50 duine marbh i mbuamaí na hIaráice

Corradh is 50 duine a maraíodh nuair a phléasc deich mbuama i gceantracha Shi’ite i mBagdad agus nuair a phléasc buamadóir féinmharfach buama i measc slua saighdiúirí a bhí i scuaine chun a dtuarastal a fháil taobh amuigh de bheairic i Mosul i dtuaisceart na hIaráice. Cé go raibh biseach ar chúrsaí sa tír díreach i ndiaidh d’fhórsaí an Iarthair cúlú tá forneart ag dul in olcas i rith an ama agus an forneart faoi chóngar anois don leibhéal a bhí ann cúig nó sé bhliain ó shin.

Scríofa ag ar 27.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “50 duine marbh i mbuamaí na hIaráice”

  1. Dónall Chaoimhín

    Tá muid ag feiceáil cuid mhór ceannlíntí den chineál seo ó bhí 2003 ann agus le fírinne amanntaí déantar neamhaird orthu an bhfuil an baol ann go dtarlóidh an rud céanna maidir le Siria?

  2. Pól Réamainn

    Tharlóidh an rud céanna sa tSiria má cuireann an Iarthair isteach ar an coimhlint.

Tabhair Freagra

© Nuacht24