Protastúnaigh na Seanchille, clár léargasach ar Raidió Fáilte

An raibh oiread Gaeilgeoirí i gceantar na Seanchille i mBéal Feirste in 1911 agus a bhí i gceantar na bhFál?

Sin ceist a dhéantar a iniúchadh sa chéad chlár de shraith de 7 gclár atá le craoladh ar Raidió Fáilte 107fm sna míonna beaga amach romhainn. 

Déanann an tsraith, atá á ullmhú mar chuid de ‘10 mbliain an Chomórtha – 1912-23’, déanfaidh sí iarracht léargas nua a thabhairt dúinn ar an ghaol idir  Protastúnaigh Bhéal Feirste agus an Ghaeilge.

Craolfar an chéad chlár, ‘Gaeilgeoirí na Seanchille?’ ar  Raidió Fáilte 107fm @ 5.00 i.n. Dé Luain 12 Márta agus beidh athchraoladh ann @ 5.00 i.n. Dé Luain 19 Márta.

Fiosraíonn an chéad chlár sin fianaise, a aimsíodh i ndaonáireamh 1911, a chuireann in iúl gur dhearbhaigh na céadta Protastúnach i gceantar na Seanchille go raibh Gaeilge acu nó Gaeilge agus Béarla.

Tá Eoghan Ó Néill agus a chomhiriseoir Dónall Mac Giolla Chóil i ndiaidh dianscrúdú a dhéanamh ar na staitisticí agus ar fhiricí eile sa daonáireamh maidir le Béal Feirste agus ceist na Gaeilge an nag an am sin.

An é go ndearna na céadta duine seo i gceantar na Seanchille meancóg?

Nó go ndearna siad mí-léamh ar an cheist daonáirimh?

An é go raibh siad ag tagairt do Ghàidhlig Alban nó Hiberno / Béarla seachas don Ghaeilge?

Nó an dtiocfadh leis a bheith fíor go raibh Gaeilge ag na daoine seo ón tSeanchill agus go ligeadh i ndearmad a scéal ná go ndearnadh neamhaird de d’aon turas?

Ó tharla go raibh an Ghaeilge luaite le náisiúnachas ó 1911 ar aghaidh an é gur glacadh leis gan cheist ó shin go raibh an Ghaeilge riamh ceangailte le náisiúnaigh/Caitlicigh seachas le haontachtaithe/Protastúnaigh?

In 1892 bhí meirg in airde ag Comhdháil na nAontachtach i nGairdíní Botanic agus ‘Erin go Bráth’ scríofa air. Ba Phrotastúnaigh leathchuid den choiste a bhunaigh craobh Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste in 1895. Agus ba aontachtaithe iad roinnt acu sin, daoine a bhí dubh i gcoinne ‘Home Rule.’

Agus ar na daoine is mó a bhí ar son na Gaeilge ag an am sin bhí Richard Rutledge Kane, Oráisteach go smior, a bhí iomlán i gcoinne Home Rule.

Ba chastaí ar fad féiniúlacht agus dílseachtaí an phobail sa tír seo 100 bliain ó shin ná mar a thuigimid na saolta seo.

‘Baineadh siar díom nuair a chéad tharraing Gearóid Mac Siacais m’airde ar an scéal seo’ arsa Eoghan Ó Néill. ‘Más fíor don méid atá i ndaonáireamh 1911 tá ceisteanna le cur faoin dearcadh coitianta atá agus a bhí againn le fada an lá i dtaobh na Gaeilge i mBéal Feirste.

Síltear mar shampla nach raibh meas ag bunadh na Seanchille ag an am sin ar an Ghaeilge agus gur mhó a bhain an teanga le ceantar na bhFál agus le náisiúnaigh.

Más cruinn don mhéid atá sa daonáireamh tá an fhírinne i bhfad níos casta ná sin agus cuideoidh an clár seo linn tuiscint níos fearr a fháil ar na cúrsaí seo.’

Ní thugann an clár ‘Gaeilgeoirí na Seanchille?’ míniú údarásach ar cad chuige a dhearbhaigh na céadta duine seo sa tSeanchill go raibh Gaeilge acu.  

Arsa Eoghan, ‘Ní thig linn freagra cinnte a thabhairt ar a raibh ag dul ar aghaidh i gcloigeann na ndaoine agus iad ag líonadh isteach na bhfoirmeacha daonáirimh seo. Thógfadh sé taighde cuimsitheach chun freagra cuimsitheach cinnte a thabhairt dúinn air sin.

Ach sa chlár seo thapaigh muid an deis leis na figiúirí daonáirimh a úsáid chun iniúchadh a dhéanamh ar an ghaol a bhí ag an phobal Phrotastúnach i mBéal Feirste leis an Ghaeilge.

Iniúchadh a thugann eolas nua dúinn agus a thugann dúshlán do dhaoine ó chúlra náisiúnach/Caitliceach mar aon le daoine ó chúlra aontachtach/Protastúnach. 

Ní hé amháin go gceistíonn sé ‘fíricí’ áirithe ach léiríonn sé chomh casta is a bhí an caidreamh ag an dá mhórphobal ó thuaidh leis an Ghaeilge sna blianta roimh an chríochdheighilt.

I bhfírinne bhí stair Bhéal Feirste, stair Uladh, agus stair na hÉireann i bhfad níos casta an t-am sin ná mar a thuigimid anois é agus muid ag breathnú siar le súile an 21ú haois ar imeachtaí a tharla sa 20ú haois.

Ní mór dúinn an tréimhse seo a scrúdú as an úr agus meon oscailte a bheith againn.’

Tá sleachta as nuachtáin/irisí comhaimseartha mar aon le hagallaimh le staraithe, le lucht léinn agus le saineolaithe Gaeilge sa chlár seo ‘Gaeilgeoirí na Seanchille’ a chraolfar ar Raidió Fáilte 107fm @ 5.00 i.n. Dé Luain 12 Márta agus a dhéanfar a athchraoladh @ 5.00 i.n. Dé Luain 19 Márta.

Thig éisteacht le Raidió Fáilte beo ar  www.raidiofailte.com

 

 

Scríofa ag ar 01.04.2012 Rannóg imeachtaí.

2 Nóta Tráchta ar “Protastúnaigh na Seanchille, clár léargasach ar Raidió Fáilte”

  1. Aodhan san Astrail

    Iontach suimiull ar fad!

  2. séamus mac Seáin Béal Feirste

    an raibh oiread cainteoirí Gaeilge ar Bhóthar na Seancille i 1911 agus a bhí ar bhóthar na bhFál a fhiafraíonn sibh, ní raibh agus ní raibh fá ghiota maith. Dúirt fá thuairim 7700 duine i mBéal Feirste go raibh Gaeilge éigin acu ach bhí a dhá oiread cainteoirí Gaeilge i dtoghcheantair na bhFál agus a bhí i dtoghcheantair ar bith eile i mBéal Feirste ( bhí 16 acu ann ar fad). Is maith an scéal é gan amhras go raibh daoine fud fad na cathrach a mhaígh go raibh Gaeilge acu ach na cuirimis an fhírinne as a riocht ar mhaithe le cur i niúl go raibh an Ghaeilge níos láidre na a bhí sí. Ní héigean dúinne mar Ghaeil figiúirí a úsáid le haon rud a chruthú. Ó bunaíodh Conradh na Gaelige sa chathair i 1895 bhí chuile aicme agus chuile chreidimh ag baint leis ó thús ach bhí ceadatán i bhfad níos mó de Chaitiicigh ag plé léi ná dream ar bith eile ó shin agus sin iad na fíricí. Is fíric eile í dar ndóigh gur beag an tsuim a bhí ag bunús mhuintir an dá aicme chreidimh sa teanga agus gur faoi dhíograiseoirí a fágadh a cúram le ciudiú nach beag ó na scoileanna Caitiliceacha a bhí faoi chúram na hEaglise Caitilicigh. Bíonn claonadh ag cuid againn (mé féin san áireamh) rudaí a chur i niúil ar mhaithe lenar ndíntiúrí neamhsheicteacha a chruthú ach n í bhíonn sé i gcónaí fíor. Cá bith faoin am a chuaigh thart, tá sé fíor ó thús an 20ú Aois gur ón phobal lucht oibre Chaitlíceach a tháinig bunús acu sin a bhí ag cur na teanga chun tosaigh ach ar chaoi ar bith b’fhéidir gur mithid dúinn Caitliceach agus Protastúnach a fhágál inár ndiaidh agus stopadh den síor iniúchadh. Is Gaeil sinn agus is leor sin mar lipéad atá mé ag ceapadh.

Tabhair Freagra

© Nuacht24