Cluichí rugbaí na hÉireann – Beo agus eisiach ar TG4

 

 

Dheimhnigh TG4 go bhfuil cearta eisiacha craolta faighte aige don dá chluiche idirnáisiúnta a imreoidh foireann shinsear na hÉireann ar a turas go Meiriceá Thuaidh an mhí seo chugainn, mar aon le cearta freisin ar Chraobh Shóisear Rugbaí an Domhain 2013  (Craobh faoi 20) a imreofar sa bhFrainc, rud a fhágann gur ar an gcainéal Gaeilge amháin a bheidh gach cluiche a imreoidh an tir seo  an mhí seo chugainn.

 

Tabharfaidh an fhoireann shinsear aghaidh ar Mheiriceá Thuaidh an mhí seo chugainn.  Imreoidh siad Stáit Aontaithe Mheiriceá sa Staid BBVA Compass i Houston, Texas ar an Domhnach 9 Meitheamh (am na hÉireann).   Seachtain dar gcionn, tabharfaidh siad aghaidh ar Cheanada i bPáirc BMO i Toronto.]

 

Is í Craobh Shóisear Rugbaí an Domhain an comórtas oifigiúil a eagraíonn an IRB d’fhoirne faoi 20 bliain.   Bíonn dosaen foireann páirteach ó na tíortha is mó atá luaite le rugbaí. hImríodh an chéad Chraobh an Domhain sa mBreatain Bheag i 2008 sa ngrád faoi 20.   An Afraic Theas a bhuaigh an chraobh go deireanach, tráth a ndearna Éire go maith agus inar tháinig glúin nua imreoirí chun suntais.  Tá roinnt den fhoireann sin anois ag imirt go gairmiúil agus ar phainéal sinsear na hÉireann freisin.

 

Tosóidh clúdach  TG4 le beo-chraoladh ar chluichí uile na hÉireann i nGrúpa B (Éire,  Astráil, an Nua Shéalainn agus Fidsí) mar aon le beochraoladh ar na cluichí í leath-cheannais agus Cluiche Ceannais an Domhain.

 

Deir Eagraí Spóirt TG4,  Rónán Ó Coisdealbha, go bhfuil an cainéal thar a bheith sásta na cearta breise rugbaí a bheith faighte aige : “Is cúis bhróid dúinn bheith in ann na cluichí suntasacha rugbaí idirnáisiúnta seo ag Éirinn a sholáthar an teilifís saor go haer agus iad ag cur le soláthar cuimsitheach rugbaí TG4 ó thús an tséasúir.”

 

(Tá féilire chruinn an chlúdaigh rugbaí  ar TG4 i mí Meithimh ar fáil thíos).

 

 

 

Céadaoin 5 Meitheamh
Éire v An AstráiI
                                    Tús Imeartha   5:35pm

Domhnach 9 Meitheamh

USA v Éire  (Sinsir),

Staid BBVA Compass, Houston.   Beochlúdach ar TG4 ó 1:20am.

Iarchraoladh iomlán ar TG4  tar éis Mheánlae ar an Domhnach

Éire v  Fidsí       (Faoi 20)              Beochlúdach ar TG4  5:36pm

Déardaoin  13 Meitheamh
Éire v  An Nua Shéalainn  (Faoi  20)   )              Beochlúdach ar TG4  5:36pm

Domhnach 16  Meitheamh

Ceanada  v Éire  (Sinsir),

Páirc BMO, Toronto      Beochlúdach ar TG4 ó 1:20am.

Iarchraoladh iomlán ar TG4  tar éis Mheánlae ar an Domhnach

 

Máirt 18 Meitheamh

Na Cluichí Leath-Cheannais  (Faoi 20)

Cluiche 1   5.15pm

Cluiche 2   7.45pm

 

 

Domhnach 23 Meitheamh   (Faoi 20)

An Cluiche Ceannais   (Tús imeartha 5.45pm)

Scríofa ag ar 28.05.2013 Rannóg nuacht, spórt.

1 Nóta Tráchta ar “Cluichí rugbaí na hÉireann – Beo agus eisiach ar TG4”

  1. Pól Réamainn

    Ba chóir é bheith ina chomórtas dea.

Tabhair Freagra

© Nuacht24