300 duine marbh, seans, i dtubaiste na Sicile
Meastar anois go rachaidh an líon marbh ó thubaiste an lae inné amach ó chósta na Sicile os cionn 300 duine. Tugadh le fios inniu go bhfuil tuairim is 150 corp aimsithe ach go bhfuil suas le 200 duine ar iarraidh go fóill. Bhí bád, a raibh tuairim is 500 duine istigh ann, cilimeadar ó oileán Lampedusa nuair a chuaigh sé go tóin poill. Meastar gur chlis ar inneall an bháid agus gur chuir roinnt daoine bratach le tine féacháil le haird a tharraingt orthu féin. Ach chuaigh an tine ó smacht agus nuair a bhog tromlach na ndaoine go taobh amháin den bhád thiontaigh sé béal faoi. Ní raibh an snámh ag go leor acu sin a maraíodh dar le roinnt acu sin a tháinig beo. Tuigtear gur ó thíortha san Afraic a bhfuil coimhlint ar siúil a tháinig bunús iad sin a bhí ar an bhád.
Sin praghas an armlóin a dhíoltar chuig na tíortha bochta san Afraic, 300 daoine neamhurchóideacha ag dul go tóin poill i mbád amach ó Dhúnfort na hEorpa. Is mór an náire dúinn é!
Ní thuigim thú, a Dhónaill!
Armlón? Cad mar gheall ar an fharasbar a itheann agus a ólann an chéad domhain? An mbaineann sin le hábhar?
An é seo an phraghas le haghaidh treascairt Ghaddafi mar nach bhfúil an Libia ábalta stad a chur leis na báid as a calafoirt féin a fhágail?
A Phóil, an síleann tú dá raibh an deachtóir sin fós i réim nach bhfágfadh an t-Eritréach agus an Somálach a dtír?
Ní raibh an fadhb chomh trom nuair a bhí sé i réim. Bhuel, dar leis an tAE.