann, €1,000: An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Duais Athmhuintearais, €1,000: An Cumann Gaelach, Ollscoil na mBanríona
3ú hÁit, €1,000: Cuallacht Cholmcille, Ollscoil na hÉireann Má Nuad
2ú hÁit, €1,500: An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile B.Á.C
1ú Áit, €2,000: An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, BÁC
Global Gaeilge
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
3ú Áit €2,500: Daltaí na Gaeilge Nua Eabhrach, SAM
2ú Áit €3,500 : Forbairt na Gaeilge, Baile Phitt , SAM
1ú Áit €5,000: Conradh na Gaeilge, Glascú, Alba
Gearrliosta na gcoistí gan cúnamh fostaíochta.
Gaeltacht urraithe ag Údaras na Gaeltachta
1ú Áit Coiste Pobail na Tulaigh & Bonn Óir (Gaillimh) €3,000
2ú hÁit Comharchumann Ráth Chairn & Bonn Óir, €2,000
3ú hÁit Glór na nGael Gort a’Choirce & Bonn Óir (Dún na nGall) €1,500
Iar Ghaeltacht
Buaiteoir Náisiúnta na gcoistí gan cúnmah fostaíochta:
Áit Cumann Gaelach Leath Chathail & Bonn Óir €8,000 (Co. an Dúin)
2ú hÁit Áth Buí le Gaeilge & Bonn Cré Umha €2,000 (Co. na Mí)
3ú hÁit Glór Bhréifne & Bonn Cré Umha €1,500 (An Cabhán)
Coistí le cúnamh fostaíochta : Náisiúnta
Príomhdhuais Náisúnta : €40,000 urraithe ag Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta & Trófaí Náisiúnta Ghlór na nGael, urraithe ag Foras na Gaeilge
Coiste Forbartha Dhobhar & Bonn Óir
2ú hÁit Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua & Bonn Óir €8,000
3ú hÁit Glór Baile Locha Riach & Bonn Óir €6,000
4ú hÁit Gaelphobal an tSrátha Bháin & Bonn Óir €4,000
5ú hÁit Glór Cheatharlach & Bonn Óir €3,000
2012? Anuraidh, an ea?