Coup d’état san Éigipt
Bliain I ndiaidh do tromlach an phobail san Éigipt vótáil ar son Mohammad Morsi chuir an t-arm as cumhacht é anocht. Bhí ollscaiftí ar na sráideanna I gCaireo anocht ag éileamh a imeachta agus ag ceiliúradh a imeachta nuair a tháinig an scéal. Bhí ollslua saighdiúirí ar na sráideanna agus iad réidh do thrioblóid ar bith. Meastar go mbeidh toghchán Uachtaránachta agus toghchán parlaiminte nua ann go luath amach anseo ach ní fios cén uair. Agus é ag caint ar chraoladh teilifíse ar leith anocht mhaígh an Ginearál Abdel Fattah al-Sisi go mbeadh athbhreithniú ar an bhunreacht, go mbeadh comhdháil athmhuintearais ann, toghchán nua parlaiminte agus toghchán nua Uachtaránachta. Cheap sé go sealadach, dar leis, ceannasaí an Chúirt Bhunreachtúil , Adly Mansour, ina cheannasaí stáit fad is go bhfuil an aistriú cumhachta ag tarlúint. Ní léir cad é an ról a bheidh, más rud é go mbeidh ról ar bith feasta ag an Bhraithreachas Moslamach sa leagan amach nua. Deir Mohammad Morsi gur bhain siad úsáid as modhanna daonlathacha le dul I gcumhacht agus gur léir go bhfuil sé mídhaonlathach amach is amach iad a chur as cumhacht le coup d’état á reáchtáladh ag an arm agus lucht a bhfreasúra.
Mar sin, tá éacht eile bainte amach acu, an bhfuil? Lucht Earrach na nArabach. Is ea, má shuionn tú ar na sráideanna ar feadh roinnt laethanta, gan obair ar bith a dhéanamh agat – agus do gheilleagar ag titim as a chéile – is féidir fáil reidh le cibé rialtas nach maith leat. Is cuma ar toghadh é go dleathach, nó a mhalairt.
B’ionann smaointí Lucht na mBratacha anseo i mBéal Feirste, agus iad a scriosadh gheilleagair na cathrach seo, dé bharr.
Ni hé go bhfuil mé báúil leis an Bráithreachas Ioslamach, na baol air. Táthar a iarriadh reachtaíocht Frith-Bhan a thabhairt isteach. Ach, in ainneoin sin, cé go bhuil Daonlathas fabhtach go maith mar chóras, dar liom, thig leis an mhuintir aon dream a bhaint da gcathaoireacha sobhriste, gan fadhb, ag an chéad thoghchán eile.
Ach ar ndoigh ní cearta atá uathu ach a dtoil féin. Is é múnla Ábharachais agus Teicneolaíocha thar foir an Iarthair a leanann siad.
Agus mar gheall ar a gcuid cairde i Meiriceá, Sasana agus an Fhrainc, is aobhinn leo náisúin scoilte a fhéiceál , mar sa dóigh sin, coinnítear smacht orthu uilig – mar a tharla, ar ndóigh san Iráic, i Libia agus sa tSiria.
Droch-scéal don daonlathas san Éigipt.
Mo ghraidhn an t-arm! Rinne siad ceart.
Fuair Hithler cumhacht go dleathúil sa Ghearmáin in 1933. Ba thrua nár thug an t-arm bata is bóthar dó in 1934!
Cad é an bunús atá ann leis an rud a tharla in Eigipt i mbliana a chur i gcomparáid leis an rud a tharla sa Ghearmain ar an chéad seo caite? An bhfuil tú ag rá gur ionann an Bráithreachas Muslaimeach agus Páirtí na Náitsithe? Ní fheicfear domsa go bhfuil mórán i gcoitinne ag an dá dream. Comparáid níos ábharthaí b’fhéidir na an Coup sa Phacastáin nuair a thug an Gineáral Musharraf cumhacht chuige féin in 1999.
@ Cad é an bunús atá ann leis an rud a tharla in Eigipt i mbliana a chur i gcomparáid leis an rud a tharla sa Ghearmain ar an chéad seo caite?
Léigh an chéad abairt .i. Fuair Hithler cumhacht go dleathúil sa Ghearmáin in 1933. Caidé nach dtuigeann tú?
Ach faigheann an chuid is mó de rialtais an domhain an chumhacht go dleathúil a Fhirn! An rud nach dtuigim ná cad é an bhaint atá idir Hitler agus an Bhráithreachas Muslaimeach nó cad chuige a gcuirfeá iad i gcomparáid.
B’fhéidir go mbeadh suim agat san alt seo faoi Dhlí Godwin a Fhirn. Níl a fhios agam ar chuala tú faoi riamh. http://en.wikipedia.org/wiki/Godwin%27s_law