Maigh Eo réidh do Chiarraí nó Átha Cliath

Den chéad 35 bomaite den chluiche leathcheannais bhí an cuma ar an scéal go mba ag Tír Eoghain a bheadh an bua, go fiú in ainneoin do Peter Harte agus Stiofán Ó Néill a bheith imithe ón pháirc. Ach chaill Tír Eoghain cúpla faill scórála nár cheart a chur amú agus ní raibh sa difear idir an dá fhoireann ach cúilín amháin ag leathama, Tír Eoghain 0-7 Maigh Eo 0-6. Sa dara leath bhí Maigh Eo ar an ionsaí ón tús agus nuair a scoráil siad ó chic pionóis chuir siad dlús agus faobhar lena n-imirt gan freagra, nach mór, ó Thír Eoghain. Sa deireadh bhí Maigh Eo chun tosaigh 1-16 go 0-13 agus an bua tuillte go maith acu. Beidh siad ar ais I bPáirc an Chorcaigh ar 22 Meán Fómhair agus Átha Cliath nó Ciarraí ina céile comhraic acu.

Scríofa ag ar 25.08.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht, spórt.

1 Nóta Tráchta ar “Maigh Eo réidh do Chiarraí nó Átha Cliath”

  1. Dia daoibh uilig agus cuirim fáilte romhaibh go dtí :-

    SoftwareinIrish.blogspot.ie.

Tabhair Freagra

© Nuacht24