David Mc Narry le dul go UKIP?
Tuigtear go bhfuil an iarbhall tionóil de chuid an UUP, David Mc Narry, ar tí dul leis an pháirtí UKIP. Beidh ceannaire UKIP, Nigel Farage, ag tabhairt cuairte ar Stormont amárach agus meastar go ndéanfaidh sé fógra ansin faoi David Mc Narry a bheith feasta ina ball tionóil de chuid UKIP. Ball tionóil do Loch Cuan é David Mc Narry ach briseadh as an UUP é i mbliana as roinnt dár dúirt sé faoi chainteanna a bheith ar bun idir an DUP agus an UUP. Ó shin tá sé ina bhall tionóil neamhspleách. Beidh sé ar an chéad bhall tionóil a bheas ag UKIP sa Tionól ag Stormont.