Áras 2011 – díospóireacht na n-iarrthóirí ar TG4

Deimhníodh inniu go gcraolfar díospóireacht dátheangach teilifíse ar TG4 Dé Máirt seo chugainn, 18 Deireadh Fómhair ina mbeidh iarrthóirí do Thoghchán na hUachtaránachta páirteach.
Áras 2011 is teideal don chlár nuálach seo, faoi chathaoirleacht Pháidí Uí Lionáird, ina mbeidh seisear de na hiarrthóirí á gcur féin i láthair agus i mbun plé dátheangach lena gcéilí comhraic.
Chuir Dana Rosemary Scallon in iúl nach dtig léi a bheith páirteach sa gclár mar go raibh coinne eile déanta aici roimh ré. Craolfar an clár speisialta díospóireachta seo ag 7in ar an Mháirt 18 Deireadh Fómhair agus athchraolfar é ag 11.05pm an oíche chéanna sin.
D’éirigh thar barr le Díospóireacht na gCeannairí ar TG4 le linn an fheachtais Olltoghcháin san Earrach, clár ar fhéach  500,000 duine ar na craolta teilifíse agus 30,000 eile ar an Seinnteoir   www.tg4.tv.
Theastaigh ón gcainéal díospóireacht teilifíse a sholáthar idir iarrthóirí do Thoghchán na hUachtaránachta 2011 freisin.  Tá formáid an chláir seo leagtha amach ag tabhairt san áireamh an éagsúlacht líofachta Ghaeilge atá ag na rannpháirtithe agus mian TG4 an deis a thabhairt dóibh ar fad iad féin a chur in iúl sa teanga sin agus díospóireacht a dhéanamh ina dhiaidh sin leis na hiarrthóirí eile ina rogha féin teanga.
Déanfaidh gach rannpháirtí tús-ráiteas gearr i nGaeilge.  Ina dhiaidh sin leanfaidh díospóireacht 40 nóiméad nó mar sin agus a rogha teanga ceadaithe d‘iarrthóirí.  Críochnóidh an plé le ráiteas gearr Gaeilge  ó gach iarrthóir mar chlabhsúr.  (Beidh an clár á réamhthaifeadadh le deis a thabhairt fotheidil a chur air don chraoladh.)
Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, go bhfuil an cainéal thar a bheith sásta a leithéid de dhíospóireacht a eagrú agus a chraoladh.  “Ní minic a fhaigheann pobal na hÉireann an deis Ceann Stáit a thoghadh“ a dúirt sé.  “Mar chraoltóir seirbhíse poiblí, is mian linn a bheith lárnach sa gcaibidil phoiblí faoin gcinneadh tábhachtach seo  agus deis a thabhairt do phobal féachana TG4 cumas na n-iarrthóirí a mheas.”
Áras 2011TG4  Dé Máirt 18 Deireadh Fómhair @  7in

Scríofa ag ar 10.10.2011 Rannóg gaeilge.

5 Nóta Tráchta ar “Áras 2011 – díospóireacht na n-iarrthóirí ar TG4”

  1. séamus mac seáinB'Feirste

    b’fhearr liom éisteacht le díospóireacht ag urlabharithe ar son na n-iarrthóirí éagsúla ná go mbeadh agam le hagallamh eile Béarla a fhulaingt uatha. Dá mbeadh sponc ar bith i gCeannairí TG4 chuirfeadh siad agallamh ar Mhícheál Ó hUigínn leis féin agus sé shuíocháin eile a fhágáil folamh.

  2. an tAstrálach

    Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, b’fhéidir? Ar a laghad cloisfimid cuid acu ag labhairt sa chéad teanga oifigiúil den chéad uair.

  3. séamus mac seáinB'Feirste

    A Astrálaigh a chara is dócha gur ag léamh seachas ag labhairt a bhéas siad ach mar a déireadh mo mhathair bhocht fadó “Éire bhocht tá sí á dtógáil go fóill” Gaeilge bhriste ní misde liom ( nó is í atá agam féin) ach cuirim suas do chur i gcéill agus don fhimíneacht.

  4. Tá áthas orm go bhfuil an diospóireacht ann agus sílim gur cheart an cheist a chur orthu: cén fath go gceapann tusa gur cheart tú a thoghadh id uachtarán nuair nach bhfuil tú líofa i gcéad teanga na tíre agus na Bunreachta (agus glacann gach aon iarrthóir gurb é priomh ról an Uachtaráin an Bunreacht a chosaint!)? Ba cheart go mbeadh sé ina nós anois go mbeadh a leithéid de dhiospóireacht roimh gach toghchán agus cuirfidh sé sin in iúl do phairtithe pholatúla gur ar a leas é daoine le Gaeilge a thoghadh ina gceannairí. Ní h-iad na polaiteoirí amháin is cúis le seo, nó na craoltóirí, bhí pobal na Gaeilge sásta glacadh leis an bhfimíneacht i leith na teanga ar feadh na mblianta a fhaid is go raibh na seiceanna ag teacht ina dtreo go tiubh is go te….

  5. Agus sin Dana Rosemary Scallon imithe ó mo vóta. Ní bhfaighidh sí fiú an 7ú rogha…. Deir sí go bhfuil meas aici ar na daoine agus ar an mBunreacht – ach is léir nach bhfuil sin fíor ón gcinneadh seo gan teacht i lathair ar chlár a fhéadfadh na céadta mílte Éireannach bheith ag faire air.

Tabhair Freagra

Tráchtanna is Déanaí

© Nuacht24