18 duine gafa i dTír na mBascach

Tá náisiúnaithe i dTír na mBascach ag éileamh go saorófaí ochtar ball déag den ghrúpa Herrira, grúpa a gníomhaíonn ar son cimí pholaitiúla Bascacha. Tá sos cogaidh ETA i bhfeidhm go hoifigiúil ó 2011 (thosaigh sé tamall roimhe sin i bhfírinne) agus feictear na ruathair seo mar iarracht ag rialtas na Spáinne chun teannas a chothú i measc lucht tacaíochta ETA. Tá sé curtha in iúl ag na húdaráis sa Spáinn go gcuirfear i leith iad siúd a gabhadh go bhfuil siad ag cuidiú le haidhmeanna grúpa armtha, ETA, agus roinnt cúiseanna eile den tsórt seo. Bhí aisfhreagra láidir ó náisiúnaithe agus ón eite chlé i dTír na mBascach nó dar leo nach bhfuil sa ghabháil seo ach iarracht ag rialtas na Spáinne chun cur i gcoinne fás cumhacht pholaitiúil agus vóta Bildu agus comhghuaillaíochtaí pholaitiúla eile a chuireann ar son neamhspleáchais agus atá ag láidriú ó chuir ETA deireadh lena bhfeachtas. Bhí ruathair ann fud Thír na mBascach inné agus rinneadh cuardach ar oifigí Herrira in Bilbo, in Vitoria-Gasteiz, in Iruñea-Pamplona aghus in Hernani.

Scríofa ag ar 01.10.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “18 duine gafa i dTír na mBascach”

  1. Fearn

    Is dóigh gurb é an choir atá curtha ina leith ná “cuidiú le lucht éirí amach”, nó bheith /2 ina gcúlphartaí i ndiaidh an ghnímh”.

    Aon seans go raibh siad ag cuidiú le cimí nach lucht éirí amach iad?

Tabhair Freagra

© Nuacht24