Bua rothaíochta ar leith ag Dan Martin

Bua ar leith a ba ea é bua Dan Martin na hÉireann sa mhór rás claisiceach rothaíochta Lige – Bastagone – Liege inné. Bhí sé ar an chéad Éireannach le fiche bliain anuas chun rás claisiceach a bhaint agus rinne sé aithris ar éacht Sheáin Uí Cheallaigh, a bhain an rás in 1984 agus in 1989. Bhí Martin i scaifte de na rothaithe is fearr ar domhan nuair nach raibh ach roinnt ciliméadair  le dul go fóill. Rinne sé iarracht ar leith agus d’imigh ón ghrúpa a raibh Phillipe Gilbert, Curadh Domhanda na bliana seo, istigh ann. Bhain sé amach an grúpa tosaigh agus choinnigh faoi chóngar do Joacquin Rodriquez, Curadh Domhanda na bliana seo caite agus tamall beag roimh an deireadh réab sé chun tosaigh. ‘Choinnigh mé siar nuair a bhris Rodriquez ar shiúil, ‘arsa Martin ar ball. ‘Ach chonaic mé nach raibh brí ar bith fágtha sna rothaithe eile agus nár bhaol iad sin. Thug mé dúshlán Rodriquez ach shíl mé i bhfírinne go raibh mé i ndiaidh é a fhágáil rómhall. Ní ionann réabadh i ndiaidh rotháil 260 ciliméadar agus réabadh nuair atá tú díreach tosaithe. Ach in ainneoin na n-ainneoin d’éirigh liom. Ní thig liom é a chreidiúint. Ní adhmaíonn m’intinn go fóill go bhfuil an bua faighte agam.’

Scríofa ag ar 22.04.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24