Deascéala do Ghaelscoil Ghleann Darach

Tá cead pleanála fógraithe ag an Aire Comhshaoil ó thuaidh Mark H. Durkan do shuíomh nua do Ghaelscoil Ghleann Darach i mbaile Cromghlinne Co Aontroma.
Tá an Ghaelscoil ar an fhód le 10 mbliain ach bhí ranganna lonnaithe i seomra soghluaiste ar dhá shuíomh seachas ar shuíomh amháin.

‘Seo deascéal amach is amach don Ghaelscoil, do na tuismitheoirí, do na múinteoirí, do na daltaí’ arsa an tAire. Rinne an Roinn Comhshaoil an t-iarratas a phlé le Comhairle Burgach Aontroma ar 17 Nollaig 2013 ach ní raibh aon chur i gcoinne an mholta agus leanfar leis.

Scríofa ag ar 18.12.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24