Díomá do na Feirstigh ag Comórtas Peile na Gaelachta

le Gearóid Ó Muilleoir sa Rinn

 

Tá na foirne peile as Béal Feirste ar a mbealach abhaile i ndiaidh Comórtas Peile na Gaeltachta iontach i bPort Láirge.

Thaistil Laochra Loch Lao 200 míle le freastal ar an cheiliúradh bliantúil atá ina fhéile mhór chultúrtha.

Bhí 20 foireann páirteach sa chomórtas as Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaí, an Mhí agus Baile Átha, agus bhí seacht bhfoireann ban ina measc.

Ba é an triú huaire a raibh sé lonnaithe i Rinn Ó gCuanach ó bunaíodh an comórtas i 1969 agus is léir go bhfuil fás ag teacht air, fiú ó bhliain go bliain.

Chaill fir na Laochra in éadan Oileán Árann i gcluiche iontach. Fuair na Feirstigh dhá chúl sna soicindí deireanacha leis an chluiche a chuir chuig chomhscór ach chaill siad le dhá chúilín san am breise.

Chaill foireann na mban in éadan Naomh Abán as Corcaí.

Gortaíodh roinnt peileadóir Feirsteach sa dá fhoireann – an caiftín Feargal Mac Ionnrachtaigh a bhris a chos ina measc – agus bheadh sé iontach deacair dóibh foireann  a chur ar an pháirc dá bhfaighfeadh siad fríd chuig an dara lá cibé. Imrítear ar a laghad trí chluiche thar tréimhse trí lá sa chomórtas ina bhfuil dhá roinn, sóisear agus sinsear.

Ghabh Feargal a bhuíochas don lucht tacaíochta mór callánach a tháinig ó Bhéal Feirste.

“Thug siad ardú croí dúinn uilig agus choinnigh siad ag dul muid go dtí an deireadh. Bhí na  hoileánaigh go breá agus guímid gach rath orthu.”

Bhí an Gaeilge á labhairt ag gach foireann agus an lucht tacaíochta ó thús deireadh ar an taobhlíne nó sa siamsaíocht iontach a cuireadh ar fáil san tithe tábhairne áitiúla nó in ollphobal an chomórtais, an Bansa.

Dúirt Feargal: “Is Gaeltacht ghalánta í an Rinn agus tá Gaeilge ar fud na háite. Tá mé bródúil gur arís, chuir na Feirstigh leis an chomórtas anseo agus gur thaispeáin muid, idir pheileadóirí agus thacadóirí, go bhfuil an Ghaeilge ag dul ó neart go neart i mBéal Feirste agus gur Gaeltacht muid ar aon le Gaeltachtaí eile na tíre.

“Beidh muid ar ais arís ar an bhliain seo chugainn i nGaillimhe agus ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh arís sa chomórtas.”

Scríofa ag ar 03.06.2013 Rannóg nuacht, spórt.

6 Nóta Tráchta ar “Díomá do na Feirstigh ag Comórtas Peile na Gaelachta”

  1. Gael Gan Náire

    Deir tú, “Bhí an Gaeilge á labhairt ag gach foireann agus an lucht tacaíochta ó thús deireadh ar an taobhlíne nó sa siamsaíocht iontach a cuireadh ar fáil san tithe tábhairne áitiúla nó in ollphobal an chomórtais, an Bansa.”

    Sin seafóid!! Agus tá brón orm, ach bheinn ag súil dá mba rud é go raibh tú i láthair, go mbeadh a fhios agat nach bhfuil sin fíor in aon chor!! B’fhearr an cur i gcéill agus an bréag a sheachaint, déarfainn.

    Go deimhin, is cirte a rá go bhfuil sé náireach mar atá cúrsaí teanga ag formhór na bhfoirne ag comórtas mar é.

    Ach ní mó a rá go bhfuil iompar teanga na Laochra as Béal Feirste le moladh go mór!!!

  2. Gearóid Ó Muilleoir

    Ní fíor sin Gael Gan Náire. Níor chum mé sin. Sin a chuala mé le mo chluasa féin. Níor fhreastail mé ach ar chluichí an chéad lá, sa Rinn agus sa Sean Phobal, agus bhí mé ar an taobhlíne an t-am go léir.
    Chonaic mé Naomh Albán, An Ghaeltacht, Gaobh Dobhair, Oileán Árann agus roinnt foireann na mban agus ba í an Ghaeilge an teanga labhartha ní amháin ag lucht bainistíochta agus na peileadóirí féin. Fiú muna raibh gach réiteoir chomh líofa céanna!
    Agus bhí sé mar a gcéanna sa Bhansa agus i Tigh Mooney’s. Bhí an Ghaeilge á labhairt acu uilig. Thóg sé mo chroí – agus ní inseoinn bréig faoi.

  3. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    an cheist atá ann a Ghearóid a chara an raibh ” Gael Gan Náire ” i láthair? nó ar chuir muintir “fhainiceach” Bhéal Feirste eagla orthu bearla a labhairt agus iad ina gcuideachta. Is maith nár éirigh le Cumann Chlain Ard i mBéal Feirste an fhoireann phéile a bhunú a bhí ar intinn acu a dhéanamh sna ’60í . ” “Muircheartach na gCocal Craiceann” a mhol Albert Fry a thabhairt orthu smaoinigh tú féin i Rinn Ó gCuanach ar an taobh líne ag gríosadh na “Muircheartach na gCocal Craiceann” cun bua!!

  4. Gael Gan Náire

    Bhíos ann cinnte! Agus ionadh orm faoin léamh atá ag Gearóid ar chúrsaí dá bharr. Ba dheas liom dá mbeinn in ann an méid atá le rá aige a dhearbhú, ach ní bhféadfainn. Ach glacaim leis go gcreideann sé sa mhéid atá ráite aige.
    Ghlaofainn “Comórtas Peile na Cur i gCéillteachta” air fiú!! Faraor!!
    Foirne áirithe, mar aon lena lucht tacaíochta, ar fheabhas, gan aon agó!! Ach foirne eile iomlán maslach!! Agus ní ceart go mbeadh siad ann!!

  5. Gearóid Ó Muilleoir

    A Sheáin a chara, gabh mo leithscéal mar gheall ar m’aineolas, ach cad é an chiall atá ar Muireachtaigh na gCocal Craiceann?

  6. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    is maith a Ghearóid a chara nach bhfuil a fhios agat cérbh é ” Muircheartach na gCocal Craiceann” nó cruthúnas a bhéadh ann gur chuir tú do óige amú ag léamh sean scéalta miotaseólaíochta na hÉireann mar a rinne mé féin i gCumann Chluain Ard blianta ó shin . Ba phearsa sa tseanchas é Muircheartach a raibh culaith craiceann ainimhí air.

Tabhair Freagra

© Nuacht24