Cumas sa Ghaeilge ag 184,898 ó thuaidh

Tá cumas éigin sa Ghaeilge ag 184,898 duine i sé chontae an tuaiscirt, dar le réamhthorthaí Dhaonáireamh 2011.

Is ionann sin agus 10.65% den daonra agus is ardú é ó 167,490 duine in 2001.

Mar a bheifeá ag súil, is é Béal Feirste an áit is líomhaire maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge le 36,837 duine sa chathair ag rá go bhfuil cumas acu sa teanga.

Is é ceantar an Iúir agus Mhúrn an áit is mó Gaeilgeoirí ó thaobh céatadáin de (19.8%) agus Carraig Fhearghais an áit is lú (2.2%).

Gaeilge mar phríomhteanga ag 4,164

D’fheagair 4,164 duine os cionn 3 bliana d’aois go raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu, rud a fhágann gurb í an Ghaeilge an ceathrú teanga is coitianta sna sé chontae tar éis an Bhéarla, na Polainnise agus Liotuáinise.

Tá sí chun tosaigh mar sin ar theangacha na Síne agus teangacha eile as oirthear na hEorpa.

Albainis Uladh

Don chéad uair riamh bhí ceist faoi chumas Albanais Uladh i nDaonáireamh an tuaiscirt anuraidh agus deir 8.1% go bhfuil eolas éigin acu uirthi.

Scríofa ag ar 11.12.2012 Rannóg gaeilge, náisiúnta.

12 Nóta Tráchta ar “Cumas sa Ghaeilge ag 184,898 ó thuaidh”

  1. Fearn

    Cad is brí le “cumas” agus “eolas éigin”?

    @an Ghaeilge an ceathrú teanga is coitianta..

    Ní shílim go bhfuil sí chomh ard san 26 Condaetha

    An bhfuil aon straidreamh ann ar na bréaga a innsítear ar líonadh foirmeacha daonáirimh?

  2. Séamus mac seáin Béal Feirste

    A Fhearn a chara tá sé beagnach 20 bliain ó rinne fear darbh ainm Mac Suibhne staidéar eolaíoch ( nach raibh ag brath ar fhigiúir dhaonairimh a thig le daoine a chur as a riocht ). Rinne sé amach go raibh idir 70,000 agus 80,000 duine sna sé Chontae a raibh labhairt na Gaeilge acu. Déarfainn féin go raibh sin measartha beacht ag an am agus gur mhéadaigh sé ó shin. Ar bhealach bíodh as go bhfuil na staitisicí tabhachtach ó thaobh an stait de agus iAd ag pleanáil achmhaoine a chur ar fáii is é an rud amháin againn é( na daoine gur linn teanga dúchais na hÉireann a chaomhnú). Gur cuma 80,000 nó 180,0000 beidh againn le hInfrastuctúr teanga a chur ar fáil a ligfeadh dí a bheidh dá húsáid go nadúrtha sa tsochaí ina maireann muid. Glacfaidh sé fócas níos glinne a bheith againn dar liom ar na hInstitiúdaí atá riachtánach le pobal a chothú, taobh amuigh den chóras stáit ( áit a bhfuil ár naird cuid mhór mar gluaiseacht teanga). Ní leor a bheith ag brath ar an chóras oideachais le sin a dhéanamh fanár gcoinne mar a fuair siad amach sna 26 Contae that treimhse 90 bliain. Tá sé suimiúl Fosta sa daonaireamh go bhfuil dóibh ears measartha beacht idir na daoine a deir gurbh í an Ghaeilge an príomh theanga acu agus líon na bpáistí atá sa scolaíocht lán Gaelach sa stáit.

  3. Séamus mac seáin Béal Feirste

    Sa phíosa thuas tá an focal coibhneas ar iarraidh sa tríú líne ón bhun ( tá intinn da chuid féin ag an diabhail I Pad seo)

  4. Ciarán

    rud a fhágann gurb í an Ghaeilge an ceathrú teanga is coitianta sna sé chontae tar éis an Bhéarla, na Polainnise agus Liotuáinise.

    Ní aontaíom leis an anailís seo. Níl móran cainteoirí Polainnise ná Liotuáinse sna Sé Chontae nach bhfuil na teangacha sin mar phríomhtheanga acu. Níl sin amhlaidh leis an Ghaeilge áfach. Caithfidh muid glacadh leis go bhfásann cuid mhaith Gael aníos go fóill i dteaghlaigh agus i gceantracha Béarla.

    Tá 4,165 duine a bhfuil Gaeilge acu mar phríomhtheanga, ach tá 67,000 cainteoir líofa Gaeilge sna Sé Chontae (ní ionann sin is a rá go n-úsáideann siad uilig an teanga ach tá siad ann). Ar an lámh eile, tá 17,700 duine a bhfuil an Pholainnis mar phríomhtheanga acu. An measann tú go bhfuil 50,000 míle cainteoir Polainnise eile sna Sé Chontae a bhfuil teanga eile mar phríomhtheanga acu?

  5. Fearn

    A Shéamuis,
    Ní ag ceasacht ort a táim ós rud é go bhfuil eolas agat ar shaol na Gaeilge sna sé contaetha nach bhfuil agam, ach nuair a léim scéalta mar seo, samhlaítear do Hidden Ireland Chorkery a chanas: ná creid an fhianaise ach creid i do idéal.
    Nuair a bhí mé sa Chultúrlann i mBéal Feirste, thug mé fá dear nach raibh duine de na 184,898 ag freastal sa chaife an lá úd

  6. Séamus mac seáin Béal Feirste

    Dar ndóigh a Chiaráin a chara is féidir aon rud a chruthú le staitisticí. ach má ghlacann muid leis gurb as 50% go bunúsach ( de bharr cúinse staire Ar an droch uair ). den phobal iad an chuid is mó de Ghaeilgeoirí na sé Chontae is ionann 184,898 agus 20% den phobal sin , céadatán nach beag. Agus abhar dóchais dar leat ach ní de réir TG4 a chuir I niúl ina thuairisc anocht go mbeadh Gaeil an tuaischirt ( gan fianaise a thabhairt) díomúch nár mhéadaigh líon na nGael sna sé Chontae ach 17408 le deich mbliain anuas. Caidé leis a raibh siad ag súil athbheochain iomlán? D’ardaigh líon na nGael 1%. Mar a d’ ardaigh líon na gCaitiliceach 1%

  7. Séamus mac seáin Béal Feirste

    Tá an ceart ar fad agat a Fhearn a chara faoi Chaife na Cultúrlainne ar an droch uair agus abhar náire go mbeadh ar Ghael ar bith dul Ann agus go mbrúfaí Béarla air. Ligeadh an Caife amach ina shaincheadúnas tamall ó shin agus níl lucht an tsaincheadúnais ag comhlíonadh a ndualgas go hiomlán ó thaobh na Gaeilge de tá eagla orm agus níl sé ceart. Déarfainn féin go bhfuil Gaeilge mhaith ag 80% de fhreastalaithe an Chaife ach ag brath ar an rota d’fhéadfadh sé tárlú nach mbeadh Gaeilge ag an duine. Creidim go bhfuil Coiste na Cultúrlainne ag iarraidh sin a cheartú I láthair na huaire. Is trua go raibh an droch éispeireas sin agat ó thaobh na Gaeilge de agus réiteofar sin is dóigh liom ( ach níl mé ar an choiste). Is trua faoin Chaife nó is Gaeilge 100% atá sa tsiopa leabhar,San Oifig Fáilte, ag foireann uile na Cultúrlainne ,ag Tobar an chomhlacht scannánaíochta, ag Nós ag Dúch Dúchais agus Taca. Srl. Caithfear fadhb an Chaife a réiteach má tá an Chultúlann le creidiúint a choinnéail. Agus sílim go rëiteofar roimhe do chéad chuairt eile

  8. Ciarán

    Chuir sé isteach orm ar dtús go raibh titim 10,000 i líon na gcainteoirí líofa Gaeilge ó bhí Daonáireamh 2001 ann, ach ansin chuimhnigh mé go raibh aithne agam ar chuid mhaith Gael a rinne baghcat ar an Daonáireamh anuraidh.

    Ar an drochuair, bíodh is go bhfuil an daonáireamh lochtach go leor, baintear úsáid as mar fhoinse údarásach.

    An ceacht is mó ata ann dúinn i mo bharúilse ná nach bhféidir linn brath go hiomlán ar na Gaelscoileanna agus ranganna éagsúla leis an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail. Is léir ó na torthaí seo atá againn go bhfuil géarghá le hinfrastruchtúr ceart a leagan síos, mar a deir tú féin a Shéamuis.

  9. Pól Réamainn

    Tá sé an-brónach a fheiceáil go bhfuil Gaeilge an ceathrú teanga is coitianta sna sé chontae. Ní mór dúinn a spreagadh Gaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga.

  10. PB Mac G

    Tá Gaelscéal measartha diúltach maidir leis an toradh seo don Ghaeilge agus tá siad iontach dearfach de ghnáth … cá bhfuil an fhírinne?

  11. Séamus mac seáin Béal Feirste

    Níl a fhios agam PBmac G ach déarfainn gur bhain sé le gan go leor ama a bheith acu leis na figiúirí a rannsú . Is dócha gur Dé Máirt a scríobh an scéal.

  12. Realist

    ‘Sé chontae sa thuaisceart’ – an raibh contae Dhún na nGall san áireamh? Sin an chontae ina gcónaíonn an chuid is mó dosna daoine atá ina gcónaí sna ceantair Gaeltachtaí. Ní chreidim gur dea-scéal é seo. Is cuma liom gur féidir le beirt nó triúr ó Bhóthar na Seanchille rud éigin mar ‘conas taoi?’, ‘William is ainm dom agus ní Éireannach mé’, ‘Maraigh gach Taidhg’, 7rl a rá as Gaeilge. Bhínn ag staidéir Laidine agus na Ghréige ar scoil (i Sasana, áit ina bhfuaireas mo chuid oideachais ó bhunscoil go PhD) agus is féidir liom cúpla rud a rá as na teangacha sin fós. Ach is mór an difríocht atá ann idir Rómánach líofa mar Horace, mar shampla, agus duine atá in ann ‘exegi momumentum…’ a rá (duine cosúil liom féin), 7 mar sin de.

    Cé mhéad duine líofa a labhraítear an Ghaeilge go hiondúil (lena páistí go háirithe)? Sin an cheist is tábhachtaí, i mo thuairim.

Tabhair Freagra

© Nuacht24