Cáineadh géar ó chúirt na hEorpa do rialtas na Spáinne

Tá breithimh in Ard Chúirt na Spáinne i ndiaidh a ordú do na húdaráis ann cime de chuid ETA a shaoradh. Thug siad a mbreithiúnas i ndiaidh don Chúirt Eorpach um Chearta Daonna tabhairt le fios inné go bhfuil an córas faoinar dhiúltaigh an Spáinn faoiseamh do cimí ETA as obair phríosúin a dhéanamh ‘mídhleathach.’ Cháin siad gnéithe eile den chóras atá in úsáid ag na húdaráis sa Spáinn chun dianchoinníollacha ar leith a chruthú do chimí ETA seachas do chimí eile. Ar maidin d’ordaigh breithimh sa Spáinn go ligfí saor Ines del Rio, bean atá i bpríosún ó 1987 as maruithe agus ionsaithe de chuid ETA. Bhí sí i dteideal is a bheith saor ón bhliain 2008 ar aghaidh ach rinne na húdaráis í a choinneáil faoi ghlas trí cúinsí ar leith a úsáid i gcás téarmaí príosúnachta a gearradh ar bhaill ETA. Thug foinsí rialtas na Spáinne le fios inniu go mbainfidh siad úsáid as gach slí a dtig leo chun cur i gcoinne ligean saor chimí ETA ach dar leo go bhfuil an cuma ar an scéal i láthair na huaire nach bhfuil aon rogha acu ach rialú Chúirt na hEorpa a chur i bhfeidhm. Measann siad go mbeidh orthu ní amháin Ines del Rio ach roinnt cimí eile de chuid ETA a ligean saor.

Scríofa ag ar 22.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Cáineadh géar ó chúirt na hEorpa do rialtas na Spáinne”

  1. Fearn

    Bua beag do na trodairí seo.

Tabhair Freagra

© Nuacht24