92 teifeach i ndiaidh a mbádh amach ó chósta na Sicile
92 duine ar a laghad a maraíodh nuair a chuaigh bád go tóin poill faoi chóngar don oileán Lampedusa. Meastar go rachaidh an líon marbh in airde amach sa lá. Tháinig lucht tarrthála i gcabhair ar 140 duine ach bhí na scórtha eile san uisce agus iad ag iarraidh fanacht beo go dtí go dtiocfadh lucht tarrthála a fhad leo. Dar le tuairiscithe áirithe go raibh suas le 500 duine san bád an t-am a chuaigh sé go tóin poill. Bádh 13 teifeach eile sa cheantar céanna níos luaithe an tseachtain seo nuair a chuaigh a mbád siúd go tóin poill.
Ar dheis Dé go raibh siad!
agus san idirlinn i dtír bheag sagainne féin tá troid na mbó maol idir páirtithe faoi scor Seanad Éireann!!! is beag atá á mbuaireamh dar fia.