Éigse Loch Lao

Beidh Éigse Loch Lao ar siúl i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo le réimse imeachtaí sóisialta agus painéil ar siúl in Ollscoil Uladh faoin téama ‘An Ghaeilge i gCóras Scolaíochta na hÉireann’.

Dé hAoine 7 Deireadh Fómhair 2011
An Ghaeilge sa chóras meánscolaíochta thuaidh agus theas, 4:00i.n. – 5:30i.n.
PAINÉAL 1
Niall Comer (Comhairleoir ag CCEA)
Máire Ní Laoire (Comhar na Múinteoirí Gaeilge)

Siansaí Ceoil: Cór Loch Lao agus Cór Thaobh a’Leithid, 5.30i.n. – 7:00i.n.

Fáiltiú, 7.00i.n. – 7:30i.n.

Léacht Mhic Ádhaimh, ‘Fís don ghaelscolaíocht sa 21ú haois’, 7:30i.n. – 8:30i.n.
An Dr. Micheál Ó Duibh (Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta)

Gradam Mhic Ádhaimh – Aingeal Uí Bhuachalla, 8:30i.n. – 9:00i.n.

Oíche Airneáil – Cumann Chluain Ard, 10.00i.n. – mall
Le Muintir Ráth Chairn

Dé Sathairn 8 Deireadh Fómhair 2011

An Ghaeilge sna Gaelscoileanna, 9:30r.n. – 11:00r.n.
PAINÉAL 2:
An Dr. Seán Mac Corraidh (Bord Oideachais agus Leabharlann Bhéal Feirste)
Éibhlín Mhic Aoidh (Coláiste Ollscoile Naomh Múire)

An Ghaeilge i scoileanna na Gaeltachta, 11:30r.n. – 1:00i.n.
PAINÉAL 3:
Muireann Ní Mhóráin (COGG)
Éamonn Mac Niallais (Guth na Gaeltachta)

An Ghaelscolaíocht agus an Pobal, 2:30i.n. – 4:00i.n.
PAINÉAL 4:
An Dr. Conchúr Ó Giollagáin (O É Gaillimh)
An Dr. Feargal Mac Ionrachtaigh (Forbairt Feirste)

Turas báid, 5:00i.n. – 6.00i.n.
Ceol, spraoi agus craic ar an Lagán, Oíche Shiamsaíochta

10.00i.n. – mall
Cumann Chluain Ard, á reáchtáil ag Laochra Loch Lao
Tabharfar na léachtaí i LéachtlannWilliam Conor, Ollscoil Uladh Sráid Eabhrac, Béal Feirste.

Scríofa ag ar 06.10.2011 Rannóg gaeilge.

Tabhair Freagra

Tráchtanna is Déanaí

© Nuacht24