Duais Nobel na Síochána don Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha

Fograíodh inniu gurb iad an dream atá freagrach as cigireacht a dhéanamh ar díchur is scrios arm ceimiceacha atá i ndiaidh an Duais Nobel na Síochána a bhaint. Bronnadh an Gradam orthu mar aitheantas don obair atá déanta acu ní amháin in Siria ach i dtíortha éagsúla ag cur ó mhaith agus ag scrios airm ceimiceacha. Baill den Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha iad na cigirí, eagras a bunaíodh in 1998.

Scríofa ag ar 11.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “Duais Nobel na Síochána don Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha”

  1. Fearn

    Bhí mé ag súil go bhfaigheadh an Pápa Proinsias an duais i mbliana as ucht cúl a choinneáil ar ionsaithe Meiricemánacha ar an tSír!

  2. Pól Réamainn

    Bhí mé ag súil go dtabharfadh siad an duais do Malala Yousafzai.

  3. Fearn

    @ Bhí mé ag súil go dtabharfadh siad an duais do Malala Yousafzai.

    Sí peata na meán cumarsáide ceart go leor

Tabhair Freagra

© Nuacht24