Bua iontach do NÓS ag Gradaim Irisí na hÉireann

B’iad Tomaí Ó Conghaile agus Ryan O’Reilly a thóg leo an Gradam as Foireann Deartha na Bliana ag Gradaim Irisí na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar son Nós, iris atá ag dul i dtreis i rith an ama. Ghlac an bheirt acu leis an ghradam ar son na foirne ar fad.Sa ghrianghraf seo feictear Tomaí agus Méabh Ní Thuathaláin, beirt chroí oibre ag Nós. Grianghrafanna eile  de Tomaí agus Ryan ag glacadh lena ngradam mar aon le heolas ar na buaiteoirí ar fad ag http://www.magazinesireland.ie/

Thig sínitús a thógáil do Nós ag https://www.facebook.com/nosmag

Scríofa ag ar 06.12.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Bua iontach do NÓS ag Gradaim Irisí na hÉireann”

  1. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Tá na gradaim ag teacht go tuibh chuig na Gaeil ar na mallaibh- Nós agus Ráidíó Fáilte in aon seachtain amháin agus iad beirt ón phobal aníos. Maith iad agus go maire siad .

  2. Dónall Chaoimhín

    Comhghairdeas a Thomaí, a Mhéabh, a Ryan agus a Eoghain iris ghleoite Ghaeilge lán de dháthanna geala is scéalta spreagúla agus é tosaithe ag díograiseoir ar a chonlán féin. Tuillte go maith agaibh coinnigh suas an dea-obair!

Tabhair Freagra

© Nuacht24