Amnesty ag taithint ar an Iaráin gan cime a chur chun báis

Tá Amnesty Idirnáisiúnta ag iarraidh ar rialtas na hIaráine gan cime a chur chun báis i bhfianaise go bhfuil sé ag teacht chuige féin i ndiaidh don chéad iarracht lena chur chun báis a chliseadh. Tháinig an cime, Alireza M, ar ais ina bheatha i ndiaidh do oibrí ag marbhlann tabhairt faoi deara go raibh sé ag bogadh tamall i ndiaidh dó a bheith crochta.  Tá an fear ag fáil cúram leighis ó shin ach is rún do na húdaráis é a chrochadh an dara uair a luaithe is a bheith sé bisithe. Ciontaíodh an fear as smugláil drugaí. Measann lucht cearta daonna go bhfuil an Iaráin sa dara áit ar liosta na ndtíortha sin a chuireann cimí chun báis. Tá an tSín ag barr an liosta. Measann Amnesty gur cuireadh suas le 508 duine chun báis san Iaráin i mbliana. ‘Cuimhníonn an ‘athchrochadh’ seo dúinn chomh crualach is atá pionós an bháis agus táimid ag iarraidh ar an Iaráin éirí as an cur chuige seo’ arsa Philip Luther, stiúrthóir ar Amnesty sa Mheán Oirthear/Afraic Thuaidh.

Scríofa ag ar 17.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Amnesty ag taithint ar an Iaráin gan cime a chur chun báis”

  1. Fearn

    An fear a chaithfeadh caidhp an bháis faoi dhó muis!

Tabhair Freagra

© Nuacht24