Leabhar ar líne – Séamas Mc Seáin – ‘D’imigh sin agus Tháinig seo’

http://www.coisceim.ie/

 

Is cóip é seo de bhunthéacs an leabhair. Níl griangrafanna atá sa leagan clóite ná gnéithe eile den leagan clóite san chóip seo.

 

Leathanach 1

 

D’imigh sin
agus Tháinig seo

scéal oibrí fir i mBéal Feirste a linne
Séamus Mac Seáin

curtha i gcló ag COISCÉIM

Leathanach 2
An chéad chló 2010
© Séamus Mac Seáin

Tá Coiscéim buíoch de Foras na Gaeilge as tacaíocht airgeadais
a chur ar fáil.

Tá Coiscéim buíoch den Chomhairle Ealaíon as tacaíocht
airgeadais a chur ar fáil.

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur igcomhad athfhála, nó a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithear fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir, Coiscéim,
Tigh Bhríde, 91 Br Bhinn Éadair, Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13.

Le fáil ó na siopaí seo:
An Siopa Leabhar An Ceathrú Póilí
6 Sráid Fhearchair 216 Bóthar na bhFál
Baile Átha Cliath 2 Béal Feirste BT12 6AH
Guthán: (01) 4783814 Guthán: (028) 90964181
Faics: (01) 4785428 Faics: (028) 90964189

An Café Liteartha Orduithe ó dhíoltóirí leabhar:
Daingean Uí Chúise ÁIS
Contae Chiarraí 31 Sráid na bhFíníní, B.Á.C 2
Guthán: +353 (0)66 9152204 Guthán: (01) 6626259
Faics: +353 (0)66 9152205 Faics: (01) 6612378

Clúdach:
Clódóirí: Johnswood Press Teo.

Leathanach 3
BUÍOCHAS

Cé gur mé féin a bhreac síos na cuimhní cinn seo le bliain anuas nómar sin, is cinnte nach dtiocfadh siad amach mar leabhar a choíchegan cuidiú ó dhaoine áirithe. Gabhaim buíochas le mo chuid páistí,
Nuala, Deirdre, Colma agus Pádraig, a d’iarr orm mo chuimhní cinn
a scríobh sa chéad dul síos. Le Pádraig Ó Snodaigh, a ghríosaigh méle peann a chur le pár. Le mo bhean chéile, Bríghid, a thug iarraidhcruth éigin a chur ar mo rámhaille le go mbeadh se inléite. Le hÁineNic Gearailt, a léigh na profaí, ach go raibh mé go síoraí ag cur píosaíleis an scríbhinn nach bhfaca sí riamh! Le Breandán Ó Fiaich as
spléachadh a thabhairt dom ar a thráchtas, ‘Fál agus Dearcadh’. Lem’athair agus le mo mháthair, Dan agus Kathleen (nach maireann).
Le mo chuid deirfiúracha agus deartháireacha: Frank, Róisín, Dan(nach maireann); Lily, Bobby agus go háirithe, Caitlín agus Seán, atámar chomharsana agam le breis agus daichead bliain agus a tháinigfríd beagnach gach eachtra sa leabhar seo i mo chuideachta. Le mochomrádaithe agus mo chomharsana i nGaeltacht Bhóthar Seoighea thriall liom ar thuras a bhí suimiúil spreagúil dúshlánach. Agus leisna daoine uilig ar oibrigh mé leo le linn 55 bliain agus muid agiarraidh an teanga a chur chun cinn i mBéal Feirste. Le Máire MhicSheáin, Éamonn Ó Faogáin, Gabrielle Nig Uidhir, Gearóid MacCumhaill, Áine Mhic an Iolair agus Ruairí Ó Bléine as dátaí éagsúlaa chinntiú dom. Agus le Daithí Mac a’ Bhaird as a thráchtas ar
Bhunscoil Phobal Feirste agus ar deireadh do Phól Mag Uidhir arinne an clúdach a dhearadh gan mórán de fhógra.

Séamus Mac Seáin
Gaeltacht Bhóthar SeoigheBéal Feirste
Samhain 2010

Leathanach4

Leathanach 5
“Níorbh í an teanga a chuaigh ó chionn
ach an pobal dar dual a dídean”

Leathanach 6

Leathanach 7
Réamhrá

Tuairim agus bliain ó shin, d’iarr mo chlann orm rud éigin a scríobhfaoi mo shaol agus faoi na himeachtaí a raibh páirt agam iontu. Bathaifead pearsanta a bhí i gceist agam nuair a thosaigh mé, ach mosheanchara, Pádraig Ó Snodaigh, mhol sé dom é a leathnú amach lego mbeadh sé i gcomhthéacs fhás na Gaeilge i mBéal Feirste le caogabliain anuas nó dar leis go raibh easpa ábhar scríofa faoin fhás sin. Isfíor gur chaith daoine a saol sa chathair seo agus an Ghaeilge á saothrúacu agus nuair a d’éag siad, d’éag a saothar leo, gan tásc ná tuairisc air,
ná ar na daoine féin. Ar an dóigh sin, cailleann muid stair na Gaeilgear cheart di bheith mar chuid de stair an bhaile seo, go díreach mar bacheart do stair an bhaile bheith mar chúlra don Ghaeilge. Mar sin, dáspreagfadh an leabhar seo daoine eile lena gcuntais féin a ríomh,
b’fhéidir go bhfaighimis léargas ní ba chruinne agus ní b’iomláine ar
an athbheochan i mBéal Feirste. Léargas ina mbeadh scéal na Gaeilgefite fuaite i saol na ndaoine a raibh baint acu léi. Go dtí seo, shílfeá gurscríobhadh ní ba mhó faoin Ghaeilge sa chathair sa naoú haois deagná san fhichiú haois.

Sa chuntas seo, bheartaigh mé ar an Ghaeilge a chur igcomhthéacs mo shaoil phearsanta,ach go gcoinneoinn mo shaol marchúlra le nach mbainfeadh sé den phríomhscéal a bhí mé ag iarraidha insint.

Ach níor mhaith liom go gceapfadh éinne go bhfuil cuntasiomlán anseo ar stair na Gaeilge i mBéal Feirste le mo linn nó níl, nábaol air. Ní staraí mé, ní scríbhneoir mé agus ní scoláire mé. Níl saleabhar seo ach cuimhní cinn agus mar sin, tá lochtanna air marfhoinse staire nó ní bhíonn cuimhne an duine i gcónaí cruinn;
uaireanta, bíonn sí fabhtach féin. Tá go leor ar iarraidh, rudaí nachraibh baint agam leo nó nach bhfuil mo sháith eolais agam orthu, achní lúide a dtábhacht dá bharr sin. Níl trácht anseo ar Chumann
Cultúrtha Mhic Reachtain, ar An Droichead, ar Ionad Uíbh Eachach,
ar Phobal, ná ar Fhorbairt Feirste, gan ach roinnt bheag samplaí a lua;
tá neart eile ann, ach ar chaoi ar bith, tá go leor daoine ann a dtiocfadh

Leathanach 7

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Leathanach 8
leo a scéal siúd a insint níos fearr ná mise. Mar sin, níl anseo ach
spléachadh ar shaol duine amháin agus an bhéim curtha ar rudaí nachmbeadh mórán eolais ag an ghnáthdhuine orthu. Glacfaidh sé cuntasa bheith againn ar shaol céad duine le go mbeidh an scéal uilig againn.
Ní amháin nach cuntas iomlán é seo ar gach a tharla le breis agusdaichead bliain, ach ní cuntas iomlán é ar na daoine fiúntacha a bhí
fial lena saothar agus lena gcuidiú sna blianta sin. Iarraim pardún asgan iad a bheith luaite.

Aon ábhar conspóideach a luaim anseo, tharla sé fadó, suas lefiche agus tríocha bliain ó shin, agus má bhí aon olc ann riamh, bacheart go mbeadh sé fada tráite. Ní thig liom ach a rá go ndearna méiarracht i gcónaí cloí leis an fhírinne agus leis an charthanacht agusgan rún agam éinne a ghortú ná a mhaslú.

Agus seo á scríobh agam, d’úsáid mé cáipéisí anois agus arís lerudaí a chinntiú nó le beocht a chur sa scéal, an chuid is mó acu as
cartlann bheag atá déanta ag mo bhean chéile, Bríghid. Tógann sinceist atá thar a bheith tábhachtach, dar liom, is é sin, an gá atá lecartlann Ghaeilge, le go mbeadh bailiúchán ann, in institiúid éigin,
faoi chúram cartlannaí phroifisiúnta. Tá a fhios agam go bhfuilbailiúcháin phearsanta ag daoine éagsúla agus measaim gur cheart dona daoine sin dul i gcomhar le chéile faoin scéal sula gcaillfear cuid destair na Gaeilge. Níl duine ar bith againn ag éirí níos óige!

8

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Leathanach 9
Mo Scéal Féin

Sna seascaidí, d’éirigh mé chomh tógtha le cúrsaí Gaeilge gurathraigh mé féin agus cuid eile de bhaill Chumann Chluain Ard árn-ainmneacha go dleathach go dtí na leaganacha Gaeilge. Achnuair a rugadh mé, dhá lá i ndiaidh na Nollag sa bhliain 1937, baé James Noel Johnston a baisteadh orm. Bhí mo mhuintir ina
gcónaí ag 29 Rodney Parade i gceantar na bhFál i mBéal Feirste, anáit ar tógadh mé.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin, in 1939, thosaigh an Dara CogadhDomhanda (séanaim aon fhreagracht as sin!). Níl aon chuimhne agamar an chogadh, ach chuala mé neart scéalta ó mo mhuintir fá dtaobhde. Ar nós na gcéadta teaghlach eile de chuid na comharsanachta,
theith muid ón chathair agus ó na haer-ruathair Ghearmánacha agustharraing ar an tuath.

Ba in 1941 a d’ionsaigh an Luftwaffe Béal Feirste den chéad uair
agus a bhuíochas do neamart rialtas Stormont, nár chuir cóir chosantaar an chathair, rinneadh slad agus marú thar mar ba cheart.

Sa chéad ionsaí, 7-8 Aibreán – tréimhse iomlán gealaí – ba iad naduganna agus Harland & Wolff go príomha a buamáladh, ach antseachtain ina dhiaidh sin, ar oíche 15 Aibreán, tharla an Blitz.
Greadadh Béal Feirste le dhá chéad tonna méadrach de bhuamaí;
maraíodh breis agus seacht gcéad duine, gortaíodh míle go leith,
scriosadh míle sé chéad teach go hiomlán agus rinneadh damáistemór do bheagnach dhá oiread eile. Chuala mé mo mhuintir ag caintar na folcadáin phoiblí ar Bhóthar na bhFál inar cuireadh cuid de nacorpáin de dhaoine nár aithníodh fós: taoscadh an linn snámha agusleagadh na corpáin ina sraitheanna ar na leaca loma; dúirt anscríbhneoir Joe Tomelty,‘bodies of the poor they were, of the homelesspoor, lying in their own shabby blankets’. Úsáideadh Margadh
Naomh Seoirse (St. George’s Market) don obair léanmhar chéanna.

Ba i ndiaidh an ionsaithe a thosaigh teaghlaigh as an cheantars’againne ag tarraingt ar an pháirc phoiblí, Páirc na bhFál, gach oíche,
ar mhaithe le dídean a fháil i measc na gcrann, agus súil as acu nach

9

Leathanach 10
mbacfadh na Gearmánaigh le talamh bán a bhuamáil. Is páirc mhórfhairsing í Páirc na bhFál agus ní raibh sí ach siúl gairid ón teach inambíodh cónaí orainn. Bhí eagla ar dhaoine ar dtús agus iad i measc nagcrann agus ba mhinic an paidrín páirteach sa tsiúl acu, iad ag impíar Dhia iad a thabhairt slán go dtiocfadh an lá.

Ach ní buan don imní ag an duine agus de réir mar a d’éirighlucht na páirce cleachta lena ndóigh, is cosúil gur éirigh siad scléipeachagus gur thosaigh an ceol agus an ragairne. Is cuimhin liom go fóill nascéalta faoin spórt agus spraoi a bhí ag daoine a bhí in ainm a bheithi bhfolach sa pháirc. Ag deireadh na seachtaine go háirithe agus pá naseachtaine faighte ag na fir agus cúpla deoch ar bord acu, bíodh geallnach paidreacha a chluintí na hoícheanta sin. Níl a fhios agam cad éa shíl píolóta Gearmánach ar bith a fuair spléachadh ar Pháirc nabhFál, oíche Aoine nó oíche Shathairn, an bhliain sin.

Baile Labhráis
(Lawrencetown)

Ag tús an tsamhraidh 1941 agus deireadh leis an scoilbhliain, rinnemo thuismitheoirí amach gurbh fhearr don teaghlach Béal Feirste afhágáil agus dul go dtí an ceantar tuaithe i gContae Ard Mhacha arbhas do mo sheanmháthair, Lizzie Byrne. Is sráidbhaile beag aon sráideé Lawrencetown, é suite tuairim agus ceithre mhíle taobh thiar deDhroichead na Banna, atá ar an bhaile mór is cóngaraí de. Chuaighan chuid ba shine den teaghlach ar scoil ansin, mar a bhí, Frank,
Roseleen, Lily, Dan agus Bobby, ach mar a bhí mé féin ró-óg le dul arscoil, d’fhan mise sa teach le mo mháthair agus le Kathleen, an leanbhab óige ag an am. D’fhan m’athair sa bhaile i mBéal Feirste le linn anama seo, ach gur ghnách leis a theacht ar chuairt chugainn uair satseachtain nuair a bheadh faill aige. B’oibrí iarnróid é agus ó tharla godtéadh líne an iarnróid, an t-am sin, thart le cúl an tí in

10

Leathanach 11
Lawrencetown, bhíodh marcaíocht aige a fhad le Droichead na Bannaagus traein lasta an chuid eile den bhealach.

Ní fhanann i mo chuimhne anois faoin deoraíocht sin in
Lawrencetown ach radharc a chonaic mé lá amháin agus mé arthaobh an bhóthair: scuaine fhada de leoraithe, ceann i ndiaidh anchinn eile, agus gach leoraí acu lán de shaighdiúirí Meiriceánacha,
agus milseáin agus torthaí á gcaitheamh acu chuig na páistí a bhí inaseasamh ar thaobh an bhealaigh mhóir ag breathnú orthu. Is dócha goraibh siad ar a mbealach le troid ar an Mhór-Roinn. Ní fios cá mhéad
acu nár tháinig ar ais ina mbeo.

An ceantar inar tógadh muid

Tá Rodney Parade mar chuid den cheantar a dtugann muintirBhóthar na bhFál ‘St James’s’ air.Timpeall na bliana 1920 a tógadhna tithe sna sráideanna a raibh ainm Naomh Séamas orthu (St
James’s Road, Parade, Drive, Gardens agus mar sin de), ach tógadhRodney Parade ní ba mhoille. Síneann Bóthar Naomh Séamas lefána síos a fhad le Cluain an Bhogaigh (Bog Meadows) agus táRodney Parade ag an bhun ar fad, taobh le mótarbhealach an M1anois. Fadó, bhí réimse mór de thalamh riascach sa taobh sin tíre,
ach le fás an bhaile, laghdaíodh é go dtí nach raibh ach 400 acra defágtha céad bliain ó shin. Baineadh den mhéid sin féin de réir mara tógadh tithe agus bóithre agus inniu, níl ach tuairim is fiche acraa sábháladh ón ‘dul chun cinn’ i dtionscal agus in iompar; tá an chuid
sin caomhnaithe anois.

Sna caogaidí, ámh, ní raibh an mótarbhealach ná eastát mórtionsclaíochta (Boucher Road) ann agus chonacthas dúinne a bhí agfás suas taobh le Cluain an Bhogaigh gur shín sí siar uainn go bun naspéire. Ba í an pháirc shúgartha ag leanaí an cheantair í, an fhaichepeile ag na gasúir agus an láthair eachtraíochta ag ógánaigh. Bamhuintir na cathrach sinn, ach bhí muid faoin tuath fosta: ag lapadaíli srutháin, ag rolladh ar an fhéar, lachain agus ealaí láimh linn agus

11

Leathanach 12
muid ag súgradh, earca luachra agus snáthaidí uisce i gcannaí linnabhaile ag deireadh an lae. Ní iarrfá áit ní b’fhearr le fás aníos ann.

Ach da mba láthair shúgartha í Cluain an Bhogaigh, ba mhinicí ina láthair throda fosta. An naimhdeas sin atá bunaithe ar mheascán
den chiníochas agus den seicteachas creidimh, ní bhíonn sé rófhadauait áit ar bith i mBéal Feirste agus gan fiú an Bhogaigh nach raibhsé ann. Nó tharla go raibh talamh an Bhogaigh idir an ceantars’againne agus cuid de cheantar Sandy Row, seancheantar dílseoirítréana. Mar sin, bhí bogach ‘Caitliceach’ ann agus bogach‘Protastúnach’ agus b’iomaí cath a troideadh idir sinne ar thaobh na
bhFál agus ‘iad siúd’ ar an taobh eile den abhainn, gan eadrainn achdroichead beag coise. Bhí Abhainn Bheara mar bheadh an Bhóinnann, ach gur mhinic a ghéill ‘Clann Bhullaí’ do chith cloch ‘Rí
Shéamais’ ar an taobh thall. Is cuimhin liom éalú liom abhaile, láamháin, as láthair an ‘chogaidh’ agus an fhuil liom síos as scoilt i mochloigeann. Ba bheag an trua a bhí ag m’athair dom nó thug ségreadadh cluaise dom le cur leis an phian i mo chloigeann agus dúirtliom gan dul a throid arís. Níl a fhios agam ar staon mé den troid inadhiaidh sin, ach murar staon, is cinnte nach sna ranganna tosaigh de‘Arm Shéamais’ a bhí mé!

Abhainn Bheara

Gearrann Abhainn Bheara (nó an Blackie mar a tugadh uirthi – ón
ainm Béarla, Blackstaff), gearrann sí Cluain an Bhogaigh ina dhá leath.
Éiríonn sí sna sléibhte siar ó thuaidh de Bhóthar na bhFál agustógann aibhneacha beaga eile léi ar a bealach trí iarthar agus trídheisceart an bhaile go mbaineann sí an Lagán amach. Agus í oscionn talún, mhéadaíodh na fo-aibhneacha sin agus an fhearthainn anméid uisce in Abhainn Bheara féin. Le fás an tionscail i ngleann anLagáin san ochtú agus sa naoú haois déag, tharla tuilte arís agus arísar fud Bhéal Feirste, an toradh ar leagan na gcoillte sa ghleann féin

12

Leathanach 13
agus ar mhalaí na gcnoc máguaird. Idir na tuilte agus truailliú nahabhann, b’annamh aon tagairt d’Abhainn Bheara sna seancháipéisígan an focal ‘nuisance’ curtha léi.

Ba mhinic tuilte i gceantar s’againne le linn m’óige féin, goháirithe in aimsir rabharta farraige. Ar na hócáidí sin, bhíodh na titheféin báite faoi chúpla troigh d’uisce agus na healaí agus na lachain imbéal an dorais againn. Bhí bliain nó dhó ann agus na tuilte chomhholc sin gurbh éigean dúinn an teach a thréigean agus dídean a lorg ihalla an pharóiste, cúis ríméid do na páistí ach tarlú tubaisteach do natuismitheoirí.

Ba iad Rodney Parade agus Rodney Drive na sráideanna babhoichte sa chomharsanacht, rud a d’aithin muid féin. Na sráideannain uachtar an cheantair – sráideanna Naomh Séamas – bhí idir an
lucht cónaithe agus na tithe ní b’fhiúntaí ná bhí in Rodney. Bhídéanamh na dtithe féin in Rodney go holc; dar leat gur theith antógálaí sula raibh faill aige iad a chríochnú mar ba cheart. Ní raibhleictreachas ann agus muid óg; ba sholas gáis a bhí againn go dtí gomall sna caogaidí. Ní raibh folcadán féin sa teach (bíodh is go raibháit ann faoina choinne!) agus théadh muid chuig na folcadáin phoiblíar Bhóthar na bhFál, uair sa tseachtain, le ní mar is ceart.

Ach mura raibh cúis uabhair le fáil san áit chónaithe, bhí fiúntasi bhformhór na ndaoine agus ar aon nós, bhí muid uilig chomh bochtlena chéile: an té atá bocht i gcuideachta na cuideachta, ní léir dó é féina bheith bocht. Bhí an dífhostaíocht go forleathan sa cheantar agus níraibh muid féin saor uaithi ach oiread nó go hóg ina shaol, b’éigean dom’athair éirí as an obair de bharr galar croí, rud a thug a bhás sadeireadh.

Mar sin, is cinnte nach raibh mórán le spáráil as cibé liúntas beagleasa shóisialaigh a bhí ar fáil an t-am sin, ach ní cuimhin liom an biabheith gann in am ar bith agus ba bhia sláintiúil é, gan an ‘bruscar’ a
bhíonn ann inniu. Agus is féidir a rá go raibh teaghlaigh an cheantairina gceannródaithe ar an athchúrsáil sula raibh iomrá ar anchoincheap féin: ní théadh aon rud amú.

Níor chuimhnigh aon duine ar an bhreisoideachas, bhí a leithéidas an áireamh: de dhroim riachtanais, d’fhágadh daoine óga an scoil

13

Leathanach 14
ag 14 bliain d’aois le dul amach ag obair, ní amháin dóibh féin ach donteaghlach uilig.

Ní ba bhoichte ná muid féin a bhí na taistealaithe ar ghnách leolonnú sna páirceanna taobh linn agus ar thug muintir na háite ‘giofóga’
nó ‘tincéirí’ orthu. Ba bheag uair sa bhliain nach mbíodh breis agusfiche carbhán dá gcuid ar an chuid ba thirime den Bhogach, de dheasdo na tithe s’againne. Ní hiad na carbháin ghalánta soghluaiste atáanois ag bunús na dtaistealaithe in Éirinn atá i gceist, ach iad sin abhíodh á dtarraingt ag capaill, an cineál a fheictear sna scannáin agusiad faoi ionsaí ag na hIndiaigh Dhearga. Ba mheasa arís an chuid acunach raibh de dhídean acu ach píosa seanchanbháis caite ar dhá bhataa bhí sáite sa talamh. Bíodh is go raibh deireadh ag teacht le ceird namiotalóireachtá ina measc, bhí corrdhuine acu go fóill a raibh an cheirdá cleachtadh aige agus ba iad a bhí oilte ina ceann. Cé go ndéanadhmuintir na háite gearán faoi na taistealaithe, ba bheag easaontas abhíodh eatarthu, dáiríre. Ba idir na taistealaithe féin a tharlaíodh anchuid ba mheasa den bhruíon agus ba mhinic troideanna fíochmharaeatarthu, go háirithe agus deoch ar bord ag na fir.

Cúrsaí oideachais:
Scoil Chaoimhín

Ba sa bhliain 1943 a d’fhill muid ar Bhéal Feirste agus bhí miseanois in aois scoile. Bhí ball eile den teaghlach ann faoin am seo,
John, an t-ochtú duine clainne agus an duine deireanach. Agus méag tosú ar scoil, bhí an duine ba shine den chlann, Frank, ag tosú agobair ar an iarnród, an GNR, i gcuideachta m’athar. Mar ba dhualsan am sin, tháinig deireadh lena chuid scolaíochta agus an 14 bliainslánaithe aige, agus chaith sé seal ag obair sa mhuileann áitiúil inLawrencetown, a raibh Halls Mill air, sula ndeachaigh sé leis anGNR.

14

Leathanach 15
Ar ais i mBéal Feirste dúinn, d’fhreastail cúigear againn arbhunscoil an pharóiste ag aon am amháin, mar a bhí, Rosaleen, Lily,
Dan, Bobby agus mé féin. (Féach stair an teaghlaigh san aguisín ag cúl
an leabhair.) Ní hionann agus mo dheartháir Seán, a bhfuil scéalta godeo aige faoina óige, is beag mo chuimhne ar an scolaíocht: chuaighmé ann, d’fhoghlaim mé léamh, scríobh agus uimhríocht agus d’imighabhaile arís.

Bhí Scoil Naomh Caoimhín ar Bhóthar na bhFál, ar an taobh
thall de Pháirc na bhFál; d’fhéadfá a rá go raibh sí idir dhá reilig,
Reilig na Cathrach agus Reilig Bhaile an Mhuilinn. An dara ceann,
ba sin an reilig ‘Chaitliceach’, rud a d’fhág Reilig na Cathrach ag naProtastúnaigh, cé nach mar sin a beartaíodh ó thús é: in 1866 nuair athosaigh an Chomhairle ar na pleananna do reilig úr, ba reilig mhóramháin 45 acra a bhí i gceist le cuid faoi leith di le bheith ag naCaitlicigh. Níor cheap an tEaspag Dorrian gur tugadh cothrom naféinne do na Caitlicigh, agus cheannaigh sé féin 15 acra ar an taobheile den bhóthar do reilig Chaitliceach. Casann roth mór an tsaoil,
áfach, agus ar na mallaibh, thaobhaigh na Caitlicigh Reilig naCathrach nuair nach raibh fairsingeacht i mBaile an Mhuilinn.

Idir an reilig agus Scoil Chaoimhín, is beag teach ná foirgneamha bhí ann, an t-am sin, agus thíos uathu, bhí fána leis an talamh síoschuig Cluain an Bhogaigh.Tógadh an scoil féin in 1933 agus bhí idirbhuachaillí agus chailíní ag freastal uirthi ach iad scartha óna chéilear dhá thaobh na scoile le halla mór faoi choinne an iomláin.

Bhí beirt mhúinteoirí an-éirimiúil agus an-mhisniúil i mbun nascoile san am, mar a bhí, John Duffin agus Anne Kerr. Ba náisiúnaíagus Gael é John Duffin ar mharaigh na B-Specials beirtdeartháireacha dá chuid ina dteach féin, in 1921. Bhí John féin sa
teach ag an am, ach d’éirigh leis dul i bhfolach agus tháinig slán. Isdócha gur imir John Duffin tionchar ar na múinteoirí eile nó labhaircuid acu Gaeilge le chéile, ach ó tharla gan an Ghaeilge a bheith marchuid den chúrsa teagaisc ó thuaidh, is beag Gaeilge a múineadh sascoil cé gurbh éigean dúinn glaoch an rolla a fhreagairt leis an fhocal‘anseo’, ach gur cheap muidne gur ‘handchalk’ a bhí ann!

15

Leathanach  16
Bhí John Duffin agus Anne Kerr (a bhí i mbun scoil na gcailíní),
bhí siad beirt gníomhach san fheachtas i gcoinne chríochdheighilt natíre nuair a bunaíodh an dá stát in Éirinn in 1921. Dhiúltaigh cuidmhaith múinteoirí ó thuaidh an stát nua a aithint agus ní ghlacfadhsiad airgead an rialtais ó thuaidh. Dhíol Dáil Éireann a gcuid tuarastalar feadh tamaill, ach nuair a cuireadh deireadh leis sin, b’éigean éirí asan agóid. Bhí John Duffin ar na daoine a rinne socrú le Rialtas anTuaiscirt le go nglacfadh siad na múinteoirí easaontacha faoinagcúram arís, cúis díomá orthu ar feadh fada go leor. Bhí
corrmhúinteoir nach ngéillfeadh don namhaid agus a d’éirigh as an
teagasc ar fad.

Obair

Má bhí Frank ar an chéad duine amuigh ag obair, níorbh fhada gorabhthas sna sála air. Dara gach bliain ina dhiaidh, d’fhág duine éiginden teaghlach an scoil le dul ag obair ag 14 bliain d’aois. Modheirfiúracha, Rosaleen agus Lily, d’oibrigh siad mar fhíodóirí agcomhlacht déanta carbhat a raibh Atkinsons air. Ní raibh i bhfad le
dul acu chun oibre nó bhí an mhonarcha sin ag bun na sráides’againne. Carbhait d’ardchaighdeán a dhéanadh Atkinsons a mbíodhéileamh mór orthu ag an uasalaicme.

Níor fhan muid uilig go dtí go raibh muid ceithre bliana déag ledul i mbun oibre: nuair a bhí mo dheartháir Dan tuairim is bliain
déag d’aois, fuair sé post i ndiaidh am scoile ag gréasaí bróg ar BhótharLios na gCearrbhach (Lisburn Road), i ndeisceart na cathrach.Tharlacuid mhaith de chustaiméirí an tsiopa bheith lonnaithe ar BhótharMhaigh Luain (Malone Road), an bóthar a mbíodh lucht an rachmaisina chónaí air san am, agus b’éigean na bróga a thabhairt chun tíchucu; ba í sin an obair a bhí ag Dan. Ba é an nós post mar sin achoinneáil sa teaghlach, mar sin, thóg Bobby an obair i ndiaidh Danagus ba mise comharba Bobby.

16

Leathanach 17
Faoin am sin, bhí an scoil fágtha ag Dan agus é ag obair marphrintíseach ag dathadóir tí, ceird ar chaith sé a shaol léi. Ba cheird ía bhí, d’fhéadfá a rá, sa dúchas aige, nó chleacht mo sheanathair, FrankWebb, athair mo mháthara, an cheird chéanna agus deartháir di fosta.
Ar fhágáil na scoile do Bobby, chuaigh seisean leis an cheird fosta,
ach níor thaitin sé leis agus thosaigh sé ag obair ar an iarnród igcuideachta Frank. Faoin am sin, bhí m’athair chomh breoite sin nachdtiocfadh leis obair a dhéanamh níos mó. D’fhág an díomhaointeas alorg air, dar liom, nó ní amháin gur chuir an easláinte iallach air suí sachlúid cuid mhaith dá shaol, ach bhain sí de a chumas mar shaothraían teaghlaigh. Ba mhinic é faoi smúid dá bharr.

An scrúdú 11+

Sa bhliain 1944, athraíodh an córas oideachais go hiomlán saBhreatain trí Acht Butler: dá réir sin, bheadh bunoideachas ar fáil godtí aois a haon déag agus ansin meánoideachas ar scoil ghramadaí, armheánscoil nó ar cheardscoil; bheadh an meánoideachas saor aguséigeantach. Bhain sé trí bliana as rialtas Stormont an tAcht a chur ibhfeidhm anseo nó bhí idir an Eaglais Chaitliceach agus na heaglaisíProtastúnacha míshásta leis, cé nach ar leas oideachas na bpáistí a bhía n-aird, ach sa bheag. Ag Stormont, ba sheirbhe arís a d’éirigh an
díospóireacht: ‘a betrayal of Protestantism’ a thug an teachtaparlaiminte ar son Ollscoil na Ríona ar an Acht. Ach glacadh leis faoidheireadh. Lena shocrú cé rachadh ar scoil ghramadaí, cuireadhscrúdú ar na daltaí agus ba iad an 20% díobh a ghnóthaigh namarcanna ab airde sa scrúdú a roghnaíodh le hoideachas ‘acadúil’ a
fháil. Mar sin, ón tús, ba chóras roghnaitheach é agus an gradam agna scoileanna gramadaí nach raibh ag freastal ach ar mhionchuid depháistí scoile. Coinníodh an 80% eile sna seanfhoirgnimh scoile agusníor tógadh foirgnimh faoi leith dóibh mar mheánscoileanna go dtína caogaidí. Ach ní féidir a shéanadh gur tharla réabhlóid i gcúrsaí

17

Leathanach 18
oideachais de bharr an Achta Oideachais a ritheadh ag Stormont in1947: den chéad uair riamh, bhí faill ag daoine bochta nach raibhmaoin acu a gcuid páistí a chur chuig scoileanna a bhíodh roimhe sinteoranta do lucht an rachmais. Agus ós rud é gurbh iad na Caitlicighan chuid ba bhoichte den phobal, ní féidir a shéanadh ach oireadgurbh iadsan ba mhó a ghnóthaigh ar an chóras nua. Cuid acu. Denchéad uair, chonacthas do Chaitlicigh go raibh uirlis ann a thógfadhamach as an ísleacht iad.

Ach sa bhliain 1950 agus mé dhá bhliain déag d’aois, is beag airdná eolas a bhí agam ar na cúrsaí seo. Bhí an córas roghnaitheach ibhfeidhm faoin am sin (an tríú bliain de, measaim) agus i gcuideachtana cuideachta, rinne mé an scrúdú ar tugadh an ‘Qualifying’ air an
t-am sin, ach a bhfuil an 11+ air anois agus é chomh conspóideachcéanna is a bhí an chéad lá. Ar aon nós, cibé marc a fuair mé sa scrúdú,
chuir sé mé sa 20% ‘beannaithe’ a raibh áit i scoil ghramadaí dlitedóibh. Fiú agus mé óg, sílim gur thuig mé go raibh iontas ar chuid dena múinteoirí gur éirigh le beirt againn ó cheantar chomh bocht aguschomh garbh a leithéid a dhéanamh.

Rinne an t-ardmháistir a dhícheall ullmhúchán éigin a thabhairtdúinn ó thaobh na Gaeilge de faoi choinne na scoile nua agus chuirrang Gaeilge ar leith ar bun dúinn, cúpla uair sa tseachtain, le gombeadh cleachtadh againn ar an teanga. Na daoine eile sa rang nachndearna an scrúdú aistrithe nó nár éirigh leo ann, d’fhan siad ar anbhunscoil ar feadh trí bliana eile gur fhág siad le dul ag obair ag ceithrebliana déag d’aois. Ní raibh mé féin ina measc nó i Meán Fómhair na
bliana 1950, thosaigh mé ar Choláiste Maolmhaodhóg.

18

Leathanach 19
Coláiste Maolmhaodhóg:
an cúlra

Tá Coláiste Mhaolmhaodhóg ar Bhóthar Aontroma i dtuaisceartBhéal Feirste. Is í an mheánscoil Chaitliceach is sine ar an bhaile í, cégur bunaíodh go príomha í mar choláiste le hábhar sagart a ullmhú.
Osclaíodh an scoil in 1833, bliain i ndiaidh don Dochtúir Crolly,
Easpag an Dúin agus Chonaire, léas a fháil ar theach a raibh Vicinage
mar ainm air.Tá stair shuimiúil ag dul le Vicinage mar atá rianaithe ag

D. Kennedy, duine de na múinteoirí, in iris na scoile, The Collegian, in
1952. San ochtú haois déag, nuair a thóg Thomas McCabe Vicinage,
bhí an teach taobh amuigh den bhaile; sin fáth an ainm, ón fhocalLaidine, vicinus, ‘cóngarach’. B’fhear gnó é McCabe agus duine debhunaitheoirí Chumann na nÉireannach Aontaithe in 1791. Nuair a
scrios drong de shaighdiúirí a shiopa i Sráid North in 1793, d’fhág séan fhuinneog briste agus chuir fógra os a cionn,‘Thomas McCabe, an
Irish slave’, scéal a thug ar Wolfe Tone ‘the Irish Slave’ a bhaisteadh
air. Fosta, de réir William Drennan, d’éirigh le McCabe lucht gnóBhéal Feirste a chosc ar pháirt a ghlacadh i dtrádáil na sclábhaithe.
Bhí a mhac, William Putnam McCabe, gníomhach i gCumann nanÉireannach Aontaithe agus b’éigean dó éalú chun na Fraince; fuairsé bás i bPáras in 1821. Chuaigh Vicinage chuig Jane Maria McCabe,
gariníon Thomas, a bhí pósta ar James Coleman agus ba ó mhuintirColeman a fuair an Dr Crolly é, ar léas ar dtús, ach in 1837, díoladhthar barr amach é leis an Easpag, ar £1,250.
Faoin Dr Patrick Dorrian, easpag na deoise idir 1865 agus 1885,
rinneadh forbairt mhór ar an choláiste agus ar an oideachasChaitliceach go coitianta. Tógadh foirgnimh úra: cuireadh leis anphríomhfhoirgneamh, tógadh seomraí ranga (go dtí sin, bhíodh naranganna ag na daltaí sna scoileanna i Sráid Dhún na nGall), séipéalagus sciathán cónaithe, a tugadh do na Bráithre Críostaí ar éirigh leDorrian iad a mhealladh go Béal Feirste in 1866 le dul i mbunscoileanna. In 1867, bhí lóistín sa choláiste do 100, ach go fóill, ní

19

Leathanach 20
raibh ach 30 scoláire cónaithe ann agus 80 dalta lae. Faoin bhliain1881, bhí sin ardaithe go dtí 208 dalta, 58 acu ar lóistín. In 1876,
tosaíodh ar níos mó seomraí ranga, an t-am seo ar shuíomh an tseantí,
agus cuireadh halla agus séipéal úr leis an fhoirgneamh.

Bhí aird mhór ag Dorrian ar an oideachas agus go háirithe arCholáiste Maolmhaodhóg mar choláiste na deoise: ba é a cheapsagairt ann agus chuaigh sé i gcúram fhorbairt agus dul chun cinn nascoile, agus chuir áiseanna ar fáil do na mic léinn a bhí ag dul leis antsagartacht.

Ba í an bhéim seo ar Naomh Maolmhaodhóg a ba chúis leis anaighneas a d’éirigh idir é féin agus na Bráithre Críostaí: chonacthasdon Easpag go raibh na Bráithre ag mealladh daltaí na meánaicmechucu féin, iad sin ar dhual dóibh freastal ar Choláiste
Maolmhaodhóg. (D’ainneoin na conspóide sin, d’éirigh leis naBráithre réabhlóid san oideachas don ísealaicme Chaitliceach a
thabhairt i gcrích agus thuill meas an phobail Chaitlicigh dá bharr.)
Chonaic Dorrian scoileanna na mBráithre mar chomórtas do
chéimíocht Choláiste Mhaolmhaodhóg mar ionad meánoideachaisdo Chaitlicigh Bhéal Feirste; ba cheart do na Bráithre Críostaí cloí leisan bhunoideachas, a mhaígh sé, agus ba cheart do bhuachaillí clistedul chuig coláiste na deoise – ‘with that establishment he would not
allow anything to clash’. Leis an chuspóir sin a dheimhniú, chros séar na Bráithre Laidin a theagasc, riail a bhí i bhfeidhm go dtí a bhás.
D’fhág an t-easaontas seo lorg ar an oideachas Chaitliceach i mBéalFeirste ar feadh i bhfad: chinntigh sé clú Choláiste Mhaolmhaodhógmar institiúid acadúil ag riar ar ábhar sagart agus ar lucht gairme –
dlíodóirí, dochtúirí agus a leithéidí. D’fhan an scéal mar sin go dtí gurtháinig Acht Oideachais 1947 i bhfeidhm, acht a d’athraigh cúrsaíoideachais go tobann.

Mar a chonacthas, ba chóras roghnaitheach a cuireadh ibhfeidhm agus ba faoin chóras sin a chuaigh mé féin agus cuid mhóreile chuig Coláiste Maolmhaodhóg nó chuig Naomh Muire, scoil namBráithre Críostaí, a bhí i Sráid na Beairice, an t-am sin. Níl a fhiosagam cad chuige ar roghnaigh mo thuismitheoirí ColáisteMaolmhaodhóg mar scoil dom nó ba chóngaraí scoil na mBráithre

20

Leathanach  21
don teach s’againne, gan trácht ar an difear ‘aicmeach’. Is féidir goraibh deacracht áit a fháil i Naomh Muire, a bhí ag freastal ar ancheantar Caitliceach ba mhó sa chathair.

Mhéadaigh an 11+ líon na ndaltaí a bhí ag teacht isteach igColáiste Mhaolmhaodhóg beagnach faoi thrí: in 1952, nuair a bhímé féin i mo dhalta, bhí 753 ag freastal air, nuair nach raibh ann achidir 200 agus 300 ar feadh na mblianta roimh 1947. Ní amháin gurchuir sin brú mór ar spás sa scoil, ach d’athraigh sé comhdhéanamhna scoile go sóisialta agus go heacnamaíoch: den chéad uair, bhímeascán aicmeach sna ranganna, gasúir ó phlódcheantair an luchtoibre i gcuibhreann le gasúir ó cheantair na ndochtúirí agus nandlíodóirí. Is dócha go raibh an difear le sonrú sna cultacha scoileagus cuid againn, mo dhála féin, ag caitheamh ‘blazer’ a fuarthas sa
teach gill in Sandy Row ar chúpla scilling. Agus is cuimhin liomiontas bheith orm nuair a chuala mé buachaillí ag caint ar laethantasaoire sa Fhrainc agus sa Spáinn nuair nár bhain mo mhacasamhailach bun na sráide amach! Tríd is tríd, áfach, ní dóigh liom gur cheapduine ar bith againn go raibh drochmheas orainn de bharr éadaí nócúlra; leis an fhírinne a dhéanamh, ba iad an chuid a raibh cónaí orthusa scoil ba mheasa i dtaca le héadaí de! Tharla feabhas éigin ar an scéaló thaobh spáis de nuair a d’imigh cuid de na scoláirí cónaithe in 1951ar oscailt Naomh Mac Nissi ar chósta Aontroma.

An Ghaeilge i gColáiste
Maolmhaodhóg

Nuair a thosaigh mé ag freastal ar Choláiste Maolmhaodhóg, bhí séd’fhiacha ar gach dalta sa scoil an Ghaeilge a dhéanamh sa chéadbhliain chomh maith le dhá theanga eile, gan an Béarla san áireamh.
I ndiaidh staidéar a dhéanamh ar na trí theanga sa chéad bhliain,
b’éigean don dalta rogha a dhéanamh de dhá cheann acu i gcomhair

21

 

Leathanach 22
na scrúduithe sa tríú bliain. Ainneoin spreagadh na bunscoile, rinnemé rogha den Laidin agus den Ghréigis thar an Ghaeilge sa darabliain. Is léir nár chuimhnigh mé go brách gur leis an Ghaeilge achaithfinn an chuid ba mhó de mo shaol ní ba mhoille. Ach ní raibh
mé ach trí bliana déag ag an am, tharla go ndearna mé go measarthamaith sa Ghréigis agus sa Laidin agus cé go raibh an múinteoirGaeilge ina Ghaeilgeoir dílis, ní hionann dílseacht agus cumasteagaisc: is beag duine eile sa rang a roghnaigh an Ghaeilge ach oiread.

Muiris Ó Droighneáin

Bhí múinteoir eile Gaeilge sa scoil nár chuir mé aithne air go ceannblianta ina dhiaidh agus ba é sin Muiris Ó Droighneáin. Bhí Muirisar dhuine de ghramadóirí móra a linne agus glaoch ag lucht léinnagus ag lucht foclóireachta ar a chuid saineolais. Ní amháin gurshárscoláire é, ach bhí sé sáite i gcúrsaí athbheochana ar feadh a shaoil.
Ba as Corcaigh ó dhúchas dó, ach gur chaith sé a shaol uilig i mBéalFeirste i ndiaidh dó pósadh.Tá sé curtha i Reilig Bhaile an Mhuilinni mBéal Feirste, faoi leac uaighe a bhfuair sé na focail uilig greantauirthi sula bhfuair sé bás. Is dócha go raibh se ag deimhniú nachndéanfaí praiseach den Ghaeilge mar a dhéantar uaireanta!

D’ainneoin aird a bheith aige ar chúrsaí gramadaí, go háirithe an
‘caighdeán oifigiúil’, chreid sé sa teanga bheo agus san athbheochan.
Blianta i ndiaidh dom an scoil a fhágáil agus mé ag baint le gluaiseachtna Gaeilge, chuir mé aithne cheart air: fear uasal a bhí ann agus ba éba thúisce a chuireadh lámh ina phóca le cuidiú le cur chun cinn nateanga. Is cuimhin liom dul chun tí chuige, uair amháin, ag iarraidhair dearbhú a shíniú a bhí ag tacú le feachtas éigin a bhí ar bun againn.
D’amharc sé ar an pháipéar a bhí agam agus ar sé, ‘An bhfuil tú agiarraidh orm seo a cheartú?’ Shínigh sé an rud, bíodh is nach raibh anscríbhinn lena shásamh. Ansin, ar seisean liom go tobann, ‘Cad é anGhaeilge atá agat ar ‘artificial insemination’?’ Nuair a leath na súile

22

Leathanach  23

orm le hiontas, ar seisean liom,‘Is dócha nach bhfuil a fhios ag móránagus ar an drochuair, níl a fhios ag na mílte feirmeoir sa Ghaeltachtach oiread, cé go bhfuil siad ag baint úsáide as an tseirbhís sin dá gcuidainmhithe go rialta. Sin tubaiste.’

Rinne Muiris a sciar leis an teanga a neartú do lucht a labhartha:
scríobh sé An Sloinnteoir Gaeilge i bhfoirm leabhráin bhig le godtiocfadh le Cumann Lúthchleas Gael ainmneacha na n-imreoirí a
Ghaelú go héasca; scríobh sé leabhar cócaireachta ar an acht céannagan aon eolas ar an chócaireacht aige féin. Ba mhór a ghrá ar anchaighdeán, ach níor theanga acadúil í an Ghaeilge ag Muiris, achteanga bheo a gcaithfí í a chaomhnú.

Gaeil sa Choláiste

Bhí go leor sagart ag teagasc sa Choláiste le mo linn agus roinntGaeilgeoirí ina measc. Bhí an tAthair Mac Parthaláin (Bartley) agusan tAthair Mac Caomhánaigh (Kavanagh) ann, beirt a mbíodh antAifreann Gaeilge á léamh acu i dTeach Pobail Naomh Muire imBéal Feirste nuair a cuireadh deireadh leis an Aifreann Laidine sna
1960í. Mar a tharla, ba é mo sheanmhúinteoir Gaeilge ar theip airaon Ghaeilge a theagasc dom, an tAthair Seosamh Mag Uidhir, ba éa léigh an chéad Aifreann Gaeilge ag an am sin (1965). Tá siad uiligar shlí na fírinne anois agus go gcúití Dia a saothar leo.

Ní sagairt amháin a bhí ag teagasc sa scoil agus má bhí siadcoimeádach, níorbh iad amháin a bhí. Ní haon sagart a chlúdaigh napictiúir de na dealbha nochta sa leabhar Laidine le dúch Indiach areagla go bhfeicfeadh na buachaillí iad, cé gur dealbha d’fhir a bhí sachuid ba mhó de na pictiúir. Maith nach raibh a fhios ag an duine gurspreag sin na gasúir na leathanaigh a chur idir iad agus an solas leis napictiúir a fheiceáil. Aisteach go leor, ní cuimhin liom go ndéantaí anrud céanna leis an leabhar Gréigise, bíodh is go raibh na Gréagaighníos tugtha do dhealbha nochta ná na sean-Rómhánaigh féin!

23

Leathanach  24

D’fhán mise ar an scoil go raibh an teastas sóisearach déantaagam agus ainneoin go ndearna mé go measartha maith sa scrúdú,
bhí fonn orm an scoil a fhágáil agus dul amach ag saothrú mo chodamar a bhí á dhéanamh ag mo dheartháireacha agus ag modheirfiúracha. Mar sin, d’fhág mé an scoil agus mé cúig bliana déagd’aois, in 1952. Bhí am taitneamhach go leor agam ar CholáisteMaolmhaodhóg agus caitheadh go béasach liom i gcónaí agus méann. Ar an dea-uair, níl scannal ar bith le hinsint agam faoin seal achaith mé ann mar a bhíonn ag go leor scríbhneoirí, an lá atá inniu
ann.

D’fhoghlaim mé, blianta i ndiaidh dom an scoil a fhágáil, goraibh daoine ar an Choláiste le mo linn a mbeadh dlúthbhaint agamleo i ngluaiseacht na Gaeilge ar ball, mar a bhí, Seán Mac Goill;
Séamus Napier, a bhí cúpla bliain romham sa scoil; Ciarán Ó Catháin,
a bhí seal ar aon rang liom; Albert Fry; agus Deasún Ó hÁgáin, abheadh gníomhach ní ba mhoille i bPáirtí na nOibrithe, bhí seiseanann fosta ag an am.

Níl aon Ghréigis nó Laidin anois agam nó ar nós fhormhór anchine dhaonna, is beag mo chuimhne ar ar fhoghlaim mé ar scoil. Achtá dhá bhlúire a thug mé liom: an abairt Ghréigise, ‘Anthropon Zoon
Politikon’ (is ainmhí polaitiúil é an duine); agus ‘never assume what
you have to prove’, mar gur tugadh orm é a scríobh céad uair nuair arinne mé meancóg éigin san ailgéabar.Thig liom a rá go bródúil nachndearna mé dearmad ar cheachtar den dá cheacht sin riamh.

Printíseacht

Nuair a d’fhág mé Coláiste Maolmhaodhóg in 1952, ní raibh decháilíochtaí agam ach an Teastas Sóisearach. D’ainneoin sin, fuair mépost láithreach – seachadadh earraí grósaera ar Bhóthar Lios nagCearrbhach, an bóthar céanna a raibh obair pháirtaimseartha agamair le gréasaí bróg agus mé ar an bhunscoil. Ba ar rothar ab éigean na

24

Leathanach 25

hearraí a iompar chuig na tithe, obair a bhíodh maslach uaireanta nóbíodh is go raibh mé ard agus mé óg, ba bheag meáchan a bhí ionam;
bhí cuid de na sráideanna idir Bóthar Lios na gCearrbhach agusBóthar Mhaigh Luain crochta go maith agus ba mhinice mé ag brúan rothair de shiúl coise ná i mo shuí sa diallait. Leis an fhírinne a
dhéanamh, bhí cuma chomh hard tanaí orm agus mé 15 bliain d’aois
go dtugadh buachaillí na sráide ‘Eggo’ orm, dála na hostraise gonamuineál mór fada a bhíodh ar an ghreannán, The Beano, ag an am.
D’fhan mé sa phost sin naoi mí gur chuir mé isteach ar phost marphrintíseach meicneora le Córas Bus Chomhairle Bhéal Feirste. Iscuimhin liom an lá a chuaigh mé go Sráid Utility i gceantar SandyRow le scrúdú a dhéanamh i gcuideachta gasúr eile ar comhaois liom.
Bhí timpeall tríocha againn istigh ar chúig phost agus is cosúil guréirigh liom sa scrúdú nó go gearr ina dhiaidh, tairgeadh post dom.

Mar sin, ag aois a cúig déag dom, bhí mé socraithe i bpost abhéarfadh slí bheatha réasúnta dom ach na cúig bliana dephrintíseacht a chur isteach mar ábhar meicneora. Cé go raibh cúig nósé de cheardlanna / bhusárais ag lucht na mbus i mBéal Feirste, ináiteanna éagsúla sa chathair, ba go dtí an cheardlann ar Bhóthar nabhFál a cuireadh mise, áit nach raibh ach achar gearr ó m’áitchónaithe.

Mar bhusáras, bhí stair fhada ag an cheann ar Bhóthar na bhFál:
nuair a tháinig na tramanna leictreacha go Béal Feirste in 1905, baann a choinnítí an t-iomlán acu agus ar an bhóthar taobh amuigh,
baineadh triail astu agus d’fhoghlaim na tiománaithe a gceird. Níraibh tram ar bith faoin áit nuair a thosaigh mé féin ag obair (cé nárimigh an tram deireanach ó shráideanna Bhéal Feirste go dtí 1954),
ach mura raibh tram ann, bhí ‘iarsma’ beo ón seansaol sin againn gofóill, mar a bhí, seanduine a shiúlfadh timpeall na háite agus barraiarainn ar a ghualainn ach gan aon obair á déanamh aige. Is cosúil gur‘wheel tapper’ a bhíodh ann, duine a bhuaileadh rothaí na dtramannalena dheimhniú nach raibh scoilt iontu, ach ar imeacht do natramanna, fágadh ar an trá fholamh é, mar a bheadh Oisín i ndiaidhna bhFiann ann. Ábhar seanchais, cheapfá. Sa cheardlann, d’oibrighmuid ar bhusanna a raibh innill díosail iontu, ach bhí na seanbhusanna

Leathanach  26

againn fosta, an ‘trolleybus’ mar a tugadh air, busanna a fuairfuinneamh ó cháblaí lastuas, agus a bhí, mar sin, ní ba theoranta ná nacinn díosail a raibh sé ar a gcumas dul bealach ar bith.

Seanghalar Bhéal Feirste –
an seicteachas

An chéad lá sin, cuireadh mé faoi chúram an mheicneora a bheadhmar oide agam go ceann bliana. ‘Cén cineál thú?’ a deir sé liom marbheannacht. Cuimhnigh gur James Johnston a bhí orm, ainm nár inisdo mo dhuine cad é an creideamh a bhí agam. Ní raibh aon taithíagam ar a leithéid de cheist nó ar an seicteachas a bhí taobh thiar diagus nuair a ba léir don mheicneoir nár thuig mé é, ghearr sécomhartha na croise air féin, mar dhea, agus ar seisean, ‘An é sin an
cineál thú nó é seo?’ agus lig sé air fliúit bheith á seinm aige.Thuig méansin cad a bhí uaidh agus den chéad uair i mo shaol, b’éigean dom mochreideamh a dhearbhú go poiblí.

De réir a chéile, cuireadh ina luí orm go raibh an scéal ní badhorcha ná fiosracht mhailíseach. I ndiaidh bheith tamall san áit, thugmé faoi deara ní amháin a laghad de Chaitlicigh a bhí ag obair ann, achnach raibh aon duine acu mar shaoiste oibre, ainneoin go raibh cuidacu ar na ceardaithe ba chumasaí agus ab oilte sa cheardlann agus goraibh an cheardlann féin suite i gceartlár an cheantair is mó Caitliceachsa chathair. Chomh maith, bhí go leor B-Specials ag obair san áit, fórsaa bhí mar chúltaca armtha páirtaimseartha ag rialtas na Sé Chontaeagus a bhí thar a bheith naimhdeach don phobal náisiúnach. Ag túsmhí an Mheithimh, gach bliain, is é sin ag tús na tréimhse máirseálasa tuaisceart, bhíodh drumadóireacht le cluinstin tríd an bhusáras, ar
bhinsí agus ar tháblaí, agus feadaíl na bhfonn oráisteach marthionlacan lenár gcuid oibre. Mar Chaitlicigh, thuig muid gurbh fhearrdúinn gan aon dearcadh polaitíochta ná reiligiúnach a nochtadh.

Leathanach 27

Agus níorbh é sin an rud ba mhó a ghoill ormsa, ach a fhios abheith agam go dtiocfadh le daoine a bhí ag obair i mo chuideachtaa rogha tí a bheith acu ón Chomhairle in oirthear na cathrach agusdeirfiúr agam féin ag fanacht seacht mbliana le teach de chuid naComhairle céanna a fháil in iarthar na cathrach. Castar muilte De,
áfach, agus bhí an éagóir sin leis an Chumann Ceart Sibhialta aspreagadh sna seascaidí. Dá mba mhall ba mhithid. Idir an dá linn,
d’oibrigh mé liom ag córas iompair na cathrach ar feadh aon bhliaindéag san iomlán, i mo phrintíseach agus i mo cheardaí oilte.

Ag foghlaim na Gaeilge
den chéad uair

Ba ag an am céanna a thosaigh mé ag obair ar na busanna gur chuirmé suim sa Ghaeilge den chéad uair, ainneoin nár fhreastail mé ar anáiméar agus mé ar Choláiste Maolmhaodhóg. Thosaigh mé ag dulchuig ranganna Gaeilge san Ardscoil i Sráid Dhuibhise (Divis Street)
in 1953. Ba san Ardscoil a bhí ceanncheathrú Chonradh na Gaeilgesa chathair agus bhíodh ranganna ann beagnach gach oíche satseachtain, iad faoi stiúir ag craobhacha éagsúla den Chonradh:
Craobh Ghaeil Uladh, Craobh Thír na nÓg srl. Chuaigh mise isteachsa bhunrang a bhí faoi stiúir Chraobh Naomh Iosaef gach oícheDéardaoin. Ba é Seoirse Mac Cana, feisteoir i longlann Harland &
Wolff, a bhí mar mhúinteoir againn, duine lách cineálta. Amhránaíbreá a bhí ann agus mar a bhíodh coitianta ag an am, ba dhlúthchuidden rang an amhránaíocht; is cuimhin liom go fóill an chéad amhránGaeilge a d’fhoghlaim mé sa rang sin, ‘Labhair an Teanga Ghaeilge
Liom’. Mar leabhar ranga, bhí leabhar beag gramadaí de chuid namBráithre Críostaí a raibh ceachtanna beaga simplí ann mar aon leroinnt amhrán.

Leathanach  28

Chomh maith le bunrang, bhíodh Dara Rang, Treas Rang agusArd-Rang ann agus ba iad Tomás Ó hÉanáin, Cathal Ó hEadhraagus Caoimhín Mag Uidhir a bhí ina mbun siúd. D’oibrigh Tomásmar fheisteoir ag comhlacht Shorts, lucht déanta na n-eitleán i mBéalFeirste; chaith sé an chuid ba mhó den Dara Cogadh Domhanda sanotharlann nuair a chaill sé scamhóg de bharr ghalar na heitinne, galarmarfach a bhí rábach sna blianta sin. Ba phoblachtaí é Tomás agusbaint aige le Sinn Féin le fada; in 1955, bhí sé i mbun an fheachtaistoghchánaíochta inar toghadh Tom Mitchell mar Fheisire
Westminster do Lár Uladh. Bhí Tom Mitchell i bpríosún ag an amnó bhí sé ar dhuine de na daoine a gabhadh i ndiaidh an ruathair arinne an IRA ar dhún míleata Arm na Breataine san Ómaigh igContae Thír Eoghain in 1954. Ní iontas é mar sin nuair a chuirGluaiseacht na Poblachta feachtas míleata na teorann ar bun in 1956
gur tógadh Tomás Ó hÉanáin i gcuideachta na cuideachta, gurcuireadh i bpríosún é gan triail; ní go dtí a shochraid go bhfuarthasamach gur dhiúltaigh sé do chuairteanna an t-am uilig dó bheith imbraighdeanas de bharr nach raibh údaráis an phríosúin sásta ligeandó Gaeilge a labhairt le linn cuairte, seasamh a d’fhág gur chaith sécúig bliana istigh gan cuairt ó dhuine ar bith.

Ba chléireach geallghlacadóra é Cathal Ó hEadhra agus duinefosta a chaith seal i mbraighdeanas i bPríosún Bhóthar Chromghlinnei rith an Dara Cogadh Domhanda. D’oibrigh Caoimhín Mag Uidhirmar chléireach ag Bord Soláthair Leictreachais an Tuaiscirt ar feadha shaoil. Ba dhaoine mánla múinte iad go léir agus ina n-éagmais, isféidir nach mbeadh Gaeilge agam. Léirigh siad tírghrá ar dhóighchiúin gan mhórtas agus rinne an méid sin gan aon leas dóibh féin idtréimhse nár mhór ár meanma mar Ghaeilgeoirí.

Is minic a chuirtear ceist ar dhaoine cad é a spreag iad leis anGhaeilge a fhoghlaim agus mo dhála féin,bíonn sé deacair acu freagrasásúil a thabhairt. Ní raibh traidisiún Gaeilge sa teaghlach archeachtar den dá thaobh, ach ba phoblachtaí é m’athair agus is féidirgur chothaigh sin mo shuim sa tír. Spreag na hamhráin Bhéarlathírghrácha mo shuim in Éirí Amach 1916 agus is cuimhin liom naseanleabhair de chuid Waltons a cheannach agus mé go fóill ar scoil.

Leathanach 29

D’fhoghlaim mé go leor acu de ghlanmheabhair, amhráin ar nós The
Foggy Dew, A Nation Once Again, The Three Flowers srl, agus ar
ndóigh, an t-amhrán ab ansa le m’athair, Johnston’s Motor Car, gonachurfá,‘You could hear the din going through Glen Finn in Johnston’s
motor car’. Chomh maith leis sin, bíodh is nach raibh Gaeilge ar bithag mo mhuintir, bhí meas áirithe acu orthu siúd sa chomharsanachta d’fhoghlaim í, iar-phríosúnaigh iad a mbunús, a chaith seal imbraighdeanas i rith an Dara Cogadh Domhanda.

Cosúil le ranganna oíche áit ar bith, bhíodh slua breá ann ag túsna bliana, ach faoin deireadh, ní bhíodh fágtha ach na díograiseoirí. Badhuine acu mé féin agus lean mé liom, ó bhliain go bliain, ag cur le mostór focal agus ag foghlaim tuilleadh amhrán. Bhí cúpla duine eile athosaigh in aon rang liom ag an tús agus a d’fhan leis an chúrsa goraibh siad líofa. Ba as ceantar Ard Eoin do Phádraigín de Faoite agusdo Phól de Leigh agus d’fhan siad beirt gníomhach i nGluaiseacht naGaeilge ar feadh a saoil. Fuair Pádraigín bás go tragóideach i dtaismebhóthair, roinnt de bhlianta ó shin, ach tá Pól ag cur na Gaeilge chuntosaigh ina cheantar dúchais i rith an ama.

Ba mhó mo shuim sa Ghaeilge ná in aon rud eile agus ba aréigean a chaill mé rang le trí bliana i ndiaidh a chéile go raibh mé ininmhe comhrá bunúsach a choinneáil gan mórán stró. Bhí Tomás ÓhÉanáin i mbraighdeanas faoin am sin agus daoine eile tagtha isteachlena áit a líonadh. Bhí beirt áirithe a chuaigh i bhfeidhm orm, mar abhí, Ciarán Mac Con Coille agus Séamus Ó hÓdhráin. Ba chairdemóra iad agus bhí siad beirt ina múinteoirí agam ar a seal, ach bhísiad fosta ina mbaill de Chumann Rothaíochta Gaeilge a théadhamach gach Domhnach, idir an Cháisc agus an fómhar, ar thurasfaoin tuath nó cois farraige. Thosaigh mé ag dul amach leis anchumann agus lean mé leis gur scoireadh é, blianta ina dhiaidh.
Diomaite den chuideachta agus den lá taitneamhach amuigh faoinaer, measaim anois agus mé ag cuimhneamh siar air, gur chuir ancumann rothaíochta le líofacht mo chuid Gaeilge ar dhóigh nachndéanfadh aon rang, dá fheabhas é. Ní raibh a shárú le fáil mar áisfhoghlama teanga ná lá iomlán a chaitheamh amuigh faoin spéir agusgan á labhairt agat ach an Ghaeilge.

Leathanach 30

An Réalt

Bhí Séamus agus Ciarán ina mbaill den Réalt chomh maith, anchraobh Ghaeilge de Léigiún Mhuire a bhunaigh Nuala Ní Mhóráin,
iníon le D P Moran, foilsitheoir The Leader, i mBaile Átha Cliath, in1942, agus a raibh craobhacha de ar fud na tíre. Bunaíodh craobhBhéal Feirste den Réalt in 1949 agus baisteadh CraobhMaolmhaodhóg uirthi. Thionóltaí cruinniú den Réalt gach oícheShathairn in uimhir a trí Cearnóg an Choláiste Thuaidh (CollegeSquare North), i lár na cathrach. Deirtí an paidrín ag tús na hoíche, achar feadh mo chuimhne, ba mhó de chainteanna, de cheol agus dechluichí a bhí ann ná de chúrsaí creidimh. Foirgneamh ard ceithrestór den 19ú haois a bhí ann, é lonnaithe i sráid ar ghnách le tithecónaithe bheith ag lucht rachmais nó ag dochtúirí an bhaile – thugtaí‘Harley Street’ an bhaile air, tráth; tá an foirgneamh ar lár le fada. Badhorcha ghruama a bhí an teach, doirse druidte ag gach lúb denstaighre agus san oíche, chluintí macalla cos agus tú ag dreapadh; bagheall le bheith i seanscannán dubh is bán de chuid Hitchcock é.
Nuair a thosaigh mise ag dul ann, bhíodh dhá sheomra ag barr an tíagus ba iontu sin a bhíodh na cruinnithe. Sna daichidí, d’úsáidtí naseomraí mar áit tionóil ag daoine as na Gaeltachtaí a tháinig go BéalFeirste le linn an chogaidh nuair a bhí an obair fairsing sa chathair.

Ba é Séamus Ó hÓdhráin a thug mé ar an Réalt an chéad uairnó bheinn róchotúil dul liom féin. Bhí deirfiúr ag Séamus a bhí póstaar Tharlach Ó hUid, a bhí ina eagarthóir seal ar Inniu, nuachtánGaeilge na linne. Rugadh Ó hUid i London, ach ba de shliochtÉireannach é. Chláraigh sé le Conradh na Gaeilge thall, chuaighisteach san IRA agus tháinig go Béal Feirste le ‘troid a chur ar annamhaid’. Nuair a gabhadh é, ba faoin ainm ‘Terry Wilson’ a cuireadh
faoi ghlas é agus ní bhfuair na húdaráis amach riamh cad é an t-ainmceart a bhí air. Ba i bPríosún Bhóthar Chromghlinne a chaith séblianta an chogaidh nó ba i mBéal Feirste a gabhadh é. Ba faoin ainm‘Tarlach Bhillí’ a rinne sé an scríbhneoireacht Ghaeilge agus é faoighlas. Ina dhírbheathaisnéis, luann sé gur sna seomraí sin (na seomraí

30

Leathanach  – 31

céanna ina mbíodh cruinnithe An Réalt ní ba mhoille), sa seanteachi gCearnóg an Choláiste Thuaidh, a chuireadh sé féin War News an
IRA i gcló, ag tús an chogaidh. Bhí scéal aige faoi ócáid amháin nuaira tháinig na póilíní aniar aduaidh air san fhoirgneamh ach tharla goraibh doras idir an dá sheomra, d’éirigh leis éalú isteach sa seomra eileagus amach go barr an staighre. Ba san fhoirgneamh sin fosta adaoradh ball den IRA chun báis i gcúirt mhíleata sna tríochaidí, scéala luaigh Máirtín Ó Cadhain nuair a thug sé cuairt ar an Réalt leléacht a thabhairt in 1963. Dúirt sé go raibh sé féin i gceannas ar anchúirt mhíleata, ach níor inis sé ainm an duine nó ar cuireadh an
bhreith i bhfeidhm riamh.

Bíodh is gur cumann Caitliceach a bhí i Léigiún Mhuire agusAn Réalt mar an eite Ghaelach de, níl aon amhras orm ach go dtéadhformhór an lucht freastail ann mar Ghaeilgeoirí agus chan marChaitlicigh. Bhíodh meascán de dhaoine ann, oíche Shathairn, cuidacu nach raibh aird ar aon chreideamh acu, cuid acu, ar mo nós féin,
a bhí ag iarraidh cur lena gcuid Gaeilge, cuid acu nach dtagadh isteachgo dtí go mall nuair a bheadh na tithe tábhairne druidte. BhíProtastúnach a raibh Seán Furfey air a thagadh go rialta agus ad’fhanadh ina shuí le linn an phaidrín. Bhíodh sé de nós againn ancruinniú a chríochnú le hAmhrán na bhFiann agus ní fios anois anraibh gach duine ar a shon sin, ach níor cuireadh suas dó riamh; ba nósé a bhí coitianta ag an am, ag céilithe agus ag coirmeacha ceoil, dóighle muid féin a chur in iúl, b’fhéidir. Ba cheart a rá nár chuir aon
Ghaeilgeoir suas dó, ach tháinig ‘údaráis’ an Léigiúin sa mhullachorainn agus d’ordaigh dúinn éirí as ar an acht go raibh Amhrán na
bhFiann ‘polaitiúil’. Éiríodh as, an cinneadh contráilte, measaim anois,
ach ní mar gheall ar Amhrán na bhFiann é féin, ach go dtuigim gurcheart dúinn diúltú a thabhairt don dearcadh agus don sotal a léirighna ‘húdaráis’ chéanna.

Leathanach  32

Fál agus Dearcadh

Ba ag uimhir a trí Cearnóg an Choláiste Thuaidh fosta a bhí dreamde dhíograiseoirí teanga lonnaithe, daoine a bhunaigh eagraíocht araibh Fál air. D’fhéadfá a rá go raibh Fál mar dhúshlán ag tréimhse anéadóchais sna caogaidí nuair a bhí an dífhostaíocht agus an imirceleitheadach, agus cosúlacht ar an dá rialtas thuaidh agus theas bheithgan bhrí, gan chumas. D’fhoilsigh muintir Fál páipéar beag d’ocht
leathanach nó mar sin ar bhaist siad Dearcadh air agus a mhair idirEanáir agus Nollaig 1954 (deich n-eagrán a foilsíodh). Is rudsonraíoch é ardchaighdeán na scríbhneoireachta in Dearcadh, agusmás ardnósach féin í an stíl, is éigean dúinn cuimhneamh gur dethréimhse eile í. Ba é ‘Cuirtear an Náisiún Gaedhealach i n-Aith-
Réim’ an ghairm chatha a bhí ar leathanach tosaigh an pháipéir, agusba é gairm chatha lucht a foilsithe é. Is féidir, áfach, go raibh ní bamhó d’fhealsúnacht á fógairt ag Fál ná de mhodhanna oibre.
Bunaíodh an fhealsúnacht ar idéalachas na hathbheochana breis is
caoga bliain roimhe, ach tharraing sé go háirithe ar scríbhinníSheosaimh Mhic Grianna, scríbhneoir as Gaeltacht Dhún na nGalla phléigh le smaointe seachas le seanchas. An lán-Ghaelachas, gangéilleadh don Bhéarla agus béim mhór ar thábhacht na Gaeltachta, baí sin an fhealsúnacht a craobhscaoileadh. ‘Bás na Gaedhealtachta -
Bás an Náisiúin’ a bhí ar eagrán Dheireadh an Fhómhair 1954 agussan eagrán céanna, scríobh Liam Mac Cana:

Fógraímis soiscéal an Náisiún Ghaelaigh go dána neamheaglach.
Sé ár neart agus ár mbrigh agus ár gcothú é. Ná teipimis air.
Agus an phráinn atá ann caithfear barrshamhail an NáisiúnGhaedhealaigh a chur ós comhair aigne mhuinntir nahÉireann.’Sé an chéad chéim ar aghaidh é. Beidh an bhuaidh lefear an mhisnigh.

Scríobh Liam Ó Dochartaigh, tiománaí bus as an Trá Ghearr i mBéalFeirste, alt ar an téama céanna. Bhí Tomás Mac Bhráin, Padaí Mac

Leathanach  33

Giolla Ruaidh, Liam Ó Dochartaigh, Séamas Mac Diarmada, CathalMac Carráin, Liam Mac Cana, Míchéal Ó Braonáin agus Seán MacEochaidh ar bhaill na heagraíochta.

An raibh tionchar beag nó mór ag Fál ar scéal na Gaeilge imBéal Feirste? Is deacair tionchar ort féin a mheas uaireanta, gantrácht ar thionchar ar dhuine nó ar dhaoine eile, ach ceapaim gurchuidigh Fál leis an dearcadh radacach a bhí le sonrú i gcuid deGhluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste sna caogaidí agus snaseascaidí agus go háirithe i gCumann Chluain Ard ar ball. Mar sin,
sa mhéid is gur fhág Cumann Chluain Ard lorg orm, is féidir goraibh rian Fál ormsa chomh maith. Ach caithfidh muid bheith céillí
faoin scéal: ní ag meas thionchar Voltaire ar Réabhlóid na Frainceatá muid; ba mhionghluaiseacht í an Ghaeilge, í leathcheilte gominic, agus chreid mé riamh gur mhair sí ní ba mhó ar luchtaitheantais agus ar ghaolta ná ar fhealsúnacht. Ach is fíor go mbíonnfealsúnacht mar an ceangal a choinníonn an t-iomlán le chéile. Idtaca liom féin de, bhí mé óg agus téann teachtaireacht thréandholúbtha i bhfeidhm ar dhaoine óga.

Saol sóisialta lán-Ghaelach
Bhéal Feirste

Ach mar dhuine óg, is mó arís a chuaigh saol sóisialta na Gaeilge ibhfeidhm orm. Faoin am a bhí me sa tríú bliain de ranganna Gaeilge,
is ar éigean saol sóisialta ar bith eile agam nár bhain le cúrsaí Gaeilge.
Ag amharc siar dom anois, is iontach liom oiread imeachtaí is a bhíar siúl sna caogaidí. Bhí rang Gaeilge ann oíche Déardaoin sanArdscoil, teacht le chéile na Réalta oíche Shathairn, cumann snámha
oíche eile, an cumann rothaíochta ar an Domhnach i rith antsamhraidh nuair a bhíodh na ranganna scortha. Baill de chraobhNaomh Iosaef de Chonradh na Gaeilge, craobh a bhí lonnaithe san

Leathanach  – 34

Ardscoil, a chuir tús leis an chumann rothaíochta, daoine marShéamus Ó hÓdhrain, Seán Ó Dúill agus Ciarán Mac Con Coille.

Sa bhreis air sin, bhíodh cruinniú de Chuallacht Mhuire ann uairsa mhí i dTeach Pobail Naomh Muire i Lána an tSéipéil i lár nacathrach. Deabhóidí tráthnóna a bhí sa Chuallacht a mhair uair an
chloig nó mar sin agus a mbíodh paidreacha, léachtaí agus ceol diagamar chuid díobh. Ba é an tAthair Domhnall Mac Eochagáin asParóiste Naomh Pól ar Bhóthar na bhFál a bhí ina stiúrthóir ar an
Chuallacht. Gaeilgeoir iontach dúthrachtach a bhí san AthairDomhnall nár leisce leis a bharúil a nochtadh faoi aon rud a tháiniga bhealach. Ba de theaghlach feirmeoireachta é an tAthair Domhnallas Muileann na Cloiche (Clogh Mills) i gContae Aontroma, teaghlacha bhain clú amach dóibh féin mar na tógálaithe is fearr stoic snahoileáin seo agus a raibh glaoch ar a gcuid saineolais in iomad tíortha.
Is fada ar shlí na fírinne é mar an tAthair Domhnall, ach an lá atáinniu ann, tá triúr mac dearthár leis atá ina nÍosánaigh ghníomhachai gcúrsaí eaglasta in Éirinn; tá duine acu go háirithe, an tAthair AlanMac Eochagáin, páirteach go mór i saol Gaelach Bhéal Feirste igcónaí; léann sé an tAifreann Gaeilge ar a sheal i dTeach PobailNaomh Muire, áit a mbíodh a uncail fadó agus tá sé ina stiúrthóir arghrúpa paidreoireachta Gaeilge a thagann le chéile gach oícheDéardaoin i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál.

Bhí mé chomh tógtha sin le foghlaim na Gaeilge agus leis ansaol a chuaigh léi, go ndearna mé faillí i mo chuid staidéir ar an cheirda bhí mé ag foghlaim. Thosaigh mé ag déanamh staidéir ar anInnealtóireacht Mheicniúil ag an Cheardcholáiste i mBéal Feirsteagus bíodh is gur lean mé den chúrsa ar feadh cúpla bliain, níthiocfadh liom suim a chur sa taobh teoiriciúil de agus sa deireadh,
d’éirigh mé as agus dhírigh ar an taobh praiticiúil den cheird. Má bhíaon bhua agam riamh san Innealtóireacht, ba ar an taobh praiticiúil abhí sé nó b’fhearr liom riamh bheith ag obair le mo lámha. Is duineacu sin mé nach léann na treoracha ar an bhosca in am ar bith, ach athriaileann an tasc ar mo dhóigh féin.

Feictear dom go raibh saol suimiúil taitneamhach á chaitheamhagam sna caogaidí, cé nach raibh lucht na Gaeilge chomh líonmhar

34

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 35
is atá inniu ná na himeachtaí chomh snasta. Chomh maith leis na
rudaí atá luaite agam cheana, bhí trí chumann drámaíochta ann araibh drámaí Gaeilge á gcur ar an stáitse acu go tráthrialta. Chláraighmé féin le grúpa amháin acu sin, mar a bhí, Aisteoirí Naomh Bríghid,
ach ar an drochuair, níor thuill mé clú ná cáil san aon pháirt amháina tugadh dom. Dráma dar teideal An Bacach a bhí ann agus bhí páirtan Bhacaigh agam, an phríomhpháirt, cheapfá, ach bheadh dul amúort nó ní raibh le déanamh agam ach cnag a bhualadh ar dhoras agusnuair a osclaíodh an doras, ‘Tabhair domh deoch uisge le do thoil’ a
rá agus ansin titim i laige ar an urlár. Ba é sin tús agus deireadh le mopháirt. Ó tharla a laghad sin le déanamh agam sa dráma féin, tugadhcúram na gcuirtíní dom fosta, ach ag deireadh an dráma, mhoillighmé, ar chúis éigin, leis na cuirtíní a dhruidim, d’éirigh na haisteoirítuirseach de bheith ag cromadh arís is arís eile os comhair an luchtféachana agus rinne duine acu comhartha liom le mé a bhrostú. Cheapmise go raibh sé ag iarraidh orm theacht amach ar an ardán le mosciar den ghlóir a fháil agus shiúil mé amach go mórluachach; ní raibhann ach nár leag mé an t-aisteoir a bhí ag rith ón ardán leis na cuirtínímallaithe a dhruidim. Ba é sin deireadh le mo shaol mar aisteoir. Ba
le linn chleachtadh an dráma sin a casadh Seosamh Mistéil orm den
chéad uair, an fear a bhí le mo dheirfiúr Caitlín a phósadh ní bamhoille. Piaras Ó hÉigeartaigh, múinteoir scoile as Ard Eoin, agusRuairí Ó Criagáin, fear bainne as ceantar Newington, ba mhó a bhí imbun cúrsaí drámaíochta sa chathair agus mé óg. Tá bean chéileRuairí, Méabh, beo beathach go fóill agus í gníomhach i rith an amale cur chun cinn na Gaeilge i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Sílim gurbh é an Piarsach a dúirt nach ar son ‘is’ agus ‘tá’ amháin
a chuaigh daoine isteach i gConradh na Gaeilge. D’fhág bunús molucht aitheantais an scoil ag 14 bliain d’aois ag an am sin agus bhí anGhaeilge mar áis fhoghlama ag cuid acu. Thug Conradh na Gaeilgeagus na heagraíochtaí a d’fhás timpeall air faill dóibh cur lena gcuidoideachais ar dhóigh ní ba leithne ná fuair siad ar scoil. Ba rudneamhghnách é ann féin dhá theanga bheith ag mo mhacasamhail.
Samhlaítear saol na Gaeilge sna caogaidí uaireanta mar rangannaGaeilge i seomraí gruama i gcúlsráideanna a bhí ní ba ghruama arís,

35

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 36
ach ní mar sin a chonacthas dúinne é. Ba shaol eile é, modhmaireachtála úrnua ag an chuid ba mhó againn. D’fhoghlaim muidamhráin agus filíocht, stair agus tíreolaíocht, cumas smaointe aguscumas cainte, iad uilig fite fuaite sa tuairim láidir go raibh muid agdéanamh leas na tíre.

Luaigh mé an cumann rothaíochta, ach ní gnáthchumannrothaíochta a bhí ann nó chuireadh siad páipéar beag dá gcuid féinamach do na baill agus ainmneacha Gaeilge na mbailte agus focail archodanna an rothair ann. Bhí cumann snámha ann do Ghaeilgeoiríchomh maith a thagadh le chéile uair sa tseachtain. Bhí cumann peileNaomh Iosaef ann, a bunaíodh le linn domsa bheith ag freastal arranganna na craoibhe san Ardscoil. Gaeilge uilig a labhair muid ar anpháirc, ar ndóigh, rud a chuir iontas ar na foirne eile agus is cinnte gomb’fhearr go mór ár gcumas mar chainteoirí Gaeilge ná mar imreoirípeile nó ba ar éigean a bhain muid cluiche ar bith. Ach nár chuma, bhícuid bheag eile den saol ‘Gaelaithe’ againn, dar linn.

Laethanta Saoire

An t-am sin, ní bhíodh de laethanta saoire ag an ghnáthoibrí ach coicíssa bhliain agus, ní nach ionadh, ba ócáid mhór í a mbeifeá ag tnúth léigo mór. Agus muid ag fás aníos, is beag laethanta saoire a chaith muiddiomaite de chorr-ruaig ar an traein Domhnaigh go Rinn Mhic GiollaRuaidh i ndeisceart an Dúin ar phas saor m’athar a bhí ina oibríiarnróid. Ó Rinn Mhic Giolla Ruaidh, théadh muid anonn ar an bhádrámhaíochta go dtí Ó Méith Mara, áit a mbíodh deoch ag m’athair sateach tábhairne, é ag tabhairt dhúshlán an Domhnaigh mar a bhíodhsé á chleachtadh sna Sé Chontae ag an am. Chaitheadh mo mháthairagus an chuid eile againn an t-am ar an trá go raibh sé in am againnpilleadh leis an traein dheireanach a aimsiú lenár dtabhairt abhaileagus athair súgach go leor inár gcuideachta.

36

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 37
An chéad chuairt ar an
Ghaeltacht

Ba í an Ghaeltacht an Tír Tairngire againn, an áit rónaofa agus anraison d’être de shaol na Gaeilge. Bhí an chéad chuairt uirthi mar abheadh deasghnáth san aistear le bheith i do Ghaeilgeoir oilte! Marsin, ar theacht an tsamhraidh 1956, rinne mé réidh le dul chun naGaeltachta den chéad uair agus idir áthas agus imní orm. Coicís anDóú Lá Déag de mhí Iúil a bhí ann nó ba é sin an tsaoire ghinearáltasna Sé Chontae nuair a dhruidtí mórchuid na n-áiteanna oibre. Ar
an traein ó sheanstáisiún Shráid York (nach bhfuil ann níos mó) achuaigh muid go Doire agus as sin ar bhus Loch Súilí trí Bhaile nanGallóglach a fhad leis na Dúnaibh agus leithinis Ros Goill in iartharDhún na nGall. Ba ar Choláiste Gaeilge ansin a bhí mo thriall, an
t-aon choláiste do dhaoine fásta a bhí faoi choimirce Chomhaltas
Uladh. Bhí an Coláiste féin tuairim agus trí mhíle ó shráidbhaile nanDúnaibh agus é ar thosach an bhealaigh mhóir go Trá na Rosann.
Ní go rófhada a bhí an Coláiste ar an saol ag an am sin agus bhí dóighréasúnta maith air, cé nach raibh ann go bunúsach ach halla mór araibh stáitse ag an cheann de agus cúpla seomra agus cistin.

Ní raibh mé gann i gcuideachta, ar ndóigh, nó ba iad na daoineas na ranganna san Ardscoil i mBéal Feirste agus ón Réalt a rinne nasocruithe uilig le muid a thabhairt ann agus bhí go leor acu ar an turaslinn. Bhí Seoirse Mac Cana, mo mhúinteoir féin as an Ardscoil ann,
chomh maith le Séamas Mac Diarmada a raibh mé féin agus é le beirtdeirfiúracha a phósadh, lá níos faide anonn. Bhí na daltaí scaipthe idtithe éagsúla tríd an cheantar agus cuireadh tuairim is deichniúragainn go teach Mhuintir Mhic Ruairí nó teach Jimmy Tharlaighmar ab fhearr aithne air, a bhí ar an chnoc ar chúl an Choláiste amach.
Tá an choicís sin greanta i m’intinn ó shin nó ba é an chéad saoire
cheart a bhí agam riamh, ach b’as mo chleachtadh é go hiomlán. Bhían Ghaeilge láidir go leor sa cheantar go fóill agus is beag duine demhuintir na háite nach raibh sí acu, ach bhí sí ag cuid acu níos fearr

37

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 38
ná a chéile. Ní thiocfadh linn deireadh iontais a dhéanamh den duine
ab óige sa teach, Joe beag, nach raibh ach seacht mbliana d’aois, acha bhí go hiomlán dátheangach agus é ábalta ciall na bhfocal Gaeilgea mhíniú dúinn i mBéarla glinn soiléir. Chomh maith le Joe, bhí anchuid eile den chlann: Máire, Neansaí agus Peigí, Sonny, an mac bashine, agus na tuismitheoirí, Bean Mhic Ruairí agus a fear céile, duinenach ndearna aon chomhrá linn in am ar bith.

Agus tú óg, glacann tú le cibé atá ann gan an iomad smaoinimhfaoi, ach anois nuair a chuimhním siar ar an seal sin, is ábhar iontaisdom mar a chaith muintir an tí linn. Fágadh an teach fúinn fad is achónaigh siadsan i seanscioból ag cúl an tí ar feadh na coicíse. Níamháin sin, ach bhí orthu trí bhéile sa lá a choinneáil le deichniúr fearmór a raibh goile asail acu de bharr bheith amuigh faoi aer úr natuaithe i rith an lae. Ní tús róluath ar maidin a bheadh againn: is dóchagur thuig muintir an Choláiste go maith nach ag foghlaim Gaeilgeamháin a bhí na daltaí ann ach ar laethanta saoire chomh maith.
Dhéanadh muid siúl deas réidh a fhad leis an Choláiste le freastal ar
ranganna de chaighdeáin éagsúla agus gan brú rómhór ar dhuine arbith againn.

Ba iad Muintir Uí Ghallchóir as Doire Cholmcille – Réamonn,
Peadar agus an tAthair Seán – a bhí i bhfeighil an Cholaiste an dábhliain a chaith mise ann, chomh maith le Seán de Rís, a bhí inamhúinteoir i scoil na mBráithre Críostaí i mBéal Feirste. Ba
mhúinteoirí den scoth iad go léir agus croí na féile iontu lena chois.
Go hiondúil, bhíodh na ranganna ann ar maidin go dtí meán lae aguschun a’ bhaile linn ansin don lón.Tharla go raibh samhradh na blianasin ar cheann chomh maith agus a d’iarrfá, ba le cluichí cois trá nósnámh san fharraige ba mhó a chaitheadh muid an tráthnóna. Bhíodhan dinnéar againn i dtrátha an sé a chlog agus ar ais chuig anCholáiste faoi choinne céilí nó oíche cheoil. Ní bhíodh carr ach agfíor-chorrdhuine, an t-am sin, agus ba de shiúl coise a chuaigh muidgach áit i rith na seachtaine, rud a d’fhág go mba ghairid a chuaigh ant-am isteach. Bhíodh i gcónaí cúpla sagart ar an chúrsa agus Aifreannna maidine ar fáil ag an té a d’fhéadfadh éirí chomh luath sin. An Dr.
Mac Giolla Earnáin, a bhí ar feadh na mblianta ina chisteoir ar

38

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 39
Chomhaltas Uladh, bhí seisean ann an chéad bhliain sin agus bhuailan tAthair Tomás Ó Fiaich (an Cairdinéal Ó Fiaich ar ball) isteachorainn chomh maith. Bhí sé de nós sna blianta sin dul ar bhád ó na
Dúnaibh anonn go dtí na hArdaí ar chuairt chuig na Caipisínigh araibh mainistir acu ann. Is féidir an mhainistir a bhaint amach ach
aistear bóthair cúig mhíle dhéag a dhéanamh tríd an Chraoslach, achbhí draíocht ag baint le dul i dtír ón fharraige. Ar na daoine a bhí i mochuideachta, an bhliain sin, bhí Séamas Mac Diarmada, Seoirse MacCana, Brian Ó Maoileoin, Liam Ó Duibhir, Anraí Ó Dornáin, PilibMac an tSagairt, Seán Ó Cearnaigh agus Adam Mac GiollaChatháin. Tá an chuid is mó acu ar shlí na fírinne anois.

D’imigh na laethanta samhraidh sin ar cosa in airde, gach lá mara bhíodh an lá roimhe agus is beag cuimhne anois agam ar aon eachtraáirithe ach an rud beag amháin. Fear de bhunadh Bhéal Feirste,
Gaeilgeoir a raibh aithne mhaith againn air ó na ranganna Gaeilge sabhaile, pósadh é seachtain an Dóú Lá Déag agus rinne sé féin agus abhean amach go gcaithfeadh said mí na meala sna Dúnaibh, ach ní idteach ósta ach i bpuball beag ar an trá. An chéad oíche sa phuball,
tháinig bailc mhór fearthainne i rith na hoíche agus d’éirigh angaineamh chomh bog sin go raibh sé mar bheadh riasc ann agusfágadh an puball faoi uisce.Thart ar a dó a chlog ar maidin, bhí cnagar dhoras an tí agus nuair a d’oscail muid é, cé bhí ann ach an lánúin
nuaphósta, iad beirt ina líbíní báite. B’éigean dóibh an chuid eile dentseachtain a chaitheamh linne, an bhean bhocht gan focal Gaeilgeagus an chuid eile againn ró-Ghaelach le Béarla a labhairt léi. Ní fiosar mhair an pósadh sin nó tá mé ag déanamh nach ndearna sídearmad ar mhí na meala go ceann i bhfad.

39

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 40
Lorg na Gaeltachta

D’ainneoin nár chaith me ach dhá sheachtain sa Ghaeltacht, chuaighsé i gcion orm go mór agus ar fhilleadh dom, ba mhó arís a bhí métógtha leis an Ghaeilge. Níl a fhios agam cad é go díreach a d’fhág lorgorm: áilleacht na tíre, bochtaineacht na ndaoine agus iad sin marchúlra do theanga a chuala mé á labhairt den chéad uair mar theangadhúchais. Ba le muintir na háite an Ghaeilge mar nár liomsa í, ach marsin féin, ba chuid den oidhreacht s’agamsa í fosta. Ar ais i mBéalFeirste dom, áfach, bhí an Ghaeilge arís mar a bheadh caitheamhaimsire agam, rud éigin a chleacht tú san oíche agus ag deireadh naseachtaine, ach nár bhain ach sa bheag le fíorshaol an duine taobhamuigh de sin. I ndiaidh dom am éigin a chaitheamh le daoine a raibhan Ghaeilge mar ghnáth-theanga an tsaoil acu, bhí mé níos cinnte náriamh gur mhaith liom féin í bheith mar dhlúthchuid de mo shaol.
Lean mé ag dul amach leis an chumann rothaíochta agus ag freastalar an Réalt gur thosaigh na ranganna arís san fhómhar. Bhí mé anoissan Ardrang agus ní raibh an Ghaeilge coimhthíoch agam athuilleadh ach mé ar mo shuaimhneas léi.

Blianta cinniúnacha 1956-57

Ach ar an drochuair, ní sa Ghaeltacht a bhí cónaí orm ach i mBéalFeirste i dtuaisceart na hÉireann, áit nach mbíonn an pholaitíochtagus an foréigean i bhfad uainn in am ar bith. Ba ag deireadh na blianasin, 1956, a thosaigh Gluaiseacht na Poblachta ar fheachtas míleata úrthar teorainn isteach sna Sé Chontae, ‘leis na Sasanaigh a ruaigeadh
as Éirinn’. Chuir siad tús le ‘hOibríocht an Fhómhair’, mar a thugsaid ar an fheachtas, i mí na Nollag, agus láithreach bonn, chuir RialtasStormont imtheorannú i bhfeidhm agus thóg tuairim agus 250 duinegur chuir siad i bpríosún iad gan triail.

40

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 41
Bíodh is nach raibh gníomhaíocht ar bith gurbh fhiú trácht air imBéal Feirste, tógadh roinnt daoine sa chathair agus Gaeilgeoirí inameasc. Orthu sin, bhí Tomás Ó hÉanáin a bhí gníomhach i gCraobhNaomh Iosaef, agus mac léinn ollscoile, Ciarán Ó Catháin, nach raibhach ocht mbliana déag san am agus a bhí ag freastal ar ranganna dechuid Chraobh Naomh Iosaef. Ba as deisceart Chontae Dhoire do
Chiarán, a bhíodh ar aon rang liom féin ar Choláiste Mhaolmhaodhóg,
tráth. Ós rud é nach raibh triail ann, níor ghá fianaise arbith a thabhairt i gcoinne an duine a tógadh agus ar aon nós, ba leorbheith sa chuideachta chontráilte ag an am le críochnú i bpríosún.
Chuir Ciarán a sheal sa phríosún isteach, d’éirigh leis cuid de nascrúduithe ollscoile a dhéanamh agus é faoi ghlas agus na cúrsaí achríochnú ar theacht amach dó; bhí sé ina léachtóir sinsearach inOllscoil na Ríona ní ba mhoille. Ceithre bliana déag ina dhiaidh sin,
bhí sé i ndán don bheirt againn bheith i gcomhar le chéile mar chuidde bhaicle de Ghaeilgeoirí a thug faoi atógáil Shráid Bombay indiaidh ionsaithe 1969.

Nuair a chuimhnítear ar an cheangal idir an GhluaiseachtNáisiúnta ag tús an chéid seo thart agus Gluaiseacht nahAthbheochana, ní ábhar iontais é go mbeadh daoine a bhí páirteachi nGluaiseacht na Poblachta páirteach i nGluaiseacht na Gaeilgechomh maith: bhí an Ghaeilge riamh mar chuid den chuspóir agdaoine a raibh suim acu i saoirse pholaitiúil na tíre: ‘Ní amháin saor ach
Gaelach chomh maith’, agus mar sin de. Scríobh Dubhghlas de hÍdeféin – laoch na measarthachta – focail spreagúla ghríosaitheacha, agusní faoin Ghaeilge amháin a bhí siad, cé gur fhoghlaim muid i rangannaGaeilge iad, focail mar ‘Níl aon ghunna ar ár ngualainn, níl aon phícein ár láimh ach m’anam d’fhéicfí iad go luath linn dá mbeadh Éire inaghá’. Tógtar an cheist an féidir an traidisiún a chothaigh na focail sinagus as ar oileadh iad, an féidir é a shéanadh? Ba é de hÍde fosta a thugan léacht chumhachtach sin, The Necessity for De-anglicising Ireland,
inar thug sé ‘the spoken language of a nation and the essential badgeof distinction from England’ ar an Ghaeilge. Ach cad faoin ‘nation’ a
bhaint amach an chéad uair? An ndearnadh sin ó dheas agus ar theipair? Nó an leor an Ghaeilge mar an ‘badge of distinction’? Ó mo thaithí

41

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 42
féin déarfainn gur ceangal tánaisteach a bhí ag Gluaiseacht naPoblachta leis an athbheochan nó ní cuimhin liom aon ionchur
‘oifigiúil’ bheith aici i nGluaiseacht na Gaeilge. Bhí daoine i gcónaí agbaint le hathbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste a chaith seal ibpríosún de bharr a ngníomhartha poblachtacha, rud atá amhlaidh godtí an lá atá inniu ann, ach ní dóigh liom go raibh a dhath níos mó dethionchar acu ar chúrsaí Gaeilge ná bhí ag gnáthnáisiúnaithe. Is dóighliom féin go bhfuil an athbheochan mar choincheap ró-radacach doghluaiseacht pholaitiúil de chineál ar bith agus mar sin go gcuirtearsrian ar pháirtí ar bith ar mhaith leis leas a bhaint aisti ar a shon féin.

Mar atá ráite cheana, is beag cur isteach a bhí ag an fheachtasmhíleata ar Bhéal Feirste nó ba taobh amuigh den chathair ba mhó atharla na heachtraí. Lean na ranganna ar aghaidh mar ba ghnách, achsan am céanna, ar dhul ar ais go Ros Goill dom i samhradh 1957, bhíroinnt daoine ar iarraidh agus iad i mbraighdeanas agus beirt acu sina bhí in aon teach liom, an bhliain roimhe. Bhí Seán Ó Cearnaigh ardhuine acu sin.

B’fhear éirimiúil é Seán a d’fhoghlaim an teanga ag rangannaoíche, mo dhála féin, agus a raibh baint aige leis an chraobh chéannaden Chonradh. Bhí teacht i láthair ann mar dhuine agus bhí sé chomh‘soiscéalach’ sin ina dhearcadh gur tugadh ‘An Messiah’ air mar
leasainm. Ba dhual do Sheán, agus an cumas ceannaireachta a bhí ann,
eagraíocht dá chuid féin a bheith aige agus tharla sin nuair a bhunaighsé ‘Cumann Saoirse na hÉireann’ a mbíodh ranganna Gaeilge acu igcúpla seomra a bhí ar cíos acu i Sráid Panton in íochtar Bhóthar nabhFál. Chuaigh mé féin ann cúpla uair, ach ba mhó denphoblachtachas ná den Ghaeilge a bhí á theagasc ann. D’fhoghlaimmé ‘Wrap the Green Flag Round Me’ agus amhrán poblachtachGaeilge de chuid ‘Bhriain na Banban’ (Brian Ó hUiginn) a raibh ‘Mo
Mhallacht ar na Sasanaigh’ mar theideal air. Níl aon chuimhne anois
agam ar an amhrán Béarla, ach tá an ceann Gaeilge agam ar fad, athosaíonn,

Mo mhallacht ar na Sasanaigh na básairí gan trua,

agus mo ghrá ar laochra calma atá sínte ins an uaigh. . .

42

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 43
agus a chríochnaíonn,

Go scuabfar a’s go ruaigfear iad as críocha Inis Fáil,

mar dhíoltas ar ár laochra a d’éag ar a scáthlán ard i gcéin.

Poblachtaí tréan a bhí i Seán an t-am sin, agus i ndiaidh dó a bheithar a sheachaint ar feadh tamaill, gabhadh é agus cuireadh faoi ghlas é.
Chaith sé cúpla bliain i bpríosún sular éirigh sé as gluaiseacht naPoblachta agus shínigh cáipéis ag dearbhú nach mbeadh aon bhaintaige léi feasta. Nuair a scaoileadh saor é, lean sé ar aghaidh ag obairleis an Ghaeilge a chur chun tosaigh, phós bean de bhunadh Rann naFeirste agus chuaigh a chónaí i dTír Chonaill. Ní ba mhoille, thriallsé ar Londain gur chláraigh sé leis an Pháirtí Chumannach thall.
Tháinig sé ar ais go hÉirinn i lár na seascaidí agus bhí baint mhóraige le cúis na heite clé i dTír Chonaill agus ar ball i mBéal Feirste.
Bhí sé ar feadh tamaill ina bhall gníomhach den British and Irish
Communist Organisation agus i ndeireadh a shaoil, bhí feachtas géarleanúnach sa tsiúl aige i gcoinne an IRA. Is iomaí cor i saol an duine.

Bhí fear eile páirteach sa Chonradh san am, a chríochnaigh ibpríosún chomh maith, mar a bhí, Deasún Ó hÁgáin, a thug iarraidhpríosúnach poblachtach, a raibh cóir leighis á fáil aige, a shaoradh ónospidéal. Fuarthas Deasún agus gunna ina sheilbh aige agus gearradhtéarma príosúnachta air de bharr na heachtra. Ar ball, d’éirigh sé mórle rá i nGluaiseacht Oifigiúil na Poblachta agus ina dhiaidh sin, ibPáirtí na nOibrithe, páirtí ina bhfuil sé go dtí an lá atá inniu, creidim.

Bhí feachtas míleata na bPoblachtaithe ar siúl ar fad in 1957 agusle linn na bliana sin, bhí breis agus 300 eachtra éagsúil armtha ann. Inadhiaidh sin, ba ag dul i laghad a bhí na hionsaithe agus faoi cheanncúig bliana, bhí an feachtas thart; in 1961, fógraíodh go hoifigiúil goraibh deireadh leis agus iarradh ar na hÓglaigh a gcuid arm a chur ibhfolach.

Ba sa dara bliain sin ag Coláiste Ros Goill, in 1957, a rinne méscrúdú an Fháinne agus caithfidh sé gur bhuail sé amach aon scrúdúeile riamh. Ba é Peadar Ó Ceallaigh, a bhí ina eagarthóir ar annuachtán Gaeltachta, Amárach, a chuir scrúdú orainn, ach ó tharla

43

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 44
Tearmann in aimsir chogaidh-Baile Labhráis(Lawrencetown)

44

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 45
Teach ár muintire

45

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 46
Cluain an Bhogaidh- lacha agus earca luachra ar leac an dorais

Coláiste Mhaolmhaodhóg

46

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 47
Rang ivB . Is mise an 3ú duine ar chlé sa 3ú líne suas

Lá amuigh ag Gaeil Bhéal Feirste 1961. Tá Muiris Ó Droighneáin ag doras an bhusagus an tAth Mag Uidhir ar dheis (theip air Gaeilge ar bith a theagasc domh.) imeasc antslua tá Seosamh Mistéil agus mo dheirfiúr Caitlín, mé féin agus Bríghid agus CristínUí Bhruadair a bhi ar chéad teaghlaigh Ghaeltacht Bóthar Seoighe

47

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 48
Depot na bhFál – ionad thús mo shaol oibre

Gaeil dhílse mo óige (ó chlé Seán Ó Dúshláine, Tomás Ó hÉanáin agus
Alf Ó Murchú)

48

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 49
Sos tae ag an Réalt mé féin agus Bríghid i lár báire

Saol sona suairc ár nóige – lá eile amuigh. sa phictir tá mé féin agus Bríghid , MáireMhic Sheáin, Cristín Uí Bhruadair agus Caitlín Mhistéil. Chuaigh siad uilig a chónaí inGaeltacht Bhóthar Seoighe i 1969. Ar chúl ar dheis tá Séamus agus Máire De Brún a
bhí gníomhach ag forbairt Bóthair Seoighe ach nach ndeachaidh a chónaí ann.

49

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 50
Gaeil ag guí 2009 – lá machnaimh faoi choimirce an Ath Alan Mhic Eochagáin (ar dheischun tosaigh). mac deartháir an Ath Dhomhnaill a bhí i mbun Cuallacht Mhuire sna
1950í . Ar chúl i lár tá an tAth Breandán Mac Maoláin “Séiplíneach” na nGael i mBéalFeirste le breis agus 40 Bliain

Rotha móra an tsaoil -an cumann rothaíochta ag imeacht as
Latharna anonn go hOilean Mhic Aodha

50

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 51
Tomás Ó Monacháin, Seán Ó Dubhghail agus mé féin

Pilib Mac Mathúna

51

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 52
Ciarán Mac Con Coille, Caoímhín Mag Uidhir agus mé féin ar chlé

Séamus Ó hÓdhrain ag baint smailc as a phíopa

52

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 53
Coláiste Ros Goill

Seoirse Mac Canna (ar chlé) an chéad mhúinteoir Gaeilge a bhí agam
agus mé fein ag an Choláiste 1956

53

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 54
mé féin agus Aonraí Ó Dornáin ag fágáil Coláiste Ros Goill

Cumann Chluain Ard, Sráid na Sceiche

54

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 55
Craobh na hAiséirí ag máirseáil ar shon na Gaeilge Gearóid Ó Cuineagain ar chléagus Proinsias Mac A’ Bheatha ar dheis

Cumann Chluain Ard ar sleasa na gcnoc i dtír taingire na Gaeltachta 1959 ó chléSéamus Mac Diarmada, Alf Ó Murchú,Treasa Ní hAinbheithe,Áine Ní Shíoráin,
Séamus Fraser, Tomas Ó Monacháin,Caitlín Ní Dhonghaile, Bríghid Nic A’
tSionnaigh , Damhnait Nic Ailín, Róisín Ní Ghréasáin agus Maud Evans

55

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 56
nach raibh spás ar bith sa Choláiste, thug sé isteach sinn saVolkswagen beag ‘Beetle’ a bhí aige agus chuir scrúdú orainn ansin,
beirt againn sa suíochán ar chúl agus é féin i suíochán an tiománaí agcur ceisteanna orainn. Shínigh muid an mhóid ab éigean a thabhairtan t-am sin nach labhróimis Béarla a choíche le duine ar bith a raibh
Gaeilge aige agus thuirling muid den Volkswagen agus fáinne nuaórga i lipéad an chóta againn agus nach sinne a bhí bródúil.

Ba í sin an bhliain dheireanach a d’fhreastail mé ar Choláiste Ros
Goill, cé gur thug mé corrchuairt air nuair a thosaigh mé ag rothaíochtgo Tír Chonaill agus ag fanacht i mBrú na hÓige nach raibh achceithre mhíle nó mar sin ón Choláiste. Bhí an brú féin i seanlóiste
seilge os cionn Thrá na Rosann, ceann de na radhairc is áille sa tír.

Cumann Chluain Ard (1)

Thréig mé Ros Goill mar go raibh mé i ndiaidh tosú ar ChumannChluain Ard a thaithí agus tosú ar thréimhse úr i mo shaol. Sa bhliain1936, bhunaigh cumann áitiúil de Chumann Lúthchleas Gael craobhde Chonradh na Gaeilge i Sráid Kane, craobh ar baisteadh CumannO’Neill/ Crowley uirthi. In 1938, aistríodh an chraobh go dtí SráidWaterford agus athraíodh an t-ainm go dtí Cumann Chluain Ard,
ainm ar cloíodh leis nuair a aistríodh an chraobh arís, in 1942, go dtíSráid na Sceiche (Hawthorn Street), áit a bhfuil sé go dtí an lá inniu.
Tá na sráideanna sin uilig sa chomharsanacht chéanna, i gceantarChluain Ard (Clonard), achar gearr ó Mhainistir Chluain Ard,
mainistir de chuid Ord an tSlánaitheora. (Is é an Slánaitheoir Rónaofaan t-ainm oifigiúil ar an mhainistir, ach go hiondúil, tugtar MainistirChluain Ard uirthi.) Is ord misinéireachta é Ord an tSlánaitheora abhfuil clú orthu as a gcuid seanmóireachta, sa bhaile agus i gcéin;
bíonn misean acu gach bliain ar a bhfreastalaíonn na mílte a thagannó gach cearn den bhaile agus ó na limistéir máguaird chomh maith.
Ba as an cheantar sin, mar sin, a fuair an Cumann a ainm.

56

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 57
In 1942, bhí an foirgneamh nua i Sráid na Sceiche i bhfad ní bamhó ná aon rud a bhí acu roimhe, ach go fóill féin, ní raibh ann achseangharáiste a mb’éigean cuid mhór oibre a dhéanamh air sula raibhsiad in inmhe é a úsáid. Tharla gur den lucht oibre muintir nacraoibhe, bhí go leor oibrithe i gcónaí ann leis an obair thógála adhéanamh.

Sna blianta sin, bhí an cumann á stiúradh ag daoine a bhínáisiúnach agus poblachtach ina ndearcadh agus claonadh chun naheite clé iontu i gcúrsaí polaitíochta. Aimsir chogaidh a bhí ann agusd’fhreastalaíodh na céadta ar na ranganna Gaeilge agus ar na céilithea bhíodh ann uair sa tseachtain. D’fhoilsigh an cumann leabhrán in1945 mar chomóradh ar Thomas Davis, a bhunaigh an ghluaiseacht,
‘Éire Óg’, eagraíocht náisiúnach sa 19ú haois. Ar leathanach brollaighan leabhráin, tá cur síos déanta ar fhealsúnacht an chumainn snablianta sin:

Patriotism is always practical and we who live in this NorthernPale have a very practical motive in identifying ourselves withthe cause of Thomas Davis. We must never cease to proclaim theunity of our country. We must never consent by silence to theconspiracy of Partition. If we remain passive we aid thatconspiracy: to remain inactive is to continue it. Our position inthe life of this Nation yields duties which we must honour.

Léiríonn an méid sin dearcadh a d’fhéadfadh a bheith ag cumann arbith náisiúnach nó poblachtach sa tír ag an am. Ba i mBéarla ascríobhadh an chuid ba mhó den leabhrán agus gan mórán denfhealsúnacht lán-Ghaelach le sonrú ann a bheadh mar cháil
Chumann Chluain Ard, lá níos faide anonn. Bhí alt amháin Gaeilgesa leabhrán, áfach, ina raibh iomrascáil á déanamh le coincheap anlán-Ghaelachais.Thosaigh sé le sliocht as scríbhinní Sheosaimh MhicGrianna: ‘Ni ganntanas fear ach ganntanas smaointí a d’fhag thíossinn’; agus ag tarraingt ar dheireadh an ailt, tá seo ann:

Má tá an Náisiún seo le mairstin in aonchor is ó ranganna na

nGaeilgeoirí a chaithfeas sé a theacht má tá aon leigheas i ndán

57

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 58
do Éirinn. Ní féidir le aon dream eile nach bhfuil athbheochan

an Náisiúin trí mheán na teangan mar phríomh chuspóir acu

aon mhaith a dhéanamh.

Ba faoin bhliain 1952 a athraíodh polasaí Chumann Chluain Ardagus tugadh riail na Gaeilge isteach. Agus tráchtas (Fál agus Dearcadh

- Fealsúnacht Úr ag Gaeilgeoirí Bhéal Feirste sna Caogaidí 1990) áscríobh aige, labhair Breandán Ó Fiaich le Tomás Ó Monacháin in1989 mar gheall ar an scéal agus d’inis seisean dó gurbh é féin agusTomás Mac Bhráin a d’eagraigh an t-athrú nuair a d’fhill ÓMonacháin ar Bhéal Feirste in 1952, is é sin, go ndéanfadh siadcumann Gaelach de Chumann Chluain Ard. Ba sa bhliain ina
dhiaidh sin, 1953, a bunaíodh Fál.
Gluaiseacht na Gaeilge:

Ailtirí na hAiséirí agus
Glún na Buaidhe

B’ionann glacadh leis an teachtaireacht sin agus scaradh le ceannairían chumainn a bhí ann ó 1936 ar aghaidh. Bhí daoine bainteach leisan chumann ón tús nár éirigh leo an Ghaeilge a fhoghlaim riamhagus mar sin, bíodh is go raibh an teanga tábhachtach mar chuspóir,
ní fhéadfadh sí bheith lárnach in obair an chumainn. Ba le linn an
Dara Cogadh Domhanda (1939-1945) a tháinig na smaointe sinchun tosaigh agus ba le linn an chogaidh fosta a bunaíodh Craobhna hAiséirí de Chonradh na Gaeilge, i mBaile Átha Cliath, as areascair dhá eagraíocht ar ball, mar a bhí, Ailtirí na hAiséirí agus Glún
na Buaidhe, dhá eagraíocht a chuaigh i bhfeidhm ar chúrsaí Gaeilge
na linne.

Fear de bhunadh Bhéal Feirste, Gearóid Ó Cuinneagáin, abhunaigh Craobh na hAiséirí, in 1940, ach chuir laige agus

58

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 59
lagmhisneach an Chonartha díomá air agus in 1942, bhunaigh séAiltirí na hAiséirí agus an cuspóir aige páirtí polaitíochta a dhéanamhas a chuirfeadh an Ghaeilge chun tosaigh. D’aontaigh baill eile deChraobh na hAiséirí leis faoi neamhéifeacht an Chonartha, ach níraibh fonn orthu bheith i bpáirtí polaitíochta agus Ó Cuinneagáin marcheannaire air; mar sin, bhunaigh siad eagraíocht neamhspleách agusroghnaigh siad Proinsias Mac an Bheatha, Béalfeirsteach eile, marcheannaire air; ar ball, baisteadh Glún na Buaidhe ar an eagraíocht nua.
Ba ar phoiblíocht le cás na Gaeilge a chur os comhair an phobail adhírigh Glún na Buaidhe a chuid fuinnimh: d’eagraigh siad mórshiúltaagóide, cruinnithe poiblí agus an gníomh ab éifeachtaí, b’fhéidir,
bhunaigh siad an nuachtán Inniu, in 1943, a mhair daichead bliain.
Deir Breandán Ó Fiaich ina thráchtas go raibh ‘tábhacht áirithe agGlúin na Bua agus Craobh na hAiséirí mura mbeadh ann ach iad léiriúa thabhairt ar a laige agus a mhí-éifeachtaí a bhí Conradh na Gaeilgesan am’. Is féidir go ndeachaigh radacachas agus an fonn chun gnímha léirigh Glún na Buaidhe i bhfeidhm ar an mhuintir a bhunaigh Fál
agus an páipéar Dearcadh, a ndearnadh tagairt dó roimhe, agus ar nadaoine a chuir Cumann Chluain Ard i dtreo an Lán-Ghaelachais agusi dtreo na gníomhaíochta. Is fíor gur bunaíodh Craobh na hAiséirí imBéal Feirste agus gur glacadh le Glún na Buaidhe mar a comharba.
Bhí baill ann sna daichidí a bheadh le Fál sna caogaidí, daoine marLiam Ó Dochartaigh, Seán Mac Eochaidh agus Padaí Mac GiollaRuaidh.

Cumann Chluain Ard (2)

Faoin bhliain 1957 nuair a thosaigh mé féin ag freastal ar ranganna igCumann Chluain Ard, bhí an díospóireacht faoi Ghaeilge amháinnó an dátheangachas thart agus an bua ag polasaí na Gaeilge amháin.
Ba i nGaeilge amháin a bhíodh imeachtaí uilig an Chumainn agus níúsáidtí Béarla sna bunranganna fiú amháin, ach córas foghlama araibh an ‘Modh Díreach’ air. Ba bheag iomrá anois ar na daoine a

59

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 60
bhunaigh an cumann an chéaduair nó fiú ar chuid de na daoine bachúis leis an athrú ach nach raibh ann níos mó, daoine mar Thomás
Mac Bhráin agus Liam Mac Cana.

Gach duine a bhí gníomhach sa Chumann, bhí líofachtGhaeilge acu agus má d’fhág sin an comhluadar cúng go leor,
chothaigh sé dlúithe agus daingne. Ba iad Tomás Ó Monacháin,
Ailf Ó Murchú, Seosamh Mistéil, Pilib Mac Mathúna agus León ÓMáirtín na daoine ba mhó a bhí i mbun na háite nuair a chuaighmise ann. Bhíodh ranganna Gaeilge ann oíche Luain agus oícheDéardaoin agus céilí oíche Dhomhnaigh. Ba mhinic fosta imeachtaíeile ar siúl, oícheanta eile, ach níor ghnách an áit a oscailt i rith anlae ach sa bheag.

Ba mhúinteoirí maithe iad na daoine a bhí i mbun na ranganna,
cé nárbh í an mhúinteoireacht an ghairm a bhí ag duine ar bith acu.
Chuirfeá suntas sa luí le hobair a bhíodh ag na daoine: uaireanta,
bheadh faitíos ort gan rud éigin a bheith á dhéanamh agat! Bhí airdmhór ag ceannairí na háite ar an Ghaeltacht agus ar Ghaeltacht Dhúnna nGall go háirithe. Ba léir fosta tionchar scríbhinní SheosaimhMhic Grianna agus ó tharla deartháir dó, Domhnall Mac Grianna,
bheith ag teagasc ann, bhí aird ar leith ag an Chumann ar Rann naFeirste. Rinneadh taifead de sheanchas Sheáin Bháin Mhic Grianna,
a chuid scéalta agus a chuid amhrán, mar aon leis na seanchaithe móraeile ón dúiche chéanna, Néidí Frainc Mac Grianna agus Micí SheáinNéill Ó Baoill. Ní taobh le taifead amháin a bhí muid, ar ndóigh, nób’annamh gan duine éigin as Gaeltacht Thír Chonaill bheith i mbunranga ann. Tá Domhnall Mac Grianna luaite agam cheana féin, achfosta, bhíodh Pádraig Ó Cnáimhsigh ann, arbh as an Dúchoraidh inDún na nGall dó, creidim, agus bean éirimiúil as Gleann Fhinne,
Bríghid Ní Ghaoithín. Phós Domhnall Mac Grianna bean as BéalFeirste agus d’fhan sa chathair, é i mbun Oifig an Phoist ar Shráid naBanríona Thuaidh (North Queen Street). Bíodh is nach raibh sé chomhclúiteach ó thaobh na litríochta de lena dheartháireacha, d’aistrigh séroinnt leabhair Bhéarla go Gaeilge don Ghúm i mBaile Átha Cliathagus deirtear gur aistriúcháin den chéad scoth a bhí iontu. Ba sna

60

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 61
hardranganna a bhíodh muintir Thír Chonaill ag teagasc agus muintiran Chumainn féin i mbun na ranganna eile.

Ní amháin gur cuireadh an tóir ar an Bhéarla as an Chumann,
ach chuathas sa tóir ar chainteoirí Gaeltachta leis an tsnaidhm idir an
sean agus an nua a neartú. Leoga, ba shnaidhm í sin a chuaigh i bhfadsiar i mBéal Feirste. D’iarr Seosamh Mac Grianna ar mhuintir Bhéal
Feirste, uair amháin, a theacht chun na Gaeltachta agus iad a shábháilagus cé nach mbeadh i gceist ach tagairt áibhéalach dá ndíograis,
chuaigh soiscéal na Gaeltachta i bhfeidhm go mór. An oiread, is cosúil,
is go ndeachaigh beirt de bhaill an Chumainn, Tomás Mac Bhráinagus Liam Mac Con Mara, daoine a raibh baint acu le Fál, chuaighsiad a chónaí i nDún na nGall gur chuir siad gnó ar bun ann. Ní fadaa mhair an fiontar, áfach, nó theip ar an ghnó agus rinneadh gearán gurgealladh tacaíocht nár tugadh nuair a bhí sé de dhíth; d’eascair searbhas
ón eachtra sin nár leigheasadh. Ní raibh Mac Bhráin ann in 1957 nuaira chuaigh mise chuig an Chumann an chéad uair agus go fírinneach,
ní fhaca mé san áit go ceann fiche bliain ina dhiaidh sin é. An searbhasa théann go croí, ní scaoiltear as go héasca é, de réir cosúlachta, aguscothaítear é go háirithe i measc daoine a bhfuil aisling le fíorú acu.

Mar ba dhual dóibh agus an aird a bhí acu ar an Ghaeltacht,
thacaigh muintir Chumann Chluain Ard le feachtas ar tugadh‘Muintir na Gaeltachta’ air, éileamh ar Bhord neamhspleách bheithann ag na ceantair Ghaeltachta. B’as an fheachtas sin a d’eascairÚdarás na Gaeltachta, deirtear. Is cuimhin liom féin gur iarradh ormairgead a bhailiú sna tithe tábhairne ar Bhóthar na bhFál ar son rudéigin a raibh ‘Ciste Troda na Gaeltachta’ air; thug muid an t-airgead
chuig oifig san Ascaill Ríoga (Royal Avenue); is féidir go raibh baint
aige sin le feachtas ‘Mhuintir na Gaeltachta’.

Tá dhá rud is fiú a rá faoi Chumann Chluain Ard, dar liom.
D’ainneoin nach raibh ann ach cumann beag bídeach i gcúlsráid iniarthar Bhéal Feirste, bhí uabhar ag baint leis na baill nach bhfaighfeáan t-am sin ag formhór lucht na Gaeilge, a thuig gur mhiondream dechuid miondreama iad agus gur mhithid dóibh fanacht faoi choim. Isféidir gurbh é sin, dearcadh mórluachach agus an mana a bhí ag dulleis – ‘Ná habair é déan é’ – an lorg ba mhó ar an dream a bhí le

61

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 62
tabhairt faoi thionscnaimh éagsúla cheannródaíocha radacacha snaseascaidí agus sna seachtóidí i mBéal Feirste.

Ag deireadh 1957, bhí mise ag freastal go rialta ar an ardrang saChumann agus bhí mo dheirfiúr Caitlín i ndiaidh bogadh ón Ardscoili Sráid Dhuibhise go dtí na ranganna i gCumann Chluain Ard chomhmaith agus roimh dheireadh an tséasúir sin, bhí mo dheartháir Seán,
an duine is óige den teaghlach, ag foghlaim Gaeilge san áit. Bhí Seánina ábhar siúinéara ag an am sin, ceird a mbíodh glaoch i gcónaí uirthisa Chumann agus ba ghearr go raibh sé páirteach in achan rud a bhíag dul ar aghaidh. Mar sin, bhí triúr anois de mhuintir Mhic Sheáinbainteach le gluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste agus tá go dtí anlá atá inniu ann.

Bunú RTÉ agus an feachtas ar
son Stáisiúin lán-Ghaelaigh

In 1959, d’fhógair an rialtas ó dheas go raibh Stáisiún Teilifíse Stáitle bunú agus rinne Cumann Chluain Ard amach go gcuirfeadh siadfeachtas náisiúnta ar bun ag éileamh seirbhís lán-Ghaelach a bheithann. Léirigh an feachtas seo an mór is fiú agus go háirithe an mhuinínastu féin a bhí ag baint le lucht an Chumainn gur shíl siad gobhféadfadh siad tionchar a imirt ar chinneadh an rialtais ó dheas ar an
chineál stáisiún teilifíse a bheadh acu. Dar leat go mba amaideach anmhaise dóibh a leithéid de smaoineamh bheith acu, ach ní shílim féingo raibh siad chomh saonta gur shíl siad dáiríre go rachadh siad ibhfeidhm ar chúrsaí; b’amhlaidh gur chreid siad go raibh sétábhachtach an prionsabal de theilifís lán-Ghaelach a chur os comhairan phobail agus Gaeilgeoirí na tíre a spreagadh le tacú leis.

Tionóladh ollchruinnithe faoin spéir i mBaile Átha Cliath agusi nDroichead Átha agus tugadh go leor poiblíochta don fheachtassna meáin. Ba bheag a chuaigh an feachtas i bhfeidhm ar

62

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 63
Ghaeilgeoirí na tíre, áfach, amach ó chorrdhuine. Is dócha go raibha mhuinín ag pobal na Gaeilge as an iarratas a bhí déanta ag GaelLinn an tseirbhís nua a bhunú. Iarratas nach raibh sé as an cheist agan am go n-éireodh leis. Chomh maith leis sin, is dóigh liom gurchuir radacachas an éilimh faitíos ar na Gaeil ó dheas agus gurchúlaigh cuid acu dá bharr. Is cuimhin liom chomh míshásta is abhí muid leis an scríbhneoir Breandán Ó hEithir, a gheall golabhródh sé ag an chruinniú i mBaile Átha Cliath, ach nár nocht aran oíche, ainneoin é a bheith fógartha le labhairt.

Nuair a bunaíodh RTÉ in 1961, bhí Meiriceánach a raibhEdward Roth air ina Stiúrthóir Ginearálta ar an stáisiún úr agus ancraoltóir Éamonn Andrews ina chathaoirleach ar an choiste bunaithe.
Ba léir nach raibh an tseirbhís ag dul a bheith lán-Ghaelach ná leath-
Ghaelach féin, ach ba chuma, bhí Gaeil Chumann Chluain Ard indiaidh a fhógairt os ard cad é an rud a ba cheart bheith ann.

Cúis agus cleamhnas

Bhí an ‘chúis’ fíorthábhachtach dúinn, gan amhras, agus sinn ag dul idtaithí ar shaol na Gaeilge i mBéal Feirste, go háirithe don chuid sinagainn a tháinig isteach ann agus muid an-óg; ba gheall le creideamhagainn í. D’úsáidtí sraith de leabhair sna ranganna i gCumannChluain Ard a raibh Sraith na Craoibhe Ruaidh orthu, leabhair bheagashimplí, iad lán de laochra agus de laochas, d’aislingí agus de dheathréithe.
Leabhair fhoghlama a bhí iontu, cinnte, ach chothaigh nascéalta iontu suim i stair na hÉireann agus bród as na heachtraí agusas na héachtaí a bhain lenár sinsir. Bhí aithris amháin ann a raibh sé
de dhulagas orainn, dar linn, a fhoghlaim de ghlanmheabhair, mar abhí: ‘Is Gaeil sinne agus ba Ghaeil ár sinsear leis na mílte bliain anall’

- rud nárbh fhíor i mo chás, is dócha, nó déarfainn gur anall as Albaina tháinig mo shinsir, tá cúpla céad bliain ó shin! Ach nár chumadomsa, d’aithris mé ‘Is í Éire ár dtír: tá grá againn di agus bród againn
63

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 64
aisti’ i gcuideachta na cuideachta; d’fhéadfadh muintir Johnstonbheith chomh tírghrách céanna le síol uasal na Niallach agus nanDálach. Ba é sin an meon inár dtimpeall agus muid ag teacht iméadaíocht i mBéal Feirste na linne.

De réir a chéile, chothaigh an díograis agus an saol sóisialtaGaeilge a bhí á chaitheamh againn an tuairim gur cheart an Ghaeilgebheith á cur chun cinn ar dhóigh ní ba leithne ná corr-rang nócorrchéilí. Chuir muid cuid mhaith ama amú ag insint dá chéile go‘gcaithfear rud éigin a dhéanamh!’ An t-am sin, ba le do theaghlachagus le do chuid oibre a bhí do shaol ‘fíor’ agus go hiondúil, níor bhainceachtar acu leis an Ghaeilge, rud a d’fhág an Ghaeilge ar aon rian lecaitheamh aimsire. Anois bhí athrú ann. Leis an réimse d’imeachtaí
agus méadú ar an rannpháirtíocht iontu, go háirithe rannpháirtíochtdaoine óga, bhí borradh agus biseach faoin chomhluadar Gaeilge. Bhían comhluadar sin cothrom, a bheag nó a mhór, ó thaobh ban agusfear de agus mar sin, bhí sé le ciall go mbeadh roinnt cleamhnas ann.
Is féidir go raibh tuiscint éigin ann, gan lua, gur cleamhnas Gaeilge abheadh ann. Ach gach seans gur go fánach a tharla formhór nagcleamhnas, agus ní cleamhnas ‘Gaeilge’ a tharla i gcónaí.

Cleamhnas pearsanta

I ndiaidh dom caidreamh gairid a bheith agam le beirt chailíní sachuideachta, bhuail mé le Bríghid Ní Chonghaile. Bhí Bríghid agusmé féin 19 bliain d’aois an t-am a casadh ar a chéile sinn, in 1957,
ach ní go dtí bliain ina dhiaidh sin a thosaigh muid, mar a dúradh ant-am sin,‘ag gabháil le chéile’. D’fhág Bríghid scoil na nDoiminiceachi dtuaisceart na cathrach i ndiaidh di an Teastas Sinsearach a
dhéanamh agus chuaigh sí ag obair sa Roinn Leasa Shóisialaigh.
Thosaigh sí féin agus cúpla cara di, Maud Evans agus Frances Clarke,
ar na ranganna Gaeilge faoin am céanna, cé go raibh Bríghid féin agfreastal ar ranganna san Ardscoil cheana. Le theacht an earraigh agus

64

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 65
tús leis an Chumann Rothaíochta arís, thosaigh sí ag dul amach leisagus i gceann tamaill, tháinig cara eile dá cuid, Angela Loughran,
amach linn fosta. Cé nach raibh Gaeilge ar bith aicise ag an am, bhísé i ndán di an Ghaeilge a fhoghlaim,Gaeilgeoir a phósadh agus clanna thógáil leis an Ghaeilge. D’éirigh go maith le Bríghid ag foghlaimna Gaeilge agus bhain ardrang amach, an rang ina raibh mé féin. Níthig liom a rá gur cleamhnas aon radhairc a bhí ann, ach d’fhás angaol de réir a chéile; ba chaidreamh é a mhair níos mó ná caoga bliain,
go dtí an lá inniu.

Ba as Sráid Derby ar Bhóthar na bhFál do Bhríghid aguschónaigh sí cúpla céad slat ó Ard-Eaglais Naomh Peadar, láimh leseancheantar an ‘Pound’. Nuair a casadh ormsa í, ní raibh sa teach achí féin agus a máthair, Mary. Baintreach ab ea Mary Connolly a bhfuaira fear céile Michael bás go hóg gur fágadh í le triúr clainne le tógáilléi féin, Margaret, Desmond agus Bríghid. Ba í Bríghid ab óige. Nuaira d’fhág Margaret an scoil Dhoiminiceach, chuaigh sí ag obair sastátseirbhís ar feadh tamaill, ach rinne sí amach ansin gur mhaith léidul isteach in ord na mBan Rialta Doiminiceach, an t-ord céanna araibh sí ar scoil acu. Ba sin an áit a raibh sí in 1956. Bhí Desmond
fosta as baile nó nuair a d’fhág seisean Scoil Mhuire na mBráithreCríostaí, rinne sé an scrúdú le dul isteach sna Custaim. Bhí sé de nósag na Bráithre Críostaí, an t-am sin, moladh dá gcuid daltaí cur isteachar phost sa státseirbhís “Impiriúil” mar a thugtaí uirthi nó dar leo gomba lú an seicteachas agus an leatrom creidimh a bhí ag baint léi námar a bhí ag baint le státseirbhís Stormont agus gur mó an seans abheadh ag duine ardú céime a fháil. Is léir ó na staitisticí a foilsíodhó shin go raibh cuid mhór den cheart ag na Bráithre Críostaí.

Ba go hAlbain a cuireadh Des agus chaith sé a shaol uilig ar anchoigríoch ó shin, diomaite de thréimhse ghearr leis an lucht custaimi mBéal Feirste, sna seascaidí. Agus é i nGlaschú, phós sé Albanach,
Margaret Gray, agus chríochnaigh sé a shaol oibre agus post sinsearachaige le lucht cháin bhreisluacha na Breataine, in Ipswich Shasana, áitar thóg sé féin agus Margaret triúr de theaghlach. Ar ball agus é inaoifigeach sinsearach custaim, cuireadh anonn é le hiniúchadh adhéanamh ar na botháin chustaim cois teorann, sna hochtóidí. Bhí an

65

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 66
cogadh ag dul go tréan ag an am agus é i ndiaidh éirí iontach salach.
D’fhiafraigh mé de, uair amháin, cad é mar a d’fhan lucht custaimamach as an choimhlint, rud a d’éirigh leo a dhéanamh de ghnáth. Debharr, a deir sé liom, gur chuir na ceannairí custaim ina luí ar na fir aran talamh gan suntas a thabhairt do lasta ar bith a bhain leis anchogadh, dar leo. Mar sin, dá bhfeicfeadh fear custaim carr a raibhairm ann, dhruidfeadh sé an doras agus dhéanfadh se neamhiontas de.
Níor tugadh an chomhairle sin do na fir i scríbhinn, ar ndóigh, achmar sin féin, ba sin an chomhairle a leanadh. Is cosúil gur mhaith anchomhairle í nó ba bheag ionsaí pearsanta a rinneadh ar oibrithecustaim le linn na dtrioblóidí ainneoin iad a bheith sa líne tosaigh aran teorainn cuid mhór den am.

Chaith Margaret Connolly, deirfiúr Bhríghde, ceithre bliana snamná rialta sula ndearna sí amach nárbh é sin an saol di agus tháinigsí abhaile. Is iomaí cor sa saol agus tamall i ndiaidh di theacht abhaile,
thosaigh sí ag cur suime i gcúrsaí Gaeilge; in 1965, phós sí SéamasMac Diarmada, duine dár lucht aitheantais, duine breá agus comrádaíón Réalt, ó Chumann Chluain Ard agus ó na laethanta saoire i RosGoill, gur thóg siad teaghlach de sheisear. Fuair Séamas bás in 2005.

Cé gur i gCumann Chluain Ard a bhí mé féin ag caitheamh cibéam saor a bhí agam san oíche, bhí spéis ag Bríghid i saol ní ba leithnená sin, sa léitheoireacht agus sna ceoldrámaí, rudaí nach mbeadh baintná páirt agamsa leo; chomh maith, chleachtadh sí féin agus a cairde nadamhsaí i lár an bhaile.‘Na damhsaí gallda’ a thugadh na Gaeilgeoirí arna damhsaí sin cé gur bhunaigh dream de dhíograiseoirí ChumannChluain Ard, sna caogaidí luatha, cumann ar leith ar thug siad ‘An Club
Moderne’ air féacháil leis an Ghaeilge agus an saol nua-aimseartha anascadh agus bhí na damhsaí mar chuid de. Bhí an club sin marbh letamall nuair a tháinig mé féin isteach i ngluaiseacht na Gaeilge, achsílim go raibh baint ag Ailf Ó Murchú leis, rud nach gcuireann iontasorm nó bhí Ailf ar dhuine chomh gnaíúil gealgháireach agus a chasfaíort, duine a mheallfadh chun na Gaeilge thú lena chineáltas agus lenaphearsantacht phléisiúrtha. Chuala mé daoine ag rá gur fhan siad leisan Ghaeilge a bhuíochas d’Ailf nuair a bhí siad ar tí éirí as mar gheallar iomarca dáiríreachta cuid de na ‘Soiscéalaithe’ sa ghluaiseacht.

66

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 67
Saoire i Rann na Feirste

Sular thosaigh Bríghid agus mé fein ag dul le chéile, chaith scaifteagainn – an chuid is mó againn ó Chumann Chluain Ard – laethantasaoire an tsamhraidh i Rann na Feirste. Thug Bríghid agus a cara(Frances Clarke) rothair leo, ar bhus agus ar thraein, a fhad le Doirena Mainséar, áit ar chaith siad an tsaoire i dtí Róise Sam Néill, a bhíle Seán Ó Cearnaigh as Béal Feirste a phósadh ar ball (féach thuas).
Bhí mionbhus ar fostú ag buachaillí falsa an Chumainn, áfach, lenadtabhairt ó áit go háit. Bhí an mionbhus sin chomh minic anonn agusanall go dtí an teach tábhairne in Anagaire gur bhaist duine éigin‘Síbín Siúil’ air. Ag an am, ba ag baint fúinn i dteach Nóra Frainc demhuintir Uí Dhuibheannaigh a bhí muid go léir. Bean bhreá chlistechneasta a bhí inti, oibrí crua, nó b’éigean di a bheith dícheallach imbun na hoibre agus dáréag fear mór le cothú aici ar feadh coicíse.
Dála Róise Sam Néill, phós Nóra fear de bhunadh Bhéal Feirste,
Breandán Ó Raghallaigh; tá siad sa teach céanna i Rann na Feirste arfad, san áit ar thóg siad a dteaghlach.

Tá cuimhne agam go fóill ar eachtra amháin a tharla an bhliainsin. An dara lá a bhí mé i dteach Nóra, tháinig arraing i mo chléibh achuir isteach orm go mór agus faoin cheathrú lá, bhí an phian chomhholc sin nach dtiocfadh liom me féin a dhíriú. Isteach liom sa ‘Síbín
Siúil’ agus thiomáin Seosamh Mistéil mé ó áit go háit ag iarraidhdochtúir a aimsiú. Bhí Seosamh le bheith i mo dheartháir cleamhnais
ar ball. Sa deireadh, d’éirigh linn dochtúir a fháil ar an Fhál Charrachagus i ndiaidh dó mé a scrúdú agus iarraidh orm cúpla anáil a thógáil,
dúirt sé liom gur ‘pleural rub’ a bhí orm agus go raibh sé contúirteach.
Dúirt sé liom go bhféadfadh sé an phian a laghdú ach go gcaithfinndul abhaile láithreach nó go raibh an rud de dheas don chroí agus dámbogfadh sé, bhí mo chnaipe déanta. Ansin, d’iarr sé orm mo dhá
sciathán a thógáil os mo chionn gur cheangail sé bindealán beag tanaíthart ar mo chliabhrach agus tharraing go teann é. Go tobann, marbheadh míorúilt ann, d’imigh an phian. Nóta deich scilling saseanairgead ab éigean dom a thabhairt dó, ach ba é an t-airgead ab

67

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 68
fhearr dár chaith mé riamh. Bhí ar Sheosamh bocht mé a thiomáint
an bealach uilig abhaile go Béal Feirste, turas garbh go leor ar bhóithreDhún na nGall, an t-am sin. D’imigh Seosamh ar ais go Dún nanGall sa bhomaite agus chuir mise fios ar mo dhochtúir féin. Faoinam seo, bhí an phian imithe go hiomlán agus dúirt an dochtúir gur sinmar a bheadh ‘pleural rub’, go bhféadfadh sé imeacht gan tuairisc, gotobann. Mhothaigh mise go breá an lá dár gcionn agus chuaigh mé,
ar traein agus ar bhus, ar ais go Rann na Feirste le go gcaithfinn anchuid eile de mo shaoire ann.

Cumann Chluain Ard (3)

Is léir óna bhfuil rianaithe agam go dtí seo gur claochlú mór donChumann a bhí sa pholasaí aonteangach a tháinig i bhfeidhm in 1953agus gur cailleadh go leor oibrithe dá bharr. Nuair a tháinig an ghlúins’againne isteach ar ball, bhí sé riachtanach muid a chur ag obair ganmhoill. Cuireadh daoine ag teagasc rang Gaeilge chomh luath agus abhí siad in inmhe Gaeilge a labhairt go measartha maith. Bhíothas agsúil le daoine urláir a scuabadh, leithris a ghlanadh nó tae a dhéanamhagus ba mar sin a ceanglaíodh daoine go dlúth le haidhmeanna anChumainn. Polasaí cliste a bhí ann, polasaí a d’oibrigh cionn is goraibh na daoine a bhí i mbun na háite sásta a sciar féin den obair a
dhéanamh i gcuideachta na cuideachta.

Bhí Tomás Ó Monacháin, Seosamh Mistéil, Pilib Mac Mathúna,
Ailf Ó Murchú agus ceannairí eile na háite ar a laghad deich mbliananí ba shine ná muid féin agus má bhí siadsan sásta an t-urlár ascuabadh, cad chuige nach mbeadh an chuid eile againn? Chuaighsin i bhfeidhm orainn agus measaim go ndearnadh an dúrud oibre godeonach san áit dá bharr.

Ní hé amháin go raibh an Cumann féin le cur in oiriúint do nahimeachtaí gach seachtain, ach bhíodh an Cumann go síoraí agtabhairt tacaíochta do ghrúpaí eile, go háirithe má bhain siad leis an

68

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 69
Ghaeltacht. Bhí feachtas ar bun ar feadh i bhfad le cuidiú le nuachtán
Mhuintir na Gaeltachta, Amárach, a raibh Peadar Ó Ceallaigh as BaileGhib i gContae na Mí ina eagarthóir air. Théadh baill an chumainnthart ar na tithe tábhairne ag díol an pháipéir agus tá mé ag déanamhgur díoladh níos mó cóipeanna i mBéal Feirste ná i gcuid mhóráiteanna sa Ghaeltacht féin. Bhí crannchur seachtainiúil, An Carn
Ultach, ar siúl ag an Chumann ar feadh na mblianta ab éigean do nabaill a dhíol ó dhoras go doras. Níorbh áit ar bith é Cumann ChluainArd don té a bhí leisciúil agus níorbh fhada ann é má bhí.

Bhíodh imeachtaí eile ar siúl, ar ndóigh, chomh maith lehimeachtaí an Chumainn: lean muid leis an Chumann Rothaíochta
ar ghnách leis tosú ar na turais i ndiaidh na Cásca; théadh muid chuigan Réalt gach oíche Shathairn agus chuig Cuallacht Mhuire uair samhí. Uair sa bhliain, bhíodh Cúrsa Spioradálta faoi choimirce Ordan tSlánaitheora in Ard Ghlais i gContae an Dúin.

Pósadh

In 1958, bhí an caidreamh idir mé agus Bríghid Ní Chonghaile ag éiríníos doimhne agus fán bhliain ina dhiaidh sin, bhí lámh agus focaleadrainn. Pósadh muid i mí Lúnasa 1960, in Ard-Eaglais NaomhPeadar agus muid beirt dhá bhliain is fiche d’aois. Ní gan constaicí arinneadh na socruithe pósta ach oiread.Theastaigh uainn, ar ndóigh,
go mbeadh deasghnátha an phósta féin i nGaeilge, rud nach raibhchomh coitianta an t-am sin nó ba é an gnás é go bpóstaí an lánúin idteach pobail na mná agus mar sin, chaithfeadh sagart le Gaeilgebheith sa teach pobail áirithe sin.

Chonacthas dúinn go raibh an t-ádh linn nuair a thoiligh antAthair Ó Néill, duine de na sagairt i Naomh Peadar, é a dhéanamh,
ach seachtain roimh an phósadh agus gach rud faoi réir, dar linn,
d’athraigh sé a intinn agus dúirt nach ndéanfadh sé é ach i mBéarla!
Chuir sin rudaí trína chéile, ach bhí Bríghid diongbháilte nach bpósfaí

69

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 70
sinn i mBéarla agus rinne muid amach go n-aimseodh muid féinsagart. Tharraing muid ar Mhainistir Chluain Ard a raibh clú an‘Ghaelachais’ ar na sagairt inti agus tugadh ainm dúinn de shagart dechuid Ord an tSlánaitheora a bhí lonnaithe i dteach pobail NaomhGerard ar Bhóthar Aontroma, an tAthair Ó Maolatha, fear asGaeltacht Mhaigh Eo a raibh aithne éigin agam air mar dhuine athug léachtaí i nGaeilge dúinn ag Cúrsa Spioradálta in Ard Ghlais, anbhliain sin. Chuaigh muid ar chuairt chuige agus ní amháin gurthoiligh sé an pósadh a dhéanamh, gan ach fógra seachtaine aige, achrinne sé féin na socruithe le Naomh Peadar, ábhar faoisimh dúinn nóis féidir nach mbeifí leathshásta linn ag déanamh as dúinn féin ar andóigh sin.

Ní bhfuair muid amach cad chuige ar dhiúltaigh an tAthair ÓNéill an pósadh a dhéanamh i nGaeilge. Cheap Bríghid gur thoilighsé an chéad uair nó nach ligfeadh an mhórchúis dó a admháil nachraibh a chuid Gaeilge maith go leor (bhí clú éigin air mar fhear‘Gaelach’), ach gur loic sé nuair a tháinig an t-am. Níl mé féin cinntenár bhain sé le feachtas a chuir an Réalt ar bun a d’éiligh paidreachadeiridh an Aifrinn bheith i nGaeilge i dteach pobail Naomh Peadar.
Bhí an tAifreann go fóill i Laidin agus ní bhíodh ach cúpla paidir agdeireadh an Aifrinn i mBéarla. Chuaigh muid thart ó theach go teachsa pharóiste gur bhailigh muid 2,000 ainm ar achainí a d’iarr ar na
sagairt na paidreacha a rá i nGaeilge. Bhí an sagart paróiste iontachmíshásta leis an rud a rinne muid agus chuir sé sin in iúl go soiléir. Nígá a rá nár thug sé aird ar bith ar an achainí ó mhuintir an pharóisteagus gur leanadh leis na paidreacha Béarla. Ní thig bheith cinnte anoisan é sin an fáth ar dhiúltaigh an tAthair Ó Néill an pósadh adhéanamh i nGaeilge, nó an é go raibh eagla ar an chléir go raibh aniomarca éirí in airde ionainn.

I ndiaidh Aifreann an phósta, bhí orainn cuairt a thabhairt ardheirfiúr Bhríghde a bhí ag an am seo sa chlochar Doiminiceach arBhóthar na bhFál nó ní raibh cead ag mná rialta an clochar a fhágáil,
fiú le freastal ar phósadh! Chaith muid leath uair a’ chloig ann,
timpeallaithe ag mná rialta a sciob na bláthanna a bhí ag Bríghid lena‘mbronnadh’ ar an Mhaighdean Mhuire. Mar chúiteamh, b’fhéidir,

70

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 71
bronnadh ormsa pictiúr beag de Mhuire, ach go raibh sé denmhífhortún agam an pictiúr a chur isteach i bpóca mo chóta agus ébun os cionn. Rinne bean rialta an bhronnta ruathar orm. ‘Ná cuir an
Mhaighdean Mhuire bun os cionn,’ ar sí liom go gearánach. I ndiaidhna cuairte sin, chuaigh muid go hOspidéal an Mater, áit a raibhm’athair, a bhí breoite ar feadh an chuid ba mhó dá shaol le tinneascroí. Is cinnte go raibh iontas ar na hothair eile nuair a chonaic siadan bheirt againn ag siúl isteach agus feisteas an phósta orainn. Níorbhí an dóigh ab fhearr í le tús a chur le bainis, b’fhéidir, ach nuair atá túóg, bíonn cosaint éigin agat ar an léan le nach dtéann sé go croí ionat.

I ndiaidh na bainise, chuaigh muid siar go Conamara ar mhí nameala, turas a bhain dhá lá asainn.Thaistil muid ar an traein go BaileÁtha Cliath agus go Gaillimh an lá dár gcionn. Ag taisteal trí lár nahÉireann dúinn, ní raibh le feiceáil uaireanta ach réimsí leathana dethalamh gan chur agus chuimhnigh mé ar an choimhlint fhada ar sonna talún a bhí mar théama i stair na hÉireann; anois, bhí talamh bánann, é ina luí gan iarraidh. Ó Ghaillimh, i ndiaidh sracfhéachaint athabhairt ar dhealbh Phádraic Ó Conaire i gCearnóg Eyre, ar aghaidhlinn, ar sheanbhus, ar dhrochbhóithre Chonamara, go hIndreabhán,
turas a rinne muid arís ag deireadh na seachtaine agus muid agfilleadh.

An lá inniu, blianta fada i ndiaidh an ama sin, is ar an stáisiúntraenach i nGaillimh a chuimhním agus ar scaifte d’imircigh ógaChonamara ar a mbealach go Sasana. Buachaill amháin nach raibhach sna déaga, beirt deartháireacha, deirfiúr agus tuismitheoirí áthionlacan, tháinig sé isteach sa charráiste traenach céanna linn féin;
ba léir go raibh sé ag imeacht ar an choigríoch den chéad uair, é féinagus na tuismitheoirí ag sileadh na ndeor agus an chuid eile denteaghlach ag iarraidh cian a thógáil díobh. Chuimnigh mé ansin ar nahacraí bána a chonaic muid i lár na tíre. Bhí na himircigh linn go BaileÁtha Cliath, áit ar scar ár mbealaí, iadsan ag tarraingt ar an bhád agussinne ar ár lóistín agus an chéad traein abhaile go Béal Feirste, lá arnamhárach.

71

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 72
Baile Gaelach!

-Ní bheidh aon rath go deo ar fhoghlaim na Gaeilge go dtí go mbíonn síá labhairt go nádúrtha i dtimpeall an fhoghlaimeora, agus ní haonmhaith bheith ag iarraidh ar lucht na mbailte mór dul siar go bailtebeaga iargúlta na Gaeltachta ag foghlaim. Mura bhfeiceann siad agusmura gcloiseann siad an teanga i bhfeidhm ag a leithéidí féin níthaobhóidh siad léi go deo.

-Caithimid baile mór a bhunú sinn féin… Ná bí ag ceapadh go mba nídodhéanta é. Níorbh ea. Níor ghá ach ionad feiliúnach a thoghadh…
sórt Cumann Foirgníochta a bhunú… na títhe a thógáil agus busannafaoi leith a bheith ann le na daoine a thabhairt isteach agus amach chuiga gcuid oibre… Teastaíonn baile mór ó lucht na Gaeilge; bunaídis féiné…

-D’ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireannníl i mbaile mór amháin, sráid, céide, corrán, ascaill ná scéim tithe dálaghad atá Gaelach ná leath-Ghaelach féin.

In 1952, ocht mbliana sula raibh comharsanacht lán-Ghaeilge á beartúagainne i mBéal Feirste, scríobh Máirtín Ó Cadhain na sleachta sinthuas ar an irisleabhar, Feasta. Ní fhaca mé féin iad ag an am, ar ndóigh,
nó bhí mé ar scoil go fóill agus gan Gaeilge ar bith agam. Ach iscomhartha é gur thuig daoine áirithe nár leor na scoileanna, naranganna oíche, na meamraim, na tuairiscí ná na staidéir
fhéidearthachta leis an teanga a athbheochan, gur ghá lonnaíochtaítríd an tír a bhunú ina mbeadh an Ghaeilge ina teanga chumarsáidemá bhí aon seans ag an Ghaeilge bheith ina teanga náisiúnta.

Bhí Ó Cadhain den bharúil nach i bhfad beo a bheadh an
Ghaeltacht féin mura raibh cuma ar an teanga go raibh sí ag dul aneadú sa chuid eile den tír. Tugadh aitheantas éigin don choincheapchomh fada siar le 1924 nuair a thug céad rialtas an tSaorstáittacaíocht do bhunú ‘Páirc na Gaeltachta’ i dtuaisceart Bhaile Átha

72

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 73
Cliath, agus cé gur theip ar an iarracht sin, ba chosúil gur thuigbunaitheoirí an stáit an tábhacht a bhí lena leithéid. Ar ndóigh, bhímuintir Chorcaí go maith chun tosaigh orainn féin nuair a bhunaighsiad Gaeltacht Ard Barra i nGleann Maghair ar imeall na cathrach,
ag tús na seascaidí. Tomás Ó Canainn arbh as Doire dó ó dhúchasagus Fionntán Mac Aodha Bhuí a bhí ar thús cadhnaíochta sanfhiontar, chomh maith le Séamus Ruiséal a mbeadh dlúthcheangalagainn leis, ní ba mhoille, sa ghluaiseacht Misneach. Bíodh is nár fhás
Ard Barra chomh mór le Gaeltacht Bhóthar Seoighe, seasann sé mareiseamláir do Ghaeil na tíre den rud is féidir a dhéanamh.

In 1959, bhí sraith de léachtaí ag an Réalt i mBéal Feirste inar iarrsiad ar an dream beag a thóg teaghlach le Gaeilge sa chathair a theachtagus an taithí a bhí acu a roinnt linn. Ó thús ré na hathbheochana, bhídaoine tríd an tír a rinne amach go dtógfadh siad a gclann le Gaeilged’ainneoin iad bheith ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht. Ba éa fhearacht sin ag muintir Bhéal Feirste. Sna caogaidí, ní raibh achseacht dteaghlach ann (go bhfios dom): Muintir Morton, Muintir UíAirmhí, Muintir Mhic Mhaoláin, Muintir Mhic Charráin, MuintirMhic Bhrádaigh, Muintir Uí Choirbhín agus Muintir Uí Ailín. Baspéisiúil cad a bhí le rá acu, go háirithe ag an chuid againn a bhí iláthair agus a raibh sé ar intinn againn an rud céanna a dhéanamh, dámb’fhéidir linn é. Labhair siad ar na deacrachtaí a bhí acu agus iad agiarraidh an teanga a choinneáil i réim i dtimpeallacht Bhéarla. Bhícúpla cainteoir dúchais Gaeilge ina measc agus ba chosúil orthu goraibh sé níb fhusa acusan é a dhéanamh ná mar a bhí ag na daoine ad’fhoghlaim an teanga iad féin.

Bhí an tsraith sin de chainteanna tábhachtach, is dóigh liom, óthaobh fhorbairt na fealsúnachta a bhí ag teastáil le scéim tithíochtaa shamhlú, fiú amháin. Bhí buntáiste amháin againne thar mar a bhíag an ghlúin a chuaigh romhainn: bhí muid i bhfad ní ba líonmhairená iad. Le tamall de bhlianta roimhe sin, bhí lánúineacha óga ag teachtle chéile i mBéal Feirste agus iad faoi thionchar fhealsúnacht an lán-
Ghaelachais a bhfuil cur síos déanta agam air cheana.

Roimh dheireadh 1960, bhí Bríghid agus mé féin socraitheisteach sa teach nua a cheannaigh muid ag Páirc Radharc na bhFeá

73

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 74
(Beechview) ar Bhóthar na bhFál, tuairim agus leath mhíle slí ónteach inar tógadh mé. D’aistrigh muid chuige i ndiaidh dúinn sealcúpla mí a chaitheamh ag máthair Bhríghde ag fanacht ar an teachúr bheith réidh. Teach i sraith a bhí ann agus é beag go leor le goraibh sé ar ár gcumas é a cheannach. Chosain sé £1,100, saor, darleat, i bhfarradh is luachanna an lae inniu, ach bhí sé trom go leorar mo mhacasamhail féin nach raibh ag saothrú ach £11 satseachtain. Is cuimhin liom go raibh £6 le haisíoc againn gach míagus bhí orainn bheith críonna gan a bheith ceachartha. Chomhmaith, ní raibh ach tuarastal amháin againn anois nó chaill Bríghidan obair nuair a phós sí, mar go raibh sé de riail sa státseirbhís gogcaithfeadh bean imeacht as an phost dá bpósfadh sí. Bhí mothuismitheoirí buartha, is cuimhin liom, go mbeadh ualach róthromorainn. Sa tréimhse sin, bhí sé de nós ag an lucht oibre i mBéalFeirste tithe ar cíos a thaobhú; níor ghnách leo tithe a cheannach. Araon nós, tuairim is bliain go leith i ndiaidh dúinn pósadh, fuairBríghid obair pháirtaimseartha sa leabharlann i mBaile Andarsan(Andersonstown) agus chuidigh sin le cúrsaí airgid.

Scéim na dtithe

Mar is cuimhin liomsa, ba sa teach i bPáirc Radharc na bhFeá, améigin timpeall 1961, a rinneadh an chéad tagairt do scéim na dtithe,
mar a thugaimis air de cheal aon ainm eile. Bhí grúpa de lánúineachaóga ann a théadh ar cuairt chuig a chéile ó am go ham agus ba as anchuideachta sin a tháinig bunú na comharsanachta Gaeilge arBhóthar Seoighe, cé go mbainfeadh sé ocht mbliana asainn lena churi ngníomh.

B’iomaí lánúin a tháinig agus a d’imigh le linn an ama a bhí muidag beartú chuige, ach d’fhan baicle bheag leis an iarracht, fiú nuairnach raibh cuma air go raibh a dhath i ndán dó. Chloígh muid leis anchuspóir, ach bhí muid aineolach ar na dóigheanna praiticiúla le dul

74

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 75
ina cheann agus bhí orainn iad sin a fhoghlaim go fadálach agus gopianmhar. Faigheann foighne fortacht.

An grúpa de lánúineacha a luaigh mé, pósadh a bhformhór faoinam céanna: Séamus de Brún agus Máire Nic Artáin, Brian ÓMaoileoin agus Caitlín Ní Dhubhda agus sinn féin in 1960; modheirfiúr Caitlín agus Seosamh Mistéil in 1961;Tomás Ó Monacháinagus Bríghid Nic a tSionnaigh in 1963; Liam Ó Bruadair agus CristínNic Aonghusa in 1966; mo dheartháir Seán agus Máire NíMhuireagáin in 1966. Sílim go raibh suas le naonúr déag delánúineacha ar an liosta againn, aon uair amháin, ach ar ndóigh, lehimeacht ama, fuair an saol an bua ar chuid acu, ar bhealach amháinnó eile, agus faoin am a bhí an scéim i gcrích, in 1969, ní raibh againnach cúigear.

Idir 1961 nuair a luadh an coincheap an chéad uair, agus 1969nuair a bhí cúig theach réidh, leanadh le scéim na dtithe ar dhóigh nóar dhóigh eile, spadánta ar feadh tamaill, ar sodar uair eile, ina lánstaduair eile, dar leat. Bhí scéim na dtithe sna blianta sin mar chúlbhrat agna gníomhaíochtaí eile a bhí ar bun againn i saol na Gaeilge i mBéalFeirste. Ach taobh thiar de na himeachtaí sóisialta sin, bhí radacachasáirithe á chothú againn: mar a ba dhual do dhaoine óga, chuir muidsuas don ancien régime agus d’fhéach leis na ‘seanóirí’ a chur ar
bhealach a leasa. Ní gá a rá nár thuig muid cén fáth gur cáineadh árn-iarrachtaí! Nár Ghaeil sinne agus nár Ghaeil ár sinsir leis na míltebliain anall.

Mar sin, bhíodh Cumann Chluain Ard go síoraí in achrann leComhaltas Uladh, an chuid oifigiúil de Chonradh na Gaeilge a raibhdeich gcontae ó thuaidh faoina chúram. Chaith muintir an Chumainnuaireanta fada ag plé chúrsaí an Chomhaltais ag cruinnithe coiste, goháirithe nuair a bhí an Dáil Mhór ag tarraingt orainn. Blianta, chuirmuid deich rún chun tosaigh, blianta eile rún ar bith. Bhí blianta annnuair a d’fhreastail muid ar an Dáil Mhór agus blianta eile nuair nárfhreastail. Sílim nach dtiocfadh linn a dhéanamh amach ar mhaith
linn a bheith ann nó as. Is féidir gur tháinig an míshuaimhneas seoanuas ó thréimhse Fál agus an t-iompú ar fhealsúnacht an lán-
Ghaelachais. Ach cad a ghnóthaigh muid de thairbhe an iompaithe

75

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 76
sin ach a bheith ‘níos Gaelaí’ ar dhóigh éigin? Cad é an leas é doghluaiseacht na Gaeilge? Cheap muid nach raibh Conradh na Gaeilgeradacach go leor agus go raibh sé riachtanach sin a chur in iúl go tréan,
ach cá raibh ár dtriall féin? Is fiú a lua go raibh an caitheamh anuascéanna ar Chonradh na Gaeilge le sonrú i ráitis ag Glún na Buaidhe
nuair a bunaíodh é ar dtús.

Conradh na Gaeilge

Cá bith faoin easpa radacachais a chonacthas duinn a bheith ar anChonradh ag an am, bhí riail amháin i bhfeidhm nach raibh aon chiallleis, dar linn: ní raibh cead ag craobhacha an Tuaiscirt freastal ar Ard-
Fheis Chonradh na Gaeilge, cé gur chuid de Chonradh na Gaeilge éComhaltas Uladh agus go bhfuair sé deontas bliantúil ó Bhaile ÁthaCliath. Dar linn go raibh sé éagórach nach raibh cead ag baill antuaiscirt a bheith i láthair ag príomhimeacht na heagraíochta, an ócáidnuair a pléadh straitéis agus obair na heagraíochta don bhliain inadhiaidh. Go háirithe nuair a bhí cead ag baill i gcraobh den Chonradha bhí in Tel Aviv freastal ar an Ard-Fheis.

‘Cath’ Bhaile Átha Luain

Rinne beirt againn, mé féin agus Seán Mac Aindreasa, rinne muidamach go ndéanfaimis rud éigin faoin scéal seo agus ar neamhcheaddo choiste Chumann Chluain Ard, chuaigh muid i gcomhar leCraobh an Chraoibhín Aoibhinn i gCorcaigh agus chláraigh muidleis. Bhí Séamus Ruiséal, Séamus Langford agus Risteárd Ó Murchúchomh radacach linn féin agus rinne siad amach nach é amháin gombeadh cead againn freastal ar an Ard-Fheis in ainm na Craoibhe

76

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 77
s’acu, ach go mbeadh roinnt rún le moladh againn chomh maith. Bai mBaile Átha Luain a bhí an Ard-Fheis agus is dócha go raibh asáith iontais ar dhaoine nuair a chuala siad rúin ó Chraobh i
gCorcaigh á moladh le blas coimhthíoch Bhéal Feirste.

Ní le gach duine i gCumann Chluain Ard a thaitin an eachtraseo, áfach; dar le cuid acu go raibh sé róchleasach agus gurbh fhearr abheith oscailte faoin scéal agus an cheist a ardú ó urlár na hArd-
Fheise. Mar sin de, tháinig baicle de bhaill an Chumainn, faoicheannas Thomáis Uí Mhonacháin, chuig an Ard-Fheis agus rinnesiad iarracht air sin a dhéanamh. Ar ndóigh, níor ceadaíodh a leithéidde chur isteach ar chlár na hArd-Fheise, ach nuair a diúltaíodh ceaddo mhuintir Bhéal Feirste an cheist a thógáil, thug siad iarraidh dular an ardán agus an micreafón a ghabháil. Ba é Micheál MacCárthaigh a bhí ina Uachtarán ar an Chonradh ag an am agus mar aba dhual d’iarpheileadóir, tharraing sé cic breá ar dhuine de lucht nahagóide a chuir siar ón ardán é. Bhí an Ard-Fheis ina cíor thuathailar feadh tamaill. Shíothlaigh an scliúchas ar ball, ach níl a fhios agamar tharla a leithéid de bhruíon ag cruinniú ar bith de chuid Chonradhna Gaeilge, roimhe nó ó shin.

Rinneadh scéal mór go leor den eachtra ar na nuachtáin, an ládár gcionn, ach ba é sin a raibh ar a shon. Le himeacht ama agus ganagóid ar bith, cuireadh an riail ar ceal a choisc ar chraobhacha antuaiscirt bheith páirteach san Ard-Fheis. Ba é sin deireadh le ‘CathBhaile Átha Luain’ agus ní fios fós cé a bhuaigh. Ar a laghad,
d’fhoghlaim muid cos dheas Uachtarán an Chonartha a sheachaint!

Blianta agóide 1961-1965

Mar atá léirithe agam, bhí spiorad na hagóide beo i gcónaí i meascGhaeilgeoirí Bhéal Feirste, a bhuíochas, b’fhéidir, don stát a bhí á rialúó Stormont, stát ina raibh Gaeilgeoirí mar mhionchuid demhionchuid agus leatrom á dhéanamh ar an iomlán againn.

77

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 78
Cothaíonn an leatrom cloíteacht nó crógacht. Tharla tréimhsíachrannacha, sna daichidí agus sna caogaidí: Glún na Buaidhe, Fál,
Ciste Troda na Gaeltachta. Ag tús na seascaidí, bhí an tír in ísle brí: bhícúlú eacnamaíochta ann, easpa oibre a mhéadaigh go mór ar an imirce,
go háirithe i gceantair thuaithe, na Gaeltachtaí san áireamh. Loic anrialtas i mBaile Átha Cliath roimh an dúshlán, loic sé ar an dualgas abhí air riar ar mhuintir na tíre le go mbeadh ar a gcumas slí bheathaa bhaint amach ina dtír dhúchais. Loic an rialtas fosta ar a dhualgas ileith athbheochan na Gaeilge agus chonacthas do chuid de naGaeilgeoirí ba radacaí gurbh éigean é a thabhairt chun cúitimh. Achní fhacthas dóibh go raibh gluaiseacht ‘oifigiúil’ na Gaeilge, is é sinConradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge srl, gonameasúlacht agus gona mionrialacha, inchurtha leis an tasc. Orthu sin,
bhí an scríbhneoir, Máirtín Ó Cadhain.

Máirtín Ó Cadhain

Bhí ardchlú ag an am ar Mháirtín Ó Cadhain de bharr a chuidscríbhneoireachta, ach b’fhealsamh na Gaeilge é fosta agus fealsamha chreid sa bheart. Chaith sé an chuid dheireanach dá shaol le hagóidíagus le feachtais ar son chosmhuintir na tíre agus ar son na Gaeilgego háirithe.

Rugadh é i gCois Fharraige in 1905 nó in 1906 (maítear gurcláraíodh a bhreith bliain mall) agus rinneadh múinteoir scoile de in1926. Briseadh as a phost é mar gheall ar a bhallraíocht san IRA agusa ghníomhaíocht pholaitiúil. Bhí baint mhór aige le feachtais éagsúlatalún don chosmhuintir san Iarthar a chuidigh go mór le bunúGhaeltacht Ráth Cairn i gContae na Mí in 1936. Bhí sé ina eagraílánaimseartha don IRA agus san am céanna, bhí litríocht á scríobhaige a mheastar anois a bheith ar chuid den litríocht is fearr dárscríobhadh in Éirinn.

78

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 79
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé i mbraighdeanas igcampa géibhinn an Churraigh i gContae Chill Dara agus ar theachtamach dó, ní raibh obair le fáil aige ach móin a chruachadh i bPáircan Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. Rud aisteach é go raibh sé agobair san áit ar tharla ceann de na ruathair ba dhásachtaí a rinne an
IRA ag tús an chogaidh, agus eachtra a raibh baint aige féin leis, is ésin, cúpla lód leoraí de ghunnaí a ardú leo as beairic an airm i bPáircan Fhionnuisce. Ba í an eachtra chéanna sin a chruthaigh éigeandáildo rialtas na 26 Chontae agus a chinntigh go gcuirfí imtheorannú ibhfeidhm. Is léir gur fhág an tréimhse a chaith sé i ngéibheann lorgair agus ní heol dúinn go raibh aon bhaint aige le Gluaiseacht naPoblachta i ndiaidh dó a shaoirse a fháil. Ach is cosúil go ndearna séa sháith machnaimh ar scéal na Gaeilige agus é i bpríosún agus goháirithe ar an bhaint a ba cheart a bheith ag Gaeilgeoirí na Gaeltachtaagus Gaeilgeoirí na Galltachta leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Tásin léirithe ina phaimfléad, Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar strae.

In 1962, scríobh Ó Cadhain alt fada – Do na Fíréin – ar an
irisleabhar Gaeilge, Comhar, inar lasc sé gluaiseacht na Gaeilge. Ba alté i seantraidisiún aoire na Gaeilge, é garbh agus fonóideach faoicheannairí na gluaiseachta ag an am; bhain sé úsáid as leasainmneachale drochthréithe na gceannairí a ríomh. Níor chuir sé a ainm leis analt agus chaill an t-eagarthóir a phost de bharr gur cheadaigh sé é duli gcló gan ainm. Ba mhór ag muintir Bhéal Feirste an cineál seoeasumhlaíochta nó bhí an bharúil againn le tamall gur cheart a churin iúl do bhunaíocht na gluaiseachta an gá a bhí le spriolladh agusmiotal a thaispéaint le dul i bhfeidhm ar an phobal agus ar an rialtas
araon.

Ag tarraingt ar dheireadh a shaoil (fuair se bás i nDeireadhFomhair 1970), mhínigh Ó Cadhain cad é an dearcadh a bhí aige saphaimfléad, Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar strae, miniú níb
fhearr, b’fhéidir, ná mar a bhí san alt, Do na Fíréin. Deir sé:

Ní hé amháin gur cóir do lucht na Gaeilge a bheith páirteach i

gcoga seo Athghabhála na hÉireann – is é an t-aon rud ar fiú a

bheith páirteach ann in Éirinn – ach is é ár ndulagas a bheith

79

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 80
dhá chinnireacht agus dhá threorú. Bíodh an Ghaeilge ag stiúrana réabhlóide, ar an gcaoi seo bíodh an Ghaeilge ar na smaoíntíis forásaí in Éirinn: is ionann sin agus slánú na Gaeilge. ‘Sí an
Ghaeilge Athghabháil na hÉireann agus is í Athghabháil nahÉireann slánú na Gaeilge. ‘Sí teanga na muintire a shlánós anmhuintir. Mar sin, an áit is tréine an agóid bíodh an póistéaraGaeilge le feiceáil agus an ghair Ghaeilge le cloisteáil. An áit istréine an dúshlán in aghaidh an rachmais, in aghaidh nahéagóra, ar son na bhfann agus na mbocht, bíodh Fáinne Gaeilgean Choirnéil le feiceáil agus leas dhá bhaint as anois nárshamhlaigh an Coirnéal ariamh.

(Ba é an ‘Coirnéal’ a bhí i gceist ná an Coirnéal Eoin Ó Néilla bhí i mbun Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag an am.)

Agus mé spreagtha go mór ag an dearcadh a léiríodh in Do na Fíréin,
scríobh mé féin chuig Máirtín Ó Cadhain ag fiafraí de arbh é ascríobh an t-alt agus an mbeadh sé sásta cinnireacht a glacadh arfheachtas i gcoinne an rialtais ó thaobh na Gaeilge de agus dúshlánna n-eagras Gaeilge a thabhairt. Bíodh is nach bhfuil cóip agam denlitir a chuir mé chuige, ná de litir ar bith eile a chuir mé riamh, tá cóipagam den fhreagra a chuir sé chugam agus measaim gurbh fhiú é athabhairt anseo, díreach mar a scríobh sé í, litriú agus uile. Ag an amseo, bhí na tuairimí a nocht sé san alt Do na Fíréin á bplé aige le baicle
i mBaile Átha Cliath; b’as an bhaicle sin a d’eascródh an brúghrúpa
Gaeilge, Misneach, ar ball.

80

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:35

Page 81
Litir Uí Chadhain

30/1/63A Chara Chroí

Fuair mé do leitir. Is mór agam bhur muinín asam ach nílsé tuillte agam.

Is fíor gur mé a scríobh an t-alt úd. Chuirfinn m’ainm leisach bhí náire orm le ómós do shluaite na marbh. Chuir an ionsaí
bhrocach a bhí Fine Gael a dhéanamh ar an nGaeilge satoghchán deire anseo faoi ndeara dhom den chéad uair ariamhagus den uair deire is dóigh, vótáil i dtoghchán d’Fhianna Fáil.
Níor mhaith liom é sin a amhdachtáil agus mar sin shéan mégur mé a scríobh é, rud cladhartha is dóigh. Díoladh chuile chóipden Chomhar sin, rud nár tharla ariamh cheana, stop anMóránach fuagra Ghael Linn i gComhar, chuir sé amach anFear Eagair, go neamhdhíreach dar ndóigh, chuir mise táille anailt ar ais acu rud a chúitigh ar son an fhuagra a chailliúint agustá siad (Gael Linn) ag íoc iriseoirí ó shoin le mé a bhréagnúabhus agus thall, cé go bhfuil oifigeach poiblíochta acu agus napáipéir chéanna atá agamsa.

An rud tábhachtach ar aon nós gurbh í an fhírinne a bhísan alt úd agus tá mo dhóthain eolais agam ar imeachtaí Ghael-
Linn cho maith le gach dream eile le fios na fírinne a bheith
agam.

Dúirt mé san alt go dtroidfinn, dúirt mé go neamhdhíreachó shoin é sa leitir a scríobh mé ag diúltú achainí UNESCO ashíniú agus tá mé lena mhola go neamhbhalbh i leabhrán fadaatá mé le cur amach go goirid i dtaobh cúrsaí na Gaeilge igcoitinne, mar tá faoi láthair. Tá mé ag dul dó sin anois. Dreamanseo i gColáiste na Trionóide a d’iarr orm é ach i mBéarla abheas sé rud nach bhfuil neart agamsa air. Mura ndéana mise égheobhaidís ar nós chuma liom de dhuine éicint a dhéanfadh é.
D’fhéach mé leis an scéal a phlé tuille i gComhar agus i bhFeastaach ní ghlacfaidís tada uaim gan athraithe nach ndéanfainn.

81

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 82
Ansin thosaigh siad ag fíafraí dhíom cén fáth nach scríobhfainnlitríocht cé nach bhfuil cóip den Chomhar úd le fáil in Éirinnmar dúirt mé.Tá mé le rudaí áirid a mhola mar chúrsaí troda ach
tá rudaí eile ann nach bhféadfainn a chur ar pháipéar ach achaithfear a dhéanamh, creidim. Níl mé féin cinnte cé an uairná cé an áit. Ba rud é sin a bhainfeadh le imeachtaí na haimsire
agus an tsaoil, ach ní tráth dhá fhaillí é. Tá mé sásta rudneamhdhlithiúil a dhéanamh, cúirt a sheasamh, dhul i bpríosún,
mo phosta a chaille agus ní léar dom gur mórán eile a thiocfadhi gcéist sna cúrsaí seo. Tá Haughey ar tí deire a chur leis anmbreith báis. Ach creidim nach cóir rud ar bith a dhéanamh gana bheith stuama agus réasúnach, cé gur fearr liom an míréasúnná na tuara báis atá ann.

San am céanna ní miste dhom a rá nach bhfuil mise i
n-ann a bheith i mó threoraí ar aon rud. Tá mé sásta dul amach
agus gníomh a dhéanamh ach ní treoraí mé.Tá mé ag dul in aoisagus ta mí-shláinte orm ó bhí mé i ngéibheann. Mar a deirimtroide mé agus fulaingeo mé ach ní treoraí mé. Tá mé sásta anscéal a phlé libh. B’fhearr liom go bhfágfadh sibh é go ceann míosaeile nó go mbeidh an leabhrán seo scríofa agam. Is soiléire a bheasan scéal an uair sin i m’intinn féin. Is fada mé ag smaoiniú airseo. Phlé mé le daoine anseo é. Cuid acu a bhí toilteanach, cuidnach raibh, cuid acu a dhéanfadh é dhá ndéanainnse é agus marsin. Ní dóigh gur gar a bheith ag tnúth le mórán ó dhaoine marsin. Caithfe duine seasamh ar a chonlán féin sa deire.

Maidir leis an gcaint “faoi dhaoine ag cur réabhlóid i gcríchnach den státa” comhairimse gur den tír seo chuile Éireannach óthuaidh nó ó dheas, Caitliceach nó Prostastún nó eile. B’fhearrliomsa rialachas díreach as Westminister ná státa Béarla i mBaile
Átha Cliath nó i mBéal Feirste. Creidim go bhféadfaí téama adhéanamh as na Sé Chondae a chuirfeadh ná Sé Chondae
Fichead i sáinn. Is fada mé ag smaoiniú air sin ach fág é mardúirt mé agus rachaidh mé féin go Béal Feirste. Scríobhfa méroimhe ré. A dhalta sin scríobh mé chuig Gearóid Mac GiollaDhomhnaigh – níl aithne ar bith agam air – ag iarra eolais faoi

82

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 83
rudaí áirid sna 6 Chondae, ach ní bhfuair mé aon fhreagra.
B’fhéidir go bhfaighidhse fós.
Beir bua
Máirtín Ó Cadhain

Agus an teagmháil le Ó Cadhain bunaithe anois, rinneadh socrú leisgo dtiocfadh sé go Béal Feirste le labhairt linn, ach go dtabharfadh sécaint ag an Réalt fosta. Sa chomhfhreagras faoin chuairt, is féidir gurfhiafraigh mé de an mbeadh an láthair sin sásúil – bhí clú anfhrithchléireachais air mar Ó Cadhain: mar shampla, nuair afógraíodh an chaint ag an Réalt, ní ba mhoille, d’fhiafraigh sagartáirithe díom an mbeadh deacracht ann dá mbeadh sé féin i láthair. Sa
fhreagra a chuir Ó Cadhain, thrácht sé ar an chlú sin:

‘Tá a fhios agam go bhfuil cáil na haindiagachta orm! Fuair mépoibliú gránna i ngeall ar léacht i bpáipéar tráthnóna anseo.
Léacht faoi Ghaeilge a bhí ann! Ní Comhchumannach mé náProtastún (!) – is mé an Leas-Uachtarán atá ar an gCumannCaitliceach i gColáiste na Tríonóide! – tá mé in aghaidh cuidden chléir ach mór le cuid eile, níl agam ach bean amháin,
déanaim mo chuid oibre cho maith agus cho dúthrachtach agus isféidir liom. Bhí mé sa Réalt agus d’ionsaigh mé sagairt agus ionsíaríst tá súil agam, bhí mé sna hÓglaigh agus i mbraighdeanas(agus ag cosaint an chreidimh lena linn!), tá mé cairdiúil lena láncineál Éireannach, ilchreidmheach, neamhchreidmheach, aguseile agus namhadúil len a lán eile. Ní saormhásún mé, ná níRidire mé ach oiread!’

Tháinig sé go Béal Feirste Dé Sathairn, 23 Márta, agus thug léacht,
an oíche sin, san fhoirgneamh (3 Cearnóg an Choláiste Thuaidh – arlár anois) ina mbíodh na cruinnithe ag an Réalt. Iontach go leor, iscosúil nárbh í an chéad chuairt ag Máirtín Ó Cadhain ar anfhoirgneamh céanna í nó ag dul isteach ann dúinn, dúirt sé liom goraibh se ansin sna tríochaidí ag cúirt mhíleata de chuid an IRA, cúirt

83

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 84
a dhaor fear chun báis. Bhí Ó Cadhain ar Choiste Ceannais an IRA
sna tríochaidí. Níor dhúirt sé cerbh é an fear a daoradh.

Ócáid de chineál eile ar fad a bhí ann ar oíche na léachta: bhí
seomra an chruinnithe lán go dtí an doras arbh éigean é a fhágáiloscailte le go mbeadh éisteacht ag an slua a bhí ina seasamh taobhamuigh ar léibheann an cheann staighre. Ba ar Ghaeilge na hAlban athug Ó Cadhain léacht agus ba bhreá an léacht í, ach níorbh é sin anpríomhchuspóir a bhí lena chuairt ar Bhéal Feirste. Chaith sé an chuideile den deireadh seachtaine sa teach s’againne i bPáirc Ard na bhFeáar Bhóthar na bhFál agus phléigh a chuid smaointe faoi ghluaiseachtna Gaeilge le cuid againn. Ba í an ócáid sin a thionscain an ceangal agcuid de Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste le Misneach, a bhunaigh ÓCadhain, agus leis an bhaicle bheag de dhaoine óga i mBaile ÁthaCliath a luadh cheana.

Misneach

Chuir cuid againn aithne ar an bhaicle sin nuair a d’fhreastail muid arshraith de chruinnithe i mBaile Átha Cliath an bhliain sin – 1963. Is
iad Séamas Ó Tuathail, Seán Ó Laighin agus Cian Ó hÉigeartaighis mó a bhfuil cuimhne agam orthu anois nó ba iad a bhí chun tosaighnuair a bunaíodh an grúpa agóide Misneach ar ball. Sinne i mBéal
Feirste, bhí muid i gcomhar leo agus ceangailte le Misneach beagnachón tús.

Ba tar éis ceann de na cruinnithe sin i mBaile Átha Cliath a
scríobh Ó Cadhain litir fhada chugam inar léirigh sé cad é an cineáleagraíochta a bhí i gceist aige agus na modhanna oibre a raibh sé agcuimhneamh orthu:

84

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 85
A Shéamais, a chara

Bhí fúm fanacht scathamh an oíche faoi dheire tar éis an
chruinniú agus mo bhuíochas a ghabháil libh ar a laghad faoióstachas agus eile i mBéal Feirste ach bhí beirt chailíní ansin abhfuil deirfiúr leo sa mbaile as Meireacá.Tá aithne agam uirthiagus bhí sí le dhul siar Gaillimh lá arna mháireach agus imeachtar ais as sin. Bhí orm í fheiceáil.

D’fhéach mé leis an gcruinniú sin a choinneáil ar sliobarna.
Ní raibh mé róshásta. Bhí beirt bhan as Corcaigh ag mungailt armo chúl ag iarra orm amantaí rudaí a dhéanamh nach mbéinnsásta leo. Níl aithne agam ar dhuine acu. An ceann eile G. NíSh., tá clann aicí agus gan focal Gaeilge acu. Tá siad – an triúrCorcaíoch a bhí ansin – tá siad lofa le Corcaíochas. Chuir siad S.
Ní Ch. in a rúnaí. Tá sí dea-mhéiniúil go leor ach chráifeadh sícroí cloiche agus má bhíonn sí ina rúnaí is cinnte nach mbeidhaon chumann ann. Ní fhanfaidh duine ar bith ann. Sin é an
fáth gur mhol mise athrúnaí. Beidh sé níos éasca an bheirt a churamach tá súil agam. Gan rúnaí tuisceanach ní féidir tada adhéanamh le cumann.

Ní mór oifigigh a fháil nach féidir na rudaí céanna a rá leoatá inráite le Mac an Bheatha agus an Luanach. Tá anCuinneagánach sách maith ag cinnireacht cruinniú ach níl afhios agam tada faoi thairis sin. Ní raibh aon aithne agam air godtí an cruinniú roimhe sin. Níl aon Ghaeilge ag a bhean marbhí mé ag caint léi ar an teileafón Duine sách réasúnach é féin.
Is iomaí contúirt ag baint leis an gcúrsa seo.

(1) Tá sibhse sílim i mBéal Feirste ag dul ró-fhada le ceistna Gaeltacht, sé sin gur féidir eagras náisiúnta a bhunú ar annGaeltacht. Ní mheasaimse chor ar bith gur féidir. Caithfear anGhaeltacht a chaomhúint ar mhaith leis an nGaeilge ach ní armhaith léi féin. Ní fhéadfaí sin a dhéanamh. Spreagfa anGhaeltacht má spreagann an chuid eile den tír ach ní spreagfadhá uireasa sin. Féach Rósdumhach. Ní raibh le dhul i bpriosúnsa deire ach Aonraoí cé go raibh na daoine ar a thaobh. Badheacra aríst rud ar bith a dhéanamh i dTír Chonaill ná i
85

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 86
gConamara. Ní hí an Ghaeltacht an náisiún Gaelach. Níl saGhaeltacht ach cuid bhocht d’Éirinn a choinnigh an Ghaeilge dethaisme agus ní cosúil léi chor ar bith a bheas an náisiún Gaelachamach anseo, Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus eile. Ar aonchor ní thaithníonn an iomarca cainte liom faoin náisiún
Gaelach.

(2) Bhí mise i ndrocháit sa halla, áit nár mhian liom abheith, marach gur thit díbhse a bheith mall. Ar son rudaí athabhairt faoi deara go háirid a bhí mise ag an gcruinniú.
Labhair duine éigin as Béál Feirste faoi dhá theangachas, dúirtsé rud éicint fúm féin dá mbéinn do mó bhá. Ach nílim agus tásúil agam nach mbeidh! Agus is mó go mór an deis atá agamsaBéarla a fhoghluim ná aigesan Gaeilge. Deir sé nach mbíonn agduine ach teanga (amháin). Bíonn Séamus Ó Grianna dhá rásin freisin, ach ní fíor é. Tá dhá theanga go rathúil ag a lándaoine. Is fíor nach labhairfe pobal ar fad dhá theanga ar amblas, ar chomhbhlas. Ach níl i dteanga ach stuaim (skill) is féidira fhoghlaim agus a chaille. Agus ní hí an cineál stuaim is deacraí. Is measa luathscríbhinn a fhoghlaim déarfainn. Chonaic médeirfiúr liom féin ag teacht as Meiriceá agus a cuid Gaeilge caillteaicí taréis 12 mbliain cé gurb ar éigin a bhí tada eile aicí ag dulann. Dhá mb’fhíor caint an duine seo bhí sé cho maith dhúinn
éirí as athbheochan na Gaeilge. An fáth a bhfuil mé ag déanamhna cainte seo nach mór dúinn féin a bheith faichilleach faoin ar
gcuid teagaisc agus dearca.
(3) Seachas na daoine agus an cineál daoine in 1 thuas bhíbeirt eile ag an gcruinniú a gcaithfear a bheith airdeallach fúthu.
(a) S.de F. – fear maith is dóigh liom. Tá smaointe aige agus iscóir féachaint le leas a bhaint as agus creidim gur duine cneastadáiríre é. Ach d’fhéadfadh duine a shaol a chaitheamh ag scrúdúfoilseacháin UNESCO agus bheadh gliondar ar an Rialtas!
Caithfe muid a bheith eolgach, cho heolgach sin is go mbeidh muidi n-ann cur faoi deara don Rialtas an mioneolas seo in
UNESCO a scrúdú ar ár son agus a chur chun leasa mar is mianlinne. (b) Is gealt é T.Ó C. Tá a lan eolais geilleagair aige ach tá
86

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 87
fúmsa cur in aghaidh na bpleanannaí damanta seo ag an gcéadchruinniú eile, nó mic léinn liom a bhí ansin a fháil le é fein agusa chuid mapaí ordanáis a chur suas go Páirc an Fhionnuisce. Seoé an rud a thaithneodh le rialtas freisin. Is maith ann mapaíordanáis ach ní ghaelófar Éire go deo orthu. Agus ní Ghaeló anfear sin dadá. An scéim sin a bhí i gceist aige sna Mine níor thugna daoine aird air mar níor léar dóibh go ndéánfadh ardánsnámha aon mhaith dóibh! Ná mapai ordanáis! Tháinig sé chuigroinnt cruinnithe de Mhuintir na Gaeltacht i mBaile Átha
Cliath. Bhí an ghaileamaisíocht chéanna aige. D’iarr muid airrud beag a dhéanamh a bhí sé i n-ann a dhéanamh ach níorthaobhaigh sé muid níos mó. Bhí pícéad againn ar Roinn naGaeltacht in Ardán Phort an Iarla san am a raibh Aonraoí sa
bpríosún. Chua sé tharainn amach lá agus níor labhair sé. Sí corpglan na fírinne nár chuir duine ar bith isteach ná amach ariamhair. Má chuirtear rud ar bith ar siúl is cinnte nach ar son an méid
uisce atá i ngach cuibhreann sa tír a thómhais é! Dhíbreodh séduine ar bith as gluaiseacht ar bith.Tá S de F stuama thairis sinmás féidir é threorú le saothar a dhéánamh atá sé i n-ann a
dhéanamh. Na daoine thiocfas is cinnte go bhfuil siad ag iarrarudaí éicint ach nach mapaí ordanáis é. Ná lámhleabhraUNESCO ach oiread, cé go bhfuil tábhacht sa gcineál deire seo.

(4) Ag an gcéad chruinniú eile caithfear beartas cinnte achur os a gcomhair nó tiocfa siad ar seachrán le mionrudaí agusní fhanfa aon suim acu san obair. Ba mhaith liomsa tuille
tuairimí a chloisteáil agus éisteacht mé féin. Ba mhaith liomdháiríre fios a bheith agam cé na smaointe atá i gcroí na ndaoinesin. Ach ní féidir ligean don chéád chruinniú eile dul sa gcontúirtsin. Chloisfeá an domhan rudaí atá tábhachtach go leor agus abfhiú a bheith ar eolas againn, ach gheobha muid iad leis amaimsir. Mar sin tá fúm cho haicearrach is is féidir liom moltaí a
chur os chomhair an chruinniú a thúisce is is féidir. Bhí mé ag asmaoiniú é seo a fhágail agaibhse ach measaim gur fearr athuigimse rudaí áirid sa taobh seo. Ar aon chor tá mé ag iarra afháil amach ar mo shon féin céard tá na daoine seo sásta a
87

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 88
dhéanamh nó cáid atá siad sásta a dhul. Dhá mba ag plé le mapaíordanáis é (ach amháin le ionad Mhontrose nó Chip Iúir aaimsiú) níorbh fhiú liomsa dúthracht ar bith a chaitheamh leis.
Mholfainn rud mar seo: Beartas ginearálta i dtaobh an Státa,
na hEaglaise agus an tsaoil.

1. I dtaobh an Státa go hachomair na rudaí a phlé mé imBéal Feirste: poilitíocht (“dhiúltach”) sna bailte mór agus sanGaeltacht, nó in áit ar bith arbh indéánta é.
Eagrú go cinnte in aghaidh an státa ar rudaí mar seo: (a)
foirmeachaí agus leitreachaí de gach cineál (b) faire agus poibliúar chuile dhuine a cheaptar in oifig phoiblí go mbeidh Gaeilgeaige, mura n-úsáide sé í ag plé leis an bpobal agus go háirid sanGaeltacht go gcuirfear pícéad ar an Aireacht lena mbaineannagus mar sin de. Go gcuma an Rialtas suaitheantas éicint dáchuid oifigeach fein ar seirbhís, go mbeidh sé de dhualgas ardhuine ar bith a bheas ag plé leis an bpobal é seo a bheith air etc.

Fáth de na fáthanna arbh fhearr liom gur deisceartach amholfadh go mbíonn sibhse ag caint ar rialtas lánghaelach, arnáisiún gaelach, ar an mBunreacht etc. Níl sa mbunreacht achfocla sa gcaoi chéanna nach bhfuil i reachta Mhanuat atá marbhannaí don Ghaeilge ach focla. Is féidir feoil a dhéánamh denbhriathar. Ó tharla nach féidir linn a bheith ag súil le míorúiltis cumhacht de chineál éicint a dhéanfas é. Níl an cumhacht sin
againn nó níl sé eagraithe ar aon nós. Ní fiú a bheith ag caint aran nbunreacht ná ar chearta na Gaeilge faoin mbunreacht.
B’fhearr a bheith i n-ann 100 vóta a bhaint de wardheeler éicint
anseo, fiú dhá mba i mBéarla a chaithfear é a dhéanamh. Níaontó sibh liom gur ceart úsáid ar bith a bhaint as an mBéarla.
Tá rud nach féidir linn cur faoi deara a dhéanamh faoi an tír
seo a reachtáil as Gaeilge. Déarfa sibh nach fiú aon rud eile adhéanamh. Aontaím ach ní féidir é a dhéanamh. Ní féidir cur
faoi ndeara don Dáil a cuid gnátha ar fad a dhéanamh inGaeilge gan cumhacht a sháródh an Dáil. Dá mbeadh ancumhacht sin againn ní theastódh an Dáil.

Is rud eile ar gcuid oibre féin. Creidim aríst gur i nGaeilge

88

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 89
is cóir na himeachtaí a bheith ach má tá Béarlóir ar bith ar fiu
leas a bhaint as agus atá toilteanach cuidiú linn agus nach bhfuilaon neart aige air a bheith cheal Gaeilge, nár chóir é a choinneáilina thost nó neamhghníomhach.

Ba chóir na bailte móra – BÁC, Corcaigh, Luimneach,
Gaillimh, Béal Feirste (agus na rudaí a mhol mé) a eagrú. Tácumann áirdill tábhachtach. Níor mhiste é bheith ina chineál
cumann ar nós Ridirí Cholamáin freisin, le meabhrú doGhaeilgeoirí faoi phostaí, na Gaeilgeoirí dilis a chur sna postaíetc. I dtaobh na heaglaise deirim nach bhfuil aon mhaith a bheithag caint faoi reachta Mhanuat agus caint an Phápa. Gníomhach gníomh réasúnach nach gcuirfe do mhuintir féin i t’aghaidh.
D’fhéadfaí siúl amach as séipéil cé nach bhféadfaí tosú agscréacháil iontu sílim. Sílim go dtiocfa síorphoiblíocht i bhfeidhmin aghaidh na hEaglaise ach é bheith cliste, cúramach agus goháirid firinneach.

An Saol: Gaeltachtaí úra / eagrais siopadóireacht / tuillescoileannaí Gaelach agus é a dhéánamh éasca iad a bhunú /
coilínteachtaí Gaeilgeoirí Gaeltacht taobh amuigh denGhaeltacht, in éindigh in oibreachaí ar leith sna bailte móra /
aistriú ón nGaeltacht a stopa / obair sa nGaeltacht nó dole mór,
méádú ar an £5, méadú ar airgead clainne, pinsean etc./
Béarlóirí sa nGaeltacht a phoibliú agus aon chuidiú rialtais afuair nó atá siad a fháil / na rudaí ar leith a n-éiríonn leo sanGaeltacht a choinneáil sa nGaeltacht – tomataí etc.

Iolscoil Ghaelach a mhola.

An Teilifís: gan rud ar bith a mhola ach é fhágáil arbhealach go sílfí go raibh rud tábhachtach beartaithe agus duineéicint eile ag ceangal ainm Dhónaill Í Mhóráin leis. Tá airgeadacusan le seirbhís neamhspleách a chur ar fáil. Ní cheadó anRialtas é ach cuirfe tú sa gcruth iad go gcaithfe siad rud éicint adhéánamh.

Rudaí eile faoi oideachas: a lán / cuir i gcéill iolscoileanna /
Scoileanna A etc. / Gur cóir ath éiliú a dhéánamh ar na ColáistíUllmhúcháin.

89

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 90
Sin é an cineál rud a mholfainn. Le é chur i gcrích:

(a) eagar i gcoitinne. (b) modhanna ar nós na stailce,
friothálóid fulangach, etc.
(c) míréasún, míle b’fhéidir dul i bpríosún.
Maidir le (c) ní mór a bheith airdeallach. Mhol duine éicintag an gcruinniú faoi na mic léinn in Aberystwyth.
Ní hé an oiread sin measa atá agamsa ar obair mhic léinn,
cé gur maith ann é scaití. An rud tábhachtach a rinneadh samBreatain Bheag níor lua sé é. D’fhéachfainn leis an eagras aroinnt ina dhá chuid: Roinn A thuas agus Roinn B (b agus cthuas). D’fhéachfainn gan iarra ar aon duine ach a mbeadh ar achumas. Tá a lán a ghabhfadh in eagras siopadóireacht nó aleithéid nach bhféadfadh a dhul ar phicéad. Ba cheart ionadaíochtar leith a thabhairt don dá ghasra agus ionadaíochtchomhchoiteann freisin ach níor chóir go measfaí go mbathábhachtaí ceann ná a chéile agus ní hiad lucht an ghnímh acheapfadh céard bá ghníomh cóir nó an uair ba cheart é adhéanamh ach an coiste coitiann. Ba mhaith fios a bheith agamcé mhéad duine a bheadh sásta aontú leis an smaoine
deireannach. Ní shéard a bheadh uaim aon duine a chur i
gcruachás ach creidim mara bhfhuil roinnt áirid daoine sásta adhul go cnáimh na huilleann – tá súil agam nach gá dhuinn é adhéánamh go brách – nach bhfaighe muid aon aird. Is ar mhaitheleis an smaoine deire seo ab ait liomsa an cineál seo cláir a chur
os comhair cruinniú. Ar mhaithe leis freisin ba mhaith
Cathaoirleach agus Coiste neamhspleách, a d’fhéadfadh a bheithneamhspleách. An duine a bhí ina Chathaoirleach ar Mhuintirna Gaeltacht i mBÁC aimsir Aonraí (a bhí i Mountjoy) niligfeadh faitíos dó féin a theacht amach. Ba chuma liom faoi sinach é a amhdáil. Sílim gur tú an duine is réasúnaí – ní drochbhrí atá agam leis an bhfocal seo! – de mhuintir Bhéál Feirste.
B’fhéidir gurb é an fáth é sin gur leat is faide a rinne mé caint!
Tá an domhan lochta orm féin. Ní móide go bhfuil rud ar bithdhá bhfuil ráite anseo agam ceart. Ba mhaith liom léirmheasorthu agus malairt molta má tá sé ann. Scéál cinnte go gcaithfear

90

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 91
clár cinnte a chur roimh an gcéad chruinniú eile. B’fhearr liomsagur duine as Béal Feirste a bheadh ina cheann ar aon eagras marseo ach rúnaí ón taobh seo agus dháiríre níor mhór coiste gnóthai mBÁC a d’fhéadfadh gníomhú ar an láthair. Má ghlactar lebeartas mar seo agamsa agus ansin oifigigh gan mhaith a cheapa

- rud a tharlódh – tá deire linn. Níl mé féin sásta a bheith ar aon
choiste poiblí – tá m’ainm samhlaithe le comhchumannachas agusb’fhearr nach mbéinn faoi lathair. Ach tá mé sásta na nithe seo a
dhéanamh
Beir Bua

M.
Is léir ó na litreacha sin de chuid Uí Chadhain gur brúghrúpa agóidego príomha a bhí i gceist aige don eagras nua a bhí á chur le chéile gofadálach i mBaile Átha Cliath. Is léir fosta go raibh amhras air faoidhílseacht cuid de na daoine a bhí i láthair ag na cruinnithe agus goraibh eagla air go bhfaighidís greim ar an choiste. Bhí dhá chúis aigeleis sin, sílim. Bhí cuid mhór dá shaol caite aige mar bhall d’eagrascomhcheilge – an IRA – agus dar liom gur fhág sin amhrasach é faoidhaoine eile go minic; chomh maith leis sin, bhí ciall cheannaithe aigefaoi sheasmhacht daoine áirithe a bhí i ngluaiseacht na Gaeilge. Isfíór gur caitheadh cuid mhór ama ag na cruinníthe ag plé le bunreachtagus le mionphointí eagair, rud a bhí, dar leat, go hiomlán i gcoinnepríomhchuspóirí an chineál eagraíochta a bhí beartaithe ag ÓCadhain. Feictear dom anois gur d’aon ghnó a rinneadh sin, gombíodh na cruinnithe go minic mionchúiseach agus tuirsiúil le daoinea ruaigeadh nach raibh dáiríre faoi na bunchuspóirí nó nár tháinigach le feiceáil cad a bhí ar bun, go háirithe ag Ó Cadhain féin. Ba éan scríbhneoir Gaeilge ba mhó clú lena linn faoin am sin agus iscinnte gur tharraing a ainm daoine ann ar an acht sin amháin.

D’éirigh le Ó Cadhain alt a chur sa bhunreacht nach mbeadhcead ag duine ar bith a bheith san eagraíocht a raibh cuing pholaitiúilná chreidimh air agus is féidir gur chuir sin bac ar chineál áiritheduine. Mar a tharla, áfach, ní raibh call dó bheith buartha nó ba é abhí i Misneach (an t-ainm a tugadh ar an eagras nua), ag deireadh

91

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 92
thall, ná brúghrúpa beag de chuid Bhaile Átha Cliath a raibh ceangalleis, anois is arís, ag roinnt bheag ó Chorcaigh agus ó Bhéal Feirstenuair a bhí cabhair de dhíth fá choinne agóide nó picéid. Ba iad ÓCadhain mar aon lena chomhghleacaithe, Séamas Ó Tuathail agusSeán Ó Laighin, a stiúir an grúpa agus a roghnaigh ábhar na n-agóidí.
Lean Misneach leis an agóidíocht ar feadh cúig bliana nó mar sin nógur bhásaigh sé go hiomlán ar bhás Mháirtín féin (1970).

Ní hé sin le rá nach ndearna sé rud ar bith cruthaitheach nó ba
é Misneach ba chúis le cuid de na paimfléid a scríobh Ó Cadhain sna
seascaidí, Irish above Politics, Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar strae,
Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca agus Mr Hill and Mr Tara (archúrsaí tithíochta ar an Spidéal), paimfléid a thug a léargas sainiúilféin ar athbheochan na Gaeilge. Agus bhí toradh ar chuid de nahagóidí. Chuir Misneach i gcoinne Aifreann Béarla bheith i RáthCairn ar neamhchead an phobail agus thug ar an Easpag AifreannGaeilge a chur ar fáil; ar ball, chuir siad feachtas ar bun i gcomhar lemuintir Ráth Cairn, feachtas as ar tháinig aitheantas oifigiúilGaeltachta don cheantar.

Níor leasc le Misneach bheith garbh, uaireanta. Is cuimhin liomcruinniú amháin, in Óstán an Shelbourne i mBaile Átha Cliath, athug an tOllamh Seán Ó Tuama le chéile le heagraíocht nua aphoibliú, eagraíocht a bhí sé i ndiaidh a bhunú agus a raibh An
Comhar Poiblí air. Bhí sé de chuspóir ag an eagraíocht seo Gaeilgeoiría fháil le dul isteach sna páirtithe polaitíochta le tionchar a imirt orthuón taobh istigh. Bhí sé seo glan i gcoinne an chuspóra a bhí agMisneach, a mhol gníomhaíocht eagraithe taobh amuigh de napáirtithe nó dar leo go mbáfaí Gaeilgeoirí a rachadh isteach iontu.
Thóg Ó Cadhain seilbh ar an chruinniú agus d’iarr ar an luchtéisteachta dul leis chuig teach Sheáin Lemass (an Taoiseach ag anam) agus agóid a dhéanamh taobh amuigh de, mar gheall ar thriúriascairí as Inis Bearacháin bheith i bpríosún de thairbhe gurdhiúltaigh siad rátaí a íoc mar chasaoid faoi dhrochstaid bhóithre anoileáin. Chuaigh lucht an chruinnithe sna sála ag Ó Cadhain amachchuig teach an Taoisigh agus an lá dár gcionn, scaoileadh saor nahiascairí. Ní fios anois arbh í an agóid ba chúis lena saoradh, ach ní

92

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 93
dhearna sé dochar ar bith d’íomhá Misneach. Ba le fonóid go minic adhéanadh Ó Cadhain ionsaí: mar sin, thug sé TCP (ainm ardhíghalrán iomráiteach na linne) ar an eagraíocht nua, ACP. Ba aréigean a tháinig an ACP slán as an oíche sin.

In 1964, bhí, dar liom, ní ba mhó luí againne i mBéal Feirste leisan agóid dhearfach ná leis an agóid dhiúltach.Tá luaite agam cheanagur chláraigh mé féin agus Seán Mac Aindreasa le Craobh anChraoibhín Aoibhinn de Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh leis anéagóir a bhí á déanamh ar mhuintir an Tuaiscirt a phoibliú. Sa bhliainsin fosta, chinn cuid de na daoine ab óige i gCumann Chluain Ard,
mé féin ina measc, dúshlán na n-údarás ó thuaidh a thabhairt agus árn-ainmneacha a athrú go dleathach (trí ghníomhas aon pháirtí) godtí leagan Gaeilge. Is fiú cuimhneamh go raibh naimhdeas ag an státó thuaidh don Ghaeilge ón uair a bunaíodh é agus go raibh sé inéadan an dlí ainm sráide i nGaeilge a chur suas. Ba é an bealach abfhearr, dar linn, le cur i gcoinne an naimhdis sin ná an rud baphearsanta againn, ár n-ainmneacha féin, a athrú go Gaeilge. Baghníomh radacach ceannairceach é a leithéid a dhéanamh ag an am;
b’ionann é agus a fhógairt don saol mór gur Ghaeil sinn agus gogcaithfeadh an stát sin a aithint.

Ba chéim radacach é agus b’fhéidir go bhfacthas do chuid desheanbhaill Chumann Chluain Ard féin go raibh an ghlúin óg as ameabhair le fanaiceacht. Ní beirt ná triúr a rinne é: chomh maith liom
féin, bhí Seán Mac Aindreasa, Gearóid Mac Cumhaill, Caoimhín ÓLoingsigh, Seán Mac Gabhann, Breandán Mac Goill, Seán MacSeáin agus Adam Mac Giolla Chatháin, gan ach cuid acu a lua. Aonuair amháin a thógann tú céim mar sin, is deacair dul siar air agus iscinnte go raibh ócáidí ann nuair a chruthaigh sé deacrachtaí dodhaoine. I mo chás féin, bhí mé ag obair mar mheicneoir ag Córas BusBhéal Feirste ag an am agus Aontachtaithe ba mhó i mo chuideachta;
má bhí stró éigin ar na Náisiúnaithe an chéim seo a thuiscint, bhí sédothuigthe go hiomlán ag Aontachtaithe. Is cuimhin liom fearamháin de mo chomhoibrithe chomh tógtha sin faoin scéal gur scairtsé amach, os mo chomhair amach, ‘I’m going to change my name toKing Billy’.

93

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 94
Gleann Cholm Cille 1964

Níor leor an gníomh radacach amháin sa bhliain againn, áfach, agusrinne cuid againn amach go gcaithfimis laethanta saoire antsamhraidh le dul go Gleann Colm Cille agus cuidiú a thabhairt donAthair McDyer, sagart an cheantair a bhí ag iarraidh caighdeánbeatha an phobail a fheabhsú tríd an eacnamaíocht a fheabhsú.
Chuige sin, chuir sé roinnt scéimeanna ar siúl agus d’éirigh leis Erin
Foods a mhealladh le glacadh le cibé glasraí a thiocfadh le muintir anGhleanna a fhás. Is fusa glasraí a chur ná a bhaint agus bhí cuidiú dedhíth leis an obair – tanú tornapaí, baint lustain agus mar sin.
Tharraing scaifte againn ar Ghleann Cholm Cille agus chuaigh imbun oibre go díbhirceach: bheadh na tornapaí slán agus an Ghaeilgeleo! Ar an drochuair, ba lucht na cathrach sinn agus gan aonchleachtadh againn ar an chineál sin oibre ná mórán aithne againn arghlasraí ach amháin ag am dinnéir. Is dócha gur bheag an mhaith arinne muid. Mar bharr ar an donas, cibé ceimiceán a cuireadh ar naglasraí, thóg sé spuaiceanna móra ar chuid den mhuintir s’againne gomb’éigean comhairle dochtúra a lorg agus gan dul de dheas do naglasraí arís.Tá mé ag déanamh gur beag ar fad a ghnóthaigh scéim nanglasraí as saothar mhuintir Bhéal Feirste d’ainneoin go ndearna muidár ndícheall.

D’oibrigh an tAthair McDyer go crua ar son mhuintir anGhleanna, ach ba bheag an tairbhe don Ghaeilge é nó ní labhródh séféin í ar chor ar bith. An chéad Domhnach a bhí muid ann, d’iarr sé
ar mhuintir na háite Gaeilge a labhairt linn ó tharla sinn a bheith annde bharr Gleann Cholm Cille a bheith sa Ghaeltacht, ach bhí antAifreann uilig i mBéarla agus níor labhair sé féin Gaeilge leis nadaoine in am ar bith. Is minic a mheabhraigh mé air sin ó shin: cad émar a thiocfadh le duine an oiread sin a dhéanamh ar son leas na
muintire lena misneach agus lena bhféinmhuinín a thógáil ach, san amcéanna, neamhiontas a dhéanamh den rud ba luachmhaire a bhí acu,
mar a bhí, an teanga féin? B’éigean do mhuintir an Ghleanna fanachtgur tháinig Liam Ó Cuinneagáin agus Seosamh Watson ar an fhód,

94

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 95
na blianta ina dhiaidh sin, le scéim a cheangail dúchas an cheantairlena leas eacnamaíochta. Bhí Gaeilge mhaith ag an Athair McDyernó chaith sé blianta ar Oileán Thoraí san am a bhí cuid mhór daoine
ar an oileán gan Bhéarla. Is féidir nár labhair sé Gaeilge de bharr nárcheap sé go raibh an Ghaeilge oiriúnach do ‘ghnó’ agus nárbh fhéidirfeidhmiú inti chomh maith is a thiocfadh i mBéarla; ba dhearcadhcoitianta go leor é sin ag an am.

Ar na daoine a chuaigh go Gleann Cholm Cille, an bhliain sin,
i gcuideachta Bhríghde agus mé féin, bhí seisear eile a mbheadh cónaíorthu ar ball i nGaeltacht Bhóthar Seoighe, mar a bhí, Seoirse agusÁine Eagleson, Monica Mhic Giolla Chatháin, Seán Mac Aindreasa,
Liam Andrews agus Donnchadh Ua Bhruadair. Ar na daoine eile abhí ann, bhí Caoimhín Ó Loingsigh; Breandán Mac Goill; Seán MacGabhann; Brian Ó Maoileoin, a bhean Caitlín agus a mbeirt pháistí,
Caoimhe agus Pádraig; Nollaig Ó hUrmoltaigh, Seán Ó Bruadairagus Caitlín Nic Charráin.

Obair i lár na cathrach

Tamall i ndiaidh dom m’ainm a athrú go Gaeilge, in 1964, d’fhág méan post a bhí agam le Comhairle na Cathrach i mBéal Feirste aguschuaigh mé ag obair ag comhlacht beag innealtóireachta i lár nacathrach darbh ainm John Robertson. Ba mé féin amháin a bhí i
mbun dheisiú na n-inneall díosail san áit agus thaitin éagsúlacht nahoibre liom. D’oibrigh mé ar bháid, ar thraenacha agus ar leoraithe degach cineál. Ba é John Robertson a bhunaigh an comhlacht a d’fhágsé le huacht ag a bheirt mhac, cé go raibh sé féin marbh le fada. Badhaoine lácha iad nár chuir chugam ná uaim le linn dom a bheith agobair acu agus níor thug mé féin aon ábhar dóibh le bheith míshástale mo chuid oibre.

95

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 96
Cúrsaí polaitíochta 1964

Ba athruithe pearsanta iad sin, an t-athrú poist agus an t-athrú ainmin 1964, ach tharla athruithe ní ba mhó, a bhain leis an phobal uilig,
sa bhliain chéanna. I mí Eanáir, tháinig grúpa de dhaoine le chéile inDún Geanainn i gContae Thír Eoghain gur bhunaigh siad The
Campaign for Social Justice. Bíodh is nach raibh an Ghaeilge i gceistag na daoine a bhunaigh an CSJ, ba é an meon céanna acu sin i dTírEoghain agus againne i gCumann Chluain Ard i mBéal Feirste athug orainn dúshlán an stáit a thabhairt go síochánta lenár gceartamar shaoránaigh a fhógairt. Murab ionann agus muid fein, ba denmheánaicme Chaitliceach iad muintir Thír Eoghain agus rún acusolas a chaitheamh ar an leatrom a bhí á dhéanamh ar an phobalnáisiúnach ó thuaidh. Níorbh éigean a rá leis an ghnáthnáisiúnaí cadé mar bhí cúrsaí nó chonaic siad an leatrom sin á fheidhmiú ina
dtimpeall gach lá, i gcúrsaí tithíochta, i gcúrsaí fostaíochta, i gcúrsaípolaitíochta. Chonaic mé féin é: deirfiúr dom arbh éigean di fanachtseacht mbliana le teach a fháil ó Chomhairle na Cathrach i mBéal
Feirste fad agus a bhí comhoibrithe liom, go mba Aontachtaithe iad,
ag dul isteach i dtithe nua de chuid na Comhairle agus gan iad ar anliosta feithimh ach cúpla mí; deirfiúr eile ar diúltaíodh post di sa Coop
i mBéal Feirste (‘siopa na ndaoine’, mar dhea) de bharr, mar achuala sí ó iarrthóir eile, nach raibh siad ‘ag iarraidh duine dá
macasamhail’.

Ba dhaoine gairmiúla iad bunús na ndaoine a bhí ag baint leis anCampaign for Social Justice. Thuig siad nár leor fios pearsanta bheithag náisiúnaithe go raibh an leatrom seo á dhéanamh, ach go raibh sériachtanach an taighde a dhéanamh, na staitisticí agus na liostaí a churle chéile, go cruinn agus go fuarchúiseach, agus ansin an fhianaise afhoilsiú. Ar an dóigh sin, níorbh fhéidir a shéanadh go raibh an
t-eolas ag an saol, eolas a chruthódh cad é mar a bhí na húdaráis inStormont agus sna Comhairlí Áitiúla ag séanadh a gceart ar an phobalnáisiúnach. Le leabhrán beag amháin, Northern Ireland, The Plain
Truth [Feabhra 1964], léiríodh chomh fairsing agus chomh domhain

96

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 97
is a bhí an leatrom, gur bhain sé le beagnach gach gné de shaol anstáit agus gur thruailligh sé an t-iomlán, náisiúnaithe chomh maith lehaontachtaithe. Níorbh fhurast ag na húdaráis beag is fiú a dhéanamhden taighde nó den ghrúpa taobh thiar de, nó cur ina leith gur madraílathaí de chuid ghluaiseacht na Poblachta a bhí iontu.

Thug siad dúshlán Phríomh-Aire na Breataine, Sir AlecDouglas-Home, ag preasócáid i mBéal Feirste, faoi chás an phobailnáisiúnaigh agus lean leo ag cur crua air i rith an tsamhraidh le gonglacfadh rialtas na Breataine leis go raibh sé freagrach ingníomhartha Stormont. Ach ba é nochtadh na fírinne don phobalnáisiúnach faoin drochíde a bhí á fulaingt acu – d’fhoilsigh siad fíricína héagóra agus iad carntha ceann ar cheann – ba é sin an uirlis adhaingnigh gluaiseacht na gceart sibhialta agus a chuir sracadh inti.
Chuaigh an feachtas i neart sa bhaile agus den chéad uair i saol an stáitó thuaidh, b’fhollasach don domhan cad é a bhí ar siúl sa choirnéalbheag seo den Ríocht Aontaithe. Ach ní dócha gur chuir an domhanmórán suime sa scéal go dtí gur tharla eachtra ní ba dhrámata náthiocfadh leis an CSJ a dhéanamh choíche.

Ba é an toghchán do Westminster a fógraíodh i Meán Fómhair1964 an cúlra don eachtra. Do dháilcheantar Iarthar Bhéal Feirtse,
bhí ceathrar iarrthóirí ann: Aontachtaí amháin, duine as lucht oibrena hÉireann, duine as lucht oibre thuaisceart Éireann agus LiamMcMillen ó Shinn Féin. Fuair na Poblachtaithe seansiopa ar cíos iSráid Dhuibhise mar cheanncheathrú agus chuir siad bratach na dtrídhath san fhuinneog. Níor tugadh suntas ar bith di nó bhí an siopasuite i gceartlár an cheantair is mó Caitliceach sa chathair. Ach chualaan ministir gríosaitheach, Ian Paisley, faoi agus bhagair sé go siúlfadhsé féin agus a lucht tacaíochta suas Bóthar na bhFál agus an bhratacha ghabháil mura ndéanfadh na húdaráis é. Lean sé leis an bhagairt arfeadh cúpla lá ach gan cur léi. Tháinig an t-iarrthóir Aontachtachamach chomh maith agus d’éiligh ar na húdaráis an bhratach aghabháil. Ba ar éigean a bheadh Paisley sásta cur lena bhagairt nó níraibh a lucht tacaíochta líonmhar ag an am, ach thuig sé go raibh andlí ar a thaobh ó 1954 nuair a chuir Stormont cosc ar bhratach na
dtrí dhath a thaispeáint áit ar bith sna Sé Chontae.

97

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 98
Ghéill na húdaráis do bhagairt Paisley agus ordaíodh do napóilíní an bhratach a ghabháil. Oíche Luain, 28 Meán Fómhair,
chruinnigh an RUC na fórsaí a bhí de dhíth le ruathar a dhéanamhar Oifig Shinn Féin. D’ionsaigh an RUC, gona gcarranna armthaagus gona meaisínghunnaí, slua de mhuintir na háite a bhícruinnithe ar an láthair agus d’fhreagair siadsan le cith de chlochaagus de bhuidéil. Níor scaoileadh urchar ar bith, an oíche sin, achd’éirigh leis na póilíní doras Shinn Féin a bhriseadh isteach agus anbhratach a ardú leo. D’ordaigh na húdaráis do Paisley gan dul a fhadle Sráid Dhuibhise mar a bhí sé ag bagairt agus d’fhan sé féin agusa lucht tacaíochta ag Halla na Cathrach ag éagaoineadh agus ag guíDé iad a shábháil ón Phápa. Chuir McMillen scéala chuig HaroldWilson, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana a bhí sa fhreasúraag an am, ag fiafraí de cad é a bhí sé ag dul a dhéanamh faoin ionsaíseo ar an daonlathas. Thug McMillen le fios chomh maith muradtabharfadh an RUC an bhratach ar ais go gcuirfeadh sé ceann eileina háit agus chuir.Tráthnóna Dé Céadaoin, tháinig an RUC ar aisagus ghabh an dara bratach. Faoin am seo, bhí an scéal sna meáinagus é á scaipeadh thall.

Círéibeacha 1964

Ar an chéad oíche de na círéibeacha, tharla Bríghid agus mé féin arobair na Réalta i dtuaisceart na cathrach, agus muid ag scaipeadhTimire an Chroí Naofa ar Ghaeilgeoirí. Ar theacht a fhad le SráidDhuibhise dúinn ar ár mbealach abhaile, shiúil muid linn thart arShráid Northumberland (an áit a leanann Bóthar na bhFál ó ShráidDhuibhise) agus ba ansin a mhothaigh muid an clampar, na soilsesráide briste, leoraithe de chuid an RUC suas síos an bóthar deruathar, buachaillí óga an cheantair ag tabhairt foghanna ar na póilíníle ceathanna cloch agus le buidéil pheitril agus ansin ag éalú leo síosna taobhshráideanna agus na póilíní sa tóir orthu.

98

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 99
Bhain an bheirt againne na Folcadáin Phoiblí amach agus súilas againn go raibh muid ag imeacht as láthair na círéibe, ach tharlafogha ó lucht na gcloch agus siúd chugainn an RUC sa tóir orthu –
agus orainne. Rith an bheirt againn rompu isteach i Sráid Alma agusmuid ag dúil leis an tóir a sheachaint, ach b’shin iad na póilíní samhullach orainn.Thug baicle de chuid an RUC ruathar síos an tsráid,
clogad crua ar gach duine acu agus smachtín á luascadh i ngach lámh,
iad ar bior le cloigeann a aimsiú. Ní thiocfadh linn a dhath adhéanamh ach teannadh isteach i ndoras tí agus féachaint lenárgceann a chosaint ó na smachtíní. Glas-stócaigh de chuid na tuaithea bhí i mbunús na bpóilíní, fír mhóra gharbha a tugadh isteachd’aonghnó don ócáid agus nuair a chuala mé duine acu ag rá lenachomrádaí,‘Did ye get a skull yet, Sam?’, shíl mé go raibh mo chnaipedéanta. Mar a tharla, ba mheasa a mbagairt ná a mbuille agus lig siaddúinn imeacht. Ag amharc siar air, is dócha go raibh a sáith eaglaorthu féin nó ní raibh acu le iad féin a chosaint ach cláir de bhocsaí
bruscair. Ní raibh ábhar cosanta féin acu mar ba cheart nó ba ar éigeana bhí gá leis roimhe sin cé go mbeadh gá leis feasta agus go ceann ibhfad.

Mhair círéibeacha Shráid Dhuibhise trí lá, ach chuir siad tús letréimhse i bhfad níb fhaide, tréimhse ina bhfaigheadh na mílte básagus ina gcuirfí deireadh le Stormont. Bhí ceithre bliana le cur thartgo dtí mórshiúlta na gceart sibhialta, ach sa sos sin, chruinnigh an dáthaobh neart de chineál éigin: fuair sciar den phobal náisiúnach amachcad é chomh leochaileach agus a bhí fórsaí an stáit nuair a cuireadhcrua orthu agus fuair Paisley amach go mbeadh cead a chinn aige lebagairt agus le cothú an tseicteachais, ceacht nach ligfeadh sé indearmad choíche.

Ach ag an am, Meán Fómhair 1964, ba dheacair a rá cé a bhain.
I ndiadh trí lá de chéiréibeacha, bhí an RUC spíonta agus b’éigeandóibh cúlú. Ar Dhomhnach na seachtaine sin, shiúil cúpla mílePoblachtaí síos Bóthar na bhFál a fhad le Smithfield agus bratach nadtrí dhath ar iompar acu agus níor cuireadh chucu ná uathu. Bíodh isgur bhain an tAontachtaí, Jim Kilfedder, an suíochán agus gur ghabhsé buíochas go pearsanta le Paisley as cuidiú leis, lean Paisley ar

99

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 100
aghaidh ag scaipeadh a shoiscéil de nimh agus d’eascairdeas agus ag
maíomh as a bhua i ‘gCath Shráid Dhuibhise’ agus ag tochailt faoinPhríomh-Aire, Terence O’Neill, go dtí gur éirigh leis é a bhriseadh.
D’fhéadfá a rá gurbh í an bhratach sin i bhfuinneog an tsiopa i SráidDhuibhise a bhris Stormont.

Cúrsaí Aifrinn 1965
agus ó shin i leith

Aithnítear na seascaidí anois mar thréimhse an éirí amach, an uair athosaigh an t-aos óg ag tabhairt dhúshlán na n-údarás, ag ceistiúfhiúntas an tsinsir, agus nuair a chonacthas dóibh gur chóir agóid adhéanamh, rinne siad agóid. B’amhlaidh i ngluaiseacht na Gaeilge.
Ach thosaigh muidne leis an údarás cumhachtach eile in Éirinn, anEaglais Chaitliceach. Ní raibh an bhliain 1965 ach ina tús nuair athosaigh muid ar fheachtas faoin Aifreann.

Luaigh mé cheana féin an iarracht a rinne muid, ag deireadh nagcaogaidí, na paidreacha ag deireadh an Aifrinn in Ard-EaglaisNaomh Peadar bheith i nGaeilge. Ag an am sin, bhíodh an tAifreanni Laidin, ach faoin bhliain 1965, bhí an Eaglais Chaitliceach réidh lemoltaí Dhara Comhairle na Vatacáine a chur i bhfeidhm agus bhí séar intinn acu ‘teanga na ndaoine’ a úsáid san Aifreann, in áit naLaidine. Bhí muid in amhras an ndéanfadh an cliarlathas beart ar bith
ar son na Gaeilge agus rinne amach go raibh gá le feachtas éigin mábhí Aifreann Gaeilge le bheith againn nó nach bhfaighimis a dhathina éagmais. Scríobh mise chuig an Easpag Mac Philibín ag iarraidhgo mbeadh Aifreann amháin Gaeilge in achan pharóiste. Scríobh séar ais, ar 14 Eanáir 1965, i nGaeilge – bhí clú éigin air mar scoláireGaeilge ach go bhfios dom, níor léirigh sé mórán spéise inti le linn dóa bheith sa Deoise. Seo an litir a chuir sé:

100

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 101
Lisbreen
Somerton Road
Belfast 15
14/1/65

A Chara

Tá do litir fáighte agam. Cé gur mhian liom congnamh athabhairt don Ghaeilg ní thig liom glacadh go hiomlán leis andearcadh a fheictear a bheith agat ar an Aifreann maidir le cúrsaína teangan. Ní h-in a rádh nach bhfuil an cheist á iniúchadhagam, i gcomhairle le Gaeilgeoirí a dtig leo labhairt thar ceanncomhbhráithreachais Chaitliceach.

Is mise le dúthracht duit

+ Liam Mac Philibín
Ní raibh a fhios againn go fóill an raibh Aifreann Gaeilge ag dul abheith againn, ach ba léir ón litir nach raibh sé ag dul a phlé na ceistele duine den ísealaicme, mo mhacasamhail féin. Agus cérbh iad naGaeilgeoirí a raibh sé ar a gcumas labhairt thar ceann anchomhbhráithreachais Chaitlicigh? Ní raibh muid féin sásta leis anneamhfhreagra seo agus d’éisigh mé féin agus Séamus de Brún ráiteasar son Theaghlaigh Ghaelacha Bhéal Feirste ag rá gur sárú coinsiasaa bheadh ann freastal ar Aifreann Béarla agus ag iarraidh arís gogcuirfeadh an tEaspag Aifreann amháin Gaeilge ar fáil i ngachparóiste sa Deoise. Ní dócha gur chreid muid go raibh seans ar bithgo bhfaighimis Aifreann Gaeilge i ngach paróiste, ach níor mhiste níba mhó a iarraidh le ní ba lú a fháil.

Ar aon nós, fuair muid Aifreann amháin sa tseachtain, i dTeachPobail Naomh Muire, i lár na cathrach, ag tosú 7 Márta 1965. Ba éan tAthair Mag Uidhir (mo sheanmhúinteoir Gaeilge ó CholáisteMhaolmhaodhóg) a dúirt an chéad Aifreann Gaeilge sin. Ba é sin anscéal maith; ba é an drochscéal ná cinneadh an Easpaig nach mbeadhaon Aifreann Gaeilge ann i rith an tsamhraidh, is é sin, i mí Iúil agusi mí Lúnasa. Ní ba mheasa, níor thairg sé aon dispeansáid ó fhreastalar Aifreann dúinn sna míonna sin! Is féidir go bhfuil sé deacair anois

101

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 102
ag daoine a thuiscint go raibh aird ag formhór na gCaitliceach ar andualgas Aifreann a éisteacht Dé Domhnaigh agus ar lá féile: bapheaca marfach é gan an dualgas sin a chomhlíonadh. Chonacthasdúinn go raibh an tEaspag ag déanamh beag is fiú dár gcreideamh.
D’éirigh muid ó na glúine agus chuaigh i mbun agóide in athuair.
Chruinnigh slua 150 duine taobh amuigh de Theach Pobail NaomhMuire agus sheol muid litir chuig an Easpag ag impí air an tAifreanna choinneáil ag dul agus ag iarraidh cruinniú leis chun an scéal a phlé.
Cluas bhodhar a tugadh dúinn an iarraidh sin fosta agus anDomhnach ina dhiaidh sin, thriall cuid againn ar theach an Easpaigar Bhóthar Somerton gur chuir muid picéad air. Nuair a diúltaíodh andoras a oscailt, bhí fonn ar dhuine nó dhó inár measc cúpla fuinneoga bhriseadh, ach choinnigh muid srian orthu agus mhair na fuinneoga.
D’imigh muid abhaile go ciúin cneasta agus an tseachtain ina dhiaidhsin, chuaigh cuid againn go Baile Átha Cliath le hAifreann Gaeilgea éisteacht, eachtra a fuair rud beag poiblíochta sna nuachtáin.
B’fhéidir gur chuidigh an phoiblíocht, ní fios anois, ach an bhliain dárgcionn, cé nár dúradh a dhath os ard, bhí Aifreann Gaeilge ann i rithan tsamhraidh agus ó shin. D’fhéadfá a rá gur ghnóthaigh muid arphointí!

Ó shin i leith, tá an tAifreann Gaeilge ann gach Domhnach; in2005, ceiliúradh daichead bliain de ar ócáid mhór i Naomh Clementar Bhóthar Aontroma.

I dtaca leis na féilte de, ar a raibh dualgas Aifreann a éisteachtfosta, shocraigh muid féin Aifreann ar feadh tréimhse; bhíodh siad ináiteanna éagsúla (Trench House, séipéal Chlochar Louisville agus sascoil féin) agus á rá ag cibé sagart a d’fhéadfadh bheith ann dó. Nuaira bhíodh an tAthair Caoimhín Mac Maoláin i gColáisteMhaolmhaodhóg, ba mhinic a déarfadh seisean é; chomh maith, dúirtan tAthair Breandán é agus an tAthair Moley, roinnt uaireanta, agusan tAthair Des Wilson agus Pat Buckley. Foghlaimíonn tú sin lehimeacht ama, b’fhéidir, go mbíonn uaireanta ann a thig an cuspóir abhaint amach ar do chonlán féin gan dul san aghaidh air.

Ní héigean a mhíniú do na daoine a d’fhreastail ar an Aifeann trína blianta cad é chomh mór agus atá muid faoi chomaoin ag na sagairt

102

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 103
uilig a rinne freastal ar Phobal na Gaeilge ag an Aifreann sin agus ardhóigheanna eile. Seo cuid acu agus níl ann ach cuid acu: CaoimhínMac Maoláin, Tomás Mac Parthaláin nó Bartley (nach maireann),
Oilibhéar Ó Scealláin (nach maireann), Pádraig Ó Domhnaill,
Diarmaid Ó Riain, Adrian Eastwood, Seán Ó hÉigeartaigh, AlanMac Eochagáin, Peter Carlin, Darach Mac Giolla Chatháin, ClemMac Mánais, Seán Ó Mothlaigh, Cathal Ó Manacháin, Séamus ÓBaoill, Brian Mac Brádaigh (nach maireann) agus an tEaspag MacEoin féin. Ní mhairfeadh an tAifreann Gaeilge i mBéal Feirste ina
n-éagmais. Is fiú a mheabhrú dúinn féin gurb é an tAifreann Gaeilgean t-imeacht is mó a mbíonn Gaeilgeoirí aige go rialta i mBéal Feirsteó bhliain go bliain agus le daichead bliain anuas, ba iad muintirGhaeltacht Bhóthar Seoighe a bhí go minic mar chrann taca aige.

Níl an tAthair Breandán Mac Maoláin luaite thuas nó is ceart
buíochas faoi leith a thabhairt dó ar son a dhílseachta agus a shaothairar feadh breis is daichead bliain, ní amháin do phobal an Aifrinn achdon scoil: bhí sé ina shéiplíneach aici ón tús; ba eisean a rinne an chéadChéad Chomaoineach in 1973 gan ach triúr páistí ann. D’fhéadfá ará go raibh dhá pharóiste faoina chúram i gcónaí.

Is é an tAthair Ó Baoill an sagart paróiste anois ag Naomh Muireagus deir sé féin an tAifreann Gaeilge ar a sheal; is duine de naMillhill Fathers é mar a bhí na sagairt i Naomh Muire le fada. Ba éan tAthair Oilibhéar Ó Scealláin an sagart paróiste roimh an AthairÓ Baoill; bhí sé ann le fiche bliain agus aithne mhaith aige ar gachduine. Seanmóirí bréa a bhí ann, cuid mhór léite aige agus smaointesuimiúla agus barúlacha tréana aige. Bhí suim mhór aige i stair nahÉireann agus sa litríocht: d’aithrisíodh sé dánta Gaeilge uaireantaar an Aifreann, dánta Muimhneacha de ghnáth – bhí sé féin asLuimneach. Cúpla bliain ó shin, cuireadh chun na Róimhe é le bheithi mbun cheanncheathrú an Oird agus ba sa Róimh a fuair sé bás,‘cian
ó otharluí a shinsir’, mar a scríobh na hAnnálaithe fadó faoi dhuineeile a d’éag sa Róimh.

103

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 104
Cór an Aifrinn

Gné eile de scéal an Aifrinn ba cheart a lua ná an ceol agus arís, ba écrann taca cheol an Aifrinn é an tAthair Breandán nó is fear mór
ceoil é. Cuireadh tús le cór an Aifrinn sa bhliain 1983 faoi stiúir
Éamoinn Uí Fhaogáin agus Gabrielle Nig Uidhir.

Bhí Éamonn ina mhac léinn sa Choláiste Oiliúna ag an am agusé ag foghlaim Gaeilge; ba amhránaí breá é a raibh suim as cuimse aigesa cheol agus sa Ghaeilge araon; nuair a chríochnaigh sé an cúrsaoiliúna, chuaigh sé ag obair i mbunscoil ag teagasc páistí a raibhfadhbanna foghlama acu agus sin an obair atá aige i gcónaí, ach páirtlárnach aige, i rith an ama, i saol na Gaeilge i mBéal Feirste. BhíGabrielle ag obair san ollscoil agus sa Choláiste Oiliúna agus ar feadhtamaill i mBunscoil Phobal Feirste; ní ba mhoille, d’fhoilsigh síleabhar, Our Own Language, bunaithe ar thráchtas a scríobh sí faoinacuid taighde ar phobal Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus go háirithear na daoine óga sa phobal sin; is léachtóir í le fada i gColáisteOllscoile Naomh Muire (an Coláiste Oiliúna mar a bhíodh), agus í agplé leis na cúrsaí Gaeilge atá ann anois.

Ba iad muintir óg ón ‘choilíneacht’ formhór bhaill an chóir agusar feadh na mblianta, chuir an ceol go mór leis an Aifreann, goháirithe ar ócáidí mar an Chéad Chomaoineach agus an Cóineartú.
Ach fásann daoine óga agus téann a mbealach féin agus sin mar atharla, cé nach bhfuil an tAifreann gan cheol nó go hiondúil, bíonnÉamonn ann (le cuidiú ó Martita Uí Mhaolchraoibhe agus óDhiarmuid Ó Bruadair) mar aon le muintir Uí Mhonacháin, Ita,
Méabh, Eimear agus Úna, a sheinneann gléasanna éagsúla ceoil agusa bhfuil bua iontach ceoil acu.

I mí na Bealtaine 2003, tharla ócáid speisialta cheoil nuair ad’fhreastail slua mór ar Aifreann a chum Patrick Davey, Aifreannbunaithe ar théama Charraig an Aifrinn agus na bPéindlíthe; ba éÉamonn an t-amhránaí aonair agus Cór na nGlinntí in éineacht leis;
thug mé féin caint ar an ócáid.

104

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 105
Misneach agus agóidí Aifrinn

Le linn dúinn féin bheith ag troid faoi Aifreann i mBéal Feirste, bhíMisneach ag dul don obair chéanna ó dheas. Rinne siad suirbhé, achuir siad ar fáil sa nuachtlitir a bhí Séamus Ó Tuathail ag cur amach,
agus ba mheasa an scéal go minic ná mar a bhí i mBéal Feirste féin. ImBaile Átha Cliath: Aifreann Gaeilge amháin in aghaidh na míosa,
ach seanmóir i mBéarla de ghnáth; b’annamh Aifreann Gaeilge arfáil i ndiaidh a deich a chlog. Corcaigh: Aifreann Gaeilge amháingach seachtain. Béal Feirste: Aifreann Gaeilge amháin gach seachtain.
Luimneach: dhá cheann. Trá Lí: dhá cheann. Doire: faic. Gaeltacht
Thir Chonaill: go maith in áiteanna. Gaeltacht Chois Fharraige: gomaith. Gaeltacht Mhaigh Eo: faic. Gaeltacht na Rinne: faic. Ba léir ónsuirbhé má bhí grúpa ann i gceantar, má bhí sé beag féin, go dtiocfadhleo dul i bhfeidhm ach a nglór a ardú agus ba sin an teachtaireacht abhí Misneach ag iarraidh a thabhairt.

Bhí Misneach beo go maith in 1965, iad ag brostú daoine legníomhú ar a son féin ó thaobh na Gaeilge de agus gan bheith idtuilleamaí na n-eagras Gaeilge le haghaidh treorach. Dar le Misneach
go raibh na heagrais sin leamh, gan éifeacht agus nach ndéanfadh achan gníomh díreach pearsanta iad a dhúiseacht as an támhnéal inaraibh siad. Tugann spléachadh ar an nuachtlitir léargas ar anteachtaireacht a bhí á craobhscaoileadh ag Misneach:

Teachtaire é seo a bheas ag dul chuig na daoine aonraic sin gacháit sa tír ag baint ceart amach dóibh féin mar Ghaeilgeoirí.
Tabharfaidh sé cruinn-eolas dóibh faoin troid atá ar siúl agdaoine eile i ngach gné den saol, faoi bhealaí oibre, faoi nadeacrachtaí, faoi dhul chun chinn agus dhul ar gcúl. Féachfaidhse leis na hiarrachtaí aonraic seo a chomh-aontú agus ar angcaoi sin an troid á leathnú amach agus gach tacaíocht gurféidir a thabhairt don iarracht phearsánta atá na daoine seoag déanamh. Is iad na daoine is tábhachtaí sa tír na Gaeilgeoirí

105

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 106
atá ag troid lena saol féin a Ghaelú, an dream ar sarú

choinsiasa dóibh glacadh le Béarla i gcúrsaí stáit ná eaglasta.

Chuaigh sé ar aghaidh ansin a dhéanamh cur síos ar iarrachtaí a rinnedaoine aonair lena gcearta a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge de.
Máirtín Ó Cadhain, mar shampla, nuair a thug RTÉ foirm Bhéarladó le síniú le híocaíocht a fháil do chlár a rinne sé dóibh, dhiúltaighsé don fhoirm agus fuair siad ceann déanta go speisialta dó. Chuir sésuas don cheann sin fosta agus dúirt gur mhaith leis ceann snasta araon chaighdeán leis an cheann Béarla. Fuair sé sin, rud a d’fhág goraibh siad ar fáil ag an uile dhuine as sin amach. Ba é sin an cineálseasaimh radacaigh aonaraigh a bhí Misneach ag iarraidh a spreagadh
an t-am ar fad a mhair sé.

Tuarascáil an Choimisiúin um
Athbheochan na Gaeilge

Tochailt faoi na húdaráis le ceap magaidh a dhéanamh díobh athrialladh siad fosta. Mar sin, in 1965, d’éirigh le Misneach bob a
bhualadh ar an rialtas agus é ar tí Tuarascáil an Choimisiúin Um
Athbheochan na Gaeilge a fhoilsiú. Ba thuarascáil í a rabhthas á cur le
chéile le cúig bliana agus a raibh scéal mór le déanamh fúithi go poiblílena chur in iúl go raibh obair iontach ar siúl ar son na Gaeilge.
D’éirigh le Misneach cóip den Tuarascáil a fháil sular foilsíodh í agustéip de na moltaí a sheinm i mBéal Feirste agus Ó Cadhain lecluinstin ar an téip ag lascadh na moltaí agus a laigí. An t-am sin, nírud coitianta é sceitheadh den chineál sin, agus fuair sé go leorpoiblíochta; chuir sin míshásamh ar an rialtas nó ní amháin gur chuirsé cuma amaideach air, ach mhill sé an feachtas mór caidrimh phoiblía bhí beartaithe do sheoladh na tuarascála. Theastaigh ó Mhisneacha léiriú don phobal mhór an fhimíneacht a bhí ag baint, dar leo, le cur

106

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 107
chuige an Rialtais ar chur i bhfeidhm na moltaí. Rinne an Coimisiúnan dubh rud oibre ar an Tuarascáil agus rinne siad breis agus 300moladh cinnte a dhéanfadh leas dá gcuirfí i bhfeidhm iad, ach go raibhsin in amhras go mór. Mar a fuair muid amach taobh istigh de roinntblianta, níor cuireadh ach fíorbheagán acu i bhfeidhm riamh.

I dtreo an Ghaeloideachais

Ní luaithe a bhí feachtas an Aifrinn thart gur dhírigh muid ár n-airdar an Ghaeloideachas den chéad uair. Níor tugadh faoinGhaeloideachas ó thuaidh go dtí sin ainneoin fealsúnacht radacach anlán-Ghaelachais bheith á craobhscaoileadh i mBéal Feirste le breis
agus cúig bliana déag. Ar theacht an fhómhair an bhliain sin (1965),
scríobh Séamus de Brún chuig Roinn an Oideachais ag iarraidhcruinniú leis an scéal a phlé, mar gheall, is dócha, go raibh roinnt dena páistí ag tarraingt ar aois scoile anois.

Bhí scoil san áireamh riamh mar chuid den scéim Ghaeltachta a
bhí á beartú againn i rith an ama. Ach in 1965, ní raibh sé d’acmhainn
againn scoil a bhunú. Scéim na dtithe féin, bhain sí breis is ceithrebliana asainn agus d’fhág sí traochta sinn ach, ar a laghad, bhí an chuidba mheasa thart an uair amháin a bhí na tithe tógtha. Ní bheadh sinamhlaidh le scoil.

Ní go dtí 1971 a bheadh scoil againn, beart a bheadh dúshlánachagus a d’fhágfadh ualach trom orainn go ceann i bhfad. Dá mbeadha fhios againn na deacrachtaí a bhí romhainn, níl a fhios agam andtabharfadh muid faoi. De cheal scoil Ghaeilge, tuismitheoirí a raibhpáistí in aois scoile acu, fágadh iad gan de rogha acu ach a gcuid páistía chur ar scoil Bhéarla. Ba é an bharúil a bhí ag duine againn, BrianÓ Maoileoin, agus dúirt sé go neamhbhalbh é, gur mhithid dúinnscoil a bhunú agus gur cheart é sin a dhéanamh láithreach, fiú amháingan scéim thithe. Ní raibh an chuid eile againn ar aon intinn leis nócheap muid gurbh fhearr fanacht go raibh an Ghaeltacht bunaithe

107

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 108
agus cuid de na tithe ar a laghad tógtha sula dtabharfaimis faoi scoil.
Baineadh mealladh as Brian agus de réir a chéile, scar sé dínn agus éar intinn aige scoil a bhunú é féin. Rud a rinne sé ar feadh tamaill dáchuid páistí féin, ach níor mhair sí i bhfad agus sa deireadh, d’imighsé féin agus an teaghlach go dtí an Chéinia, áit ar chaith sé seal debhlianta ag teagasc i measc na mbundúchasach. Ar theacht ’na bhailedóibh, rinne siad cónaí i Ros Goill i nDún na nGall.

Ba ar choláiste Gaeilge Ros Goill a casadh Brian orm den chéaduair, in 1956. Bhí gealladh mór faoi Bhrian ó bhí sé an-óg agus bhíscoth na Gaeilge aige. Duine ildánach a bhí ann: ealaíontóir,
scríbhneoir, drámadóir agus file. Bhí luí mór aige féin agus ag a bheanCaitlín – arbh amhránaí breá í – leis an cheol agus thóg siad clann dechúigear a bhí mar cheann de na grúpaí is fearr de cheoltóirítraidisiúnta is a bhí sa tír, mar a bhí, Ceoltóirí Ghoill. Fuair Brian bás
sa bhliain 2003.

Ar 8 Deireadh Fómhair 1965, bhí cruinniú againn ag DundonaldHouse, Ceanncheathrú Roinn an Oideachais ó thuaidh. Mé féin,
Séamus de Brún agus an tAthair Breandán Mac Maoláin a bhí iláthair agus chuir muid in iúl go raibh sé ar intinn againn scoilGhaeilge a chur sa tsiúl agus gur mhaith linn a chluinstin céndearcadh a bheadh ag Roinn an Oideachais ar a leithéid. D’éist RúnaíSeasta na Roinne, John Benn, agus beirt státseirbhíseach eile gobéasach linn, bhreac síos an t-eolas agus d’fhag slán againn. Ní raibhmuid ag dúil, ar ndóigh, go mbeadh freagra dearfach againn ar ár
n-iarratas agus mar sin, níor baineadh mealladh asainn nuair a fuairmuid freagra ón Roinn, 29 Samhain, ag rá gur chuma cé acu bhí anscoil féin sásúil agus na múinteoirí cáilithe agus an teagasc go maith,
nach n-aithneodh an Roinn teagasc trí mheán na Gaeilge bheithéifeachtach ná oiriúnach do dhaoine óga agus mar sin, go ndéanfadhan Roinn casaoid oifigiúil faoin scoil. Ba é a bhí sa litir:

‘… it is the Ministry’s view that instruction given entirelythrough the medium of Gaelic would not constitute … efficientand suitable instruction … for the pupils of an independentschool. A complaint would therefore be served by the Ministry.’

108

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 109
Bhí sé, a maíodh sa litir, in éadan an dlí scoil neamhúdaraithe areáchtáil: ‘. . .if the proprieters do not remove the deficiency complained of(sa chás seo, an Ghaeilge!) within a specified time the Ministry thenformally strikes the school off the register. It is an offence against the law toconduct an unregistered school.’ B’ionann sin agus a rá linn go gcuirfí andlí orainn dá mbunóimis scoil Ghaeilge.

Níor chuir an litir iontas orainn agus ó tharla nach raibh sé arintinn againn scoil a bhunú láithreach, níor chuir an freagra bagrachaon imní orainn. Níor caitheadh, dar linn ag an am, mórán ama arghnó beag neamhshuimiúil s’againne, d’ainneoin gur bhain sé breis isseacht seachtaine as na státseirbhísigh freagra a chur: ba dhual dostátseirbhísigh am a chur amú ar mhionghnó.

Is cosúil nach raibh an ceart againn, áfach, mar a fuair muidamach 30 bliain ina dhiaidh sin nuair a osclaíodh taifid stáit na
tréimhse sin. De réir na dtaifead, caitheadh go leor ama taobh istighde Roinn an Oideachais ag cur agus ag cúiteamh faoin iarratas nó baé an chéad uair riamh i stair an Stáit a tógadh a leithéid de cheist. Bacheist gan réamhshampla é, rud a chuireann imní ar státseirbhísigh.
Phléigh na státseirbhísigh an bealach ab fhearr leis an litir a fhreagairtagus cuireadh an tAire Oideachais féin ar an eolas faoin scéal. Ansin,
iarradh a barúil ar dhuine de Chigirí Sinsearacha na Roinne; ba í seoJeannie Charleton, bean a raibh Gaeilge aici agus a bhí marscrúdaitheoir ar na scrúduithe béil Gaeilge sna scoileanna. (Gnéiontach de chúlra Charleton, rinne sí obair do MI5 na Breataine lelinn an Dara Cogadh Domhanda, agus í ag aistriú teachtaireachtaíGaeilge a bhíodh á gcraoladh ó Bheirlín ag Gearmánaigh a d’oibrighin Éirinn roimh an chogadh, a d’fhoghlaim an teanga agus a bhí áhúsáid anois mar ghléas bolscaireachta in éadan Shasana.) Fiafraíodhdi ar mheas sí go dtiocfadh páistí a oiliúint trí mheán na Gaeilge.
Dúirt sise go dtiocfadh nó go raibh sé á dhéanamh cheana ‘in the
Gaeltacht areas of Ireland, and there is at least one such school inDublin’. Ach chuir sí i gcoinne aitheantas a thabhairt do scoilGhaeilge i mBéal Feirste ar an acht go mbeadh sí róbheag agus ar aonnós, go mbeadh na páistí dátheangach faoi aois scoile agus inchurtha,
mar sin, le foghlaim trí Bhéarla.

109

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 110
Ba leor sin, is dóigh liom, le bealach amach a fhágáil ag an Roinnnó bhí sé ag teacht le barúil an Phríomh-Chigire, a dhearbhaigh, ilitir chuig an Rúnaí Seasta, gurbh é an Béarla teanga an Stáit agus gombeadh sé contúirteach agus i gcoinne pholasaí coitianta an Stáit,
glacadh le haon teanga eile seachas an Béarla.

Mar iarscríbhinn leis an litir a chuir an Roinn chugainn, dúradhgo dtiocfadh linn dul chun na cúirte má bhí muid míshásta leis anbhreithiúnas a thug siad. Ní gá dom a rá nach ndeachaigh muidbealach na cúirte agus go fírinneach, bhí an scoil féin bunaithe sulandearnadh teagmháil leo arís, ag deireadh 1971 [féach an tráchtas agDaithí Mac an Bhaird, An Stát agus Forbairt Bhunscoil Phobal Feirste
1965-1985, Ollscoil na Gaillimhe, 2003]. Faoin am sin, ba mhó debhuairt a bhí ar na húdaráis ná scoil bheag de naonúr daltaí.

Suíomh do scéim na dtithe

B’amhlaidh againn féin in 1965: d’ainneoin an chruinnithe leis anRoinn Oideachais faoin Ghaelscolaíocht ar 8 Deireadh Fómhair, bathábhachtaí againn an cruinniú a tharla dhá lá ina dhiaidh sin, igCumann Chluain Ard. Ba chruinniú é lena fhógairt go raibh focalfaighte againn ar thalamh ar Bhóthar Seoighe in iarthar na cathrach,
leadhb thalún a bheadh mór go leor le Gaeltacht nua uirbeach a lonnúuirthi. Ba chéim mhór chun tosaigh sin i stair an tionscnaimh agusníor mhiste an litir a thabhairt anseo a chuir rúnaí na scéime, Séamusde Brún, chuig teaghlaigh Ghaelacha i mBéal Feirste ag iarraidh orthutheacht chuig an chruinniú sin:

110

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 111
6ú Deireadh Fómhair ‘65

A Chara

Tá áthas orm cuireadh a thabhairt duit chuig cruinniú detheaghlaigh Ghaedhealacha Bhéal Feirste i gCumann ChluainArd, Dia Domhnaigh an 10ú lá de’n mhí, ar a seacht ‘a chlog.

Ceithre bliana ó shoin tháinic seachtar teaghlaighGhaedhealacha le chéile agus phlé siad gnáithe toighthe a thógáilin aice a chéile, go gcuirfí an chéad pobal Gaedhealach ar bun imBéal Feirste. Gan pobal de’n sórt seo ní féidir linn ár gceartmar shaoránaigh a dh’éileamh; nó ní thig le Bárdas, ComhairleConndae, nó Rialtas riar do dhream atá scáipthe frid daoine eilenach mbíonn an t-éileamh céadna aca. Chréid muid má bhí an
Ghaeltacht cheart le leathnú amach go gcaithfeadh Gaedilgeoirína Galltachta iad féin a neartú mar ionad, go ndéanfaimís anréamh-obair leis an leathnú amach a chur i gcrích.

Chuir muid fá n-ár gcoinne léab talaimh a cheannachttaobh istigh de limistéar Bhéal Feirste, agus mar is eol do chách,
níorbh é an rud a b’fhusa ach a mhalairt. D’fhán muid tamall
fada ach ní theachaidh ár ndúthracht amú, tá bréis is dhá acrafáighte againn ar bhóthar Uí Sheoighe. Áit í atá ag foirstin do naseirbhisí uilig agus atá suidhte i gceanntar a bhfuil áilneachtsléibhe agus pairceanna glasa thart timcheall.

Tuigfidh gach duine nach dtig scéim de’n chineál seo a churi gcrích gan ceangail ar na baill a bhéas páirteach ann. Cuirfidhgach ball a ainm le gealltanas a deirfeas gurab í an Ghaedhilgamháin a mbainfear úsáid aistí, mar ghnáth theangaidh adteaghlaigh, agus nach suidhfidh sé nó nach ndíolfaidh sé atheach le duine ar bith nach gcoimhlíonann an riaghal seo.

Beidh an t-áiltire Seán Mac Goill i láthair ag an chruinniúagus táisbainfear pleannanna de na toighthe. Bheirfear gacheolas fá chostas agus dhéanfar plé ginearalta fá na cúrsaí uilig.

Thar Phobal Feirste Teo.

is mise

Séamus De Brún

111

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 112
Má bhí focal anois againn ar an talamh ag Bóthar Seoighe, bhí goleor le déanamh againn go fóill leis an aisling a fhíorú. Bhí sé breisagus ceithre bliana ó thainig muid le chéile i dtosach agus bhílánúineacha a tháinig agus a d’imigh san idirlinn. Thug muidiarraidh i dtosach báire conraitheoir tógála a aimsiú a d’fhágfadhtithe in aice a chéile ar leataobh dúinn i scéim thithe dá chuid, achníor éirigh leis an smaoineamh sin. Chuaigh muid ansin ag breathnúar shuímh anseo is ansiúd. Aon uair amháin, agus cuimhnigh goraibh sé seo roimh na ‘Trioblóidí’, chuaigh muid ag amharc arleadhb thalaimh a bhí ar díol i nDún Dónaill, in oirthear nacathrach, timpeall cúpla míle ó Stormont, ar an bhealach go BaileNua na hArda. Ba mhór an gar nach ndeachaigh muid ar aghaidhleis an cheann sin nó ní dócha go mairfimis i bhfad ina leithéid decheantar nuair a thosaigh an bhruíon. Bhí talamh ag Baile Haine iniarthar na cathrach fosta ar chuir muid suim ann, talamh nach bhfuilrófhada ó Bhóthar Seoighe, ach gur talamh sléibhe a bhí ann agusmeasadh go mbeadh go leor deacrachtaí ag baint leis ó thaobhseirbhísí de. Bhí sé oiriúnach go maith don scéim s’againne agusiontach go leor, níor tógadh air riamh agus tá sé go díreach mar a bhísé daichead bliain ó shin. Dá mbeadh fonn ar dhream nua Gaeltacht
eile a bhunú i mBéal Feirste, sin an áit dóibh!

An talamh a fuair muid faoi dheireadh, ba chuid de réimsetalaimh é a bhí i seilbh an CLG (Cumann Lúthchleas Gael) arBhóthar Seoighe in iarthar na cathrach, ar imeall Bhaile Andarsan.
Bhí breis agus 50 acra ag an CLG agus chinn siad ar leathchuid dentalamh a dhíol agus an t-airgead a gheobhadh siad ar an díol a úsáidleis an leathchuid eile a fhorbairt mar pháirceanna imeartha. Chualamuidne faoi agus chuaigh muid i dteagmháil láithreach le beirt iar-
Uachtarán de chuid an CLG, mar a bhí, Pádraig Mac Con Midheagus Ailf Ó Muirí; ba bheirt iad a bhí sáite i gcúrsaí athbheochan naGaeilge a saol uilig. D’iarr muid orthu a dtionchar a úsáid le cúplaacra a fháil dúinne, cé go raibh an CLG ag iarraidh an talamh uilig adhíol le haon dream amháin de gheall ar é a bheith ní b’fhusa ó thaobhdlí de. Rinne siad rud orainn agus gealladh talamh dúinn. Ansin,
tháinig na Bráithre Críostaí chun tosaigh ag iarraidh an talamh uilig

112

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 113
a cheannach le scoil a thógáil, ach ní raibh siad i bhfách leis an scéims’againn bheith ar an láthair acu.

Ar an dea-uair, chloígh an CLG leis an socrú a rinne siad linnagus leis an scéal a réiteach, chinn na Bráithre ar phíosa eile talaimha iarraidh ar an Deoise, talamh a bhí taobh leis an bhealach mhór arBhóthar Seoighe, agus an talamh sin a thabhairt dúinne marchúiteamh ar an talamh a bhí geallta ag an CLG dúinn.

Bhí muid féin sásta leis an socrú seo nó b’fhusa dúinn na tithe a
thógáil gan é a bheith d’fhiacha orainn ábhar tógála a iompar tríthalamh nár linn é. Bhí sé sásúil ar an dóigh sin cé gur chuir anmalartú talaimh moill ar chúrsaí dlí. Ach ar a laghad, den chéad uairle ceithre bliana, d’fhág sé rud éigin cinnte againn le cur i láthair nadteaghlach. Feasta, ba ar rudaí praiticiúla a bheadh ár n-aird seachasar aislingí dóchasacha.

1966: An Language
Freedom Movement

Bhí Misneach ag leanúint leis na hagóidí i rith an ama agus bíodh isnach mbímis chomh minic ó dheas agus a bhímis roimhe, bhí muidgo fóill ag tacú leo nuair a bhí gá leis.Tháinig grúpa le chéile i mBaileÁtha Cliath a thug The Language Freedom Movement orthu féin, faoicheannas duine darbh ainm Christopher Morris. Bhí sé de chuspóirag an LFM dul go crua ar an rialtas le go dtabharfadh sé cúl lehathbheochan na Gaeilge mar chuspóir náisiúnta. Ba léir don chuidba radacaí de Ghluaiseacht na Gaeilge go raibh polasaí athbheochanaá thréigean ag an rialtas cheana féin, ach go raibh sé á dhéanamh faoichoim. Bhí an LFM anois ag iarraidh go mbeadh an tréigean sin marpholasaí oifigiúil. D’éirigh leo tacaíocht láidir go leor a fháil ó aicmíéagsúla den phobal; d’éirigh leo roinnt Gaeilgeoirí féin – Séamus ÓGrianna, an scríbhneoir Conallach, mar shampla – a tharraingt chucu,

113

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 114
agus an drámadóir cáiliúil Béarla, John B.Keane. Is féidir gur thacaighdaoine áirithe leis an LFM mar go raibh siad bréan d’fhimíneacht anStáit i leith na teanga seachas muinín bheith acu as cuspóirí an LFM.

Meán Fómhair 1966, d’eagraigh an LFM ollchruinniú i dTeachan Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath agus chuaigh an glaoch amachó Misneach oiread den lucht tacaíochta a bheith ann agus ab fhéidiragus an cruinniú a scor dá mba ghá. Bhí cuid againn ó Bhéal Feirsteann, i gcuideachta na cuideachta. Bhí an áit lán, ach is dóigh liom gurmó de Ghaeilgeoirí ná de mhuintir an LFM a bhí i láthair. Sadeireadh, ní raibh lámh ná páirt againne sa scliúchas a thárla ar anoíche nó ba í an rannóg ‘mheasúil’ de Ghluaiseacht na Gaeilge, antAthair Tomás Ó Fiaich agus Dónal Ó Móráin, ceannasaí Gael Linn,
a thug leo an oíche nuair a d’éirigh leo dul ar an ardán agus líomhaintí
an LFM a fhreagairt.

Cath Aontas na Mac Léinn

Ach bhí sé i ndán go gcuirfeadh muintir Bhéal Feirste aithne níosfearr ar an LFM nó ag deireadh 1966, thug Cumann Gaelach Ollscoilna Ríona i mBéal Feirste cuireadh don LFM theacht agus ceist naGaeilge a phlé ag díospóireacht. Rinne Misneach teagmháil linn agusd’iarr orainn bheith cinnte nach mbeadh cead cainte ag an LFM agusag Christopher Morris go háirithe nó go raibh eolas faighte acu goraibh tithe ina sheilbh i gceantair bhochta i mBaile Átha Cliath aguscíos an-ard á ghearradh aige ar na tionóntaí iontu. Ba é sin cosúlachteile a bhí againn le Misneach, an claonadh chun sóisialachais ionainn
beirt. Níl a fhios agam cad é an rud ba mheasa, dar linn, dearcadhMorris ar an Ghaeilge nó é a bheith ina thiarna talún i bplódcheantairi mBaile Átha Cliath agus ainchíos á ghearradh aige ar chuid de nadaoine ba bhoichte sa chathair, ach ní féidir a shéanadh gur ghríosaighsé chun catha sinn.

114

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 115
Bhí an cruinniú in Aontas na Mac Léinn san Ollscoil agus ótharla cruinniú poiblí é, bhí cead isteach ag muintir ChumannChluain Ard agus ghlac muid suíocháin in áiteanna éagsúla ar fud anhalla. Mac léinn bocht de chuid an Chumainn Ghaelaigh a bhí inachathaoirleach agus labhair duine de bhaill an Chumainn ar dtús, achchomh luath agus a d’éirigh Christopher Morris lena chuid a rá,
thosaigh muidne, duine ar dhuine, ag cur ceisteanna ar anChathaoirleach bhocht faoi phointí amaideacha oird agus eagair agusní thiocfadh le Morris a bhéal a oscailt. D’iarr an Cathaoirleach orainn
suí síos agus ligean don chruinniú dul ar aghaidh, rud nach raibh rúnagainn a dhéanamh. Sa deireadh, chaill sé smacht iomlán ar anchruinniú agus cuireadh fios ar Micheal Farrell theacht agus ancruinniú a stiúradh.

Ba é sin an Michael Farrell céanna a bhunaigh People’s Democracyar ball, aimsir na gCeart Sibhialta, agus atá anois ina dhlíodóiriomráiteach ceart daonna sna 26 Contae. An t-am sin féin, bhí iomráair mar dhuine iontach ábalta agus dar le daoine nach mbeadh aondeacracht aige an cruinniú a stiúradh.Tháinig sé isteach, sheas ag antábla agus thosaigh ag scairteadh orainn agus é ag iarraidh orainnbheith inár dtost. D’éirigh mise agus shiúil mé thart ar an seomra agceol ‘Óró ’sé do bheatha ’bhaile’ agus an chuid eile de mhuintirChluain Ard do mo thionlacan. Fágadh Morris bocht ina staicín agusan clampar seo ag dul ar aghaidh. Faoin am seo, bhí mise ar chúlFarrell agus nuair a rinne sé iarracht suí síos, tharraing mé an chathaoiras faoi agus thit sé ar shlat a dhroma. Bhagair sé an dlí orm as é abhualadh agus an ceart aige, ach ba chuma liom, bhí mé chomhleagtha ar ghnó na hoíche, is é sin, gan ligean do Morris labhairt, nárthug mé aird air.

Tharla an oíche sin go raibh ball den Chumann Ghaelach iláthair a bhí le clú a bhaint amach i gcomhar le Michael Farrell inGluaiseacht na gCeart Sibhialta agus sa pholaitíocht; ba í sinBernadette Devlin. Is cúis ghrinn anois é, ach an chuimhne atá agamuirthi ar an oíche sin ná go raibh sí ar dhuine de na daoine bamhíshásta lenár n-iompar, rud atá intuigthe; ach fosta gur cheap méag an am gur mhol sí an RUC a thabhairt isteach le mé a ruaigeadh.

115

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 116
Is féidir gur dul amú a bhí orm. Ar aon nós, rinne beirt phóilíní mé athionlacan amach an doras agus amach ar an tsráid. Cé gur éirighliom éalú isteach arís trí dhoras taoibh, bhí an cruinniú faoin am sinaistrithe go dtí seomra eile san fhoirgneamh agus cosc orainn dulisteach ann. Chuir sin deireadh le himeachtaí na hoíche agus deireadhle ‘Cath an Aontais’. Déarfainn anois gur ar son a bheag de mhaith abhí sé murab é gur chruthaigh sé do lucht an Chumainn Ghaelaighgur faisistithe de chineál éigin a bhí i muintir Chluain Ard agus isféidir go raibh an ceart acu ar an ócáid sin. Ach bhí muid óg agus lándíograise agus de thógáil stáit nár chleacht aon phrionsabaldaonlathais ná meas ar shaoirse cainte.

Conor Cruise O’Brien agus an
tÉireannachas

An bhliain chéanna, tharla eachtra eile a bhí a bheag nó a mhór cosúilleis an cheann in Aontas na Mac Léinn. Ba sa War Memorial Hall, ilár na cathrach i mBéal Feirste, a tharla. Bhí Conor Cruise O’Brienle caint a thabhairt don Irish Association ar ‘Sainchomharthaí an
Éireannachais’. Chuaigh muid féin ann agus é ar intinn againn anGhaeilge a thabhairt isteach sa scéal mura ndéanfadh Conor tagairtdi. Ar ndóigh, níor luaigh sé í ar chor ar bith agus ag deireadh nacainte, d’éirigh muid féin, duine ar dhuine, gur chuir muid ceisteannai nGaeilge ar O’Brien. Níl a fhios agam ar thuig sé na ceisteanna, achníor thug sé aon fhreagra i nGaeilge ach gur dhúirt sé rud éigin faoibheith pósta ar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge (bhí sé pósta ar anfhile Máire Mhac an tSaoi).

Bhí slua mór i láthair agus i ndiaidh do thriúr againn ceist a churi nGaeilge, d’éirigh BK McGuigan agus mhol sé gan ligean dúinn athuilleadh ceisteanna a chur i nGaeilge. Ba dhlíodóir Caitliceach éMcGuigan, ach dá mba annamh féin é, bhí sé ina bhall den Pháirtí

116

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 117
Aontachtach. D’éirigh sé tógtha faoin scéal agus d’iarr ar anChathaoirleach fiafraí den lucht éisteachta cá mhéad acu a thuig árgceisteanna, rud a rinne an Cathaoirleach. Ach is é rud gur chuir goleor den scaifte a lámha suas, cuid acu a raibh aithne agam orthu nachraibh Gaeilge acu, ach nár mhiste leo a bheag a dhéanamh deMcGuigan. Ní cuimhin liom anois cérbh é an Cathaoirleach ach goraibh sé ina Chathaoirleach ar Aer Lingus ag an am.Thoiligh seiseanna ceisteanna s’againne a aistriú don ócáid. Bua de shaghas éigin afuair muid an oíche sin, b’fhéidir.

1966: Comóradh Éirí Amach na
Cásca 1916

Ag deireadh 1965, thosaigh Misneach ag smaoineamh ar an dóigh abfhearr chun comóradh a dhéanamh ar chaoga bliain ó Éirí Amach naCásca 1916. Bhí an Stát le hócáid mhór chomórtha a dhéanamh den
Iubhaile Órga agus theastaigh ó Misneach fimíneacht an Stáit ó
thaobh na Gaeilge de a léiriú ar bhealach éigin drámata. Chinn siadar stailc ocrais a eagrú i rith na seachtaine ar a mbeadh an comóradhpoiblí agus a oiread poiblíochta agus ab fhéidir a fháil donfhrithchomóradh. Mar sin, ar a dó dhéag a chlog Luan Cásca 1966,
bhailigh trí bhall déag de Misneach – beirt fhear déag agus beanamháin – i seanteach ag Sráid Bheag na Danmhairge i lár Bhaile ÁthaCliath agus thug móid go staonfadh siad ó bhia de chineál ar bith godtí Satharn na seachtaine sin. Ba iad an triúr déag ná Proinséas NicUait as Ros Comáin, iníon léinn ar Choláiste na Tríonóide; Eoin ÓMurchú, mac léinn ar Choláiste na hOllscoile BÁC; Séamus Ruiséalas Corcaigh, a raibh muid féin i mBéal Feirste an-mhór leis, ballgníomhach de Chraobh an Chraoibhín Aoibhinn de Chonradh naGaeilge; Deasún Breathnach, iriseoir le The Irish Independent; Cian ÓhÉigeartaigh, mac léinn a raibh an-chion ag Máirtín Ó Cadhain air

117

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 118
agus aird aige ar a bharúil – ba é an staraí, PS Ó hÉigeartaigh, asheanathair; Peadar Ó Briain agus Déaglán Ó Muineacháin, micléinn; Conchúir Ó Riain, maisitheoir tí; Séamus Ó Tuathail, díoltóirleabhar; Seán Ó Laighin, múinteoir scoile; Micheál Mac Aonghusa,
mac léinn; Seán Ó Beacháin, mac léinn; agus Fiachra Ó Dubhthaigh,
múinteoir scoile. D’fhan siad ar an stailc ar feadh na seachtaine aguschuir na meáin suim nach beag sa scéal nó malairt scéil a bhí ann aran chomóradh oifigiúil a bhí ag dul ar aghaidh ar feadh na seachtainechomh maith. Fuarthas an-chuid poiblíochta i rith na seachtaine aguschríochnaigh siad an stailc ag Ard-Oifig an Phoist sular bhog siad godtí Óstán an Gresham do phreasócáid agus do bhraon anraith.

Nuair a chuala muid i mBéal Feirste go raibh an stailc ocrais agdul a bheith ann, ní thiocfadh linn gan a bheith páirteach ann.
Bheartaigh baicle againn an rud céanna a dhéanamh. Agus mé agbreathnú siar air anois, is féidir nach raibh Misneach Bhaile Átha
Cliath iontach sásta go raibh stailc ocrais ag dul a bheith againne imBéal Feirste; is féidir gur shíl siad go mbainfeadh sé d’éifeacht na
poiblíochta acu féin, ach níor iarr siad orainn gan an stailc a bheithagainn.

Ag meán lae ar Luan Cásca 1966, tháinig seisear againn le chéilesa phríomhsheomra i gCumann Chluain Ard le tús a chur le troscadhcúig lá. Ba iad an seisear ná Tomás Ó Monacháin, Donnchadh UaBruadair, Tomás Ó Duibhir, Brian Ó Maoileoin, Caoimhín ÓLoingsigh agus mé féin. Ceapadh Gearóid Mac Cumhaill agus SeánMac Seáin le bheith i mbun poiblíochta agus shocraigh muid síos leisan chúig lá a chur isteach. Duine ar bith a staon ó bhia ar feadh roinntlaethanta, tuigfidh sé gurb iad an chéad dá lá is measa nó ina dhiaidhsin, éiríonn an bolg níos lú agus ní bhíonn an cíocras céanna bia ardhuine. Fuair an stailc s’againne go leor poiblíochta sna meáin óthuaidh; ba é buaicphointe na seachtaine, ó thaobh na poiblíochta de,
ná an t-agallamh a cuireadh ar Thomás Ó Monacháin ar UTV. Níorlabhair sé ach Gaeilge le linn an agallaimh agus cuireadh fotheidilBhéarla leis an chlár, an chéad uair a rinneadh a leithéid ó thuaidh, gobhfios dom. Bhuail go leor daoine isteach i rith na seachtaine lenadtacaíocht a chur in iúl agus ba mhór an tógáil croí a thug siad dúinn,

118

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 119
go háirithe iad sin a bhí páirteach i dtroid na saoirse sna fichidí. Agdeireadh na seachtaine, tháinig scaifte mór isteach le comhghairdeasa dhéanamh linn; rinneadh anraith dúinn agus deochanna teo nó níraibh sé inmholta dúinn aon rud trom a ithe go ceann tamaill ach abheith beo ar bhia bog ar fad. Ní thig liom a rá gur chuir an troscadhisteach orm, ach ní raibh mé ach sna fichidí go fóill agus is féidir gondearna tréimhse gan bhia maith éigin, fiú.

Eadras agus Scéal Úr

Le mo linn, thuig Gaeilgeoirí an tuaiscirt go raibh orthu seiftiú dóibhféin ó thaobh cúrsaí airgid de nó nach raibh tacaíocht stáit ann donGhaeilge. Ba é Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge an t-aondream a fuair airgead ar bith agus ba ó rialtas an deiscirt a tháinig sin,
trí lároifig Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Uair sa bhliain,
i dtrátha Lá Fhéile Pádraig, dhéanadh muintir na gcraobhachabailiúcháin ó theach go teach agus taobh amuigh de na tithe pobail,
le beagán airgid a thabhairt isteach. Bhíodh linn sheachtainiúil, An
Carn Ultach, ag Cumann Chluain Ard, a dhíol na baill ó theach goteach, le costais a ghlanadh. Chomh maith leis sin, thógtaí bailiúchánar na ranganna cé nach mbíodh táille ‘oifigiúil’ orthu ar eagla go raibhdaoine ann nach raibh an t-airgead acu. Mar sin, chuirtí mála beag ‘
an mála rúnda!’- thart ag deireadh an ranga, agus thug sin beagán eileisteach.

Ar an ábhar sin, bhíodh daoine go síoraí ag iarraidh theacht ardhóigheanna le go mbeadh sé ar ár gcumas déanamh as dúinn féin óthaobh airgid de. Bunaíodh Cumann Comhar Creidmheasa doGhaeilgeoirí in 1964 a mhair ar feadh roinnt blianta. Iarracht eile abhí ann le Gaeilgeoirí a dhéanamh níos neamhspleáiche ar an chórasBéarla agus san am chéanna, cur leis na hinstitiúidí a bhí de dhíth arghnáthphobal. Ba le linn na mblianta sin a chuir muid eolas ar ChlaraNí Ghiolla, a bhí le theacht go Béal Feirste sna 1990í agus cónaí inár

119

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 120
measc agus í ina crann taca ag an saol Gaelach sa chathair ó shin ileith.

In 1966, tugadh faoi thionscnamh uaillmhianach mhisniúil ad’fhágfadh lorg ar shaol na Gaeilge dá n-éireodh leis. Meascán dedhaoine a bhunaigh é, cuid acu ina mball de Chumann Chluain Ard,
cé nach raibh mé féin ar dhuine acu, agus cuid eile a bhí beag beannar an Chumann. Ba iad Breandán Ó Mearáin, Pádraig Mac GiollaRuaidh, Deasún Ó hÁgain, Seán Mac Aindreasa, Brian Ó Maoileoinagus Gearóid Mac Cumhaill ba ghníomhaí san eagraíocht úr. Ba éan cuspóir a bhí acu sraith de chomhlachtaí beaga a bhunú a bheadhag cur airgid isteach i lárchiste a dtiocfadh leas a bhaint as do churchun chinn na Gaeilge ach, san am chéanna, an pobal a dhlúthú lenasc an ghnó. Eadras a baisteadh ar an mháthairchomhlacht a raibh
roinnt eití éagsúla ag sní isteach ann. Bhí Follus ann, gnó
foilsitheoireachta a raibh an príomhghnó aige an nuachtán Scéal Úr a
fhoilsiú; bhí Dallus ann a bhí le hearraí grósaera a sheachadadh arGhaeilgeoirí sa bhaile; bhí Spáscó ann a bhí le fógraí a bhailiú do Scéal
Úr agus d’fhoilseacháin eile Ghaeilge; bhí comhlacht aistriúcháin annfosta le freastal ar chomhlachtaí ar theastaigh uathu litreacha a scríobhi dteangacha na hEorpa.

Ba é an nuachtán an rud ba mhó ar thug siad faoi agus ba é SeánMac Aindreasa a chuaigh ina bhun. Bhí sé le cur i gcló ag The Donegal
Democrat i mBéal Átha Seanaidh agus chuaigh Seán, a bhí go díreachi ndiaidh pósadh, agus Áine a chónaí ansin agus d’oibrigh go crua agcur amach páipéar breá ar feadh bliana nó mar sin. Ba nuachtán pobailceart é, a bhí ag freastal ar phobal a bhí róbheag lena chothú, is dócha,
ach léirigh sé cad a thiocfadh a dhéanamh ach an acmhainn a bheithann chuige. Ba é Dallus an gnó ba mhó seans go n-éireodh leis nó bhíGearóid Mac Cumhaill ina bhun, fear a raibh cumas oibre ann agusciall aige don ghnó, rud a léirigh sé, blianta fada ina dhiadh, nuair abhunaigh sé Taca, an eagraíocht a bhailigh na céadta míle punt donGhaelscolaíocht sna nóchaidí. Cé nár mhair iarracht Eadras ach
tuairim agus bliain nó mar sin, bhí sé mar cheannródaí ó thaobh nafiontraíochta de i mBéal Feirste ag an am.

120

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 121
Cló na Rosann

Mar a chonacthas, bhí sábháil na Gaeltachta mar chuspóir aislingeachag cuid de Ghaeilgeoirí óga Bhéal Feirste. Mar sin, chuaigh TomásMac Bhráin agus a chomhghleacaithe siar go Dún na nGall snacaogaidí, dhíol muintir Chluain Ard an nuachtán, Amárach, guth
‘Mhuintir na Gaeltachta’, sna tithe tábhairne i mBéal Feirste, bhailighcuid againn ón Ardscoil airgead do ‘Chiste Troda na Gaeltachta’. Baleor an focal ‘Gaeltacht’ lenár spreagadh.

Bhí lánúin amháin ann sna seascaidí a bhí chomh spreagtha agan mhana ‘Sábháil an Ghaeltacht’ gur chinn siad ar bhogadh siar goDún na nGall agus gnó dá gcuid féin a thosú. Casadh Proinsias ÓMuireagáin orm an chéad uair i Rann na Feirste agus é ar saoire sateach céanna liom.Tamall ina dhiaidh sin, phós sé cara mór de chuidBhríghde, Fionnuala Ní Chléirigh, agus rinne cónaí i mBaileAndarsan. Bhí Proinsias ina chló-eagraí ag The Irish News i mBéal
Feirste ag an am, duine ciúin stuama, an-dáiríre faoina chreideamhagus faoin Ghaeilge. Rinne sé féin agus Fionnuala amach go rachadhsiad a chónaí sa Ghaeltacht, d’éirigh Proinsias as a chuid oibre leis an
Irish News agus cheannaigh clólann bheag i Sráid Cupar i mBéalFeirste. Chuidigh baicle againn an t-innealra uilig a chur ar leoraí móragus é a thabhairt go hiarthar Dhún na nGall, go seanteach dhá urlári Mín na Leice, i ndeas do Rann na Feirste. Chuaigh Proinsias,
Fionnuala agus an bheirt chlainne leis. Is cuimhin liom go fóill an
t-innealra céanna nó bhí sé mar a bheadh sé ón 19ú céad, cló adhmaidin úsaid go fóill aige agus cló ab éigean a chur de láimh. Bhí an teachi Mín na Leice inchurtha leis an innealra agus leoga, bhí Mín na Leiceféin, an t-am sin, mar bheadh sí sioctha sa 19ú céad. Ba ann abunaíodh Cló na Rosann, cé nárbh áit é iarthar Dhún na nGall snablianta sin a mbeadh clóbhualadh de dhíth ar mhórán de mhuintir na
háite nó ba bheag gnó de chineál ar bith a bhí ann.

Ní raibh de ghléas beo ag Cló na Rosann ach conradh a bhí ag anchlólann cheana le póstaeir a dhéanamh do na pictiúrlanna i mBéalFeirste, póstaeir a bhíodh taobh amuigh den phictiúrlann nó ar bhalla

121

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 122
éigin, cló mór orthu agus iad ag fógairt chlár na seachtaine dár gcionn:
‘Monday, Tuesday and Wednesday, John Wayne and Maureen O’Harain She Wore a Yellow Ribbon’, nó a mhacasamhail. Ní thiocfadh leProinsias a chur in iúl do lucht na bpictúrlann go raibh a gcuid póstaerá gclóbhualadh i nDún na nGall nó ba chinnte go gcuirfeadh siaddeireadh leis an chonradh. Mar sin, ar feadh sé mhí nó mar sin, bhímise i mo ghníomhaire deonach ag Duffy’s Printshop, nach raibh ann
ach ‘taibhse’ de chlólann, fhad is a bhí an obair féin á déanamh inIarthar Dhún na nGall.Théinn thart ar na pictiúrlanna agus cóip dechlár na scannán don tseachtain dár gcionn a thógáil, ansin ghlaoinnar Phroinsias ó ghuthán poiblí (ní raibh gutháin phríobháideachacoitianta, an t-am sin) leis an eolas, dhéanadh seisean na póstaeirchomh gasta agus ab fhéidir, chuireadh ar an bhus go Béal Feirste iad,
áit a dtógainn iad ag an bhusáras agus rithinn thart chuig Allens, andream a chuireadh suas iad.

Níor mhiste liom an cuidiú seo a thabhairt nó bhí a fhios agamgo ndeachaigh Proinsias go Dún na nGall ní go díreach ar a shon féinach ag súil as go dtiocfadh leis leas mhuintir na háite a dhéanamh tríobair a chur ar fáil.Tharla go raibh sé deacair aige féin teacht i dtír arfeadh tamaill nuair a bhí an obair gann, ach choinnigh sé leis agusmhair an gnó, cé gur fhulaing an teaghlach saol crua lena linn.

Mar bharr ar an donas, fuair sé drochíde ó lucht na heite clé sanáit agus ba é Seán Ó Cearnaigh as Béal Feirste, a luaigh mé cheana,
a bhí ar thús cadhnaíochta san fheachtas. Chuaigh Proinsias go Dúnna nGall agus an cuspóir aige obair a chur ar fáil do chuid de mhuintirna háite agus iad a shábháil ar an imirce. Faoi dheireadh, cheap sé goraibh sin ar a chumas agus d’fhostaigh se cúpla duine, ach is féidir goraibh barraíocht de dheifir air agus i gceann tamaill, bhí na fostaitheag saothrú níos mó ná bhí sé féin agus b’éigean dó duine acu a ligeanchun bealaigh. Bhí Seán Ó Cearnaigh i ndiaidh pilleadh ’na bhaile óShasana, áit a raibh sé ceangailte le lucht na heite clé, agus bhí sé anoisle ‘proletariat’ Ghaoth Dobhair a spreagadh chun réabhlóide. Ar androchuair, ba é gnó Phroinsiais a roghnaigh sé le picéad a chur airagus ní gnónna fhir ghaimbín Ghaoth Dobhair. Chuir Proinsias anrud uilig de ar ball agus d’fhan sé i nGaoth Dobhair go maith i

122

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 123
ndiaidh do Sheán Ó Cearnaigh bheith bailithe leis go Béal Feirste le‘réabhlóid’ eile a chur ar bun.

Is cinnte go raibh an Ghaeilge ní ba láidre i nGaeltacht ThírChonaill daichead bliain ó shin, go háirithe ag an aos óg. Is cuimhinliom gur inis Proinsias scéal faoi lánúin a tháinig isteach sa chlólann,
go gearr i ndiaidh don teaghlach theacht go Mín na Leice. Nuair achuala siad páistí Phroinsiais ag caint Gaeilge, agus a fhios acu gur dethógáil Bhéal Feirste iad, bhí iontas orthu.‘Cad é mar a rinne sibh sinagus sibh i mBéal Feirste,’ a d’fhiafraigh siad.‘Thug muid féin iarrachtár gcuidne a thógáil le Béarla anseo agus theip orainn.’ Níl a fhios
agam an mbeadh sé sin amhlaidh, an lá atá inniu ann?

Naíscoil Phobal Feirste

Fad is a bhí gréasáin de chomhlachtaí á gcur ar bun ag Eadras, bhímuidne i gCluain Ard ag smaoineamh ar an chéad chéim eile i dtreona Gaeltachta nua a bhí ar intinn againn. Chinn muid ar naíscoil abhunú i gCumann Chluain Ard agus ar 14 Meán Fómhair 1966,
tugadh cuireadh do dhaoine theacht chuig tae agus siamsaíocht saChumann le hairgead a thógáil do ‘Naíscoil Phobal Feirste’. Go bhfios
dom, ba é sin an chéad uair a úsáideadh an téarma ‘Pobal Feirste’ gohoifigiúil.

Sa chlár a cuireadh le chéile don ócáid, deirteir gur bunaíodh annaíscoil mí roimhe sin do pháistí a bhí á dtógáil le Gaeilge sa chathair:

Níl san Naíscoil i mBéal Feirste ach céim eile atá tugtha againnár saol fein agus saol ár bpáistí a fhorbairt sa dóigh go dtiocfaidhbláth ar na tréithre dúchasacha atá ionainn …. Ní mhairfidh an
Ghaeltacht go deo gan muid a theacht i dtarrthail uirthí – ganmuid fás agus foghlaim i gcuideachta na Gaeltachta – gan muidtús áite a thabhairt dí inár saol féin agus daoine eile a spreagadhdá réir. Rachaidh muid i gcomhar leis an Ghaeltacht agus beidhmuid ag dul i gcomhar leis an Náisiún.

123

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 124
Lá ar bpósta 1960

Gaeltacht Uirbeach Ard Barra Corcaigh

124

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 125
Agóid eile ag Cumann Chluain Ard 1962 ó chlé Liam Ó Duibhir, Tom Ó Duibhir, Seán
Mac Seáin, Séamus Mac Seáin, Mícheál Ó Maoileoin agus Seosamh Ó Monacháin

Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste 1996. ó Chlé Brian Ó Maoileoin, mé féin agusSéamus Ruiséil as Corcaigh. Bí muid triúr ar stailc ocrais Misneach 1966 le linn frithchomóradh Éirí amach 1916.

125

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 126
Máirtín Ó Cadhain, mé féin, Siobhán Ní Mhathúna as Caiseal Mumhan agus
Risteárd Ó Murchú Corcaigh 1966

Máirtín Ó Cadhain

126

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 127
Meitheal oibre i nGleann Colmcille 1964. ar thosach ó chlé Breandán Mac
Goill,Caoímhín Ó Loingsigh,Donncha Ua Bruadair, Monica Ní Chéirín, Brian ÓMaoileoin agus a bhean Caitlín lena bpáistí Caoimhe agus Pádraig, Caitlín NíCharráin agus Áine Ní Chonluain agus ar chúl ó chlé. Seán Mac Gabhainn, NollaigÓ hUrmóltaigh , Seán Ó Bruadair, Liam Andrews, Séan Mac Aindreasa. agus SeoirseMac An Iolair. Bhí seisear acu le dul a chónaí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe.

Comhrá tar áis an Aifrinn. Aonraí Ó Preith agus Seosamh Mistéil

127

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 128
Tony Burgoyne agus Máire Uí Chatháin (Nic Sheáin)
(de thógail Ghaeltacht Bhóthair Seoighe)

Cór an Aifrinn Ghaeilge 1989. Éamonn Ó Faogáin agus
Gabrielle Nig Uidhir a stiúir

128

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 129
An chéad Aifreann Gaeilge i mBéal Feirste Márta 1965 ar throid muid faoinachoinne. An tAth Seosamh Mag Uidhir a léigh é

Cristopher Morris ón LFM faoi bhrú ag Muintir Chluain Ard i mBéal Feirste 1966mé
féin, Tomás Ó Monacháin agus Proinsias Ó hAnluain

129

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 130
Misneach ar chéalacán ar shon na teanga 1966 i mBaile Átha Cliath

An chéad chóip de “Scéal Úr”

130

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 131
ó Chlé, Pádraig, Deirdre, Colma agus Nuala an chéad duine clainne a rugadh i 1966ag ceiliúradh 50 bliain ar bpósta 2010

Ag tógáil pobail le neart a láimhe -.Gaeltacht Bhóthar Seoighe 1968- obair Sheáin
Mhic Sheáin le feiceáil go soiléir

131

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 132
Ní raibh an naíscoil ann ach ar feadh cúpla uair an chloig sa tseachtain,
maidin Sathairn, ach ba chéim mhór againn í nó ba í an chéad iarrachtagainn tabhairt faoi oideachas Gaeilge de chineál ar bith. Agus chuirsé dlús leis an chaidreamh idir na daoine a raibh a gcuid páistí agfreastal uirthi; ba ullmhúchán í do na tionscnaimh a bhí romhainn. Bafaoi stiúir Mháire Nic Diarmada, múinteoir scoile an-ábalta agus ballgníomhach de Chumann Chluain Ard, a bhí an naíscoil ar feadh namblianta agus ba mhór a bhí muid faoi chomaoin aici as teacht gachSatharn ó Bhóthar Aontroma i ndiaidh bheith ag teagasc i scoil i rithna seachtaine. Ba léiriú é fosta go raibh fealsúnacht lucht Fál beo
beathach 12 bhliain i ndiaidh deireadh bheith leis an eagras.

Ar oíche 14 Meán Fómhair, iarradh ar Aindréas Mac Domhnaillbheith mar aoichainteoir don ócáid. Múinteoir Laidine i gColáisteModhach (‘Methody’ mar a thugtar air de ghnáth) ab ea Andreas agusba é a bhí an-mhórálach as a chúlra mar Phreispitéireach agus marnáisiúnaí i dtraidisiún na nÉireannach Aontaithe. D’fhoghlaim sé anGhaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill chomh maith sin gur dheacairaithint idir é féin agus cainteoir dúchais. Bhíodh baint aige le rangGaeilge a bhí á stiúradh ag Seán Pasker sa YMCA (Young Men’s
Christian Association), cumann Protastúnach do dhaoine óga, agustharla gur iarradh ar chara de chuid Bhríghid dul ann le go mbeadhní ba mhó comhrá Gaeilge le cluinstin ag na foghlaimeoirí. D’iarr ancara ar Bhríghid agus ar chara eile dul ina cuideachta, rud a rinne siad.
I ndiaidh cúpla cuairt ar an rang sa YMCA, tugadh cáipéis dóibh(taobh amuigh) a mhínigh gur cinneadh nár mhaith le húdaráis anYMCA Caitlicigh bheith ag dul i dtaithí na háite agus mar sin, gurbhfhearr nach dtiocfadh siad ar ais. Ba léir gurbh é an frith-
Chaitliceachas ba chúis leis an chinneadh nó bhí Giúdach ag freastalar an rang ag an am. Ba é Aindréas Mac Domhnaill le tacaíocht óBarry Kingham a chuir i gcoinne an chinnidh agus d’éiligh Aindreas
cruinniú a mbeadh na ‘Caitlicigh’ i láthair ann.Tharla an cruinniú cé
nach ndeachaigh Bríghid air nó níor mhaith léi bheith bainteach leisan easaontas idir baill an YMCA. D’éirigh Aindréas as agus lean anrang ar aghaidh, ach ba thrua mar a tharla nó is cinnte gur fhág sélorg. Fuair Seán Pasker bás in 1965 agus tháinig deireadh leis an rang

132

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 133
go gearr ina dhiaidh. Is féidir nach raibh duine ar bith de na daoine imbun an ranga seicteach, ach gur ghéill siad do chuid eile –
tuismitheoirí na ndaoine óga a d’fhreastail ar an rang, b’fhéidir.

Breith clainne

Go gearr roimhe sin (6 Lúnasa 1966), rugadh an chéad duine clainnedúinn, Nuala. Bhí méadú ag teacht ar líon na bpáistí a rugadh do nalánúineacha a bhí ag brath tús a chur leis an Ghaeltacht nua i mBéalFeirste agus bíodh is go raibh mé féin agus Bríghid ar an dara lánúinden ghrúpa a phós, ní raibh clann ar bith againn go dtí sin. Ní raibhsé de nós in Ospidéal an Mater, ná in aon ospidéal eile, an fear céilebheith ag an bhreith, an t-am sin. Ba ag máthair Bhríghide i SráidDerby a chaith mé an t-am agus mé anonn agus anall chuig an bhoscagutháin phoiblí i Sráid Dover lena fháil amach cad é mar a bhí rudaíag dul nó bhí an leanbh mí ní ba luaithe ná bhí súil léi. Ba mhór anfaoiseamh é nuair a rugadh an leanbh go breá sláintiúil. Agus bamhaith mar a tharla nó thosaigh Bríghid ar chúrsaí in Ollscoil naRíona an bhliain roimhe sin agus bheadh cúpla mí aici i ndiaidh nabreithe roimh dhul i mbun staidéir arís.

Bliain go leith ina dhiaidh sin, rugadh Deirdre agus ansin, in1969, Colma, agus an duine deireanach, Pádraig, in 1972. Ní raibhdeacrachtaí le duine ar bith acu seachas Deirdre nó ba le hobráid a
rugadh í agus cé gur ceapadh ar feadh tamaill nach mairfeadh sí,
tháinig sí slán.

133

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 134
Banc

De réir mar a bhí na blianta ag dul thart, déarfainn go raibh cuid delucht na Gaeilge i mBéal Feirste ag cur lena bhféinmhuinín agus lenan-uaillmhian. Is féidir gur mheas daoine áirithe go raibh rud beag denmheigleamáine ag baint linn. Tosaíodh sna caogaidí le caint ar an‘Náisiún Gaelach’ agus an dóigh lena shábháil; lean muid an chaint lefeachtais: stáisiún teilifíse lán-Ghaelach, Aifreann Gaeilge, ceartachraobhacha Chonradh na Gaeilge sa tuaisceart (feachtas a d’éirighfisiciúil mar a chonacthas). Chuidigh muid leis na feachtais a chuirMisneach ar bun, go háirithe faoi Pháipéar Bán an Rialtais arChoimisiún na hAthbheochana agus an stailc ocrais i gcuimhne 1916.
Chuaigh cuid againn mar mheitheal go Gleann Cholm Cille ag tanútornapaí leis an Ghaeltacht a ‘shábháil’. Bhí sé de dhánacht ionainn
dul a phlé le Rialtas Stormont ag an leibhéal ab airde faoi scoil lán-
Ghaeilge a bhunú, ag am nach raibh ar ár gcumas ach cúpla uair anchloig de naíscolaíocht a eagrú, rud a rinne muid in 1966. Bhunaighmuid Cumann Comhar Creidmheasa do Ghaeilgeoirí in 1964. I rithan ama, bhí baicle againn ag obair ar eastát tithíochta a thógáil inambeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na gcónaitheoirí. In 1966,
bhunaigh baicle eile de Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste an nuachtán, Scéal
Úr, a bhí mar cheannródaí ar nuachtáin Ghaeilge i mBéal Feirste,
traidisiún a mhair go dtí an lá inniu; thug an bhaicle chéanna faoighréasáin de chomhlachtaí beaga a bhunú le córas geilleagair iomlánneamhspleách a chruthú do lucht na Gaeilge. Ach ar dhóigh, ní raibhsa mhéid sin ach printíseacht leis an cheird a fhoghlaim.

Céim eile ná an ‘Banc Gaelach’.Thuig muid nár leor filíocht agusamhránaíocht leis an Ghaeilge a chur chun cinn, bhí muid ar aonintinn le Eadras nach dtiocfadh bheith neamhspleách gan smachtéigin i gcúrsaí airgid. Mar sin, bhunaigh muid banc: mí DheireadhFómhair 1966, bunaíodh Gléas (comharchiste airgeadais) agus ar na
cuspóirí aige, bhí ‘córas iomlán geilleagair a chruthú don NáisiúnGaelach: na forais airgeadais atá in easnamh ar an Náisiún Gaelach abhunú, banc, comhlacht tithíochta, comhlacht árachais, srl’. Bhí Gléas

134

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 135
le bheith comhdhéanta de ghrúpaí ar fud na hÉireann agus thar lear;
bhí na grúpaí le hairgead a chnuasach óna gcuid ball leis na foraisairgeadais a bhunú. Caitheadh an dúrud ama ar bhunreacht adhréachtú agus bunaíodh dhá ghrúpa i mBéal Feirste, ceann acu imeasc bhaill Chumann Chluain Ard agus grúpa eile faoi cheannasShéamais Napier, dlíodóir a bhain úsáid as a shaineolas dlí ar feadh ashaoil ar son na Gaeilge, agus an fear gnó, Micheál Ó Braonáin.
Bailíodh airgead do Gléas i mBéal Feirste, cuireadh i dtaisce é agustugadh faoin scéim airgeadais a leathnú tríd an tír.

Mhínigh Ó Braonáin, i gcaint a thug sé i mBaile Átha Cliath,
cad é a bhí i gceist. Bhí íomhá ag Gaeilgeoirí mar lucht aislinge agusagóide, ach d’íoc siad rátaí agus cánacha ar nós gach duine eile, achnach ar leas phobal na Gaeilge a chuaigh an t-airgead sin. Ba rudspioradálta é an t-airgead, dar leis, a bhí mar shíneadh ar an duine éféin, ach gur fhág Gaeilgeoirí an t-airgead sin le hinstitiúidí a bhí agdéanamh a n-aimhleasa mar phobal teanga. Dá bhféadfaí cuidshuntasach den Phobal Ghaelach iad féin a eagrú lena gcuid airgidféin a chur tríd an bhanc a bhí sé i gceist a bhunú, go dtiocfadhmonarchana dá gcuid féin a bheith acu, sa Ghaeltacht agus saGhalltacht. Labhair sé ansin ar an dóigh ar thosaigh an scéim i mBéalFeirste agus grúpa amháin d’fhiche duine ag cur suim bheag arleataobh gach mí agus ansin an dara grúpa d’fhiche agus an rudcéanna ar bun acu. Bhí siad ag beartú craobhacha a bhunú in ArdMhacha, i nDoire, ar an Fhál Charrach, i nGaoth Dobhair agus iLeitir Ceanainn. Dá bhféadfaí 100 grúpa a bhunú tríd an tír,
bhaileodh siad £100,000 sa bhliain (suim nach beag 40 bliain ó shin)
agus ba ghearr go mbeifí in ann tabhairt faoi na tograí a bhí luaiteaige. Labhair Séamus Napier ansin ar an taobh dlí den scéim agus antábhacht a bhí leis na grúpaí bheith beag le go mbeadh aithne ag gachduine ar a chéile agus muinín acu as an lucht stiúrtha. Ceathrar a bhíag an chruinniú i mBaile Átha Cliath, Micheál Ó Braonáin, SéamusNapier, Gearóid Mac Cumhaill agus Liam Ó Dochartaigh, agusd’imigh siad as sin go Corcaigh agus ina dhiaidh sin go Gaillimh.

Mhair an dá ghrúpa i mBéal Feirste ar feadh na mblianta, cé guréiríodh as bheith ag bailiú airgid i ndiaidh cúpla bliain agus ní shílim

135

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 136
gur bunaíodh craobh ar bith de Gléas taobh amuigh den chathairriamh. Tá muid ag fanacht go fóill le Gaeil a mbanc féin a bhunú.
Fáth amháin nár leanadh leis, is dóigh liom, ná go ndeachaigh cuid dena daoine ba ghníomhaí sa scéim ar aghaidh go dtí tionscnaimh eile,
dála scéim na dtithe, bunscoil a chur ar siúl, Sráid Bombay a atógáil.
Cuireadh córas airgeadais neamhspleách ar an mhéar fhada.

Talamh Bhóthar Seoighe:
fadhbanna

Mar a chonacthas, d’fhógair muid i nDeireadh Fómhair 1965 go raibhtalamh faighte againn do scéim na dtithe. Rud beag roimh am,
b’fhéidir, nó is fíor go raibh focal againn ar an talamh ag BótharSeoighe, ach ní raibh ann ach sin, ní raibh sé inár seilbh go fóill agusní bheadh go ceann tamaill. Bhí na Bráithre Críostaí anois sa scéalagus éilimh dá gcuid féin acu. D’iarr siad ar Dheoise an Dúin agusChonaire píosa talaimh a dhíol leosan ar thosach an bhóthair le godtiocfadh leo sin a dhíol linne agus ar an dóigh sin go mbeadh talamhuilig an CLG le coinneáil acu féin. Ach – bíonn ‘ach’ ann i gcónaí bhí
deacrachtaí ag an Eaglais leis an phlean sin ó thaobh an talamh adhíol leis na Bráithre ar an luach céanna is a bhí socraithe linne nó de
réir an Dlí Chanónta (is cosúil), chaithfeadh siad an talamh a dhíol arluach an mhargaidh, agus bhí an luach sin ní b’airde ná an luach asocraíodh cheana féin linne. I ndiaidh cuid mhór den chur agus denchúiteamh, shocraigh an dá dhream an gnó eatarthu, ach faoin am abhí siad réidh le cáipéisí seilbhe a thabhairt dúinn, bhí bliain go leitheile caite.

Agus níorbh é sin deireadh leis na deacrachtaí againn nó d’éilighna Bráithre coinníollacha breise a chur isteach sa léas agus muid£1,500 a chur síos mar bhanna don bhóthar a bhí le dul chuig antalamh s’acu ar chúl. Ní raibh an cineál sin airgid againn, ná baol air,

136

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 137
agus chuaigh muid chuig Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilgeagus d’iarr iasacht £2,500 orthu le haisíoc thar 10 mbliana. Bhain sétamall astu glacadh leis an iarratas sin, ach sa deireadh, thoiligh siad,
ar an acht go mbeadh an talamh ina seilbh féin go raibh an iasachtaisíoctha. Moill eile, mar sin, fad agus a bhí na cáipéisí dlí á réiteachina chomhair sin agus níorbh é go dtí fómhar na bliana 1967 a bhí angnó socraithe agus muid in inmhe dul ar aghaidh. Ar feadh an amasin uilig, ghníomhaigh Séamus Napier mar dhlíodóir ar ár son, é agdréachtú gníomhas agus á leasú de réir mar ba ghá, agus d’oibrighSeán Mac Goill mar ailtire dúinn, é ag réiteach pleananna donChomhairle Contae. Rinne an bheirt acu an obair sin uilig ar cairdenó ní raibh airgead ar bith againn lena n-íoc. Croí na féile a bhí sabheirt acu riamh agus beidh Gaeil Bhéal Feirste i dtólamh faoichomaoin acu. Faoi dheireadh, bhí gach rud faoi réir: bhí talamhagainn a dtiocfadh linn tógáil air, cé nár linn é; bhí cead pleanálaagainn; ní raibh rud ar bith in easnamh orainn ach an t-airgead le túsa chur leis an tógáil.

Scaradh na gcompánach

Ar an drochuair, bhí Séamus de Brún tar éis cinneadh ar éirí as anscéim, rud a chuir díomá orainn ag an am, go háirithe orm féin nó bhímé i dteagmháil leis ní ba mhó ná le héinne eile i ngnó na scéimeagus diomaite den ghnó sin, bhí cairdeas pearsanta idir an dátheaghlach: i Meitheamh 1966, chuaigh mé féin agus Bríghid leSéamus, Máire agus an bheirt pháistí a bhí acu ag an am, Diarmuidagus Rónán, chuaigh muid ar saoire i nDún na nGall; tá cuimhneagam ar an dá sheachtain sin go fóill. Ón tús, bhí Séamus mar dhuinede cheannairí na scéime, ba é an rúnaí é agus rinne sé cuid mhór oibrethar na blianta ar a son. Mar a chonacthas, bhí sé féin agus mé féin aran toscaireacht chuig Roinn an Oideachais i nDeireadh Fómhair1965. Duine dícheallach, stuama, iontaofa a bhí ann agus ba thrua

137

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 138
linn é féin agus Máire a chailleadh. Ba é scaradh na gcompánach é, indáiríre. Iontach go leor, tá a ainm ceangailte leis an scéim ar fad nóba é ‘De Brún agus Mac Seáin teo.’ a moladh dúinn a thabhairt ar an
chomhlacht a bunaíodh leis na tithe a thógáil agus mar a tharla, níorathraíodh riamh é.

Bliain nó dhó roimhe sin, tháinig lánúin eile isteach sa scéim,
mar a bhí,Tomás Ó Monacháin agus a bhean, Bríghid. Bhí Tomás inacheannaire i gCumann Chluain Ard, áit ar theagasc sé Gaeilge lebeagnach fiche bliain agus áit ar chothaigh sé go díograiseach anfhealsúnacht lán-Ghaeilge. Spreag sé an chuid ab óige againn lenadhílseacht agus lena dhiongbháilteacht ó thaobh na Gaeilge de. Ótharla é bheith ina ailtire, bheadh a shaineolas úsáideach ó thaobh na
tógála de.

Leis na tithe a thógáil, b’éigean dúinn triall ar an bhanc (Munster
& Leinster) agus mar bhannaí ar iasacht, rinneadh amach go n-úsáidfígníomhais Chumann Chluain Ard; gan amhras, chuidigh sé go raibhtacaíocht Thomáis mar bhall den scéim againn. Bhí deacrachtaí ann,
áfach: nuair a chuala cuid de bhaill an choiste nár coinníodh ar an
eolas iad faoi úsáid na ngníomhas, bhí míshásamh orthu; níor thuigsiad, is cosúil, gur iasacht phearsanta dúinne a bhí ann agus mar singo raibh an fhreagracht orainne é a aisíoc. Thug muid cruinniú lechéile de na baill agus mhínigh an scéal, is é sin, go mbeadh nagníomhais ar ais i seilbh an Chumainn taobh istigh de bhliain nuaira thiocfadh airgead na morgáistí isteach sa bhanc; má bhí duine arbith míshásta go fóill, níor chuir sé in iúl é.

Den naoi lánúin déag a raibh suim acu sa scéim, tráth, ní raibhfágtha anois ach cúigear, rud a d’fhág ualach airgid ní ba mhó orthusiúd. Is fiú a thabhairt faoi deara gur ar iasachtaí a bhí an scéim áforbairt agus nach raibh deontas i gceist in am ar bith ó aon eagrasGaeilge. Ba i mí Aibréan 1968, seacht mbliana i ndiaidh dúinntheacht le chéile den chéad uair leis an scéim a bheartú, a thosaighmuid ar thógáil na dtithe a bhí le bheith mar Ghaeltacht bheag. Níraibh an t-airgead againn le conraitheoir a fhostú leis an obair a eagrúagus ba ar obair dhíreach a stiúir muid an obair.

138

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 139
Ar an pháipéar bheag a bhí á fhoilsiú ag Cumann Chluain Ard
ag an am, Gaedheal Bhéal Feirste, scríobhadh an cur síos seo:

Coilíneacht Ghaeilge Bhéal Feirste

Tá tús déanta ar an láithreán a ghlanadh fá choinne nadtithe a thógáil i gCóilíneacht Ghaeilge Bhéal Feirste. Gofírinneach, seo an dara hiarraidh a tugadh air nó roinntseachtainí ó shin chaith beirt fhear iomlán lae ag marcáil amachan talaimh agus ag cur síos bacáin fá choinne dúshráith na dtithe.
D’imigh siad ansin ag ól bolgam tae ach nuair a tháinig siadarais fá cheann leath-uaire, bhí achan bhacán tógtha agus bristeag duine mailíseach éigin, agus obair chrua bheirt fhear curtha arneamhní. Ainneoin sin uilig, tá an obair sa tsiúl anois agus bacheart go mbeadh cuid de na teaghlaigh ina gcónaí san áit fádheireadh an tsamhraidh.

Tógáil na dtithe

Tús maith leath na hoibre, cinnte, ach bhí obair chrua le déanamhagainn má bhí muid le tithe a thógáil gan barraíocht de mhoill. Bhían t-airgead gann agus bhí muid ag brath ar airgead na morgáistítheacht isteach leis na hoibrithe a íoc. Is ábhar iontais dom anois goraibh na Cumainn Tógála sásta iasachtaí a thabhairt dúinn agus anscéim á riar againn féin, ach ní cuimhin liom go raibh aon deacrachtagam féin leis an Co-Operative Building Society nuair a chuaigh méchucu. Ní raibh le déanamh agam ach foirm a shíniú a rá gondíolfainn an teach ina raibh mé cheana féin ar bhogadh isteach sateach nua dom. Ba mar thráthíocaíochtaí a díoladh an t-airgead linnagus na tithe á dtógáil. Ba mise ba thúisce a d’iarr morgáiste agusnuair a bhí bunurlár an tí sroichte ag na bríceadóirí, fuair muid 25%
de chostas an tí (£590 i mo chás) agus chuaigh sin isteach sa lárchisteleis an scéim a thabhairt céim bheag eile chun tosaigh. Bhí eagla

139

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 140
orainn i rith an ama go dtiocfadh an t-am nach mbeadh an t-airgeadagainn le cuid de na hoibrithe a íoc agus mar sin, rinne muid cuidmhór den obair gharbh muid féin.

Cuimhnigh go raibh post lánaimseartha ag gach duine againnagus gur obair sa bhreis a bhí in achan rud a rinne muid ar an scéim.
D’iompair muid brící, fuair muid earraí tógála ó na soláthraithe, bhogmuid scafaill san oíche le go mbeadh na hoibrithe in inmhe dul araghaidh an lá arna mhárach. Bhí sin dona go leor, ach ba mheasa cásmo dhearthár, Seán, nó nuair a bhain na bríceadóirí an díon amach,
bhí an obair shiúinéireachta uilig le déanamh aige leis féin, le cuidiúó uncail dár gcuid, Jimmy Webb. Chomh maith, ar ndóigh, lena chuidoibre fein a dhéanamh i rith an lae. Bhí daoine as Cumann Chluain
Ard a thagadh ann tráthnóna nó ag deireadh na seachtaine le lámhchuidithe a thabhairt a oiread agus a bhí ar a gcumas. Chomh maithleis an chuidiú phraiticiúil a thug na daoine sin, ba thógáil croí é dúinnnárbh fhéidir luach a chur air.

De réir a chéile a thógtar na caisleáin agus tuairim is bliain indiaidh dúinn tosú ar an obair, bhí an chéad teach den chúigear a bhíle tógáil chomh fada sin ar aghaidh go dtiocfadh le duine dul a chónaíann. Faoin am seo, bhí duine éigin de dhíth ar an suíomh le haire athabhairt do na tithe san oíche. Mar sin, cé nach bhféadfá a rá goraibh an teach críochnaithe, chuaigh mé féin, Bríghid agus an bheirtpháistí – triúr má áiríonn tú an duine a bheadh ann i gceann trí mhí!

– a chónaí sa teach nua i bhFeabhra 1969. Le dul a fhad leis an doras
tosaigh, ní raibh ach clár adhmaid le siúl air agus ag an doras cúil, níraibh clár féin ann, bhí ort léim síos a thabhairt. Ní raibh an suíomhtimpeall an tí glanta go fóill agus ní bheadh go ceann i bhfad. Gofírinneach, ní raibh sa teach ach ceithre bhalla, staighre agus uisce agusleictreachas; thagadh oibrithe isteach is amach ar fud an lae, óna hochtar maidin, agus cupán tae de dhíth ar dhara gach duine.
De réir a chéile, tháinig na teaghlaigh eile isteach go dtí go raibhan cúigear acu istigh: Muintir Mhistéil, Caitlín agus Seosamh;
Muintir Mhic Sheáin, Máire agus Seán; Muintir Mhic Sheáin,
Bríghid agus Séamus; Muintir Uí Mhonacháin, Bríghid agus Tomás;
agus Muintir Uí Bhruadair, Cristín agus Liam. Den chéad uair leis na

140

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 141
céadta bliain, bhí an Ghaeilge arís mar theanga phobail i mBéalFeirste, agus bíodh is go raibh an pobal sin an-bheag, bhí sé ann agusan rud atá ann, is féidir leis fás.

1969: post úr agus éirí amach

I rith na bliana 1968 agus cuid mhaith de 1969, bhí muid gafa ar fadle tógáil na dtithe, ach ba dheacair gan tabhairt faoi deara gur agméadú a bhí an teannas a bhíodh ann i gcónaí i gcúrsaí polaitíochta.
Luadh cheana The Campaign for Social Justice, a bunaíodh i nDúnGeanainn in 1964 agus a thug léargas glinn ar an leatrom a bhí á imirtar Chaitlicigh sna Sé Chontae. D’fhoilsigh siad staitisticí a chruthaighan cás, agus rinne siad sin gan cuid ar bith den síor-olagón a chleachtpolaiteoirí náisiúnacha le daichead bliain agus nár thug éinne lá airdeair, iad féin san áireamh. Bíodh is gur tugadh poiblíocht don fheachtas,
ba í an laige a bhí air ná go raibh sé ag iarraidh tabhairt ar rialtas naBreataine a ndualgas i leith phobal uile na Sé Chontae a
chomhlíonadh. Níor tharla sin, ar ndóigh, agus bunaíodh CumannCeart Sibhialta Thuaisceart Éireann a raibh an cuspóir céanna aigeach a bhí ní ba radacaí, go háirithe ó thaobh modhanna de, nóthaithigh sé nósanna agóide na ndaoine gorma i Meiriceá. Tharlacruinnithe agus mórshiúlta agóide i rith 1968. I nDeireadh Fómhair,
fógraíodh mórshiúl i nDoire Cholm Cille. Chuir Bill Craig, an tAireGnóthaí Baile ag an am, cosc ar an mhórshiúl. Chinn lucht na gCeartSibhialta leanúint leis ainneoin an toirmisc. D’ionsaigh an RUC luchtan mhórshiúil go fíochmhar agus chuaigh na pictiúir den ionsaí arfud an domhain ar an teilifís.

Is dócha go raibh Gaeilgeoirí ar leith bainteach leis na heachtraíseo, ach i mBéal Feirste agus i measc Gaeilgeoirí go coitianta, níorcuireadh a lán suime iontu. Ó mo thaobh féin de, bhí ár gcearta féinle baint amach againn, ach ba chearta iad nach dtiocfadh le rialtas arbith a bhronnadh orainn: ba í athghabháil phearsanta ár ndúchais a

141

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 142
bhí i gceist. Ba thógáil ón bhun aníos a bhí le déanamh againn. Ba éan chéad chéim againn bunú na Gaeltachta agus, de réir a chéile, nahinstitiúidí a bhunú a dhéanfadh an Ghaeltacht sin a bhuanú.

Ag an am a bhí na tithe á dtógáil, bhí mé ag obair go fóill i lárBhéal Feirste ag comhlacht John Robertson agus ó tharla go mbínnag obair taobh amuigh, bhíodh go leor ama agam earraí a bheadh dedhíth a iompar chuig an suíomh. Thaitin an post liom, ach i ndiaidhdom dul a chónaí sa teach nua ar Bhóthar Seoighe, chuir ComhaltasUladh de Chonradh na Gaeilge fógra ar na nuachtáin ag iarraidhtimire lánaimseartha le straitéis a bheartú don eagraíocht agus anstraitéis sin a chur i bhfeidhm ar ball.

Chuir mé féin agus Tomás Ó Monacháin isteach ar an phostagus tugadh domsa é. Bhí iontas orm go bhfuair mé é nó ba mhó gomór na cáilíochtaí a bhí ag Tomás ná agam féin: bhí cleachtadh ibhfad ní b’fhaide aige ar ghluaiseacht na Gaeilge agus é i mbunChumann Chluain Ard agus bhí sé deich mbliana ní ba shine ná méféin. Is dóigh liom anois agus mé ag smaoineamh siar air gurroghnaíodh mise ní de bharr cáilíochtaí ach gur shíl ceannairí anChomhaltais ag an am go mb’fhusa mise a mhúnlú de réir a miantaféin ná Tomás, a bhí tréan go leor ina dhearcadh agus é cinnte faointreo do ghluaiseacht na Gaeilge.

Timpeall mhí an Mhárta 1969 a thosaigh mé ag obair doChomhaltas Uladh. Ba é an treoir a tugadh dom ná taighde adhéanamh ar staid na Gaeilge i mBéal Feirste ar dtús agus ina dhiaidhsin, an taighde a leathnú amach trí na deich gcontaetha a bhí faoichúram an Chomhaltais. Ba é an tAthair Mac an tSagairt Uachtaránan Chomhaltais ag an am, bhí an Déan Mac Giolla Earnáin inachisteoir agus Gearóid Mac Giolla Domhnaigh ina rúnaí. Cuireadhin iúl dom nár mhaith leo go ndéanfainn aon rud praiticiúil gombeadh ar a laghad dhá bhliain caite agam ar an taighde agus anstraitéis déanta amach. Bhí díomá orm mar gheall air sin nó ba arghníomhartha praiticiúla a chaith mé mo chuid fuinnimh go dtí sini ngluaiseacht na Gaeilge agus dar liom go raibh ár sáith taighde, muraraibh an iomarca, déanta againn thar na blianta.

142

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 143
Bás m’athar

Deirtear nach mbíonn líonadh ann gan trá ina dhiaidh agusb’amhlaidh sin dúinn in 1969 nó i mBealtaine na bliana sin, rugadhan tríú duine clainne dúinn, Colma, agus an mhí dár gcionn, d’éagm’athair, Dan Johnston. An droch-chroí a chráigh é an chuid ba mhódá shaol uilig a thug a bhás. Ba bhás crua é nó ag an deireadh, ní raibhag éirí leis anáil cheart a thógáil, ainneoin dhícheall an dochtúra aguschabhair an bhuidéil mhóir ocsaigine a bhíodh taobh leis ar feadhroinnt blianta roimhe sin. Fear láidir a bhí ann, ina mheon agus inachorp, agus ba dheacair é a choinneáil sa leaba agus é ag troid leis anghearranáil a mhaolú. Dhá lá a mhair oidhe an bháis sular shíothlaighsé. Mura raibh mórán de mhaoin an tsaoil aige, tá súil agam gur ábharsóláis dó go raibh an teaghlach go léir leis ag an deireadh: a bheanKathleen agus a ochtar clainne, Frank, Rosaleen, Lily, Dan, Bobby,
James, Kathleen agus John.

Sna laethanta roimh an bhás agus é ag rámhaille ina chodladh,
chualathas é ag rá, anois agus arís, ‘Where’s the gun?’ nó uaireanta,
‘Give me the gun.’ Cheap mo dheartháir Frank, an duine ba shine
againn agus a d’oibrigh i gcuideachta m’athar ar Mhór-IarnróidThuaisceart Éireann, go raibh sé ag cuimhneamh ar eachtra a tharlale linn stailce ag oibrithe an Iarnróid, 28 Feabhra 1933.Tugadh foghafaoi leoraí lán de lucht briste na stailce agus scaoileadh leo agus artheacht don RUC, scaoileadh leosan fosta agus maraíodh duine acu.
Ní féidir a rá anois an raibh an ceart ag Frank nó níor thrácht m’athair
riamh ar aon rud a bhain leis an eachtra sin ná ar aon rud a bhain leis
an tréimhse féin. Tá a fhios agam gur náisiúnaí a bhí ann a chreid igcearta an oibrí agus i gcothrom na féinne do chách.

Ní raibh fágtha sa teach anois ach mo mháthair agus níorshocraigh sí síos i gceart ann i ndiaidh bhás m’athar agus sa deireadh,
chuaigh sí a chónaí le mo dheirfiúr Caitlín ar Bhóthar Seoighe, áit abhfuair sí bás seacht mbliana níos faide anonn.

Nuair a fuair Dan Johnston bás, d’iarr muid ar an sagart paróistean tAifreann a rá i nGaeilge nó bíodh is nach raibh mórán Gaeilge ag

143

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 144
m’athair, bhí meas aige uirthi agus é bródúil go raibh sí ag triúr dáchlann agus ag cuid de na garpháistí. Dhiúltaigh an sagart paróistedár n-iarratas agus an míniú leibideach aige dá mba rud é gur thoilighsé Aifreann Gaeilge a rá dúinne go mbeadh gach duine á iarraidh!
Nár mhaith sin, arsa mise liom féin! Dúirt mé leis go béasach gobhfaighimis féin sagart le hAifreann Gaeilge a rá agus d’iarr ar an
Athair Heuston (a bhí sa bhaile ar saoire ó na Misin agus a raibhtogha na Gaeilge aige) é a dhéanamh. Ach an lá dár gcionn, d’fhill ansagart paróiste chun tí agus dúirt go ndearna sé athmhachnamh faoiagus go raibh sagart sa pharóiste féin a léifeadh an tAifreann, rud arinne. Sílim go mbeadh m’athair sásta leis an ghníomh beagceannairce a rinneadh ar a shon má ba i ndiaidh a bháis féin é.

Obair an Chomhaltais

I ndiaidh na sochraide, luigh mé isteach ar obair an phoist nua. Mara dúradh, ní bhfuair mé de threoir ach tosú le taighde a dhéanamh arstaid na Gaeilge i mBéal Feirste. Chonacthas dom gur cheart dul chuncainte le cuid den phobal sa chathair ar bhonn chomh leathan agus abfhéidir, agus go háirithe le gach aon saghas duine a raibh údarás dechineál ar bith aige. Faoin am sin, bhí mé ní ba dhearfa ná riamh dethábhacht cúrsaí cumarsáide agus den tairbhe a bheadh lenabhfeabhsú leis an ghnáthphobal.

Bheartaigh mé tosú le cuid den phobal Phrotastúnach ar anábhar gur cheap mé gur ina measc siúd a gheobhainn léiriú ní ba dhíríar na deacrachtaí a bheadh leis an teanga a leathnú i measc an phobailgo ginearálta. Le náisiúnaithe, bheadh sé ní b’fhusa bealaí cumarsáidea chothú, dar liom, nó bheadh bá áirithe ag mórchuiud acu cheanaféin leis an Ghaeilge, fiú agus iad patuar ina cur chun tosaigh. Ag anam, ba obair mhaslach í bheith ag iarraidh ní amháin suim a mhúscailti ndaoine a bhí go hiomlán aineolach ar an Ghaeilge, ach barúil éigina mhealladh uathu chomh maith. Ach bhí an éagsúlacht ann agus is

144

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 145
díol suime anois amharc ar na tuairiscí sin a rinne mé don
Chomhaltas, daichead bliain ó shin, go díreach sular tháinig na‘Trioblóidí’ aniar aduaidh orainn.

Ba é GB Adams i Músaem Daonchultúir Uladh ag Cúl Trá anchéad duine a ndeachaigh mé chun cainte leis. Ba é a scríobh an t-altclúiteach ar an Ghaeilge agus Daonáireamh 1911 agus bhí Gaeilgeaige a d’fhoghlaim sé ar a chonlán féin, a dúirt sé. Blianta ina dhiaidh,
chuaigh na páistí ón Bhunscoil ar cuairt chuig Cúl Trá agus thionlaicsé féin an t-iomlán acu ar fud na háite agus chuir ceann de na tithebeaga tuaithe ar fáil dóibh le harán a dhéanamh; ba léir go raibh iontasair páistí óga a chluinstin ag geabaireacht i nGaeilge ghalánta BhéalFeirste. Ba léir go raibh sé dáiríre ar son na Gaeilge nó thairg sétráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil san iarsmalann agus turaistreoraithe do Ghaeilgeoirí.

Ina dhiaidh sin, labhair mé le meascán de dhaoine: duine ónBBC; duine ón Public Records Office a bhí fosta san Ulster Scots Society;
leis an iriseoir, John D. Stewart; le fear mór i ngluaiseacht nagceardchumann; le leabharlannaí; le Laurence Flanigan ó IarsmalannUladh; le rúnaí an Ulster Unionist Society; agus le mac léinn Francacha bhí ag déanamh tráchtais ar Chonradh na Gaeilge.

Chomh maith, d’éirigh liom dul chun cainte le seisear ministrí,
cúigear as Eaglais na hÉireann agus Preispitéireach amháin. BhíGaeilge éigin acu uilig ach bhí cúpla duine ní b’fhearr ná a chéile, goháirithe an Canónach Whitaker, a theagasc Gaeilge i gcoláiste oiliúnai mBaile Átha Cliath ach arbh as Tiobraid Árann dó agus a bhí imBéal Feirste anois le fiche bliain. Léirigh sé ní ba mhó suime ná anchuid eile agus bhí fonn air bheith gníomhach: luaigh sé rang atheagasc sa pharóiste agus iarraidh ar an Irish Association rang a churar siúl. Bhí sé bródúil as na Protastúnaigh a rinne a sciard’Athbheochan na Gaeilge ag tús an chéid; murach an CraoibhínAoibhinn, dar leis, ní bheadh an teanga beo ar chor ar bith.
B’amhlaidh don Phreispitéireach i dtaca le traidisiún na
bPreispitéireach, 1798 agus mar sin de. Aineolas ar chúrsaí Gaeilge anchosúlacht ba mhó a bhí ag na ministrí lena chéile cé nár chuir sin bacorthu labhairt i gcoinne na Gaeilge éigeantaí. Cosúlacht eile ná gurbh

145

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 146
as na Se Chontae Fichead iad uilig. Duine amháin acu, fuair sé a chuidoideachais uilig as Gaeilge go dtí an ollscoil. Dúirt fear amháin gurfhoghlaim sé an Ghaeilge ó chúrsa Linguaphone agus mhaígh (gomagúil?) gur ghnách leis í a labhairt le haiféaltas a chur ar naCaitlicigh nuair a bhí sé ina shéiplíneach príosúin, tráth.

Ba iad na múinteoirí scoile, go háirithe na príomhoidí, an aicmeeile den phobal a raibh suim agam iontu agus d’éirigh liom ochtarpríomhoidí agus triúr gnáthmhúinteoirí in ocht meánscoil a aimsiú,
maraon le duine a bhí ag teagasc rang Gaeilge don WEA agus beirtléachtóirí ollscoile, Protastúnach (agnóisí a mhaígh sé) agusCaitliceach.

I dtaca leis na múinteoirí meánscoile de, ní thig liom a rá gurgheal siad mo chroí. B’fhearr a bhí na ministrí. Ní raibh ach rangGaeilge amháin (uair sa tseachtain) idir an iomlán acu agus bhí sin saBelfast Royal Academy (BRA), an scoil is sine i mBéal Feirste agus anscoil ina raibh rang Gaeilge ag Pádraig Ó Loingsigh sa bhliain 1795,
an chéad iomrá ar an Ghaeilge bheith á foghlaim i mBéal Feirste.
Labhair mé leis an mhúinteoir, fear a raibh Tulloch air (ainmAlbanach), Sasanach a d’fhoghlaim Gaeilge ar an ollscoil i Learphollagus a bhí i bhfách le leanúint leis an rang. Bhí neart le rá aige: bacheart don ollscoil cúrsa d’fhoghlaimeoirí a chur ar bun (rud a tharlaó shin); ba cheart bliain saoire bheith ag múinteoir leis an Ghaeilge afhoghlaim; ba cheart dianchúrsaí Gaeilge bheith ar siúl sa samhradh;
ba cheart an Ghaeilge a tharraingt amach as na ‘Catholic ghettos’.

Níorbh é sin an uair dheireanach a chuala mé an tagairt donGhaeilge agus don Chaitliceachas; bhí sé mar cheann den dá ‘ghearán’
ba choitianta ag na daoine ar labhair mé leo; ba é an ceann eile nachraibh aon tairbhe ná úsáid leis an Ghaeilge, gurbh fhearr do na daltaíFraincis nó Gearmáinis a fhoghlaim. Ba léir gur chreid go leor acu goraibh an Ghaeilge fite fuaite sa Chaitliceachas a d’fhág go raibh naranganna Gaeilge in áiteanna ar nós Bhóthar na bhFál; mar a dúirtpríomhoide Bloomfield Collegiate, fad is bhí na ranganna Gaeilge iSráid Dhuibhise, i gcúlseomraí ar cíos, ní ligfeadh na tuismitheoirído na páistí dul ann. Ba í an príomhoide céanna a luaigh go raibhuirthi bheith airdeallach faoi na hábhair scoile nó go raibh páistí Ian

146

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 147
Paisley acu. Bhí an dearcadh céanna faoi ‘thíreolaíocht’ na Gaeilge agan mhúinteoir staire in Bloomfield nó cé gur mhaith léi an Ghaeilgebheith aici ó thaobh na staire de, ní fhaca sí aon ghá leis an teanga anlá inniu agus mar go raibh sí ar Bhóthar na bhFál, cad mar a thiocfadhle Protastúnaigh dul ann. ‘Why do you not communicate?’ ar sise. Nafadhbanna eile ba mhinice a luaigh na príomhoidí ná easpa múinteoiríagus easpa éilimh.

Má bhí mé ag súil le scéal ní ba dhóchasaí sa Royal Belfast
Academical Institution (Inst), áit ar chaith an Dr. William Neilsonroinnt blianta ag múineadh Gaeilge, céad go leith bliain ó shin, ba ían díomá a bhí i ndán dom: ba Shasanach é an príomhoide nach raibheolas ar bith aige ar stair na scoile ná suim aige inti: ‘It’s going againstall history trying to revive a language,’ a dúirt sé liom. Mar sin, b’ábhar
faoisimh agam mo chuairt ar Grosvenor High School nó bhí Gaeilge agan phríomhoide, fear a raibh Moles air, agus bhí sé sásta í a chur ar anchlár, cé go mbeadh air féin í a mhúineadh. D’inis sé scéal beag domagus cé nach bhfuil muinín agam as a leithéid i dtreo cás de chineáléigin a chruthú, thóg an ceann seo mo chroí: an bhliain roimhe, d’iarr
beirt chailíní sa scoil air Gaeilge a theagasc dóibh agus nuair ad’fhiafraigh sé díobh cad chuige ar mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim,
dúirt duine acu, ‘Is it not our native language?’

Chomh maith le múinteoirí agus ministrí, labhair mé le cumainnchultúir áirithe: Belfast Civic Society, Classical Society of Northern
Ireland, Ulster Folklife Society, Workers’ Educational Society agus Belfast
Natural History & Philosophical Society. Bhí rang Gaeilge á theagasc agSeán Mac Pilib don WEA, ach ní raibh aird ag ceann ar bith eile dena cumainn seo ar an Ghaeilge a bhí, dar leo, gan úsáid agus marbh.
Labhair mé le cúpla duine de na húdaráis teilifíse. Duine acu, WaldoMaguire, an stiúrthóir anseo, mhaígh sé nach raibh aon éileamh ar anGhaeilge ná ar aon rud ‘Gaelach’ féin, ach dá mb’fhéidir éileamh achruthú gur cheap sé go ndéanfaí freastal air.

Ag breathnú siar ar an tréimhse a chaith mé mar thimire agComhaltas Uladh, cuireann sé iontas orm an oiread oibre is a d’éirighliom a dhéanamh! Bhí mé óg fuinniúil, ar ndóigh, agus suim agam sanobair féin. Ach níor fhan mé sa phost ach sé mhí nó mar sin, nó faoin

147

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 148
am sin, thuig mé go raibh oifigigh an Chomhaltais breá sásta ligeandom leanúint leis na hagallaimh agus le pleananna fadtréimhseacha,
ach nach raibh aon ghníomh gearrthréimhseach i gceist acu. Ní chuigesin a bhí mise, ní raibh mé ann le post a líonadh ach (mar a deirtearanois) le difear a dhéanamh.

I ndiaidh dom bheith sa phost ar feadh cúpla mí, bhí roinnttuairiscí cosúil leis na cinn thuas curtha isteach agam, ceistiúchánscaipthe agam ar Ghaeilgeoirí, na freagraí faighte, agus moltaídearfacha déanta amach; chomh maith, bhí nuachtlitir á scríobh agusá scaipeadh ar Ghaeilgeoirí agus bhí alt Gaeilge seachtainiúil agam arThe Irish News. Agus an méid sin déanta, chuir mé plean cuimsitheachina láthair agus labhair mé ansin leis na hoifigigh faoi phleangearrthréimhseach a dhéanamh amach agus gníomh a dhéanamh dáréir, nó ba é an bharúil a bhí agam go raibh rudaí bunúsacha ledéanamh le pobal Gaeilge a thógáil, ba chuma cá mhéad taighde adhéanfaí. Cuid de na moltaí a rinne mé an t-am sin, bheadh siad lánchomh hábhartha inniu is a bhí daichead blian ó shin. Nuair a ba léir
nach raibh aon ghníomh ag teastáil ón Chomhaltas, nach raibh uathuach staidéar agus tuairiscí, d’éirigh mé as, m’fhágáil féin gan phost.

An teagmháil dheireanach agam
le Máirtín Ó Cadhain

I ndaidh stailc ocrais 1966, is beag gníomhaíocht a bhí ar bun agMisneach agus thiocfadh a rá go fírinneach nach raibh sí beo mareagraíocht ach ar éigean agus faoin bhliain 1969, bhí Séamus ÓTuathail (an té ba ghníomhaí i measc na mball) imithe isteach i SinnFéin agus é ina eagarthóir ar The United Irishman (ní raibh achgluaiseacht amháin Phoblachtach ann ag tús 1969; ba iad nahionsaithe ar an phobal Chaitliceach i mí Lúnasa na bliana sin achothaigh an scoilt a tháinig sa Ghluaiseacht in 1970 agus ar feadh

148

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 149
tamaill, ní raibh a fhios ag cuid de na baill ó thuaidh cad é an eite denghluaiseacht ar bhain said léi), ach i ndeireadh na seascaidí, bhí daoineóga i nGaeltacht Chonamara ag iarraidh corrthónach agusréabhlóideach ina ndearcadh agus bhunaigh said Cumann CeartaSibhialta na Gaeltachta. Rinne siad agóidí agus léirsithe fud fadChonamara le haird a dhíriú ar dhrochbhail na gceantar Gaeltachtaagus nuair a ghlaoigh Rialtas na 26 Chontae toghchán, mí anMheithimh 1969, chuir an Cumann Peadar Mac an Iomaire chuntosaigh mar iarrthóir d’Iarthar na Gaillimhe.

Bíodh is nach raibh sláinte Mháirtín Uí Chadhain go maith(fuair sé bás an bhliain dár gcionn), níor fhéad sé fanacht amach as anchoimhlint seo ina cheantar dúchais. Ar bhealach, ba é seo an rud araibh sé ag tnúth leis a shaol uilig, éirí amach (má ba bheag féin é) saGhaeltacht, agus chuaigh sé siar go Conamara le páirt a ghlacadh sanfheachtas. Scríobh sé chugainn i mBéal Feirste ag iarraidh cibé cuidiúa thiocfadh linn a thabhairt agus gheall muid sin dó. Thug muidbeagán airgid agus chuaigh mise siar cúpla lá roimh an toghchán lecanbhasáil a dhéanamh. Reáchtáil muintir óg na Gaeltachta feachtasiontach slachtmhar agus labhair Máirtín Ó Cadhain, Caitlín Maude,
Seosamh Ó Neachtain, Seosamh Ó Cuaig agus Peadar Mac anIomaire féin tríd an dáilcheantar le brí agus le fuinneamh agus bamhinic iad i gcomórtas díreach le Fianna Fáil ar son an lucht éisteachachéanna. B’aisteach agamsa é bheith thiar ag iarraidh vótaí inIndreabhán, san áit ar chaith Bríghid agus mé féin mí na meala, ochtmbliana roimhe. Cé nár ghnóthaigh Cumann Cearta Sibhialta naGaeltachta suíochán, bhain sé siar as Fianna Fail gur ghnóthaighPeadar breis agus 4,000 vóta. Ar an drochuair, go díreach mar a bhí anstailc ocrais in 1966 ina buaicphointe ag Misneach agus gur thug sí abhás, ba é toghchán 1969 buaicphointe Chumann Chearta Sibhialtana Gaeltachta agus ba é a chreill bháis é chomh maith. Ní raibhteagmháil agam le Máirtín Ó Cadhain i ndiaidh an toghcháin agusbhásaigh sé faoi cheann bliana.

149

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 150
Lúnasa 1969

Is scéal léanmhar é stair na gcaismirtí seicteacha a tharla i mBéalFeirste ón chéad chuid den 19ú céad ar aghaidh. Ba bheag deichmbliana a chuaigh thart gan bruíon bheith ann, go háirithe thart faoinDóú Lá Déag de mhí Iúil. Tá sraith fhada de bhlianta na gcaismirtísa stair: 1835, 1843, 1857, 1864, 1872, 1880, 1884, 1886, 1898, 19201922,
1935, 1964. De réir mar a d’éirigh na Caitlicigh ní balíonmhaire, méadaíodh ar an mhioscais, cuid mhaith di á cothú ag nameáin agus ag ministrí biogóideacha ar nós Hugh Hanna agusThomas Drew (eiseamláirí Paisley). Tharla na Caitlicigh marmhionchuid, ba mhinic iad thíos le haon imreas poiblí.

Ón 19ú haois, dhéantaí ionsaithe ar Chaitlicigh Bhéal Feirste,
ach b’fhada ó rinneadh ionsaí chomh fíochmhar leis an cheann ar 15
Lúnasa 1969 nuair a thug slua de dhílseoirí as Bóthar na Seanchillefogha faoi na tithe i Sráid Bombay gur dhóigh siad iad agus gur ruaigan pobal soir siar sa tóir ar dhídean. Ba ar Mhainistir Chluain Ard abhí aghaidh an daoscarshlua, ach go raibh Sráid Bombay idir iad agusa gcreach. As an 65 teach sa tsráid, dódh 44 acu go talamh. Níorthángthas a fhad leis an Mhainistir, áfach; d’fhéadfá a rá gurbh é anscrios a rinneadh ar Shráid Bombay a shábháil Mainistir Chluain Ardón íde chéanna.Thuig na sagairt sa Mhainistir an méid sin. I seanmóira thug an tAthair Egan, an tseachtain ina dhiaidh, chuir sé béim ar aneaspa cuidithe a fuarthas ó fhórsaí slándála, idir an RUC agus Arm naBreataine, agus labhair ar an iarracht chróga a rinne muintir ancheantair leis an Mhainistir a chosaint. Bhí an teachtaireacht soiléir:
ní raibh ceart ná cosaint le fáil ó na húdarais. Ar deireadh, dúirt Egan,
‘We must live together. It is a mixed society, but that does not mean that wewill not demand justice.’

Ní Sráid Bombay amháin a ionsaíodh nó a scriosadh an oíche sin,
daichead bliain ó shin: oíche na sceana fada a bhí ann do Chaitlicighna sráideanna beaga cúnga a luíonn idir Bóthar na Seanchille agusBóthar na bhFál i mBéal Feirste. Scriosadh tithe na gCaitliceach imBóthar Kashmir, agus i Sráideanna Conway, Norfolk, Cupar, Percy,

150

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 151
Dover, agus ar Shráid Dhuibhise go mba chuid de Bhóthar na bhFálféin í. Rinneadh léirscrios, ar ndóigh, ar thithe in Ard Eoin i dtuaisceartna cathrach chomh maith. Ach is í Sráid Bombay is clúití i gcuimhnena ndaoine ó shin; is samhail í dár tharla agus dár fhulaing an pobal iLúnasa 1969. Faoi dheireadh, nuair a ceapadh go raibh an ainriail ábagairt, tugadh Arm na Breataine isteach. Cé go raibh siad ar an láthairoíche an tslada, níor ordaíodh dóibh dul isteach leis na dílseoirí astopadh, agus fágadh muintir Shráid Bombay agus na sráideanna eilesin gan tithe, gan aon mhaoin phearsanta.

Maidin lá arna mhárach, 16 Lúnasa, chuaigh cúpla duine againnó Bhóthar Seoighe a fhad le Sráid Bombay lena fháil amach andtiocfadh linn cabhair ar bith a thabhairt. Ba dheacair dearmad a
dhéanamh ar an radharc coscrach: tithe dóite ar dhá thaobh na sráide,
a mballaí dubh le toit a bhí go fóill ag éirí as an loscadh a rinneadhorthu, ball éadaigh tréigthe go truamhéalach i lár an bhóthair, boladhtoite san aer, baiclí beaga daoine anseo is ansiúd, cuma chiúin chráiteorthu, iad ag caint leis na saighdiúirí ar garda ann, ach cad a bhí ághardáil acu ba dhoiligh a rá. Bhí sagart de chuid na Mainistreachann ag iarraidh cian a thógáil de mhuintir na sráide. Ba é seo Guernicas’againne gan Picasso ar bith againn lena chur ar chanbhás. Le linndúinn a bheith ansin, tháinig triúr ban as Ard Eoin a fhad leis nasaighdiúirí gur impigh orthu an t-arm a chur suas go dtí tuaisceart nacathrach, áit a raibh an loscadh faoi lánseol ar fad, ainneoin solas anlae bheith ann. Dúirt na saighdiúirí go raibh an t-arm ar a bhealachann cheana féin agus d’imigh na mná.Tháinig scéala chugainn ansingo rabhthas ag cur na ruaige ar Chaitlicigh amach as Sráid Lanark,
sráid a bhí ar an taobh thall de Shráid Cupar, ar Bhóthar Chluanaí(Springfield Road). D’éirigh linn leoraí a aimsiú agus troscán a thógáilas cuid de na tithe sular tháinig na bithiúnaigh a fhad leo.

Iarradh orainn ansin dul go Bóthar Rockmore agus anleictreachas a chur ar obair i dteach folamh a raibh teaghlach decheathrar i ndiaidh oíche a chaitheamh ann. Dódh amach as a dteach
féin i Sráid Norfolk iad, an oíche roimhe sin. Ba thruacánta an radharcna daoine ina seasamh i dteach folamh gan de throscán ann achseantocht a thug duine de na comharsana ar iasacht dóibh. Bhí athair

151

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 152
an teaghlaigh go mór trí chéile; ní thiocfadh leis stad de bheith agcaint ar an teach beag i Sráid Norfolk a ndearna sé an oiread sin oibreair thar na blianta agus nach raibh ann anois ach luaithreach. Le linndúinn bheith ag obair ar an leictreachas sa teach le go mbeadh solasann ar a laghad, tháinig fear de chuid lucht soláthair gháis le gás an tía ghearradh. Is cosúil gur chuala an duine ar leis an teach folamh goraibh teaghlach i ndiaidh bogadh isteach ann agus d’iarr ar nahúdaráis an gás a ghearradh. D’imigh fear an gháis ina rith – is cosúilgur shíl sé go raibh fearg orainn!

I ndiaidh trí lá de chíréibeacha ar fud cheantair lucht oibre Bhéal
Feirste inar maraíodh deichniúr, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh,
cuireadh suas baracáidí sráide a thug faoiseamh ó imní agus cosaintáirithe do dhaoine. Go fóill féin, bhí na mílte ag cur fúthu i hallaíparóiste agus in ionaid shóisialta agus leisc orthu pilleadh ar a dtithear eagla ionsaí eile bheith déanta orthu. Meastar go raibh ar 1,500teaghlach Caitliceach teitheadh le linn na tréimhse sin. Rinneadhscrios ar 600 teach, agus bhí 170 acu sin ó bhail go hiomlán. Chomhmaith leis sin, d’imigh cuid mhór teaghlach go dtí campaí a chuirrialtas na Poblachta ar fáil ó dheas.

De réir a chéile, d’fhill daoine ar na tithe a bhí fós ina seasamh,
ach bhí áitritheoirí Shráid Bombay ar an bhlár fholamh i rith an ama,
iad ina gcónaí i dtithe réamhdhéanta adhmaid, gan ach seirbhísíbunúsacha iontu; ba fhoirgnimh iad a chuir an rialtas ar fáil faoidheifir nuair a tharla an loscadh, ach nach raibh oiriúnach gofadtréimhseach. Go luath i mí Dheireadh an Fhómhair, d’eisigh BrianFaulkner, an tAire Forbartha i seanréimeas Stormont ag an am,
d’eisigh sé ráiteas inar dúradh go ndéanfaí Sráid Bombay a atógáilmar chomhartha dea-thola agus athmhuintearais agus d’iarr sé ar
Chomhairle Bhéal Feirste dul i mbun na hatógála. Thug JamesCallaghan, Aire Gnóthaí Baile Westminster ag an am, cuairtphearsanta ar an tsráid scriosta. Ach faoi lár mhí na Samhna, ba léirnach raibh suim dá laghad ag an Chomhairle dul i mbun na hoibre,
go deimhin, bhí cuid de na Comhairleoirí i bhfách le láthair fholamha fhágáil idir ceantar na Seanchille agus ceantar na bhFál; b’ionann sin
agus géilleadh don fhoréigean.

152

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 153
Tarrtháil Shráid Bombay

Ní raibh ann ach go raibh ár dtithe féin críochnaithe i Lúnasa 1969:
mar a dúradh, mo theaghlach féin ba thúisce a chuaigh a chónaí ar ansuíomh agus bhí ceathrar eile le theacht. Nuair a thosaigh nahionsaithe agus na círéibeacha, ní raibh an duine deireanach istigh gofóill agus b’éigean an t-aistriú a bhrostú, nó níorbh fhéidir teach afhágáil folamh. Leis na tithe tógtha agus na teaghlaigh istigh, bhícruthaithe againn go dtiocfadh le pobal déanamh as dó féin, gan airdar na húdaráis. An t-am sin, ba éacht neamhchoitianta é sin. Thargach rud eile, chothaigh an taithí a fuair muid ár muinín asainn féin.
Ní gan choinne a bhí sé, mar sin, gur tháinig baicle de Ghaeilgeoiríle chéile le rud éigin a dhéanamh faoin droch-chaoi a bhí ar mhuintirShráid Bombay.

Bhíodh teacht le chéile ag dream de Ghaeilgeoirí a thugtaí na‘Gaeilgeoirí Meirgeacha’ orthu (na ‘Rusty Gaels’!) i bPáirc MhicAsmaint de chuid an CLG i mBaile Andarsan i mBéal Feirste, teachtle chéile a bhíodh faoi stiúir Áine agus Shéamuis Napier. Ag cruinniúde chuid na nGaeilgeoirí Meirgeacha, tógadh ceist faoi chás mhuintirShráid Bombay agus faoin neamart a bhí á dhéanamh iontu agComhairle na Cathrach agus pléadh cad arbh fhéidir a dhéanamhfaoi. Moladh amháin a rinneadh ná seilbh a thógáil, ar neamhcheaddon Eaglais Chaitliceach, ar thalamh dá cuid ag Ard na bhFeá, san áita bhfuil Sólann Ard na bhFeá anois, agus tithe a thógáil air. Ach sadeireadh, socraíodh ar an láthair fholamh i Sráid Bombay féin. Marsin, cad faoi Chomhairle na Cathrach a bhí in ainm agus a bheith imbun na hatógála? Chonacthas dúinn go raibh an Chomhairlechéanna thar a bheith drogallach roimh aon atógáil a dhéanamh aguscruthaíodh sin dúinn nuair a fuarthas amach nach raibh cead pleanálaféin iarrtha ainneoin na ngealltanas uilig a tugadh. Thóg Gaeilgeoirítithe dóibh féin ar mhaithe leis an Ghaeilge. Cad chuige nachdtógfadh siad tithe do dhaoine eile ar baineadh a gcuid tithe díobh gohéagórach? Mar an chéad chéim, bhainfí úsáid as dearadh an ailtireSeán Mac Goill, an ceann a rinne sé do Bhóthar Seoighe, mar

153

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 154
bhundearadh do na tithe a bheadh le tógáil i Sráid Bombay agusbhainfí úsáid as comhlacht déanta na dtithe ar Bhóthar Seoighe, DeBrún & Mac Seáin Teoranta, le hearraí a sholáthar don tógáil nuanuair a thosódh sí.

Chuathas chun cainte le muintir Shráid Bhombay, a bhí scaiptheansiúd agus anseo ar fud na cathrach, agus ghlac siad leis an mholadhgur cheart Cumann Tithíochta a bhunú agus dul i mbun tógálaláithreach, gan cead pleanála dá mba gha. Chuathas chun cainte lecuid de na polaiteoirí chomh maith agus chuir Paddy Devlin, a bhí inaChomhairleoir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i mBéal Feirste ag anam, chuir sé suim sa tionscnamh cé gur cheap sé ar dtús gurgeáitsíocht a bhí ar bun againn, agus muid ag iarraidh crua a chur arChomhairle na Cathrach. Nuair a thuig sé go raibh muid dáiríre,
rinne sé a bheag den scéim, ag rá gurbh fhearr gunnaí a cheannach lecibé airgead a gheobhaimis. Dúirt muid leis nach raibh suim dálaghad againn a leithéid a dhéanamh.

Ba dhuine breá é Paddy agus oibrí dícheallach ar son an phobail.
Bhí cónaí air ag an am sin os ár gcomhair amach ar Bhóthar Seoighe.
De theaghlach poblachtach é Paddy agus le rudaí mar a bhí, ní ábhariontais é gur cheap sé gurbh fhearr bheith ag ceannach gunnaí. Fosta,
ní raibh an IRA ar an fhód go fóill agus is féidir gur chuir sin armhalairt intinne é. Ar aon nós, d’athraigh sé a phort ar ball agus mardhuine mór le rá i measc ‘lucht na síochána’, thugadh sé fogha gominic faoi fheachtas na bPoblachtaithe.

Ba mhór an gar go raibh fear dlí chomh hoilte le Séamus Napierbainteach le bunú an Chumainn Tithíochta nó rinne sé cinnte de gondearnadh gach rud go siosmaideach agus de réir an chórais, fiú mábhí an tógáil féin ‘mídhleathach’ ag an tús. Rinne Séamus agus SeánMac Goill, an t-ailtire, cuid mhór stocaireachta ar eagrais éagsúlafhóirithinte agus charthanachta le go mbeadh go leor airgid ann letosú, fad is bhí muintir Bhóthar Seoighe ag eagrú feachtas bailitheairgid le go leanfadh an obair ar aghaidh. Chruinnigh muid airgeadtaobh amuigh de thithe pobail agus taobh amuigh de chorr-theampallProstastúnach chomh maith. Rinne muid amhlaidh i mBaile Átha
Cliath agus i nDún Dealgan fosta. Chuaigh beirt ionadaithe go

154

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 155
Meiriceá le hairgead a bhailiú ag tús 1970 agus thug BernadetteDevlin dúinn slám maith airgid a tugadh di agus í ar camchuairt iMeiriceá. Ba le suimeanna beaga a coinníodh an tógáil ag dul, agus lebronntanais agus le hiasachtaí ábhar tógála ó chomhlachtaí éagsúlaar spreag an scéim iad. Ní go dtí Meitheamh 1970 gur éirigh leSéamus Napier an Cumann Tithíochta a chlárú go hoifigiúil agus gobhfuarthas airgead ar bith poiblí leis an tógáil a chríochnú.

Ach bhí toradh ar an obair chrua agus ar 12 Nollaig 1969, tuairimis ceithre mhí i ndiaidh loscadh na sráide, bhí tochaltóir ar an suíomhleis an dúshraith a dhéanamh do na chéad tithe. Bhí an obair faoi
stiúir mo dhearthár, Seán Mac Seáin, duine den ‘choilíneacht’ arBhóthar Seoighe, ceardaí oilte a d’fhág a chuid oibre le dul ag obairgo lánaimseartha ar an scéim. Bhí an geimhreadh ann anois agusaimsir chrua, ach ina ainneoin sin, i dtrátha na Nollag, bhí ballaí nadtithe úra le feiceáil go soiléir, iad ag éirí mar a bheadh Féinics ann.
Ba ghairid go ndeachaigh an scéal amach go raibh Sráid Bombay áhatógáil agus mheall sé na céadta chuig an suíomh. I gcás cuid acu, níraibh ann ach fiosracht, ach bhí daoine a thairg obair dheonach adhéanamh agus daoine a tháinig le moladh a thabhairt don dream araibh sé de mhisneach iontu dúshlán na n-údarás a thabhairt, údaráisa chuir gach constaic sa bhealach orthu.

Má bhí Comhairle na Cathrach ag tarraingt na gcos roimh thúsna hatógála, bhrostaigh siad anois le stop a chur leis an obair. Ní raibhsin éasca acu nó d’fhág an mhoilleadóireacht a rinne siad go dtí sinnach raibh dílseachán féin déanta acu ar an talamh agus mar sin nachraibh cearta seilbhe acu air. Bhí orthu miondlí pleanála a úsáid legairm chúirte a chur ar De Brún & Mac Seáin Teo leis an tógáil astopadh, agus cé go bhfuarthas an comhlacht ciontach as an mhiondlía bhriseadh agus gur gearradh fíneáil £3 air, níor leor sin leis an obaira stopadh a bhí anois faoi lánseol. Cé nár éirigh le Comhairle naCathrach cosc a chur ar an obair, lean siad leo ag déanamh pleanannaleis na tithe a thógail iad féin nó anois, chonaic na Comhairleoirí, idirAontachtaithe agus Náisiúnaithe, an tógáil mar dhúshlán dágcumhacht féin agus ní raibh uathu ach bac a chur ar an obair dámb’fhéidir.

155

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 156
Tháinig deireadh leis an choimhlint ag tús mhí Feabhra 1970nuair a rialaigh oifigeach pleanála na Comhairle go raibh an pleans’againne chomh maith, mura raibh sé ní b’fhearr, ná plean naComhairle féin. Ba ansin a d’éirigh an Chomhairle as agus lig donChumann Tithíochta na tithe a thógáil. Leis an fhírinne a dhéanamh,
bhí plean Sheáin Mhic Goill i bhfad níb fhearr ná rud ar bith a bhían Chomhairle ag tairiscint: d’éirigh leis 31 teach a chur ar shuíomha bhí iontach teoranta, 17 acu agus 4 sheomra leapa iontu, 14 le 3sheomra leapa, mar aon le 10 ngaráiste agus 5 spás páirceála.
D’admhaigh an t-oifigeach pleanála féin ar ball nach bhféadfadh séféin oiread tithe ar chaighdeán chomh hard a chur sa spás.

Ar 22 Meitheamh 1970, bhronn Seán Mac Seáin, a bhí i mbunna tógála ó lá go lá, eochracha don chéad deich dteach ar na tionóntaí.
B’ócáid stairiúil í cé nach ndearnadh rírá mór fúithi: bhí daoine ar ais
ina gcónaí i sráid a bhí ina barr amháin lasrach, deich mí roimhe sin.
Tógadh an 21 teach eile de réir a chéile agus faoi cheann bliana eile,
na daoine uilig a bhí ag iarraidh dul ar ais, bhí siad ina gcónaí arís eilei Sráid Bombay. Rinne Séamus Napier agus Ciarán Ó Catháin (gondéana Dia grásta orthu beirt), Seán Mac Goill, Seán Mac Seáin,
muintir Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus lear mór de Ghaeilgeoiríeile, an dúrud oibre le Sráid Bombay a atógáil agus is ceart sin achoinneáil i gcuimhne. Scaipeadh cuid éigin d’íomhá na cosmhuintire
a fágadh orainn le himeachtaí na staire: rinne muid as dúinn féin, nílucht déirce a bhí ionainn. Ní dhearna muid caint faoi, rinne muid é.

An lorg a d’fhág imeachtaí ’69

D’fhág imeachtaí Lúnasa 1969 lorg ar an phobal náisiúnach i mBéalFeirste agus ba chuid den phobal sin formhór lucht na Gaeilge, cé goraibh idé-eolaíocht faoi leith againn. Bhí muid síochánta i gcúrsaípolaitíochta agus neamhsheicteach ó thaobh cúrsaí creidimh de.
Chreid muid, mar a chreid na hÉireannaigh Aontaithe, gur chóir

156

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 157
Protastúnaigh, Caitlicigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile marÉireannaigh ach san áireamh againne, bhí an Ghaeilge mar chuidriachtanach den aontacht sin. B’fhealsúnacht doiléir go leor é agus nídócha gur phléigh muid an scéal go mion thairis. Ba dhearcadhaislingeach é agus ní hé gur scaipeadh an aisling ar an oíche a dódhSráid Bombay agus sráideanna eile, ach fuair muid radharc ar fhíricímí-oiriúnacha nach dtiocfadh a shéanadh agus nach dtiocfadh adhath a dhéanamh fúthu. Fágadh daoine gan dídean gan mhaoin;
glacadh seilbh ar hallaí agus ar chumainn de gach cineál, CumannChluain Ard ina measc, mar dhídean sealadach dóibh; ar ball,
úsáideadh foirgneamh an Chumainn féin mar cheanncheathrú aglucht fóirithinte agus ball den Chumann féin, Pádraig Ó Cléirigh, inabun. Blianta ina dhiaidh, mharaigh na dílseoirí Pádraig ina theachcónaithe.

Sinne a bhí inár gcónaí ar Bhóthar Seoighe, chonaic muidloscadh, sléacht agus marú ar na sráideanna ach gan muid cinnte cadé a thiocfadh linn a dhéanamh fá dtaobh de. Bhí muid i ndiaidh
Gaeltacht a bhunú sa cheantar is líonmhaire Caitliceach sa chathair,
rud a bhí lenár leas ó thaobh sábháilteachta de, ach níor fhág sin goraibh muid slán ó ionsaí. Bhí muid buartha go leor faoin bhagairt gurchuir muid córas rabhaidh isteach in achan teach agus cnaipe le brúdá mbeadh contúirt ann. Ní raibh orainn an córas a úsáid riamh,
buíochas le Dia, agus is maith nach raibh nó bhí an torann chomhmór sin go gcuirfeadh sé na mairbh féin ina suí.

Cóir chosanta

Nuair a bhí an córas istigh, d’ardaigh duine éigin ceist faoi cad adhéanfaimis dá ndéanfaí ionsaí orainn. Cad é mar a thiocfadh linn ár
bpáistí a chosaint fada go leor le héalú on áit? Ní raibh dream ar bithann a dtiocfadh glaoch orthu le cuidiú linn. Níor mhaith dúinn glaochar an RUC nó bhí a fhios againn go raibh cuid acu sin páirteach sna

157

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 158
hionsaithe a rinneadh i Lúnasa agus mar sin, nach dtiocfadh linniontaoibh a bheith againn astu. I dtaca leis an IRA de, ní raibh siadann ar chor ar bith ainneoin chlaontuiscint na nAontachtaithe. Rinne
muid amach, mar sin, go gcaithfimis gléas cosanta a sholáthar dúinnféin.

Rinne muid teagmháil le cairde ó dheas agus chuaigh scaifteagainn ann agus chaith cúpla lá ag foghlaim an dóigh le gunnaí aúsáid, faoi stiúir captaein de chuid na bhFórsaí Cosanta Áitiúla ódheas. Gan fiú nár éirigh linn seal a chaitheamh ar raon lámhaigh dechuid Arm an Deiscirt, taobh amuigh de Chathair Chorcaí.Tháinigmuid abhaile agus roinnt arm linn agus a fhios againn an dóigh lehiad a úsáid dá mba gha. Buíochas le Dia, ní raibh feidhm againn leisna hairm sin riamh agus i ndiaidh cúpla bliain, bhí muid in inmheiad a sheoladh ó dheas arís. Níl a fhios agam cad a dhéanfainn dámbeadh agam le scaoileadh le duine ar bith. Bhí mé le fáil amach, níba mhoille, ámh, cad mar a bhí sé duine bheith ag scaoileadh liom asmírún marfach.

Tithe nua

In 1970, tógadh trí theach eile ar Bhóthar Seoighe. Faoin am a bhí andúshraith curtha againn i Sráid Bombay, bhí muid réidh le tuilleadhtithe a thógáil ar Bhóthar Seoighe. Rinne muid teagmháil le trítheaghlach eile: Monica agus Adam Mac Giolla

Chatháin, Caitlín agus Proinsias Ó hAnluain agus Áine agusSeán Mac Aindreasa. Nuair a tháinig deireadh le Scéal Úr in 1966,
d’imigh Seán agus Áine go Baile Átha Cliath, ach d’fhill siad ar BhéalFeirste arís le dul isteach sa scéim. Bhí sé de bhuntáiste againn an
t-am seo go raibh an Banc Gaelach, Gléas, ag gníomhú agus cúlchisteréasúnta aige le go dtiocfadh leis iasachtaí a thabhairt do na tionóntaínua le tús a chur leis an tógáil. Bhí siadsan leis an airgead a aisíocnuair a thiocfadh na morgáistí tríd, rud a rinneadh. Séamus Napier a

158

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 159
shocraigh seo uilig mar ba nós leis. Déarfainn gur sin an chéad uairriamh a fuair Gaeilgeoirí airgead ó Institiúid Airgeadais Ghaelach lecaitheamh ar chur chun cinn na Gaeilge.

Nuair a bhí na tithe nua tógtha, rinne muid an chéad aisíoc de£250 ar an iasacht £2,500 ó Chomhaltas Uladh. Tá mé bródúil guraisíocadh gach pingin den airgead sin leis an Chomhaltas, cé go raibhdóchas orm, corruair, go ndéarfadh siad, bliain éigin, nár ghá é a aisíoc!
Ach caithfear a admháil nár cuireadh crua orainn riamh faoi.

Tógadh na trí theach nua le saothar díreach mar a tógadh na cinnrompu, ach go raibh go leor foghlamtha againn faoin am seo agusnach raibh an oiread sin streachailte le fulaingt.

Scoil Ghaeilge Bhéal Feirste

Timpeall thús na bliana 1971, bhí ocht dteaghlach ar an láthair, achba bheag an gníomh é i gcomórtas leis an chéad chéim eile a bhí arintinn againn. Dá mbeadh a fhios againn an bealach fada a bhíromhainn, tá mé cinnte nach mbeadh muid chomh muiníneachasainn féin, ach is beag a dhéanfaí sa saol dá mbeadh a fhios againncad a bhí romhainn. Mar sin, lean muid linn le scoil a bhunú nó bhíbeirt ar scoil cheana féin agus cuid eile de na páistí ag tarraingt ar aoisscoile.

Ag deireadh 1970, bhí seachtar páistí de chuid na scéime in aoisscoile agus bhí dhá lánúin eile nach raibh sa scéim ar mhaith leo páistía chur ar an scoil. Ba leor naonúr, dar linn, le tosú agus chuaigh muidar lorg múinteora. Chuir muid faoinár gcoinne féin duine de bhunadhna Gaeltachta a fháil mar mhúinteoir nó níor shíl muid go mbeadhduine ar bith sna Sé Chontae a mbeadh cleachtadh aici ar theagasc trímheán na Gaeilge. Bhí an t-ádh linn nó tháinig Caitlín Bean UíDhiscín chugainn. Ba as Cill Charthaigh i dTír Chonaill ó dhúchasdi agus bhí sí tar éis éirí as obair i ndiaidh bheith ag teagasc i mBaileÁtha Cliath. Bhí sí lán de bhrí agus d’fhuinneamh, bíodh is nach raibh

159

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 160
sí i mbláth na hóige. Anois bhí múinteoir againn agus cé nach raibhairgead againn lena tuarastal a dhíol (go fóill), bhí muid cinnte go
n-éireodh linn ar dhóigh éigin.

Ní raibh de dhíth orainn anois ach foirgneamh scoile agus marba dhual dóibh, thug ár gcairde, Séamus Napier agus Seán Mac Goill,
tarrtháil orainn. Luaigh mé cheana féin na foirgnimh adhmaid atógadh mar iostas sealadach do na teaghlaigh a dódh amach as SráidBombay agus áiteanna eile ach a raibh cuid acu ina luí folamh anoisde réir mar a fuarthas lóistín buan do na daoine. D’éirigh le Seán áitiúar an Iontaobhas Tithíochta ceann acu a ligean linn mar ionad scoileagus fuair sé féin agus Séamus deontas £250 dúinn ón Susan LanglyTrust lena cheannach. Bhain muid an foirgneamh as a chéile ar anláthair ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste, bhog go cúl na dtithear Bhóthar Seoighe é agus rinne é a atógáil ansin.

Bunaíodh an scoil ag tús Mheán Fómhair 1971 le rang amháinde sheachtar páistí agus Caitlín Uí Dhiscín á theagasc.

Níor mhiste anseo sliocht a thabhairt as alt a scríobh PádraigMac Thiarnáin ar An tUltach, mí Lúnasa 1972, nuair a bhí an scoil ag
dul le bliain:

Íocann gach tuismitheoir 50 pingin sa tseachtain agus chunairgead breise a thabhairt isteach eagraíonn Pobal Feirsteimeachtaí ó am go ham. Chomh maith le sin tá Linn Taca satsiúl acu a bhfuil tuairim agus 300 ball inntí. Díolann gachduine 10 bpingin sa tseachtain agus íoctar £10 mar dhuais dobhuaiteoir gach seachtain. Fuair an scoil deontas £500 ó
Chomhaltas Uladh i rith na bliana agus thug fear eile £100. Sanam i láthair bíonn naíscoil á reachtáil Maidin Dé Sathairn sa
scoil, beirt déag as Bóthar Seoighe agus cuid eile as áiteanna eilei mBéal Feirste. Is í Maire Nic Diarmada an Mháistreás, OideBunscoile atá cáilithe le páistí den aois sin a theagasc. (Níor
íocadh airgead ar bith le Máire riamh.) Tá rún ag PobalFeirste naíscoil lánGhaelach a bhunú chun páistí a tógadh leBéarla a ullmhú don Bhunscoil. Tá Pobal Feirste i ndiaidh tús a
chur le réabhlóid i gcúrsaí Gaeilge.

160

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 161
Thacaigh Síle agus Pádraig Mac Thiarnáin riamh linn: fad is bhícónaí orthu i mBéal Feirste, d’fhreastail na páistí ar an naíscoil agusrinne Síle a seal ag cuidiú inti maidin Sathairn – bhí róta ann ag namná. Ní ba mhoille, bhí siad féin agus Áine agus Séamus Napier arthús cadhnaíochta nuair a bunaíodh naíscoil Ghaeilge i nDúnPhádraig. Níorbh iad Síle agus Pádraig amháin, ar ndóigh, a thugcuidiú don scoil sna blianta sin nó rinne daoine éagsúla cineáltasorainn ar dhóigeanna éagsúla; ní cuimhin liom anois ach an corr-rud:
gur ghnách le Ciarán Ó Catháin ualach mór de pháipéar a thabhairtisteach sa scoil ó am go chéile; go n-aistríodh daoine leabhair le húsáidsa scoil – Máire Uí Chatháin agus Áine Napier, mar shampla – nó níraibh mórán leabhair Ghaeilge do pháistí ar fáil an t-am sin; aguscuimhnigh nach raibh áiseanna ar nós ríomhairí ann leis an chineálsin a dhéanamh.

Imtheorannú 1971

Roinnt seachtainí sular thosaigh an scoil, de bharr brú ó BrianFaulkner (Príomh-Aire na Sé Chontae), thug rialtas na Breataineimtheorannú isteach, is é sin, príosúnacht gan triail. Meastar anoisgurbh é an tImtheorannú, a cuireadh i bhfeidhm sna Sé Chontae 9Lúnasa 1971, an mheancóg ba mhó dá ndearna rialtas na Breatainele linn tríocha bliain na dTrioblóidí. Gan a dhath eile a lua, ba léir guréirigh an foréigean ní ba mheasa: sna hocht mí roimh imtheorannú,
maraíodh 34 duine; sna ceithre mhí ina dhiaidh, maraíodh 140.

Nuair a ghéill rialtas na Breataine don bhrú ó Stormontpríosúnacht gan triail a úsáid i gcoinne na bPoblachtaithe, chuir siadiomlán an phobail Náisiúnaigh ó thuaidh, nach mór, ina gcoinne.
Thuig na Náisiúnaithe gurbh iad na Dílseoirí ba thúisce a d’úsáid anforéigean i gcúrsaí polaitíochta ó thuaidh: chomh fada siar le 1966,
mharaigh Gusty Spence agus a chairde ón UVF an fear ógCaitliceach, Peter Ward, taobh amuigh de theach tábhairne i SráidMalvern ar Bhóthar na Seanchille.Thuig siad leis gurbh iad ba thúisce

161

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 162
a bhain úsáid as pléascán le píopaí uisce a réabadh in 1968, i ndúil isgo gcuirfí an locht ar an IRA. Ach níor tógadh oiread is dílseoiramháin ar 9 Lúnasa d’ainneoin gurbh iadsan a chuir tús leis an mharúagus leis an bhuamáil (ní go dtí Feabhra 1973 gur imtheorannaíodhna chéad dílseoirí).

Rinneadh prácás de chur i bhfeidhm an imtheorannaithe arachan dóigh eile: bhí an t-eolas ar a raibh sé bunaithe lochtach agusb’éigean 104 as an 350 a tógadh a scaoileadh saor arís. Ach ba é an rudba mhó a chuir fearg ar Náisiúnaithe ná scéala na drochíde a tugadhdo na príosúnaigh, scéala a chuaigh á scaipeadh go forleathan taobhistigh de lá. Chaill na daoine muinín as Arm na Breataine agus asrialtas na Breataine, rud a chuidigh go mór leis an IRA maidir lehearcaíocht agus tacaíocht an phobail de. Bhí Gaeilgeoirí i measc nandaoine a gabhadh, roinnt acu ina mball de Chumann Chluain Ard.

Bunaíodh The Association for Legal Justice ag an am seo le taifeada dhéanamh de na daoine a tógadh agus cad a tharla dóibh agus anscéala a fhorleathadh, go háirithe ar fud an domhain. Bhí baint agamféin agus ag Bríghid agus ag roinnt Gaeilgeoirí eile leis an ghrúpa sin,
mar a bhí, Seán Mac Cana, Eithne Watson, an tAthair Brian ÓBrádaigh, an tAthair Réamonn Ó Muirí agus an tAthair Faul. Ba iadtuairiscí an ALJ ba mhó a úsáideadh i gCúirt na hEorpa, roinntblianta ina dhiaidh sin, nuair a fuarthas rialtas na Breataine ciontachas brúidiúlacht a dhéanamh ar phríosúnaigh, brúidiúlacht a bhí lánchomh holc le rud ar bith a rinneadh in Abu Graib na hIaráice ar na
saolta deireanacha seo.

Is cumhin liom agallamh a dhéanamh le fear amháin a tógadh aran oíche sin, Jimmy Magilton; ní hé amháin nach raibh baint aige leisan IRA, ach ba Phrotastúnach é a bhí ina chónaí in Ard na bFeá(Beechmount) ar Bhóthar na bhFál. Ar chúis amháin nó eile, bhíJimmy ar liosta éigin agus tógadh é i gcuideachta na cuideachta, écostarnocht agus gan air ach a chulaith oíche. Nuair a fuarthas amachar ball, i mbeairic an airm, cé a bhí acu, chaith siad amach ar an tsráidé agus b’éigean dó a bhealach féin a dhéanamh abhaile de shiúl coise.
Nuair a chonaic mise é, bhí a chosa go fóill ag cur fola ar mhéad is arinne sé de shiúl ar na cosáin gharbha.

162

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 163
Tús na Scoile

Mar sin, níorbh í 1971 an bhliain ab fhearr le scoil a thosú! Bhíceantar Bhaile Andarsan ina láthair chogaidh faoin am sin agus archéad lá na scoile, b’éigean do Bhean Uí Dhiscín agus na páistí luí aran urlár i mbothán na scoile fad agus a bhí eachtra lámhaigh ag dular agaidh ar an bhealach mhór amuigh. Ba thubaisteach an scéal é nómá scanraigh sé gach duine againne a raibh cleachtadh éigin againnear na heachtraí seo, cad é an scanradh a chuir sé ar dhuine a tháinig óBhaile Átha Cliath gur tharla sin ar an chéad lá di sa scoil? D’fhan sí,
áfach, go dtí an Nollaig agus ba mhúinteoir cumasach í a raibh bríiontach inti a chuaigh i bhfeidhm go mór ar na páistí. Ach ba shaolcrua é ag bean mar í bheith scartha óna teaghlach agus óna cairde, íina cónaí i mbaile chomh corraithe is a bhí an chuid seo de Bhéal
Feirste. Theip ar a sláinte, bhí a teaghlach féin ag iarraidh uirthi éirías agus faoi dheireadh mhí Eanáir 1972, chuir sí scéal nach mbeadhsí ar ais.

D’fhág sin an scoil gan mhúinteoir i lár na scoilbhliana agusbheadh an t-ádh orainn duine éigin a fháil, cheapfá. Ach bhí an t-ádhorainn agus fuair muid bean óg de thógáil Bhéal Feirste, Caitlín MhicGhiolla Chiaráin (Caitlín Nic Charráin roimh phósadh di) a bhí sástadul i mbun na scoile. Tógadh Caitlín le Gaeilge i mBéal Feirste agusthoiligh sí fanacht go dtí go bhfaighimis múinteoir eile. Níor oileadhCaitlín mar mhúinteoir, ach chruthaigh sí go fíormhaith ar feadh anama a chaith sí linn agus thug na páisti ar aghaidh go díograiseachagus go taitneamhach, bíodh is go raibh réimse aoiseanna á dteagascaici.

(Tá aguisín beag amháin le cur le scéal an chéad lá scoile sin: margheall ar an chlampar, cuireadh an ruaig ar oibrithe Bhord Soláthairan Leictreachais a bhí ar tí an sruth a cheangal leis an mhéadar agusd’fhág siad muid le leictreachas saor in aisce ar feadh trí bliana nó marsin go dtí gur chruinnigh siad uchtach le theacht ar ais agus an obaira chríochnú.)

163

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 164
Iúil 1972: Ionradh Arm na
Breataine

Má d’imigh bean Uí Dhiscín, ba ag fanacht a bhí sinne agus tháinig
na ‘Trioblóidí’ ar leac an dorais chugainn. Sula ndearnadh socrú arbith faoi dhara bliain na scoile, tharla eachtra eile sa cheantar. In 1969,
mar a chonacthas, ba ionsaí ó na dílseoirí an baol, dar linn, ach mar atharla, ba é Arm na Breataine a d’ionsaigh na tithe, mí Iúil 1972.

D’éirigh an cogadh ní ba mheasa arís an bhliain sin agus uafás indiaidh uafáis ann. Ar 30 Eanáir, mharaigh Arm na Breataine triúrdéag i nDoire – Domhnach na Fola. Shéan Rialtas na Breataine goraibh aon locht ar na saighdiúirí agus mhaígh Reginald Maudling, anRúnaí Gnóthaí Baile, nár scaoil na Paras go dtí gur scaoileadh leosan,
ráiteas a spreag Bernadette Devlin ‘that murdering hypocrite’ athabhairt air ag Westminster agus é a bhualadh san aghaidh. I mBaileÁtha Cliath, cuireadh Ambasáid na Breataine le thine. Seachtain inadhiaidh sin, bhunaigh Bill Craig páirtí úr, Vanguard, a thug le chéilean chuid ba dhígeanta de na hAontachtaithe agus de na Dílseoiríchomh maith. I Márta, d’fhógair Rialtas na Breataine ‘riail dhíreach’
ar na Sé Chontae agus deireadh le Stormont. Bhí feachtas buamála arsiúl ag an IRA (an dá chuid) i rith na bliana agus ar 21 Iúil (Aoine naFola), phléasc siad breis is fiche buama; maraíodh naonúr agusgortaíodh corradh le céad duine. Deich lá ní ba mhoille, thosaighOperation Motorman, freagra Arm na Breataine ar an eachtrachoscrach sin; ba iarracht í na ceantair a bhí faoi cheannas an IRA a‘athghabháil’.

Thosaigh Motorman ar 31 Iúil agus ar an oíche sin, bhris buíonde shaighdiúirí na doirse isteach sna tithe s’againne (fuair muid amachina dhiaidh go raibh buíon eile sna tithe ar an taobh eile den bhóthar)
agus d’ordaigh dúinn imeacht, ag rá go dtosódh scaoileadh ar ball. Níraibh Pádraig s’againne ach dhá mhí d’aois ag an am, bhí triúr eilepáistí againn faoi sé bliana agus ní raibh Bríghid féin go maith. Bhísé dubh dorcha agus ag stealladh báistí. Cá rachaimis? Amach ar an

164

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 165
bhóthar inár gcultacha oíche san fhearthainn? An ligfeadh siad dúinnceirt bhán a thabhairt linn agus muid ag dul in éadan na bpiléar? Nóscáth fearthainne féin? Dhiúltaigh muid bogadh. Dúirt an t-oifigeachlinn gur ar ár gconlán féin a bheimis ag fanacht. Agus an seisearagainn cuachta istigh sa chlúid – an t-aon áit sa teach a raibh ballaíbríce – d’fhan muid le breacadh an lae. Roimh i bhfad, go díreach mara gealladh dúinn, thosaigh an scaoileadh. A bhuíochas do nadrochléarscáileanna a dáileadh ar na saighdiúirí, ní raibh a fhios ag anbhuíon ar thaobh s’againne den bhóthar faoin bhuíon ar an taobh eileagus chrom gach dream acu ar an dream eile a mharú. Níor aithinsiad an mheancóg go dtí gur goineadh duine acu. B’fhada an oíche í,
ach d’imigh sí faoi dheireadh agus d’imigh na saighdiúirí léi.

Caitlín Mhic Ghiolla Chiaráin

Ag deireadh an tsamhraidh 1972, ní raibh múinteoir againn doMheán Fómhair go fóill agus gan aon chuma ann go mbeadh. Bhí na‘trioblóidí’ ag dul in olcas: má bhí na Sé Chontae ina gcíor thuathailin 1971, bhí ainriail á bagairt in 1972. Ar an Domhnach, 30 Eanáir,
mharaigh Arm na Breataine triúr déag i nDoire. Mar thoradh ar anuafás sin, thit rialtas Stormont i Márta 1972, rud a mhéadaigh ar eaglana gCaitliceach agus ní gan fáth: idir Aibreán 1972 agus Eanáir 1973,
maraíodh tuairim is seachtó Caitliceach; bhí na dílseoirí ag marú triúrCaitliceach ar son gach Protastúnach. Rinne muid an rud céillí:
d’impigh muid ar Chaitlín leanúint ar aghaidh go ceann bliana eile,
thoiligh sí agus tá muid go mór faoi chomaoin aici go dtí an lá inniuféin. Chuir sin an fhadhb ar ceal go ceann bliana, ach i samhradh1973, d’fhág Caitlín agus an teaghlach Béal Feirste le dul a chónaí inGlinntí Aontroma. Mar a dúradh i dtuairisc ar An tUltach, go gearr
i ndiaidh di imeacht, ‘Thig le Bn. Mhic Ghiolla Chiaráin a bheithbródúil as an obair atá déanta aici.’

165

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 166
Aighneas

Ba mhúinteoir de thógáil na Gaeltachta ba rogha linn riamh ach ganmíorúilt éigin, ba léir dúinn nach bhfaighimis a leithéid agus cúrsaímar a bhí. I ndiaidh bheith beagnach in éag sna caogaidí agus snaseascaidí, bhí an IRA faoin am seo gníomhach eagraithe: is gnách anfocal ‘trioblóidí’ a úsáid, ach ba chogadh é, dáiríre. In 1973, bhí feachtastréan buamála ar bun ag an IRA; bhí feachtas leanúnach
feallmharaithe na ndílseoirí i gcoinne an phobail Chaitlicigh ag dul idtreise; sa bhliain amháin sin, maraíodh 252 duine, ba shibhialtaighiad 119 acu. Agus sin uilig amhlaidh, an dtiocfadh duine ar bith leciall a chónaí anseo? Nó an mbeadh sé de cheart againn iarraidh ardhuine theacht? Tháinig focail Uí Chadhain mar mhacalla chugam:
‘Tá sibhse sílim i mBéal Feirste ag dul ró-fhada le ceist na Gaeltacht.’
Bhí muid i sáinn agus faoi dheireadh na scoilbhliana, thosaigh an curis cúiteamh faoi mhúinteoir a fháil de thógáil na Gaeltachta.

Bhí muintir Uí Mhonacháin, Tomás agus Bríghid, diongbháiltego gcaithfimis múinteoir Gaeltachta a fháil, agus mhol siad fanachtfhad is a lean muid leis an iarracht múinteoir ón Ghaeltacht a aimsiú.
B’ionann sin agus gan an scoil a thosú, ach cheap cuid eile againn goraibh contúirt ann mura dtosódh an scoil san fhómhar nach dtosódh
sí ar chor ar bith. Bhí an chuid eile againn i bhfách, ar ndóigh, lemúinteoir Gaeltachta, ach níor chreid muid go dtiocfadh beanGhaeltachta go Béal Feirste nuair a bhí buamáil agus marú ag dul araghaidh.

Chothaigh an díospóireacht fá dtaobh de seo uilig a láneascairdis. Bhí muintir Uí Mhonacháin i bhfách le fanacht le gombeadh múinteoir Gaeltachta ar na gaobhair agus bhí cuid eile againni bhfách le leanúint ar aghaidh, ar ais nó ar éigean. Ba é an deireadha bhí air gur imigh Bríghid agus Tomás Ó Monacháin go GaothDobhair, an samhradh sin, gur shocraigh siad síos ansin leis an chlanna thógáil i gceartlár na Gaeltachta. Tá iomrá ar bheirt den teaghlachsin ar TG4, mar atá, na láithreoirí Ailbhe Ó Monacháin agus SorchaNí Mhonacháin. Bhí iníon eile, Éabha, a theagasc ar feadh fada go

166

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 167
leor i Meánscoil Feirste agus atá i mbun scoile i dTír Chonaill agusseo á scríobh.

Imeacht Bhríghid agus Thomáis Uí Mhonacháin go TírChonaill in 1973, ní scaradh na gcompánach a bhí ann sa mhéid is goraibh go leor easaontais ann mar gheall ar an treo a raibh an scoil agdul. Ba thrua faoin easaontas, ach ní dócha go bhféadfaí a sheachaint.
Níor bheag an íobairt a rinne Tom agus Bríghid ar son an rud archreid siad ann. Chaith siad beirt go leor ama i rith na bliana sin agiarraidh theacht ar mhúinteoir de thógáil na Gaeltachta a rachadh imbun na scoile, ach ní raibh toradh ar na hiarrachtaí. Is cinnte nachraibh sé éasca acu a dteaghlach óg a aistriú go dtí ceantar ar an taobheile den chúige, breis is céad míle ar shiúl. Mar bharr ar an donas, níraibh luach an tí ar Bhóthar Seoighe acu nó bhí sin ina luí folamh arfeadh bliana agus breis sular tháinig Máire agus Donncha UaBruadair chun tosaigh lena cheannach.

Bhí Tomás Ó Monacháin i mbun Chumann Chluain Ard le
fiche bliain, tréimhse inar fhág sé lorg nár bheag ar an áit agus ar nadaoine a thaithigh é; mar sin, d’fhág a imeacht an áit gan cheannaire.
Chomh maith, bhí cuid de na daoine a bhíodh gníomhach san áitgníomhach anois le cúraimí eile – tógáil tithe, bunú scoile, agus marsin de. Ach níor fágadh Cumann Chluain Ard gan chúram nó bafaoin am sin a tháinig Albert Fry chun tosaigh.

Bhí Albert ag baint leis an Chumann le fada roimhe sin, ach níraibh ról ceannaireachta aige ann nó ba mhó an tsuim a bhí aige igcúrsaí ceoil agus clár teilifíse aige ar RTÉ ar feadh tamaill. Bainnealtóir struchtúrtha é Albert ó thaobh gairme de, agus comhlachtdá chuid féin aige ar ball; in 1970 agus Sráid Bombay á hatógáil, chuirsé a shaineolas ar fáil. Ba i ndiaidh do Thomás Ó Monacháin imeacht
go Dún na nGall in 1973 a tháinig Albert mar chomharba air agus isé atá i mbun Chumann Chluain Ard go dtí an lá atá inniu ann, é agcloí le fealsúnacht an lán-Ghaelachais i gcónaí.

167

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 168
Bunscoil Phobal Feirste 1973
ar aghaidh

Ag deireadh na scoilbhliana 1973, chinn an coiste go gceapfaimis marmhúinteoir sa scoil, Áine Bean Mhic Aindreasa, duine dínn féin.
Rinneadh dhá rang agus chuaigh Máire agus Bríghid Mhic Sheáin igcomhar le chéile leis na páistí óga a mhúineadh. D’fhág sin go raibhmúinteoirí ar an láthair againn, cúis mhór faoisimh dúinn agus an saolchomh corrach is a bhí ag an am.

Ba léir, chomh luath le 1974, nár leor an tinreamh a bhí ar anscoil le go mbeadh sí inmharthana. Thuig muid nach dtiocfadh anscoil a choinneáil ag dul ar ár bpáistí féin amháin agus an corrdhuineón taobh amuigh. Sa bhliain 1974, bhí 16 ar an rolla agus cé go raibhpáistí faoi aois scoile ann go fóill – agus tuilleadh le theacht – ní raibhméadú mór i ndán do líon na ndaltaí, go háirithe nuair a thiocfadh anchuid ba shine ar aois imeachta.

In 1974, bhí timpeall sé pháiste is fiche sa choilíneacht. Bhíceathrar againn féin: Nuala, Deirdre, Colma agus Pádraig; bhí cúigearag Caitlín agus ag Seosamh Mistéil: Domhnall, Seán, Siubhán, Pilibagus Emer; bhí triúr ag Máire agus Seán Mac Seáin: Caitríona,Tomásagus Máire; bhí ceathrar ag Cristín agus Liam Ó Bruadair: Eilís,
Conall, Úna agus Fionntán; bhí ceathrar ag Monica agus Adam MacGiolla Chatháin: Adam, Brídín, Caoimhín agus Darach; bhí ceathrarag Áine agus Seán Mac Aindreasa: Colm, Caitlín, Séamus agusAlastair; bhí beirt ag Caitlín agus Proinsias Ó hAnluain: Ruairí agusPeadar. Cuireadh leis an líon sin ní ba mhoille: triúr eile ag Cristínagus Liam Ó Bruadair: Róisín, Ciarán agus Clár; ceathrar eile agmuintir Mhic Giolla Chatháin: Eithne, Fidelma, Gearóidín agusHeilín. Chomh maith, bhí beirt ag Máire agus Donncha UaBhruadair (Diarmuid agus Cormac), a tháinig isteach sa scéim indiaidh do Bhríghid agus do Thomás Ó Monacháin imeacht. Ansin,
bhí páistí ar an scoil nach raibh cónaí orthu ar Bhóthar Seoighe: BrianÓ Maolchraoibhe (mac Phádraig), Ciarán Ó Cearbhalláin, Clodagh

168

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 169
agus Caoimhe Ní Chearbhalláin (clann Mháire agus Fheargail UíChearbhalláin) agus muintir Mhic Ainmhire.

Rinneadh iarrachtaí ó am go chéile dul i dteagmháil leis anRoinn Oideachais ó thuaidh faoi dheontas a fháil don scoil, achníorbh í an chloch ba mhó ar ár bpaidrín í. Ach níor fhág muid as anáireamh é go hiomlán: bhí Séamus Napier ag caint le státseirbhísighagus ag scríobh chuig Coiste Oideachais Chontae Aontroma ar árson in 1972 agus freagra aige, nach raibh diúltach ar fad, ag iarraidhcruinniú eile leis an scéal a phlé. Chomh maith leis sin, bhí BríghidNí Mhonacháin agus Áine Mhic Aindreasa i dteagmháil leis anRoinn agus iad mar rúnaithe ar choiste na scoile. Ach ní raibhiontaoibh ar bith againn as cabhair ar bith rialtais agus ar aon nós,
thuig muid nach dtabharfaí aon aird ar scoil chomh beag is a bhíagainn. Má choinnigh muid an teagmháil le Roinn an Oideachais, baar mhaithe lena dhearbhú do na húdaráis go raibh muid ann agusnach raibh rún againn imeacht. Chonacthas dúinn – nó do chuidagainn, cibé ar bith – nach as dea-thoil Roinn an Oideachais athiocfadh cabhair stáit ach de bharr brú pholaitiúil de chineál éigin.
Fosta, níl aon rud a chuirfeadh beaguchtach ort mar a chuirfeadhbheith ag cur is ag cúiteamh le státseirbhísigh! Thar gach rud eile, bhíár sáith le déanamh againn leis an scoil a choinneáil oscailte ó lá go láagus ba air sin a caitheadh ár gcuid fuinnimh agus ár gcuid ama. Nígo dtí gur tháinig daoine isteach sa scéim ar nós Aodáin Mhic Phóilinagus Liam Andrews, in 1976, a bhí ní b’óige agus ní ba chumasaí, gurtugadh faoi cheist aitheantais i ndáiríre agus go leanúnach. Idtionscnamh ar bith, bíonn níos mó ná cineál amháin straitéise dedhíth agus níos mó ná an cineál amháin duine.

169

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 170
Cúrsaí airgid na scoile

B’ionann agus tasc lánaimseartha é airgead a choinneáil leis an scoil,
ach nach raibh duine ar bith lánaimseartha againn lena dhéanamh.
Don scoilbhliain 1972-1973, mar shampla, thug an cisteoir, Bríghid

Mhic Sheáin, an cuntas airgid seo:
Teacht isteach:
Linn Taca:
Tuismitheoirí:
£2,153£580
Comhaltas Uladh: £500
Susan Langley Trust:
Gléas:
£300
£250
Imeachtaí eile: £199
Cumann Naomh Maitiú: £166
Cumann Chluain Ard: £104
Síntiúis aonaracha: £599

Mar sin, bailíodh beagnach £5,000 go mb’ionann é agus luach dhátheach ag an am. Ní suim mhór é sin, an lá inniu, ach airgead mór abhí ann againne, an t-am sin. Bhí mé fein i mbun Linn Taca a bhíbunaithe a bheag nó a mhór ar An Carn Ultach a bhíodh ag CumannChluain Ard lenár linn. Léiríonn na huimhreacha an cuidiú a fuair
muid ó Shéamus Napier agus ó Sheán Mac Goill, a bhí beirt ar choiste
an Susan Langley Trust, agus Séamus ag baint le Gléas chomh maith.
As an mhéid sin, caitheadh £1,386 ar thuarastal múinteora agus bhí£1,116 idir lámha againn agus sinn ag dul isteach sa scoilbhliain nua.
Má bhí an scoil féin beag, ba léir go raibh sí á reáchtáil go siosmaideachagus de réir dea-chleachtais ó thaobh airgid de.

Tá níos mó ná airgead de dhíth ar scoil, go háirithe nuair atá gachrud le cur ar fáil, ón chailc go dtí na cathaoireacha. Ní ar chúrsaí airgidamháin, mar sin, a bhí ár n-aird nó b’éigean na háiseanna teagaisc asholáthar, ualach a fágadh ar mhná na scéime, a scríobh leabhair bheaga,
a d’aistrigh téacsanna agus a chum scéalta ar ábhair éagsúla. Rinne na

170

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 171
fir an obair thógála, an maisiú agus an cóiriú; rinne Seán Mac Seáin,
Liam Ó Bruadair agus Feargal Ó Cearbhalláin an obair adhmaid:
seilfeanna, priosanna, clár dubh agus mar sin; rinne an chuid eile againnde réir ár gcumais. Mar a bhí i gCumann Chluain Ard, na bliantaroimhe, chuaigh deaslámhaí an lucht oibre chun sochair dúinn. Ní raibhbealach ar bith a dtiocfadh le múinteoir aonair amháin cúraimí uiligna scoile a ghlacadh uirthi féin. Bhí an scoil le glanadh agus rinne gachteaghlach sin ar a seal, gach lá, fir agus mná. Bhí turais le heagrú.
Chuirtí na páistí isteach ar fheiseanna agus ar chomórtais cheoil. RinneMáire Mhic Sheáin cuid mhór oibre ar na cúrsaí sin, i gcomhar leis namná eile, nó bhí féith an cheoil agus na drámaíochta inti. Thaistil napáistí ar fud an oileáin agus fuair cleachtadh ar an taisteal agus a bheithos comhair an phobail, rud a chothaigh teacht i láthair iontu, fiú sapháiste is cotúla. Thiocfadh le Máire na heachtraí a bhain dóibh aaithris a thabharfadh léargas ar shaol na scoile sna blianta sin. Chomhmaith, tharla gur múinteoir damhsa a bhí i Máire Uí Bhruadair agusthosaigh sí rang damhsa a bhíodh ann gach seachtain.

Gnó: bunú agus teip

Nuair a d’éirigh mé as an phost le Comhaltas Uladh, ag deireadh1969, rinne mé amach gur mhaith liom tabhairt faoi ghnó de mochuid féin a chur ar bun. Tháinig Pádraig Ó Baoighill chugam gurthairg post dom ag obair ag Gael Linn. Bhí Pádraig ina cheannasaí arGhael Linn ó thuaidh san am agus bhí cathú orm an post a ghlacadhnó bhí aithne agam ar Phádraig agus níor mhiste liom bheith ag obairaige mar go raibh mé cinnte go bhfaighinn cothrom na féinne uaidhi dtólamh. Ach níor ghlac. Ina ionad, chrom mé ar ghnó a bhunú.
Fuair m’athair bás i Meitheamh na bliana sin agus ní raibh fágthaanois sa teach inar tógadh sinn ach mo mháthair nó bhí an teaghlachuilig pósta faoin am sin. Bhí seanbhothán ag cúl an tí a raibhleictreachas ann agus chuir mé roinnt trealamh innealtóireachta

171

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 172
isteach ann a bhí á chruinniú agam thar na blianta.Thug mé ‘SeirbhísíDiesel’ ar an ghnó agus chuaigh ina bhun. Fuair mé bileoga déantaagus scaip mé ar chomhlachtaí i mBéal Feirste agus sa cheantarmáguaird iad. D’éirigh liom teacht isteach éigin a bheith agam, ach deréir a chéile, d’fhoghlaim mé nach raibh bealach ar bith a dtiocfadhliom an gnó a fhorbairt sa cheantar ina raibh mé nó bhí na baracáidígo fóill ar shráideanna Bhóthar na bhFál agus eagla ar dhaoine dulisteach ann. I ndiaidh dom naoi mí nó mar sin a chaitheamh ag duldon ghnó, d’éirigh mé as agus ghlac mé post mar mheicneoir le ASBaird i dtuaisceart na cathrach.

Bhí AS Baird suite taobh le heastát tithíochta Ráth Cúile
(Rathcoole) a bhí ar cheann de bhunáiteanna móra an UDA ag an am.
Chaith mé breis agus trí bliana ag obair ansin, le linn na tréimhse abfhíochmhaire cogaidh ó thuaidh. Ní raibh ach fíorbheagán Caitliceachag obair san áit agus bhíodh ‘siúl amach’ agus stailceanna gairide ar siúlag na hoibrithe Prostastúnacha mar gheall ar bhuamáil an IRA, a bhíag dul go tréan ag an am. Caithfidh mé a rá go raibh úinéirí anchomhlachta an-tuisceanach leis an líon beag Caitliceach a bhí agobair san áit agus rinne siad cinnte de nár chuir duine ar bith cruaorainn dul ar stailc mura raibh muid ag iarraidh. Bhí Ráth Cúile iseilbh an UDA ag an am agus a gcuid póilíní féin ina bhun. B’éigeandom oibriú san eastát féin uaireanta agus thug mé foláireamh do cibécúntóir a bhíodh liom gan Séamus a ghlaoch orm in am ar bith agusgo háirithe dá mbeadh duine ar na gaobhair agus ‘MP’ ar a sciathán
agus ‘UDA POLICE’ ar a chaipín aige. Ach sin ráite agam, bhí anobair taitneamhach agus an chuid ba mhó de na daoine múinte liom,
in ainneoin m’ainm ‘choimhthíoch’.

172

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 173
Fostaíocht á cruthú ag
Gaeilgeoirí

Níor luaithe Sráid Bombay atógtha go ndeachaigh Gaeilgeoirí i mbuntogra eile a bhí chomh huaillmhianach céanna. Rinne Seán MacGoill, Séamus Napier agus Ciarán Ó Catháin amach go mbunóidíscomharchumann, cosúil leis an cheann a bunaíodh i Sráid Bombayach an t-am seo dírithe ar obair a chur ar fáil i gceantar Bhaile UíMhurchú (Ballymurphy) i mBéal Feirste. Bhí suas le 30,000 duine inagcónaí sa cheantar agus ráta dífhostaíochta de 34% ann. Ceantarbocht a bhí ann, le tréan fadhbanna sóisialta, a ndearna RialtasStormont neamart ann riamh. Bhunaigh Seán, Séamus agus Ciaráncomharchumann ar bhaist siad ‘Eastát Tionsclaíoch na CarraigeBáine’ air. D’fhostaigh siad Anraí Ó Catháin, Gaeilgeoir eile, marphríomhfheidhmeannach agus chuaigh i gcomhar le muintir ancheantair le poist a chur ar fáil.

Gnó cniotála an chéad rud ar tugadh faoi agus i ndiaidh tamaill,
bhí suas le fiche duine fostaithe ann. Chomh maith leis sin, bhícomharshiopa ann agus siopa ceardaíochta, ach ba é an t-eastáttionsclaíoch féin an rud ba mhó ar tugadh faoi. Fuair siad seilbh ar 12acra de thalamh sléibhe sa cheantar, talamh a bhí ina fheirm go gearrroimhe sin, agus chuaigh i mbun oibre. Iarradh cead pleanála ledaichead monarcha bheag a thógáil san eastát. Gan fanacht ar namonarchana bheith réidh, tosaíodh ar ghnó déanta coinnle iseanbhóitheach de chuid na feirme agus fostaíodh beirt láithreach.
Faoi thús na bliana 1974, bhí dhá mhonarcha eile tógtha agus suas ledaichead duine fostaithe san iomlán. Bunaíodh comhlacht tógála leisna monarchana a thógáil agus tosaíodh ar gharáiste agus ar shiopagrósaera a thógáil ar thosach an bhealaigh mhóir.

Ní raibh mé féin gníomhach san fhiontar seo ach sa bheag ag antús nó nuair a bhí tithe Shráid Bombay críochnaithe, bhí mé ag obairmar mheicneoir arís agus ag leanúint le forbairt Ghaeltacht BhótharSeoighe agus na scoile. Ach níor briseadh an ceangal le Bóthar

173

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 174
Seoighe nó bhí Seán Mac Seáin ag plé le heite thógála an EastáitThionsclaíoch agus bhí Donncha Ua Bruadair, a bhí i ndiaidh teachmhuintir Uí Mhonacháin ar Bhóthar Seoighe a cheannach ar imeachtdo Thomás agus do Bhríghid, bhí seisean ar choiste an EastáitThionsclaíoch anois chomh maith.

Siopa an Phobail

Láimh leis na heachtraí seo, chuir muintir Bhóthar Seoighe ‘Siopa anPhobail’ ar bun, i lár Bhaile Andarsan, siopa leabhar agus ceardaíochtaa bhí faoi stiúir Sheáin Mhic Aindreasa agus a dheirféar, Caitlín UíAnluain, beirt a bhí ina gcónaí ar Bhóthar Seoighe agus a raibh suimacu i leabhair agus eolas acu orthu. Iarracht a bhí sa siopa beagánairgid a ghnóthú don scoil agus bíodh is gur bheag a ghnóthaigh sé,
thug sé ‘íomhá’ den chéad uair don Ghaeilge i mBaile Andarsan.
D’oibrigh daoine eile sa siopa go deonach, duine acu Aodán MacPóilin, a thiocfadh a chónaí ar Bhóthar Seoighe ní ba mhoille.

Leanadh eiseamláir Shiopa an Phobail sna hochtóidí nuair abhunaigh Áine Nic Gearailt agus Gearóid Ó Cairealláin a siopaleabhar féin, a bhíodh tráth san Ardscoil sular scriosadh an
foirgneamh sin i dtine agus ansin sa seanmhuileann i Sráid Mhic ConMidhe agus atá anois i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, agus ar thugsiad ‘An Ceathrú Póilí’ air agus atá ar cheann de na siopaí leabhairGhaeilge is fearr sa tír agus é ag croílár na Cultúrlainne.

174

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 175
Garáiste an Phobail

Mar a luadh, bhí garáiste agus siopa i gceist sa scéim don EastátTionsclaíoch agus nuair a bhí siad tógtha, iarradh ormsa dul ina mbunó tharla mé bheith i mo mheicneoir. Bhí luí againn leis an fhocal‘pobal’ sna laethanta sin: thug muid Pobal Feirste ar ár ngrúpa féin,
Scoil Phobal Feirste ar an scoil agus Siopa an Phobail ar an siopa,
mar a luadh cheana. Mar sin, bhaist mé ‘Garáiste an Phobail’ ar an
tionscnamh nua a raibh mé le bheith ina bhun.

Timpeall na Cásca 1974, d’fhág mé AS Baird le dul ag obair marbhainisteoir ar an gharáiste agus ar an siopa. Ba sheirbhís í a bhí agteastáil go géar nuair nach raibh garáiste ar bith eile sachomharsanacht. Bhí uaireanta fada le hoibriú, ach ba chuid dendúshlán é sin agus bhí bearta ar intinn againn leis an ghnó a fhorbairtagus tuilleadh seirbhísí a bhain leis an gharáiste agus leis an siopa achur ar fáil. Bhí tuairim agus seisear ag obair sa dá ghnó sin agus líonna n-oibrithe a bhí fostaithe sa tionscadal ar fad ag tarraingt ar ochtóduine. Ba mhór an t-éacht é i gceantar a raibh thar 30% de na daoinegan obair ann. Ba mhó go mór an t-éacht é má chuimhníonn tú goraibh Seán Mac Goill agus Séamus Napeir agus Ciarán Ó Catháin agobair go lánaimseartha ina ngairmeacha féin agus ag déanamh nahoibre seo uilig go deonach ina gcuid ama féin.

Stailc na nDílseoirí 1974

Bhí rudaí ag dul ar aghaidh go maith go dtí Bealtaine na bliana sinnuair a d’fhógair baicle de dhílseoirí stailc in éadan ChomhaontúSunningdale. I ndiaidh cainteanna ag Sunningdale i Sasana, agdeireadh na bliana 1973, bunaíodh feidhmeannas ina mbeadh anchumhacht comhroinnte idir Náisiúnaithe agus Aontachtaithe, maraon le foras trasteorann, Comhairle na hÉireann. Chuir cuid

175

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 176
mhaith de na hAontachtaithe, idir pholaiteoirí agus dílseoirí, igcoinne Sunningdale agus rinne a seacht ndícheall leis anfheidhmeannas a thabhairt anuas. Chuir an IRA ina choinne fosta
agus phléasc siad buamaí i Londain. Bhí na dílseoirí i gcoinne aoncheangal bheith ag rialtas na Poblachta le gnó an tuaiscirt. An stailca d’fhógair siad, thosaigh sé ar 15 Bealtaine. Dhá lá ina dhiaidh sin,
phléasc siad buamaí gan rabhadh i mBaile Átha Cliath agus iMuineachán a mharaigh tríocha a trí duine, an duine is óige acucúig mhí d’aois.

Ba iad na dílseoirí paraimíleatacha a bhí taobh thiar den stailcagus le tacaíocht ó oibrithe i seirbhísí soláthair leictreachais aguspheitril agus trí imeagla a dhéanamh ar chuid eile, d’éirigh leo, de réira chéile, gearradh siar ar na seirbhísí poiblí. Tógadh baracáidí ar fudna cathrach agus ní dhearna Arm na Breataine aon iarracht iad abhaint. Druideadh monarchana agus suímh thógála agus cuid mhaithde na stáisiúin pheitril. Bhí ganntanas aráin agus bainne ann. Thargach rud eile, bhí ganntanas leictreachais agus peitril. Roimh i bhfad,
bhí sé dodhéanta ag Garáiste an Phobail aon pheitreal a fháil. Bhí sindona go leor don ghnó, ach i ndiaidh ar tharla i mBaile Átha Cliathagus i Muineachán, bhí scanradh ar ghnáthdhaoine go ndéanfaí ionsaíorthusan agus gan deis acu éalú ceal peitril.

Tháinig daoine chugam as ceannasaíocht an IRA i mBéal Feirsteag rá go raibh éigeandáil ann agus go gcaithfí peitreal a fháil áit éiginnó go raibh sé tábhachtach do chosaint an phobail go mbeadh peitrealag Garáiste an Phobail, an t-aon gharáiste sa cheantar. Thug siadliosta dom a raibh ainmneacha banaltraí agus dochtúirí air chomhmaith le hainmneacha eile a mheas mé bheith de bhaill an IRA féin,
ach nár fhiosraigh mé. Thuig mé, ar ndóigh, an rud a bhí i gceist acuagus dúirt mé go ndéanfainn mo dhícheall peitreal a aimsiú.

Ní thiocfadh sin a dhéanamh an taobh seo den teorainn, mar sin,
ba ó dheas a chaithfimis dul. Chuige sin, bhí tancaer ola de dhíth ormagus chuaigh mé chuig duine a raibh seantancaeir aige nach raibhinbhóthair ach a thiocfadh a thiomáint go fóill. Dhiúltaigh sé ceannar bith acu a thabhairt dom, ag rá nach raibh cáin nó árachas orthuagus ar aon nós, nach mbeadh sé sábháilte iad a ligean ar an bhóthar.

176

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 177
Dúirt mé sin le fear an IRA agus níorbh fhada go raibh siad ar ais agustancaer leo. Is féidir go raibh deis a labhartha acu thar mar a bhíagamsa!

An tancaer agus an t-airgead againn, d’imigh mé liom go DúnDealgan i lár na hoíche, an t-am ba shábháilte, dar linn. Cara de mochuid, Bob Murray, a raibh páistí leis ar an Bhunscoil, a thiomáin antancaer, agus mise taobh leis agus an t-airgead liom. Bhí carr amháinromhainn agus ceann eile ar ár gcúl, ar eagla go n-ionsófaí sinn ar anbhealach. Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar dhreach fhear an
stáisiúin pheitril i nDún Dealgan nuair a d’iarr muid air an tancaer a
líonadh. Dhruid sé an stáisiún leis an obair a dhéanamh, agus bhainsé trí huaire an chloig as an tancaer sin a líonadh. D’íoc muid é agusd’imigh linn ag tarraingt ar an bhaile.

Bhí go maith gur shroich muid Iúr Cinn Trá agus stop saighdiúiríBriotanacha an tancaer. Mhínigh muid an cás agus chuir muid an lochtorthu féin as gan soláthar peitril a chinntiú d’Iarthar Bhéal Feirste. Ligsiad dúinn dul ar aghaidh, ach chomhairligh gan dul an bealach mór nógo raibh sé i seilbh an UDA in áiteanna. Chuir muid cor bealaighorainn féin trí Phas an Phointe (Poyntzpass) go dtí an bealach mór arais ach, ar an drochuair, tá cnoc iontach rite ar an ród amach as Pas anPhointe go dtí an príomhbhealach agus ní thógfadh an seantancaer anmala. Ar feadh tamaill, shíl mé go mbeadh againn leis an tancaer agusa lasta luachmhar a chailleadh, ach bhuail smaoineamh geal mé agusd’iarr mé ar Bob cúlú go bun an chnoic, an tancaer a thiontú thart agusé a thiomáint ar lorg a chúil, suas an cnoc. Bhí an giar sin níos ísle náceann ar bith eile agus d’éirigh leis an tseift nó thóg an tancaer an mala
agus d’imigh muid linn go slán. Ar a sé a chlog ar maidin, bhain muidGaráiste an Phobail amach agus muid ríméadach gur bhris muid anfáinne a tharraing na dílseoirí thart orainn.

Má d’éirigh linn féin in eachtra s’againne, níorbh amhlaidh donFheidhmeannas Comhroinnte Cumhachta nó roimh dheireadh na
míosa sin (Bealtaine 1974), bhí deireadh leis nuair a shiúil nahAontachtaithe amach as. Iarracht eile ar chomhréiteach curtha amú
de bharr chumhacht na nDílseoirí Paraimíleatacha agus drogall rialtasna Breataine dul i ngleic leo.

177

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 178
Le briseadh an Fheidhmeannais, shíothlaigh an teannas polaitiúilbeagán, ach lean an dúnmharú leis go rábach. Bhí an garáiste agus ansiopa ag dul ar aghaidh go measartha maith nuair a tharla eachtra ascanraigh mé féin agus muintir eile an gharáiste. Oíche amháin nuaira bhí mé sa siopa le hairgead an lae a bhailiú agus ligean do nahoibrithe dul abhaile, bhris beirt fhear le gunnaí isteach an doras agusd’ordaigh dúinn uilig seasamh i líne ag cúl an tsiopa. Cheap muid, arndóigh, gur dílseoirí a bhí iontu agus go raibh an bás faoinár gcoinne,
agus bhí lúcháir an domhain orainn nuair a d’iarr siad airgead an lae.
Is annamh a chuirtear fáilte roimh ghadaithe, ach bí cinnte gurcuireadh an oíche sin.Thug mé a raibh d’airgead sa siopa dóibh agusrith siad amach, ach bhí an saol ina gcoinne an oíche sin nó ní raibhan céad slat féin slánaithe acu gur bhuail a gcarrsan tanc Saracen dechuid Arm na Breataine a bhí ag teacht aníos an bóthar.

D’éirigh le fear amháin de na gadaithe imeacht leis an airgead,
ach gabhadh an bheirt eile. Ba bhaill den IRA ‘Oifigiúil’ iad, a bhí ar
thóir airgead an lae agus nach raibh drochrún ar bith acu dúinne gopearsanta, buíochas le Dia. Fuair mé an t-airgead ar ais, lá arnamhárach, nuair a rinne mé gearán le hionadaí áitiúil den IRAOifigiúil. An bhliain sin, rinne an Ghluaiseacht chéanna gníomh nachraibh teacht aniar as nuair a mharaigh siad duine a raibh SeanMcNamee air le linn robála i monarcha de na trí mhonarcha a bhí
san Eastát Tionsclaíoch ag an am.Tharraing sin droch-chlú as cuimse
ar na ‘hOifigiúilí’ gur mharaigh siad fear cóir agus duine a bhí ag curfostaíochta ar fáil do chuid de mhuintir an cheantair.

178

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 179
Gunnaí sa gharáiste

Tamall ina dhiaidh sin, bhí an garáiste i sáinn arís agus mise leis.
Mí na Samhna 1974 a bhí ann agus bhí an garáiste tar éis bheith agdul ar feadh ocht mí nó mar sin. Fuair mé glaoch sa teach ar a hochta chlog san oíche. Cailín de chuid an tsiopa sa gharáiste a bhí annag rá liom go raibh Arm na Breataine i ndiaidh ruathar a dhéanamhar an áit agus go raibh dianchuardach ar siúl acu. Ba rud coitiantago leor é sin san am agus dúirt mé léi leanúint lena cuid oibre achscéal a chur chugam dá dtiocfadh na saighdiúirí ar rud ar bith. Faoicheann uair an chloig, bhí sí ar ais agam le scéal go raibh lasta deghunnaí agus d’ábhar pléasctha faighte acu ag cúl an tsiopa agus goraibh siad do m’iarraidh. An t-am sin, ba leor a leithéid le duine achur i bpríosún ar feadh seal fada, bíodh sé ciontach nóneamhchiontach. Dúirt mé le Bríghid gan a bheith ag súil liom arais in am gairid agus dul i dteagmháil le Seán Mac Goill mar gheallar an gharáiste agus le Séamus Napier mar gheall ar mo chás sa dlí.
Sin chomh cinnte is a bhí mé gur tamall thiar faoi choinneáil a bhíi ndán dom, ar a laghad.

Nuair a bhain mé an garáiste amach, bhí na Briotanaigh agfanacht liom agus ghabh siad mé de réir reacht éigin a léigh siadamach os ard dom agus ansin síos liom go ‘Fort Monagh’ le mé a
cheistiú. Bhí dún míleata ag Arm na Breataine in achan cheantarNáisiúnach agus ba é ‘Fort Monagh’ an ceann ba ghaire dúinne. Nuaira bhain mé an dún amach, bhí cailíní an tsiopa ann romham ach iadscartha óna chéile i gcillíní beaga mar bheadh eallach iontu. Tugadhisteach i seomra mé gur tógadh grianghraf díom agus m’ainm archárta romham.

Tamall de sheachtainí roimhe, bhí na Briotanaigh i ndiaidhscrúdú sláinte a cheadú do dhuine ar bith a bhí le ceistiú. Tugadh ancead sin de bharr gearáin ó dhochtúirí faoin bhrúidiúlacht a bhíothasá déanamh ar phríosúnaigh. Fiafraíodh díomsa ar mhaith liom scrúdúsláinte roimh dhul isteach le haghaidh ceistiú. ‘Mo dhochtúir féin?’ a
d’fhiafraigh mé.‘Ní hea ach é seo,’agus tháinig saighdiúir mór isteach

179

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 180
ar an doras, srón bhriste air agus sciatháin lán de thatúnna. ‘Go raibhmaith agat,’ arsa mé, ‘ligfidh mé tharam an scrúdú.’

Síos liom ansin go dtí cillín faoi thalamh, áit ar fágadh mé i moshuí liom féin ar feadh fiche bomaite nó mar sin. Ar ball, tháinig fearisteach a raibh blas Albanach aige ach nach raibh ag caitheamh éidesaighdiúra. Shuigh sé os mo chomhair gan focal as ar feadh tamaill.
‘Bhuel?’ a dúirt sé.‘Bhuel cad é?’ a deirim.‘Cad é an t-eolas atá agat arna rudaí a fuarthas?’‘Eolas ar bith,’ a deirim.Thost sé ansin agus ansindúirt sé go raibh an t-ádh orm an t-am seo nó go bhfaca siad an lastaá chur isteach, ach nach raibh mise sa gharáiste ag an am.‘Imigh leat,’
a dúirt sé,‘agus déan cinnte nach bhfaighfear aon rud eile sa gharáistesin nó tú féin a bheas thíos leis.’

Bíodh a fhios agat go raibh iontas ar Bhríghid mé a fheiceáilamuigh arís. Bhí an t-ádh liom – an t-am sin.

Marú i nGaráiste an Phobail

An ruathar sin ag Arm na Breataine ar Gharáiste an Phobail, mí naSamhna 1974, bhí sé le lorg a fhágáil ar mo shaol nó ba é bachionsiocair le bás duine de mo chomhoibrithe agus le mé féin afhágáil idir bás agus beatha ar feadh tamaill.

Ní nach ionadh, bhí tuairisc an ruathair ag Arm na Breataine aran gharáiste mar mhórscéal ar na nuachtáin ag an am agus tugadhmionchuntas ar na gunnaí agus ar an ábhar pléasctha a fuarthas sanáit. Ní dheachaigh an scéal sin amú ar an UDA agus seachtain tar éisan ruathair, d’ionsaigh siad an garáiste gur ghoin siad custaiméir a bhíag ceannach peitril. Thiomáin siad isteach agus é dorcha tráthnónagur scaoil siad an duine sa leiceann go ndeachaigh an piléar trína bhéalagus amach tríd an leiceann eile gan é a mharú.

Lá ar na mhárach, 22 Samhain, roimh am lóin, bhí mise i mbunan gharáiste fad is a bhí oibrithe an tsiopa ag caitheamh lóin sachistin ar chúl. Chonaic mé chugam carr agus triúr fear istigh ann.

180

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 181
Shuigh siad tamall gan chorraí agus dar liom go raibh peitreal nóeolas an bhealaigh ag teastáil uathu. Chuaigh mé amach chucu agusd’éirigh fear acu amach as an charr gur shiúil sé ionsorm.Tharraingsé gunna láimhe amach as a phóca agus chaith mé dhá uair sa bholg.
Bhain sé preab uafásach asam, ach dá mhéad is a bhí de chearthaíorm, bhrúigh mé thart leis agus thosaigh ag rith uaidh. Scaoil seliom arís agus an t-am seo, buaileadh sa sciathán uachtarach mé,
díreach os cionn na huillinne deise, ach lean mé den rith agus ganar m’aird agam ach éalú uaidh.

Níor tháinig sé sa tóir orm, ach thosaigh sé féin agus a chomrádaíag scaoileadh go fiáin isteach sa siopa. Ar an drochuair nuair a chualacailíní an tsiopa an tormán amuigh, tháinig siad amach as cúl an tsiopalena fháil amach cad é bhí ag dul ar aghaidh. Bhuail ceann de nahurchair sin Geraldine Macklin sa chloigeann agus thug goin a báisdi. Bhí Geraldine ar dhuine de na chéad oibrithe a d’fhostaigh mé agtosú amach dúinn. Bhí sí naoi mbliana déag d’aois ag an am; cailínéirimiúil a bhí inti agus dóighiúil leis. Cuireadh deireadh lena beathai bhfaiteadh na súl mar gheall ar gur thug sí spléachadh amach ónsiopa. Ba mise an targaid, ach ba ise a fuair bás.

Níorbh eol domsa, ar ndóigh, cad a bhí ag tarlú ag an gharáistenó bhí mé i ndiaidh rith liom caoga slat síos an bóthar sular thit méi mo chnap ar an talamh agus an fhuil ag rith amach asam. D’fhág nagunnadóirí buama bréige ag an gharáiste le lucht tarrthála a choinneáilamach uaidh agus léim siad isteach sa charr agus d’imigh leo síos anbóthar, thart liomsa agus mé i mo luí ar thaobh an bhealaigh. Tar éisna heachtra, chuala mé gur chaith fear óg a bhí ag obair sa gharáisteagainn,Tony Cahill, chuala gur chaith sé brící leo agus iad ag imeacht.

Bhí an t-ionsaí thart, bhí duine amháin marbh agus duine eilegonta agus b’éigean an duine gonta a fháil a fhad leis an ospidéal.Thógbeirt fhear mé gur chaith isteach i gcarr a bhí ag dul thar bráid méagus ar shiúl linn an cúpla míle go dtí an tOspidéal Ríoga ar Bhótharna bhFál. Bhí duine den bheirt sin ag tiomáint an chairr nó bhí anoiread sin de dheifir orthu gur fhág siad an duine ar leis an charr inasheasamh ina staicín ar an bhóthar. Le linn dúinn bheith ag sciorradhsíos an bóthar, bhí an tiománaí ag síorfhiafraí den duine eile, a bhí

181

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 182
liomsa sa chúl, an raibh mé beo ar fad. Faoin chúigiú huair dó sin adhéanamh, ba mhaith liom féin freagra a thabhairt nó bhí an
t-urlabhra go fóill agam cé go raibh an mothú ag imeacht as mosciathán de bharr an philéir agus dar liom go raibh mo bheatha ag trá.

Bhain muid an tOspidéal Ríoga amach agus d’iompair an bheirtisteach chuig an aonad éigeandála mé gur chuir siad ar thábla mé.
D’imigh siad ansin agus ní fhaca mé ó shin iad. Is féidir gur shábháilsiad mo bheo, an lá sin, cionn is gur thug siad mé mé a fhad leis anospidéal chomh gasta sin, gan fanacht ar otharcharr mar a mholtarde ghnáth. Chuaigh dochtúirí agus banaltraí ag obair orm láithreachagus ba í Rita Mullen an chéad bhanaltra a tháinig chugam. Bhíaithne mhaith agam ar Rita ón uair a d’oibrigh muid beirt leis anAssociation for Legal Justice. Fuair mé greim láimhe uirthi agus níthiocfadh léi mo ghreim a scaoileadh dá mhéad is a bhí d’eagla ormgo raibh mé le bás. Is é an scanradh a thugtar do chóras an choirp iscúis le bás i gcásanna scaoilte den chineál seo agus mar sin, bhí sépráinneach mé a shuaimhniú le go mairfinn. Níor shuaimhnigh anchéad instealladh mé ná an dara ceann ach oiread nó throid mé ina
gcoinne agus mé cinnte de dá dtitfinn i mo chodladh nach músclóinngo deo arís. D’oibrigh an tríú hinstealladh nó fagadh i moleathdhúiseacht mé agus an scanradh imithe. Ba ansin a mhothaighmé, ar thábla taobh liom, Geraldine bhocht Macklin, agus a cloigeannscoilte ag an philéar, ach le tréan cheo na ndrugaí, níor thuig mé igceart cad a tharla.

Faoin am a rinne siad réidh mé le dul faoi scian, bhí Bríghidistigh le hamharc orm. Ba é mo sheanchara, Bob Murray, a bhí liomar an turas peitril go Dún Dealgan, a dúirt léi gur goineadh mé ag angharáiste agus go raibh mé san ospidéal. Sula ndeachaigh mé faoiscian, dúirt na dochtúirí liom gurbh é ba dhóichí go gcaithfícolastóime a dhéanamh orm agus bheith ag dúil le mála bheith agami ndiaidh na hobráide. Mar a tharla, bhí an t-ádh orm nó chuaigh napiléir uilig glan tríom agus amach an taobh eile gan cnámh abhualadh. D’fhág sin nach raibh an scéal chomh holc agus ad’fhéadfadh sé bheith agus bíodh is go raibh ar an mháinlia cuid deninne a bhaint, ní raibh mála le caitheamh agam.

182

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 183
Maraíodh cuid mhaith daoine anseo ó 1969 agus rinneadhiarracht ar chuid mhaith eile a mharú. Duine ar bith a goineadh goholc in iarracht dhúnmharfach, tuigeann sé go bhfágtar lorg ar nanéaróga agus b’amhlaidh domsa é. Gach duine a tháinig isteach ardhoras an bharda ina raibh mé, dar liom go raibh siad ann le mé amharú agus bheadh fuadach ar mo chroí le tréan scanraidh. Thuigmé, ar ndóigh, gurbh í mo shamhlaíocht ba chúis leis na smaointe sin,
ach ní raibh smacht agam orthu. Mhínigh mé an cás do na dochtúiríagus athraíodh mo leaba go bun an bharda le go raibh mé chomh fadaón doras agus a thiocfadh liom bheith agus réitigh sin fadhb amháin.

Ar an drochuair, thug an leaba nua mé níos gaire don teilifís agusar an nuacht, oíche amháin, chonaic mé pictiúr de Geraldine Macklinagus an scéal faoina bás leis. Fad agus a bhí mé san ospidéal agus méchomh tinn is a bhí, d’éirigh liom Geraldine a chur i bhfolach i
m’intinn agus níor luaigh duine ar bith de mo theaghlach í, ar eaglacur isteach orm, is dócha; anois ar fheiceáil dom a haghaidh ar anteilifís, chuaigh sé go croí ionam. Níor tháinig mé chugam féin goceann tamaill. Chaill mé sochraid Geraldine, ar ndóigh, nó bhí méfaoi chúram go fóill, ach fanann a cuimhne liom agus a haghaidh, achní hí aghaidh an duine ina beatha a fheicim ach an aghaidh a chonaicmé ar an teilifís.

Sa chúirt

Tharla seo uilig ar 22 Samhain agus ar 30 Samhain, thug na póilínícuairt orm san ospidéal, dúirt siad liom go raibh na daoine a rinne anscaoileadh gafa acu agus ghlac siad ráiteas uaim ar cad a tharla ar anlá. Dúirt na póilíní gur mheas siad gur mharaigh an bhuíon chéannatriúr nó ceathrar eile, an tseachtain chéanna sin, idir Phrotastúnaighagus Chaitlicigh, agus go raibh sé tábhachtach iad a chur i bpríosún.
D’aontaigh mé leis sin, ar ndóigh, agus ar 21 Aibreán 1975, cúig mhítar éis an ionsaithe, cuireadh Alan Gregory Black, Brian David

183

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 184
McDowell agus John Shaw ar a dtriail as Geraldine a dhúnmharúagus as iarracht chun mise a dhúnmharú.

Tháinig mo dheartháireacha Bobby agus Seán liom chun nacúirte le tacú liom, rud a bhí ag teastáil go mór uaim agus mé agtabhairt fianaise i gcúirt phoiblí ar an triúr a thug iarraidh mé a mharú.
Fiafraíodh díom ar aithin mé duine ar bith den triúr mar an duine a
thug iarraidh mé a mharú. Shín mé mo mhéar ionsar Alan Black nóba é a chaith mé agus shuigh mé síos. Ba ansin a thosaigh an ruaillebuaille sa chúirt nó ba de theaghlach mór í Geraldine agus bhí adeirfiúracha uilig sa chúirt agus nuair a chonaic siad an triúrpríosúnach ag gáire agus ag déanamh fonóide fúm agus mé ag tabhairtfianaise, bhris ar an fhoighne acu agus thug siad iarraidh dul a fhad leole buille a bhualadh orthu. D’éirigh le mo dheartháireacha mé athabhairt amach as an chúirt agus an scliúchas ag dul ar aghaidh.
Chuir na póilíní gach duine amach as an chúirt agus ba é sin andeireadh. Buíochas le Dia nárbh éigean dom dul ar ais chun na cúirtenó phléadáil Black agus an bheirt eile ciontach ar ball agus gearradhpríosúnacht saoil orthu. Níor chuala mé tásc ná tuairisc ar dhuine arbith acu go dtí cúpla bliain ó shin nuair a léigh mé ar an nuachtángur tugadh cúig bliana i bpríosún do Alan Black in Albain as ionsaígnéis a dhéanamh ar pháiste. Briseann an dúchas trí shúile an chait.

I ndiaidh cúpla mí, thug mé iarraidh ar dhul ag obair arís sagharáiste, ach go díreach agus mé ar tí tosú, buaileadh tinn mé agusb’éigean dom dul faoi scian arís. Nuair a tháinig me amach as anospidéal don dara huair, rinne mé amach nach mbeinn in inmhe dular ais nó bhí úsaid lámh amháin a bheag nó a mhór caillte agam agusbhí síor-chearthaí orm. Cheap Bríghid go raibh athrú pearsantachtaorm i ndiaidh na heachtra, cé nár léir dom féin é ag an am. Bhí mé 37bliain d’aois agus bhí ní amháin fadhbanna sláinte agam achfadhbanna néaróg chomh maith. Agus anois ní raibh post agam.

184

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 185
Sa chúirt arís

Níorbh é sin an t-am deireanach dom bheith sa chúirt an bhliain sin,
ámh, nó cuireadh gairm chúirte orm, an bhliain roimhe sin, as ganrátaí a íoc. Ar nós cuid mhaith eile de Náisiúnaithe na Sé Chontae,
níor íoc mé rátaí ó tharla Imtheorannú in 1971, an uair a d’iarrpolaiteoirí – go háirithe an SDLP – orainn gan iad a íoc mar agóid inachoinne. Faoin bhliain 1974, bhí dlíthe ann a thug cead do na húdaráisan t-airgead a bhaint amach as liúntas stáit ar bith; chomh maith,
tosaíodh ar dhaoine a thabhairt os comhair cúirteanna ar leith le
hairgead na rátaí a fháil. Cuireadh roinnt litreacha chugam ag iarraidhorm dul chun na cúirte, ach dhiúltaigh mé dul. Sa deireadh, in 1975,
tháinig siad fá mo choinne. Go luath maidin amháin, tháinigsaighdiúirí agus póilíní chuig an teach agus thug orm dul chun nacúirte. Bhí siad béasach go leor liom agus thug siad ar dtús mé chuigan bheairic i mBaile Andarsan go raibh am na cúirte ann. Síos liomansin agus beirt phóilíní i mo chuideachta go Windsor House i lár nacathrach, áit ina mbíodh an chúirt. Bhí mé ansin fiche bomaite nuaira tháinig oifigeach de chuid na cúirte amach chugam agus dúirt nachraibh siad ag brath dul ar aghaidh leis an chás de barr gur gortaíodhmé go dona ag an gharáiste agus dar leo nach mbeadh sé ceart buairtan cháis chúirte a chur orm. Ní leathshásta a bhí duine de na póilínía tháinig liom agus lig sé a racht le hoifigigh na cúirte, á ndamnú astabhairt airsean ruathar a thabhairt go luath ar maidin ar dhuine asgan a chuid fiach a íoc. ‘Níor liostáil mise mar phóilín,’ ar seisean, ‘le
fiacha a bhailiú don stát!’, agus d’imigh leis ag monabhar. Bachomhartha é sin nach raibh baill uilig an RUC ar aon intinn faoinagcuid oibre.

Mura raibh mise thíos le feachtas na rátaí, níorbh fhéidir an rudcéanna a rá faoin SDLP, a d’iarr an stailc an chéad uair, ach ad’athraigh a bpolasaí nuair a bhí siad mar chuid den fheidhmeannasnua a d’eascair as Comhaontú Sunningdale in 1974. Ba é AustinCurry den SDLP a chuir an reacht i bhfeidhm a cheadaigh don státcaoga pingin sa tseachtain a bhaint de liúntais daoine bochta. Ba é

185

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 186
sin an rud a chuir faoi deara do dhaoine an leasainm ‘Caoga PinginChicken Curry’ a thabhairt air, leasainm nár éirigh leis a chaitheamhde riamh. Is féidir gur thug sin air imeacht chuig na 26 Chontae leleanúint lena shaol polaitiúil le Fine Gael.

Tiománaí tacsaí

Nuair a rinne me amach nach dtiocfadh liom dul ar ais ag obair inGaráiste an Phobail, bhí mé ag tógáil liúntas tinnis an stáit ar feadhtamaill agus cé go raibh sé beag go leor, choinnigh sé muid beo goceann cúpla mí. I rith an ama, ní raibh mé socair ionam féin ach méag meabhrú ar cad a tharla agus gan é ar mo chumas é a chur díom.
Bhí iarracht de pharanóia orm agus cheap mé go raibh daoine go fóillag iarraidh mé a mharú. Shiúlfainn go dtí an taobh eile den bhóthardá bhfeicfinn duine ag teacht ionsorm agus é ag caitheamh cótaleathair dubh cosúil leis an chóta a bhí ar Alan Black, lá mo scaoilte.
Ar an drochuair, bhí na cótaí leathair dubha iontach coitianta ag anam agus ba mhinic mé anonn agus anall an bóthar agus mé ar mo shlíde shiúl na coise!

Bhí sé tamall fada sular imigh an pharanóia sin agus san idirlinn,
chaithfinn slí bheatha eile a aimsiú. Socraíodh sin dom nuair a fuair
mé glaoch ó dhochtúir an stáit dul faoi choinne scrúdú sláinte lenafháil amach an raibh mé inchurtha le hobair a dhéanamh. Ní raibh mé
amuigh as an ospidéal ach roinnt seachtainí ag an am i ndiaidh dulfaoi scian an dara huair. Dar liom go raibh sé éagórach ar momhacasamhail nach raibh as obair riamh i mo shaol agus nár thógliúntas tinnis riamh go mbeadh sé d’fhiacha orm dul chuig dochtúirar bith mar a bheinn i mo liúdramán. D’fhéadfainn iarraidh ar na
húdaráis mé a shaoradh ó dhul chuig an dochtúir, ach ina ionad sin,
stróic mé an fhoirm dheireanach liúntais a fuair mé uathu, arbh fhiúairgead í, agus gheall mé dom féin nach rachainn i dteagmháil leoarís. An lá dár gcionn, chuaigh mé amach agus cheannaigh mé tacsaídubh.

186

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 187
Na tacsaithe dubha

Nuair a thosaigh an cogadh – ar a dtugtar ‘Na Trioblóidí’ – ó thuaidh,
ag tús na seachtóidí, ba mhinic a baineadh na busanna de Bhóthar nabhFál i mBéal Feirste, easpa a chuir as do chuid mhaith daoine. Ba léirgurbh fhiú córas iompair dár gcuid féin a bhunú, córas nach mbeadhina ‘sheirbhís phoiblí’ mar a bhí na busanna. Ba é sin an tús a bhí le
‘Cumann Tacsaí na bhFál’atá ar siúl anois le beagnach daichead bliain.
Nuair a chuaigh mise ag obair ann in 1975, bhí tuairim agus 250duine á bhfostú sa chóras. Ba chomharchumann é den chuid ba
bhunúsaí. Bhí gach tiománaí neamhspleách ar aon údarás: d’oibrighsé de réir mar a d’fhóir dó fein. Bhí an tslí bheatha sin fóirsteanach
domsa ag an am nó níorbh éigean dom mo cheantar féin a fhágáilagus mhothaigh mé ní ba shuaimhní ionam féin dá bharr. Bhí mésona go leor ag tiomáint, ach is féidir gur ábhar iontais a bhí ann agdaoine géarshúileacha ar an bhóthar nach raibh mé sásta aon fhearagus cóta dubh leathair air a thógáil! D’fhan mé leis na tacsaithedubha ar feadh breis agus trí bliana agus caithfidh mé a rá nárbh é anpost ba mheasa dá raibh agam é.

An t-inneall cló

Mar obair, bhí saoirse ag baint le tiomáint tacsaí nach mbíonn lecineálacha eile oibre. Thiocfadh liom mo lá a eagrú de réir mar a bamhian liom agus d’fhág sin mé saor le hobair a dhéanamh don scoil.
Bhí baint agam i rith an ama le bailiú airgid don scoil agus ar feadhcúpla bliain, dhíol muid cártaí Nollag a dhear Máire UíMhaolchraoibhe a bhí ina healaíontóir críochnaithe. Albanach a bhí
i Máire agus mac aici ar an scoil. D’fhágainn na cártaí ag ShanwayPress le priontáil, na clódóirí ar ghnách leo an Andersonstown News a
chlóbhualadh agus a mbínn i dteagmháil leo nuair a bhí mé ag scríobh

187

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 188
alt Gaeilge don pháipéar. Ba é Pádraig Ó Maolchraoibhe, fear céileMháire ag an am, a dhíol an chuid ba mhó de na cártaí agus bhí séfíoréifeachtach ina cheann, cumas a chuir sé ar leas na scoile thar na
blianta.

Bhí suim agam riamh i rudaí meicniúla agus na cuairteanna sinar Shanway Press, spreag sé suim sa chlódóireacht ionam agus darliom nár mhiste liom inneall clódóireachta a cheannach le gondéanfainn féin na cártaí agus níos mó airgid a dhéanamh don scoil.
Cheannaigh me sean-inneall Gestetner agus rinne mé cartaí agusféilirí a chlóbhualadh sa teach, i gceann de na seomraí luí. Ní raibh ancaighdeán clódóireachta thar mholadh beirte, ach bhí an saotharealaíne ar fheabhas. Bliain amháin, rinne muid féilire de phictiúirLiam Andrews, pictiúir de shráideanna agus de mhuintir BhéalFeirste. Ba ealaíontóir agus Gaeilgeoir a bhí ina bhall de ChumannChluain Ard é Liam agus mac agus iníon leis, Liam agus Áine, inagcónaí i nGaeltacht Bhóthar Seoighe ó 1976 agus ionchur mór acu iscoil Phobal Feirste ar a seal.

An choilíneacht:
fuil úr, fás agus forbairt

Áine agus Seoirse Mac an Iolair

Tréimhse thábhachtach fáis don choilíneacht bheag a bhí ann nuaira tháinig Áine agus Seoirse Mac an Iolair isteach sa scéim in 1974. Bamhúinteoir scoile í Áine a bhí le bheith mar phríomhoide ar an scoilar feadh fiche bliain agus a chaith dúthracht mhór le caighdeán nascoile a ardú lena linn.Thiocfadh a rá le fírinne gurbh í a leag síos anmúnla ar a bhfuil córas iomlán na Gaelscolaíochta sna Sé Chontae
bunaithe go dtí an lá atá inniu féin ann. Bhí Seoirse ina fhear aráin san

188

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 189
am, agus bhí seirbhís mar sin agus í ar fáil i nGaeilge oiriúnach dochuspóir na scéime. Bhí Seoirse le ról lárnach a bheith aige ar choistebainistíochta na scoile sna hochtóidí nuair a thosaigh an scoil ag fásgo rábach.

Chomh maith leis sin, bhí siopa beag sa teach ag Proinsias ÓhAnluain, áit ar ghnách leis na páistí milseáin agus earraí beagagrósaera a cheannach ann. Seirbhís eile trí mheán na Gaeilge le cur leheispéireas na bpáistí.

Seán Mac Seáin agus an
phictiúrlann Ghaelach!

Déarfainn go raibh an chéad ‘phictiúrlann’ Ghaeilge in Éirinn againn,
a bhuíochas do Sheán Mac Seáin, a chuir ceann ar bun in áiléar a thíféin. Chomh maith le bheith ina cheannródaí sa scéim agus ar an téba mhó a chuir lena fás aiceanta, bhí suim mhór riamh ag Seán snascannáin agus sa scannánaíocht: an lá inniu, déanann sé féin scannáinagus páirteanna i scannáin teilifíse agus chomh maith leis sin, isaisteoir cumasach é a bhíonn le feiceáil ar an ardán go minic. Snaseachtóidí, gach maidin Sathairn, bhíodh scuaine de na páistí taobhamuigh dá theach ag fanacht ar ‘thicéad’ a fháil le dul isteach aguscúpla scannán a fheiceáil. D’ainneoin gach a bhí ag dul ar aghaidhtimpeall orainn, measaim go bhfuair na páistí tairbhe as an tógáil sanáit ina raibh muid agus gur bhain siad sult as cuid mhór den saol achaith siad ann.

Muintir Andrews agus Aodán Mac Póilin

In 1976, mar a luadh, tháinig Áine Aindrews agus Aodán Mac Póilinagus Rhiann agus Liam Andrews isteach sa sceim. Arís, bamhúinteoirí scoile iad Aodán, Áine agus Liam. Ba as an BhreatainBheag do Rhiann, cainteoir Breatnaise agus an Bhreatnais á teagascaici ar an Ollscoil; bhí idir Ghaeilge agus Bhreatnais á labhairt sa

189

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 190
teach. Ba dhul chun cinn an dá theaghlach sin a teacht isteach nó bhísiad ní b’óige ná an chuid eile againn a bhí sa scéim ón tús; chomhmaith leis sin, bhí páirt ghníomhach le bheith acu i bhforbairt nascoile agus ag Áine go háirithe. Ba mhúinteoir bunscoile í a raibhcáilíochtaí aicí i dteagasc naíonán. I ndiaidh cúpla bliain, d’fhág sí anpost a bhí aici agus chuaigh i mbun naíscoil a fhorbairt do BhunscoilPhobal Feirste i gcomhair páistí nach raibh á dtógáil le Gaeilge archor ar bith.

Naíscoil Ghaeilge do Bhéarlóirí

Ba chéim mhór í seo nó cé go raibh naíscoil againn ó 1966, ba dopháistí a tógadh le Gaeilge í, is é sin, do pháistí aonteangacha; bachoincheap eile é córas do pháistí óga a raibh sé de chuspóir aige andara teanga a thabhairt dóibh. Ní hé go raibh muid dall ar an fhírinnenárbh fhéidir an scoil a choinneáil ag dul ar pháistí Bhóthar Seoigheagus roinnt bheag eile; os a choinne sin, níorbh fhéidir bheith cinntean mbeadh éileamh ar a leithéid. Nuair a thóg Áine uirthi féin cúramna naíscoile agus chuir ar bhonn gairmiúil í mar áis dátheangachais,
ba thurgnamh é nach dtiocfadh le duine ar bith a bheith cinnte cad éan toradh a bheadh air nó ní amháin nár triailadh a leithéid roimhe
sna Sé Chontae, ach ní raibh na saineolaithe uilig chomh fabhrachleis an choincheap an t-am sin is atá anois.

Athrú eile a tharla faoin am seo ná gur bheartaigh Aodán MacPóilin agus Liam Andrews tabhairt faoi Roinn an Oideachais dáirírele haitheantas agus maoiniú a fháil don scoil, dá mb’fhéidir é. Fágadhan cúram sin orthu agus chuaigh siad i mbun comhfhreagrais godíograiseach. Tá ardmholadh tuillte acu as a mbuanseasmhacht nóchaith siad na blianta ar chomhfhreagras leis an Roinn agus níor ghéilldon éadóchas riamh, is cosúil; go fírinne, d’éirigh leo an greann achothú lena linn, an oiread sin is gurbh fhiú go mbeadh ancomhfhreagras sin ar fáil i gcló. Choinnigh sé an scoil ar aird na

190

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 191
státseirbhíseach agus nuair a tháinig an t-am ceart agus, ar nós gachrud eile sa taobh seo tíre, tagann an pholaitíocht san áireamh ag anphointe seo, chas an roth agus tháinig ár seal. Fuarthas maoiniú donscoil sa bhliain 1984 i ndiaidh trí bliana déag de shíorstreachailt, achis cinnte nach dtiocfadh sé chomh sciobtha sin féin gan bunobairAodáin agus Liam thar na blianta sin. Ba é an chéad bhua arnaimhdeas na n-údarás an t-aitheantas sin agus mar sin, ba bhriseadhtrí bhac é agus ba chomhartha dóchais agus tógáil meanman é.

Andersonstown Civil Resistance
Committee agus an
Andersonstown News

De bharr an imtheorannaithe, bhí cuid mhór den phobal Chaitliceachanois naimhdeach do na húdaráis agus sásta cur ina gcoinne gosíochánta a oiread agus a bhí na Poblachtaithe sásta cur ina gcoinnele foréigean. I mBaile Andarsan, bunaíodh The Andersonstown Civil
Resistance Committee leis an chur i gcoinne a chomhordú. Ar LáNollag 1971, eagraíodh mórshiúl go dtí an Cheis Fhada (Long Kesh)
a thóg seilbh ar Mhótorbhealach an M1. Bhí cúpla míle duine i láthairagus cé nár éirigh leo dul a fhad leis an champa, tugadh go leorpoiblíochta dó nó léirigh sé cé chomh tógtha agus a bhí daoine goraibh siad sásta Lá Nollag a thabhairt suas ar mhaithe le hagóid.

Ní raibh mise i mo bhall den ACRC, ach i mí na Samhna 1972,
nuair a bhunaigh Basil McLaughlin, Davy Rice, Pat Braniff agusChristy McGonigle an Andersonstown News mar mheán
bolscaireachta in éadan na príosúnachta gan triail, iarradh ormsa altGaeilge a scríobh don pháipéar. Ba é an tús ar chaidreamh leis anpháipéar a bhí le maireachtáil ar feadh breis agus tríocha bliain.
Thosaigh siad an páipéar le hairgead a fuarthas as ceirnín a rinne siad

191

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 192
An chéad chúig theach

Tithe scriosta agus an pobal scaipithe- scrios Shráid Bhombay

192

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 193
Seán Mac Goill a rinne na pleananna do Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus do Shráid
Bhombay mar aon le cuid mhór tionscnamh Gaelach eile i mBéal Feirste

Sráid Bhombay atógtha- Seán Mac Seáin a bhí i mbun na tógála ag bronnadheochracha ar mhuintir Dineen an chéad teaghlach arais.

193

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 194
Ó chlé Éilis Ní Bhruadair,Caitlín Nic Aindreasa, Adhamh Mac Giolla Chatháin,
Nuala Nic Sheáin, Siubhán Mistéil ,Colm Mac Aindreasa agus Bríghdín Nic GhiollaChatháin ar chéimeanna Scoil Ghaeilge Bhéal Feirste 1971.

Iomlán na scoile ag ceiliúradh céad chomaoíneach 1979

194

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 195
Áine Mhic Aindreasa agus Máire Mhic Sheáin le páistí ba bunscoile ag slógadh 1977

Is aoibhinn beatha an scolaire

195

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 196
Áine Nic Gearailt -(Lá,Cultúrlann, an Ceathrú Póilí srl) i lár agus í i mbun cóisir dopháistí na Bunscoile i 1979. Is iad Caitlín Nic Aindreasa ar chlé agus Deirdre NicSheáin ar dheis na páistí atá ag damhsa

Múinteoirí na scoile go luath sna 80’í. Chun tosaigh ó chlé Máire Ní Shábhaiste. ÁineMhic an Iolair agus Máire Andrews . Ar chúl Diarmaid Ó Tuama, Éilís Ní Néill,
Áine Níc Giolla Dhé agus Áine Andrews

196

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 197
Cóisir na Nollag 1979 Seán mac Seáin, Donncha Ua Bruadair, Áine Nic An Iolair,
Seán Mac Corraí agus Áine Andrews lena hiníon Aoife

Seán Mac Aindreasa, Séamus Mac Seáin, Bríghid Mhic Sheáin agus Áine Mhic Aindreasa
ag cóisir na scoile

197

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 198
Éastát Tionsclaíoch na Carraige Báine a bhunaigh Gaeilgeoirí i 1973 i ndiaidh dóibhSráid Bhombay a atógáil

Garáiste an Phobail mar a bhí agus Garáiste Maxol mar atá anois

198

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 199
Muintir Bhóthar Seoighe ag ceiliúradh céad chomaineach ag Teach Pobail Naomh
Muire. 1979. Alastair Mac Aindreasa, Tomás Mac Seáin, Emer Mhistéil, Úna Ní
Bhruadair, Diarmaid Ua Bruadair, agus Pádraig Mac Seáin

Muintir Mhic Sheáin ag dinnéar agus mé ag imeacht as an Andersonstown News1997. Ar thosach ó chlé Máire Mhic Sheáin, Lily McKenna (deirfiúr) Róisín Conlon(deirfiúr) Pat Johnston( aintín) . ar chúl Dan Johnston (deartháir), Jimmy McKenna,
Seán Mac Seáin (deartháir) mé Féin, Caitlín Mhistéil (deirfiúr) an tAth Des Wilsonagus mo bhean chéile Bríghid.

199

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 200
dar teideal ‘The Men Behind the Wire’. Díoladh na mílte cóip de trídan domhan agus ar feadh tamaill, ba é an ceirnín ba mhó díol sa tír.
Seo an véarsa a bhí ar eolas ag gach duine:

Armoured cars and tanks and guns

came to take away our sons

But everyone must stand behind

The men behind the wire.

Ba léiriú é an ACRC agus an t-amhrán sin ar an athru a bhí i ndiaidhtheacht ar mheon an phobail Chaitlicigh agus ar an mheánaicme goháirithe agus ba léiriú é fosta ar an mheancóg a bhí déanta ag Rialtasna Breataine. Go gearr i ndiaidh dom féin peann a chur le pár le haltGaeilge a scríobh don Andersonstown News, chum mé ‘dán’ le cur i
gcló a léiríonn, b’fhéidir, an mothú a bhí ann ag an am. Sin nó léiríonnsé gur féidir leis an éagóir an duine is neamhfhileata a spreagadh ledrochfhilíocht a scríobh.

Tuath na bhFál

Tá Tuath na bhFál faoi smacht le seal
Ag Arm Sheáin Bhuí ’tá gránnaA phobal á chreach agus á ndínit á strac’
Ag bodaigh dhúra gan féileAch fanaid go fóill beidh domlas le hólNuair a éiríonn an té atá brúite
Agus caithfidh sé uaidh na laincis ’tá cruaidh
Agus béarfaidh se greim ar a shaoirse

Is ioma mac óg agus athair ‘ba chróg’A tógadh as láthair a dhaoineÁ streachailt le dua agus á chaitheamh gan truaisteach ins na Saracen granna

200

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 201
Á bhfuadach chun siúil le gach feadóg agus buabhailA’s gan fios bun á gcúrsa ag aoineachAch ag deireadh thiar thall le bréag agus le feall
Ar láthair lom leasc faoi leatrom

Tá an Cheis Fhada fuar fán
A’s mórthimpeall tá sreangAgus garda géarchúiseach ag coimhéadLe gunna ar ris agus smaichtín ar bís
Le buille a bhualadh ar uaisleacht

Mná óga ag triall le páistí gan chiallAg fóirithint ar mhuintir a muintir’
A’s seanmhná ag dul ann ní le toil ná le fonnAch le féile a gcroí agus a n-aigne

Ach tiocfaidh ar ball a mbeidh suiamhneas ar fáil
Ag muintir na bhFál agus á gcomharsanBeidh an tsíocháin i réim agus gach mac ar aon chéim
Agus an rannadh a dhéanamh go cothrom

Nuachtán Bhaile Andarasan

Nuair a bhí an Andersonstown Civil Resistance Committee cúig blianaar an saol, ba é an Andersonstown News an gléas ba mhó a bhí ag aneagraíocht le cur i gcoinne na príosúnachta gan triail. Bhí an páipéará chur amach gach seachtain ag eagarthóirí éagsúla a bhí ar thuarastal.
Ba é Jim McCorry an chéad eagarthóir lánaimseartha a bhí ar anpháipéar agus an té a d’iarr ormsa in 1972 alt Gaeilge a sholáthar dó.
Bhí an páipéar an t-am sin á chlóbhualadh ag Shanway Press i mBaileNua na Mainistreach (Newtownabbey) de dheas do m’áit oibre féinag AS Baird, rud a d’fhág go raibh mé in inmhe an t-alt a fhágáil acu

201

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 202
go pearsanta agus rudaí áirithe a mhíniú dóibh nó bhí deacrachtaí igcónaí leis an Ghaeilge a chlóbhualadh nuair nach raibh Gaeilge agan eagarthóir ná ag na clóchuradóirí.

Ba iad Basil McLaughlin, Pat Braniff, Davy Rice, ChristyMcGonigal agus Michael McCullough na daoine ba mhó a d’oibrighleis an pháipéar a thabhairt amach agus rinne siad go héifeachtach é,
ainneoin poist lánaimseartha bheith acu go léir. Bhí Davy agusChristy ina múinteoirí scoile, Pat ina léachtóir ollscoile, Michael inashiúinéir agus Basil ina státseirbhíseach sa Roinn Talmhaíochta óthuaidh. Cartúnaí den scoth a bhí in Michael McCullough achuireann cartúin ar fáil don Andersonstown News go fóill.

D’oibrigh siad uilig go deonach gan cúiteamh ar bith, ach bhísiad siosmaideach mar dhream nó bíodh is nach páipéar tráchtála abhí ann le brabach a dhéanamh, ní ag iarraidh airgead a chailleadh abhí siad ach oiread. B’éigean don pháipéar íoc as féin má bhí sé lemaireachtáil agus mar sin, díoladh é ó dhoras go doras sna ceantairnáisiúnacha i mBéal Feirste.

Ón tús, bhí i gcónaí rannóg láidir grianghrafadóireachta sapháipéar; ba é Basil McLaughlin ba mhó a sholáthraigh grianghraifagus Davy Rice ag cuidiú leis. Chaith Basil oícheanta fada ag dul thartar imeachtaí i mBéal Feirste agus grianghraif á dtógáil aige donpháipéar. Chuidigh na grianghraif le haird an phobail a tharraingt aran pháipéar agus thug sin faill don choiste teachtaireacht fhrithimtheorannaithe
a chur chun tosaigh gach seachtain. Dhírigh siadsolas ar na daoine a bhí faoi ghlas agus ar a dteaghlaigh. Léirigh siadbéalchráifeacht agus fimíneacht Rialtas na Breataine, ach d’fhan siadneamhspleách ar pholaitíocht inmheánach an phobail náisiúnaigh.
Rinne siad cinneadh d’aonturas gan taobhú le dream amháinpolaitíochta seachas a chéile. Ba chinneadh céillí é nó cé go raibh anpobal s’againne in éadan an imtheorannaithe, a bheag nó a mhór, níraibh siad ar aon intinn ó thaobh na polaitíochta de agus go háiritheó thaobh fhoréigean an IRA de.

202

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 203
Deireadh leis an imtheorannú:
todhchaí an
Andersonstown News

I mí na Nollag 1975 nuair a d’fhógair Merlyn Rees, an tAire Stáit, goraibh sé le deireadh a chur le príosúnacht gan triail, bhí anAndersonstown News ag dul le trí bliana (bunaíodh é i mí na Samhna1972), agus é anois mar chuid de shaol an phobail. Bhí breis agus4,000 cóip á ndíol gach seachtain agus ní raibh fiacha ar bith air, rudmór ann féin agus rud a chruthaíonn ciall agus éifeacht na ndaoine abhí ina bhun. Agus deireadh anois leis an imtheorannú, an fáth gurbunaíodh an Andersonstown Civil Resistance Committee, bheadh
deireadh leis an eagraíocht sin, ach cad faoin nuachtán?

Bhí guth de dhíth go fóill ar phobal an cheantair, guth nachndéanfadh an chuid eile de na meáin chumarsáide freastal air.
Shocraigh coiste an nuachtáin gur cheart é a choinneáil ag dul, achgurbh fhiú dream éigin eile a thabhairt ar bord lena fhorbairt marnuachtán pobail. Ba dhaoine iad lucht an choiste a raibh páirtghníomhach acu i gcúrsaí pobail le fada, agus tharla go raibh suimacu sa Ghaeilge. Thuig siad gur ghníomhaigh muid féin ar son anphobail fosta, le scéimeanna mar an choilíneacht, atógáil ShráidBombay, an scoil, Siopa an Phobail, agus mar sin de. Rinne siadteagmháil linne ar Bhóthar Seoighe agus d’iarr orainn ionadaithe a
chur ar an choiste.Thuig cuid againn láithreach an buntáiste a bheadhann ó thaobh na Gaeilge de nuachtán a bhí á scaipeadh go forleathani measc an phobail bheith báúil leis an teanga. Iriseoir a raibh FrankDoherty air a bhí ina eagarthóir ag an am sin, ach níorbh fhada gurimigh sé go Baile Átha Cliath. D’fhág sin folúntas agus ceapadh SeánMac Aindreasa mar eagarthóir ina áit nó bhí taithí aigesean mareagarthóir ar Scéal Úr in 1966. Cé gur lean Basil McLaughlin leis nagrianghraif a thógáil, a réaladh sa bhaile agus a thabhairt doneagarthóir, thairg mise cuidiú leis an obair agus chuige sin, rinne mé

203

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 204
‘seomra dorcha’ sa teach agus thosaigh ag tógáil pictiúr agus á réaladhgo dtí gur tháinig mé i dtaithí ar an cheird.

I rith an ama seo, ní raibh ag Nuachtán Bhaile Andarsan/
Andersonstown News ach cúpla seomra os cionn siopa ar BhótharBhaile Andarsan agus bean uasal a raibh Sally Lyttle uirthi san oifiggo páirtaimseartha. Ghlacfadh Sally leis na mionfhógraí ón phobalagus bhíodh Michael Dawson, muinteoir tiomána, amach agus isteachle fógraí a fuair sé ó chomhlachtaí sa cheantar. Ba é Seán MacAindreasa an t-aon oibrí lánaimseartha a bhí ag an nuachtán.
Bhailíodh Seán ábhar an pháipéir le chéile agus chaitheadh sé cúplalá ar an Lorgain i gContae Ard Mhacha, áit a raibh Ronan Press, arle Gary Kennedy é, a bhí anois ag cur an nuachtáin i gcló.

Bhí mise go fóill ag tiomáint tacsaí, ach san am chéanna, bhí méag clóbhualadh corr-ruda sa teach ar an sean-Gestetner a cheannaighmé. Bhí bunús na hoibre ar son na scoile: cártaí Nollag, féilirí, bileogabeaga éagsúla. Chomh maith leis sin, chuir mé cúpla leabhar beagamach nach raibh iontach slachtmhar ach a bhí inghlactha ag daoinea raibh suim acu san ábhar. Chuir mé cóipeanna de Filí Gan Iomrá le
Seosamh Mac Grianna i gcló do Chumann Chluain Ard agus leabharbeag filíochta ag cara de chuid Aodáin Mhic Phóilin, BreandanHamill, leabhar a raibh Immigrant Brother air. Níl a fhios agam anbhfuil cóipeanna ar bith de le fáil go fóill. Bhí cleachtadh éigin agamar an chlódóireacht, mar sin, agus d’fhreastail mé ar an áiméar leis aninneall clódóireachta a chur isteach in oifig an nuachtáin agus gnóclódóireachta a bhunú ann.

Thosaigh mé ag clóbhualadh cártaí lá breithe, bileoga láimheagus paimfléid bheaga agus de réir a chéile, bhí oiread de theachtisteach agam agus go raibh mé in inmhe an tacsaí a fhágáil agus dulag obair go lánaimseartha sa nuachtán. Ba mise an dara hoibrílánaimseartha, ach ní bheadh an páipéar ábalta do m’fhostú murab égur íoc an chlódóireacht mo thuarastal. Sin mar a bhí ar feadh tamaill:
ní thiocfadh oibrí breise ar bith a fhostú mura raibh sé ar a chumas
obair a chruthú a d’íocfadh a thuarastal, mar a rinne mé féin leis anchlódóireacht. Ba go gairid ina dhiaidh sin a tháinig mo dheartháirSeán ag obair sa ghnó nuair a d’éirigh leis scaipeadh an pháipéir a

204

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 205
mhéadú a oiread sin go raibh go leor airgid ann lena íoc. Bhí triúranois as Bóthar Seoighe ag obair go lánaimseartha ar an nuachtánagus d’fhág sin lorg air nó bhí níos mó Gaeilge le feiceáil ar ábhar annuachtáin féin agus níos mó ná sin, b’fhéidir, ba ghléas bolscaireachtaé do ghluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste. Tamall ina dhiaidh sinarís, d’fhág Basil McLaughlin a phost sa Státseirbhís agus thosaigh agobair mar ghrianghrafadóir lánaimseartha ar an nuachtán; arís, d’íoc
an méadú ar dhíol na ngrianghraf a thuarastal. Faoi thús 1979, bhíseisear ag obair ar an nuachtán, ceathrar go lánaimseartha agus beirtgo páirtaimseartha.

Forbairt Nuachtán Bhaile
Andarasan

Ba é an chéad rud a rinne muid i ndiaidh dúinn an chlódóireacht a
thosú in oifigí Nuachtán Bhaile Andarsan ná inneall
clóchuradóireachta athláimhe a cheannach ó Ronan Press. D’fhág sinnárbh éigean do Sheán Mac Aindreasa cúpla lá a chaitheamh in oifigíRonan Press ar an Lorgain agus chomh maith leis sin, bhí áiseanna níb’fhearr clóchuradóireachta againn don chlóbhualadh a bhí muid agdéanamh i mBéal Feirste. Faoi 1982, bhí líon na n-oibrithe sachomhlacht ag méadú. Bhí Sally Lyttle san oifig go fóill, Seán MacAindreasa mar eagarthóir, mé féin i mbun clódóireachta, Seán MacSeáin i mbun scaipeadh an pháipéir agus é de dhulagas air díol anpháipéir a mhéadú, Basil McLaughlin i mbun grianghraf, obair a bhíthar a bheith tábhachtach i nuachtán áitiúil, Michael Dawson, anmúinteoir tiomána, a bhailigh fógraí dúinn agus é ar a chamchuairt.
Bhí Máirtín Ó Muilleoir ag scríobh leis agus Anne Girvan agusMáire Mhic Sheáin ag obair go páirtaimseartha ag cur cló.

Bhí sé riamh ar intinn agam féachaint leis an nuachtán achlóbhualadh muid féin agus nuair a chuala mé go raibh seanchló

205

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 206
inneall ar díol ag The Leinster Leader, d’iarr mé ar mo
chomhghleacaithe ligean dom £11,000 a fháil ar iasacht ón bhanclena cheannach. Bhog muid é go Béal Feirste, ach ainneoin mosheacht míle dícheall, níor éirigh liom é a chur ag dul i gceart riamhagus b’éigean éirí as i ndiaidh tamaill agus an t-airgead a chailleadh.
Airgead mór go leor é £11,000 san am agus bheadh gach ceart ag mochomhoibrithe bheith míshásta liomsa mar gheall air, ach níor dúradhdada faoi; glacadh leis gur cuid den fhorbairt agus den fhoghlaim a bhíann a b’éigean dul tríd ar mhaithe le dul chun cinn. Bheadh sé deichmbliana sula n-éireodh liom an aisling áirithe sin a fhíorú: annuachtán a chlóbhualadh muid féin.

Dul chun cinn leanúnach an
nuachtáin

D’ainneoin an dul ar gcúl sin, bhí an gnó ag dul chun tosaigh go maithfaoin am seo, líon na n-oibrithe lánaimseartha ag méadú agus SeánMac Seáin ag cur leis an díolachán go seasta. Mar sin, faoin bhliain1983, bhí muid réidh leis an nuachtán a mhéadú nó ba léir nár leor nasé leathanach déag a bhí sa pháipéar le freastal ar ár léitheoirí. D’fhágsin go raibh gá le tuilleadh fógraí tharla go mbíonn coibhneas i gcónaíidir líon na bhfógraí agus líon na leathanach ar aon nuachtán. Ar androchuair, bhí duine amháin den fhoireann nár aontaigh leis anpholasaí seo agus a scar linn dá thairbhe; tugadh cúiteamh dó ar sonan ama a chaith sé leis an nuachtán agus lean an chuid eile againn leisan fhorbairt a bhí beartaithe. Chuaigh Seán Mac Seáin i mbun fógraía bhailiú agus ba ghearr go raibh an dá oiread ag teacht isteach ónfhógraíocht thar mar bhí roimhe agus mar sin, bhí sé indéanta againnlíon na leathanach a mhéadú dá réir.

206

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 207
Forbairt an nuachtáin 1983-1987

Idir 1983 agus 1987, cuireadh dóigh ní ba ghairmiúla ar an pháipéaró thaobh struchtúir agus cúrsaí airgid de. D’fhostaigh muid Liam Ricemar chuntasóir leis na cuntais a ullmhú do na cuntasóirí stáit agdeireadh na bliana. Go mall réidh siosmaideach, thóg muid gnó a bhíbrabúsach agus réasúnta éifeachtach ainneoin nach bhfuair sé deontasstáit de chineál ar bith agus cá bhfíos nach raibh sé éifeachtach debharr nach bhfuarthas cuidiú ón sparán poiblí riamh. Chomh maithleis sin, d’fhág sé go raibh muid neamhspleách ar aon dream, páirtithepolaitíochta, eaglais de chineál ar bith nó an stát féin. De réir mar abhí an obair ag méadú, thug muid daoine óga isteach díreach ón scoil:
Kevin McCabe, Gerard Mulhern, Alison Hurson, Donna
Mulholland, Linda Lennon, Shelly Loughlin, Brighid MacIllhatton,
Cathy Morgan agus daoine nach iad. Ní raibh formhór acu sin ach 16nó 17 bliain d’aois nuair a thosaigh siad ag obair sa ghnó aguschruthaigh siad uilig go maith. Ba bheag duine acu a d’fhág ancomhlacht riamh, comhartha maith go raibh siad sásta leis nacoinníollacha oibre agus leis an dóigh ar caitheadh leo.

Faoi lár na n-ochtóidí, bhí cúram cúrsaí airgid an pháipéir ormsa,
cúram a choinnigh mé gur imigh mé amach ar phinsean in 1997.
Faoin am sin, bhí seisear déag ag obair sa chomhlacht agus ba bheagar fad na fiacha a bhí orainn. Ní raibh muid ag dul a bheith inárdtoicithe riamh agus níorbh é sin an cineál cuspóra a bhí againn. Bhímuid críonna stuama agus níor chaith muid thar ár n-acmhainnriamh, modhanna oibre nach mbíonn á gcleachtadh inniu. Ba mhó dechomharchumann ná de ghnó é Nuachtán Bhaile Andarsan sna
laethanta sin agus is féidir nach n-éireodh sé chomh mór is a d’éirighdá mbeadh sé faoin stiúir chéanna sin. Ní thig a rá ach gur fhás anpaipéar go mall ach go leanúnach agus ní raibh bliain ar bith nachndeachaigh muid chun tosaigh, a bhuíochas sin do na hoibrithe ad’fhostaigh muid.

207

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 208
Neamhspleáchas an nuachtáin

Cheap go leor daoine gur nuachtán a thacaigh i gcónaí le Sinn Féina bhí san Andersontown News. Mar a tharla, ní raibh sin fíor, ní raibhaon eagla orainn roimh Shinn Féin a cháineadh nuair a shíl muid gurcheart iad a cháineadh agus dhéanadh siad gearán linn dá bharr, goháirithe nuair a rinne an nuachtán tromaíocht ar an IRA faoi
ghníomh coscrach éigin. Ó thaobh pholasaí an pháipéir de, bhíseasamh neamhspleách, neamhómósach againn maidir leis an dápháirtí Náisiúnacha anseo. Mar sin, ós rud é go raibh Máirtín ÓMuilleoir le Sinn Féin, ní thiocfadh ionchur bheith aige i gcinneadhar bith faoi pholasaí ar cheisteanna polaitiúla. Lena cheart a thabhairtdó, ba é ba mhó a bhíodh ar son dearcadh an SDLP a phoibliú nóthuig sé an tábhacht a bhí le neamhspleáchas an nuachtáin i súile anphobail.

Ar feadh fada go leor i ndiaidh do Sheán Mac Aindreasa éirí asmar eagarthóir agus Basil McLaughlin theacht i gcomharbacht air,
scríobh mé féin na heagarfhocail agus an bunphrionsabal agam gurcheart do na meáin bheith dian ar na dreamanna is cumhachtaí sa
tsochaí áitiúil. In Iarthar Bhéal Feirste, ba é Sinn Féin an chumhachtagus chomh luath agus a chuaigh siad le polaitíocht, chonacthas domgur cheart an bhail chéanna le haon pháirtí eile a thabhairt orthu. Bhíroinnt eagarfhocal a scríobh mé ag an am sin a tharraing fearg anpháirtí orainn agus a thug ar oifigigh shinsearacha an pháirtí gearánláidir a dhéanamh linn. Go minic, ba é Robin Livinstone a chuireadhBéarla sothuigthe ar na smaointe a nocht mé sna heagarfhocail sin. Baé Seán Mac Seáin a thug Robin isteach an chéaduair le píosaí ascríobh go páirtaimseartha do pháipéar fógraíochta a chuir Seán arbun le tuilleadh airgid a thabhairt isteach. Tharla bua nascríbhneoireachta aige, ba ghairid go ndeachaigh sé ag scríobh golánaimseartha go dtí go bhfuil sé anois ina eagarthóir ginearálta arnuachtáin uilig Ghrúpa Meán Bhéal Feirste.

208

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 209
Ronan Press: práinn

Sna hochtóidí agus sna nóchaidí, ba é Ronan Press ar an Lorgain achlóbhuail an nuachtán, cé go ndearna muid féin an clóchur agus anleagan amach i mBéal Feirste. Ba shocrú é a d’oir don dá dhream nó
ba sinne an custaiméir ba mhó a bhí ag Ronan Press agus thug siadaire mhaith dúinn i gcónaí; fiú amháin le linn na laethanta ba dhorchade na ‘Trioblóidí’, níor theip orainn riamh aon eagrán den pháipéar afhoilsiú. Ar 11 Lúnasa 1994, áfach, trí seachtaine sular ghair an IRAsos cogaidh, d’ionsaigh buíon d’fhir armtha de chuid an UFF RonanPress gur mharaigh siad duine de na clódóirí, Martin L’Estrange, arbhas Iarthar Bhéal Feirste dó agus nach raibh ag obair i bhfad ag anchomhlacht. Níl a fhios agam an de bharr Ronan Press bheith agclóbhualadh Nuachtán Bhaile Andarsan a rinneadh an t-ionsaí, ach baleor é leis an chlólann a chur as gnó nó níorbh fhada gur chinn GaryKennedy ar leis í, éirí as. Ní amháin sin, ach bheartaigh sé an trealamhuilig a dhíol.

Tubaiste a bhí ann dúinne agus thug muid iarraidh an cló-innealla cheannach ach theip orainn cé go raibh iasacht airgid geallta dúinnón bhanc chuige. Bhí muid i sáinn i ndáiríre nó tharla an druidimchomh tobann sin: ba ag tús na seachtaine a dúradh linn nachdtiocfadh le Ronan Press an páipéar a chlóbhualadh an tseachtain sinagus bhí orainn clódóir eile a aimsiú taobh istigh de chúpla lá. Ní rudfurasta é sin nuair nach raibh an oiread sin de chlólanna ann a raibh
sé ar a gcumas nuachtán a chlóbhualadh, ach sa deireadh, ba é annuachtán fíor-Aontachtach, The Belfast Newsletter, a tháinig idtarrtháil orainn ar luach a bhí cuid mhór ní b’airde ná an luach a
ghearradh Ronan Press. Thoiligh siad an nuachtán s’againne achlóbhualadh agus bhí caidreamh réasúnta maith againn leo go dtígur éirigh linn cló-inneall dár gcuid féin a fháil.

209

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 210
An nuachtán á chlóbhualadh
againn féin

Chuala mé go raibh muintir Carroll ar leo The Donegal Democrat agusThe Derry People ag an am, go raibh siad leis an dá nuachtán sin achlóbhualadh i nDoire Cholm Cille agus cló-inneall an Democrat a
dhíol. Ghlaoigh me ar mhuintir Carroll agus thairg siad an t-innealldom ar £30,000 ar choinníoll go dtabharfaimis féin ar shiúl é; níbheadh aon bharántas ag dul leis ach oiread. Ag dul san fhiontar abheadh sé sin nó ní raibh taithí innealtóireachta den chineál sin agduine ar bith againn agus i bhfianaise an bhotúin a rinne mé deichmbliana roimhe, ní bheinn ina dhiaidh ar mo chomhghleacaithebheith in amhras faoin dara hiarracht. Ach ní raibh agus thug muidinnealtóir linn go Béal Átha Seanaidh gur scrúdaigh sé an t-inneall.
Cheap seisean gur margadh maith a bhí ann agus go dtiocfadh leis éa aistriú go Béal Feirste agus a atógáil. Sin an rud a rinne muid aguslaistigh de shé mhí, bhí an t-inneall ag dul agus an nuachtán áchlóbhualadh againn féin den chéad uair. Níor neamhspleáchas godtí é, dar liom, agus ba é seo buaicphointe an neamhspleáchais óthaobh Nuachtán Bhaile Andarsan de.

Éirí as 1997

Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur thuig mé go raibh mo sheal leis annuachtán tugtha agus an oiread déanta is a bhí ar mo chumas agus goraibh sé in am ligean do dhaoine ní b’óige a gcuid féin a dhéanamhden pháipéar. Mar sin, in 1997, d’éirigh mé as le dul ar pinsean agustháinig Máirtín Ó Muilleoir i gcomharbacht orm. D’éirigh seisean asan pholaitíocht, rud a bhí riachtanach, dar liom, ar mhaithe le híomháneamhspleách an nuachtáin a chosaint. Lean Basil McLaughlin, Seán

210

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 211
Mac Seáin agus Máirtín le cur amach an pháipéir agus thug é go dtíleibhéal eile forbartha. Mar chuid den fhorbairt sin, tógadhfoirgneamh dá chuid féin don pháipéar (ba ar cíos a bhí anfoirgneamh roimhe sin), fuarthas inneall nua clódóireachta dendéanamh is nua-aimseartha agus méadaíodh ar líon na n-oibrithe faoithrí taobh istigh d’am gairid. Is fada anois Basil agus Seán ar scorfosta (fuair Basil bás ó shin) agus Máirtín agus a chomhstiúrthóirí agforbairt leo go dtí nach bhfuil i Nuachtán Bhaile Andarsan sa lá inniu
ach gné amháin d’impireacht nuachtán, sa bhaile agus i gcéin.

Naíscoil, Meánscoil 1978

Bliain chinniúnach a bhí in 1978, ar a lán cúiseanna. Bhí Seán MacAindreasa agus mé féin ag obair anois ag Nuachtán Bhaile Andarsan.
Bhí tús á chur le naíscoil nua, faoi stiúir Áine Andrews, í dírithe arpháistí nach raibh an Ghaeilge sa bhaile acu. Bhí sé riachtanachtuilleadh páistí a thabhairt isteach sa scoil mura raibh sí le bás a fháilde bharr easpa daltaí. Bhí 35 páistí sa scoil ar fad, ochtar sa naíscoilagus seacht is fiche sa bhunscoil. Ba léir, mar sin, go raibh tuilleadhpáistí de dhíth, ach bhí fadhb ní ba phráinní arís ann. Bhí seachtar dena páistí ba shine sa scoil ag tarraingt ar aois meánscoile agus bheadhorthu an bhunscoil a fhágáil roimh i bhfad. Cad a bhí i ndán dóibh?
Cad a bhí muid ag dul a dhéanamh leo? Bhí siad i ndiaidh seachtmbliana oideachais a fháil go hiomlán trí mheán na Gaeilge agusanois bhí dhá rogha againn: glacadh leis nach dtiocfadh linn oideachasiarbhunscoile a chur ar fáil, agus cé a bheadh ina dhiaidh orainn sin aadmháil nuair a chuimhneofá ar an dua a chaith muid leis an
bhunscoil a choinneáil ag dul, sin nó féachaint le riar orthu, ar ais nóar éigean.

I rith na bliana sin, 1978, pléadh an fhadhb agus cuireadh coistebeag le chéile leis na féidearthachtaí a iniúchadh. Trialladh ar BhaileÁtha Cliath agus bailíodh eolas – agus liosta fada de na deacrachtaí a

211

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 212
rachadh le tabhairt faoin mheánoideachas. Chonacthas dom féin
gurbh fhearr gan taighde a dhéanamh; ní dhéanfadh sé achbeaguchtach a chur orainn, dar liom. Ach fiú gan taighde, b’ábharcreathnaithe a bhí ann a leithéid de thurgnamh iarbhunscoile a bhunúnuair a bhí naíscoil agus bunscoil le hiompar againn gan maoiniú nótacaíocht stáit.

Rinne sé deighilt eadrainn, cé go ndearna muid ár seachtndícheall gan eascairdeas a thógáil. Bhí cuid acu amhrasach agus idirdhá chomhairle, cuid eile, bhí siad cinnte gur ag dul thar fóir a bheadhsé tabhairt faoi mheánscoil. An chuid againn a bheartaigh dul araghaidh, chreid muid gur cheart seans a thabhairt do na páistí leanúintdon oideachas trí Ghaeilge agus nuair a d’éireodh linn go dtiocfadhmórchuid na ndaoine eile linn. Lean muid linn mar sin agus socraíodhgo gcuirfí tús le meánscoil i Meán Fómhair na bliana sin, 1978. Idiran dá linn, chuir muid in iúl go soiléir do choiste na bunscoile nachmbeimis ag tarraingt ar fhoinsí airgid na bunscoile, go mbeadh anmheánscoil neamhspleách.

An chéad mheánscoil

Ghlaoigh muid arís ar shaineolas Sheáin Mhic Sheáin agus thóg séseomra ranga do dhaltaí na meánscoile amháin, ach é ceangailte leisan dá bhothán eile a bhí ag an naíscoil agus ag an bhunscoil. Mar sin,
ag tús mhí Mheán an Fhómhair 1978, cuireadh tús le MeánscoilPhobal Feirste, an chéad iarbhunscoil lán-Ghaeilge sna Sé Chontae,
mar a bhí Bunscoil Phobal Feirste mar an chéad bhunscoil Ghaeilgesna Sé Chontae. Ní raibh ach cúigear daltaí ann ar an chéad lá agustriúr ban de chuid na scéime á dteagasc: Áine Mhic Aindreasa, ad’éirigh as a post sa bhunscoil le dul ag teagasc sa mheánscoil, MáireMhic Sheáin agus Bríghid Mhic Sheáin. Ní bhfuair siad tuarastal arbith, ar ndóigh, nó ní raibh airgead ar bith againn lena n-íoc. Ba iadna daltaí ná Nuala Nic Sheáin, Colm Mac Aindreasa, Conall ÓCoisneacháin, Adam Mac Giolla Chatháin agus Eilís Ní Bhruadair.

212

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 213
Má bhí líon na ndaltaí beag, bhí iomlán cúrsa le déanamh acu.
Theagasc an triúr ban sé ábhar eatarthu agus tháinig daoine eileisteach le ceithre ábhar eile a theagasc. Múinteoirí áirithe a d’oibrighi scoileanna thart timpeall orainn, tháinig siad isteach nuair a bhíodhtréimhse shaor acu agus theagasc ranganna. Rinne siad sin go deonachagus tugann scríobh na cáipéise seo faill dom buíochas ó chroí aghabháil leo: Pádraig Ó Maolchraoibhe, a thagadh go luath ar maidinnó ag deireadh an lae, le Fraincis a theagasc; Fergus Ó hÍr, a theagasceolaíocht agus a thugadh a chuid trealaimh féin leis; FionnbarraDynan a theagasc mata ar feadh bliana; agus Seán Mac Canna atheagasc ceol. Duine eile a tháinig agus a theagasc Gaeilge bliainamháin ná Muiris Mac Seáin. Eatarthu, theagasc an triúr ban, Áine,
Máire agus Bríghid, theagasc siad stair, tíreolaíocht, Laidin, creideamhagus Béarla agus sa dara bliain, mata. Sholáthraigh Seán MacAindreasa an téarmaíocht don eolaíocht, chuidigh leis an mhata agusd’aistrigh téacsanna don Laidin, agus gan fiú mé féin nach raibh corrrang
mata agam, cé nach raibh mé ach dhá chéim chun tosaigh ar nadaltaí. Thug Seán Mac Seáin ceachtanna adhmadóireachta ó am gochéile. Ba é an scéalaí Feirsteach, Liam Mac Carráin, an t-aon duine,
go bhfios dom, a fuair íocaíocht ar bith agus ba bheag an tsuim í nóba mé féin a d’íoc leis í.

Mhair muid mar sin go deireadh na bliana agus ainneoin nárbhé an gnáthchóras oideachais é agus nach raibh áiseanna iontacha marchuid de, measaim gur ghnóthaigh na páistí go maith air agus gurchothaigh sé muinín iontu.

Mhair an scoil ar feadh dhá bhliain, ach de réir a chéile, thuigmuid nach raibh an saol mar a bhí sé an t-am sin oiriúnach don
tionscnamh: ‘réabhlóid’ amháin de bharraíocht a bhí ann. Ní hé gurmeancóg a bhí ann; ní hé go raibh sé dodhéanta. Bhí sé ceart agusbhí sé indéanta. Cruthaíodh sin ó shin.

213

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 214
Scor na meánscoile 1980

Ag deireadh an dara bliain, samhradh 1980, rinneadh an cinneadh –
agus ba go drogallach a rinneadh é – an mheánscoil a scor agus napáistí a chur ar scoil taobh amuigh den scéim. Ba chúis ghruaime é sinnó ní amháin go raibh sé crua ar na tuismitheoirí, bhí sé ní ba chruaar na daltaí. Ba chúis drochmhisnigh é fosta: ba í an chéad uair a theipar rud éigin ar thug muid faoi.

Coláiste Íosagáin

Chuaigh bunús na bpáistí chuig scoileanna sa cheantar, ach rinnemuid féin amach go gcuirfeadh muid tuairisc scoileanna ó dheas.
Bheadh Corcaigh mar an chéad rogha againn, ach as an áireamh, marbhí sé i bhfad rófhada ó bhaile; mar sin, d’iarr muid comhairle ó
Ghaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath a mhol d’aonghuth ColáisteÍosagáin ar an taobh ó dheas den chathair.Thriall muid go Baile ÁthaCliath, chuir an príomhoide, an tSiúr Victoire, fáilte chroíúilromhainn agus socraíodh gach rud lom láithreach. Chomh maith, bhían tSiúr Victoire ábalta muid a chur i dteagmháil le Muintir Uí Dhúilla raibh iníonacha ar an scoil acu agus a bhí toilteanach Nuala agusDeirdre a choinneáil mar lóistéirí.Taobh istigh de sheachtain, bhí siadmar dhaltaí ar Choláiste Íosagáin agus cónaí orthu i Ráth Maonais imBaile Átha Cliath i rith na seachtaine. Athrú tobann agus athrúiomlán ar a saol a bhí ann agus bhí Deirdre go háirithe amhrasachfaoi, ach d’iarr muid orthu é a thriail go dtí an Nollaig agus gheall godtógfadh muid ón scoil iad ag an am sin mura raibh siad sona.

Ba ghnách leo dul ar an traein oíche Dhomhnaigh agus filleadhtráthnóna Aoine. Bhí lóistín maith acu le Mary agus Breandán ÓDúill; thug Mary aire mhaith dóibh agus i gceann tamaill, bhí siadmar chuid den teaghlach. (Fuair Breandán bás tamall de bhlianta ó

214

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 215
shin agus Mary tuairim is bliain ó shin, bean láidir ghéarchúiseachmhacánta, a déarfadh an rud a bhí ar a hintinn.) Mar sin féin, bhíorthu déanamh as dóibh féin i ndiaidh dóibh bheith ina gcónaí igceantar beag amháin agus aithne acu ar gach duine; níorbh iontas édá dtabharfadh siad a ndroim leis. Níor thug, áfach. Siúd chun siúil aran traein go Baile Átha Cliath iad, oíche Dhomhnaigh, iad ag iomparmálaí móra, go ndéanfadh siad a mbealach síos Sráid Talbot le bus afháil go Ráth Maonais ar leath i ndiaidh a naoi san óiche, ansin anturas céanna a dhéanamh an bealach eile, tráthnóna Aoine.

Ar an taobh dearfach de, scoil mhaith a bhí i gColáiste Íosagáinagus oideachas maith ar fáil ann. An bhliain dár gcionn, chuaigh antríú duine againn, Colma, ann mar aon le Caitríona, iníon Mháireagus Sheáin Mhic Sheáin. Ní thiocfadh le Muintir Uí Dhúill ceathrara ghlacadh ag an am agus fuair muid árasán ar cíos dóibh i mBaileÁtha Cliath, i gceantar Raghnallach. Ar dtús, socraíodh go bhfanfadhBríghid leo san árasán i rith na seachtaine, ach tharla gur éirigh léifostaíocht a fháil go díreach ag an am agus bhí na costais a bhí ag dulle triúr acu a choinneáil i mBaile Átha Cliath chomh trom sin goraibh an t-airgead thar a bheith tábhachtach. Mar sin, is ormsa agusar Sheán a thit sé aire a thabhairt do na cailíní: chaitheadh Seán dhá
lá ag tús na seachtaine san árasán agus mise dhá lá eile leo agus iad athabhairt abhaile Dé hAoine. Laghdaigh sin an costas, ach nuair arinne Colma amach nach rachadh sí ar ais go Baile Átha Cliath ag túsna tríú bliana scoile, d’fhill an triúr eile ar mhuintir Uí Dhúill, áit arfhan siad gur chríochnaigh siad a scolaíocht.

An dara bliain sin agus an t-árasán againn, chaith Seán agus méféin cuid mhór fuinnimh agus ama ag taisteal go Baile Átha Cliathagus ag fanacht ann leis na cailíní agus san am chéanna ag iarraidh árgcuid oibre le Nuachtán Bhaile Andarsan a dhéanamh. Nuair a tháinigan duine deireanach, Pádraig, in aois meánscoile, bhí fadhb againn:
ní raibh sé ach bliain déag agus ciúin faiteach, chaithfeadh sé dul arscoil na mbuachaillí gan aon aithne aige ar dhuine ar bith agus bheadhcónaí air i dteach strainséartha; chomh maith, bheadh na cailíní réidhleis an scoil go maith roimhe agus bheadh air dul go Baile Átha Cliathleis féin. Mar a tharla, ní raibh fonn ar bith air dul ar scoil i mBaile

215

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 216
Átha Cliath agus mar bharr air sin uilig, bhí maoiniú na scolaíochtaina ualach orainn mar a bhí, fiú agus dhá thuarastal againn. CuireadhPádraig ar mheánscoil sa cheantar, ábhar faoisimh dó féin agusdúinne!

Bhí deireadh le ‘haisling’ an mheánoideachais i mBéal Feirste,
shílfeá. Ach ní mar a shíltear a bítear agus deich mbliana tar éisdhruidim na chéad mheánscoile, bheadh sé i ndán dom baint lárnachbheith agam leis an dara ceann a bhunú, in 1991, ach an iarracht seo,
d’éireodh léi.

Glúin úr de Ghaeilgeoirí

Ní féidir bheith cinnte anois gurbh fhiú an dua a chaith muid le cúrsaíoideachais. Arbh fhiú an obair mhaslach a rinneadh, arbh fhearr dágcaithfimis an fuinneamh agus an saothar sin uilig ar chur chun cinnchoincheap na nGaeltachtaí uirbeacha, mar a mhol Ó Cadhain, agusiarracht a dhéanamh iad a leathnú i mBéal Feirste agus in áiteannaeile? Sin na smaointe a chránn thú má mhúsclaíonn tú ar a trí a chlogar maidin ainneoin a fhios agat nach bhfuil tairbhe iontu. Ar aon nós,
bhí léaró dóchais anseo is ansiúd: mar a luadh cheana, bhí daoine níb’óige ná muid féin sa scéim anois agus fonn orthu páirt ghníomhacha bheith acu i reáchtáil na bunscoile. Chomh maith leis sin, taobhamuigh de Bhóthar Seoighe, bhí daoine óga eile a bhí fíche bliain níb’óige ná muid féin, a tháinig i méadaíocht le linn na dTrioblóidí agusa bhí réidh anois lena bpáirt féin a ghlacadh i gcur chun chinn nateanga, cé nach raibh baint ar bith acu ach sa bheag le GaeltachtBhóthar Seoighe: daoine mar Ghearóid Ó Cairealláin, Eoghan ÓNéill agus Áine Nic Gearailt a bhí leis an nuachtán Preas an Phobail
(an focal sin ‘pobal’ arís) ó 1981 ar dtús agus ansin le LÁ, a bunaíodhin 1984. Bhí Séamus Mag Fhionnghaile, Pádraigín Ní Mhurchú agusMáire Nic Fhionnachtaigh ann ar ball, a bheadh mar
chomhghleacaithe oibre acu as sin go ceann 25 bliain le cúrsaí

216

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 217
drámaíochta, le siopa leabhar, le raidió pobail agus le CultúrlannMcAdam Ó Fiaich.

Tháinig Máirtín Ó Muilleoir chun tosaigh faoin am céanna.
Casadh orm é an chéad uair agus páipéar beag a raibh Gaeil Bhéal
Feirste air á chur amach aige féin agus ag daoine eile as CumannChluain Ard. I ndiaidh dó céim a bhaint amach in Ollscoil na Ríona,
ní raibh obair le fáil (má shíleann daoine go bhfuil cúrsaíeacnamaíochta go holc an lá atá inniu ann, ní a dhath é i bhfarradh ismar a bhí ag tús na n-ochtóidí) agus tháinig sé chugainn sanAndersonstown News ag iarraidh oibre nó bhí a chroí san iriseoireachtach go raibh sé sásta obair de chineál ar bith a dhéanamh. Sílim gurag cur uimhreacha ar chúl cártaí lá breithe an chéad rud a rinne séagus timireacht ghinearálta thart ar an seomra clódóireachta, ach baghairid go bhfacthas an mianach a bhí ann mar oibrí agus marscríbhneoir agus d’fhan sé ag obair ar an nuachtán go lánaimsearthago dtí go ndearnadh páirtí de sa ghnó. Bhí muid beirt le beagnachfiche bliain a chaitheamh ag obair i gcuideachta a chéile gur éirighmé as an obair in 1997, go ndeachaigh sé féin i gcomharbacht orm igcomhar le mo dheartháir Seán agus Basil McLaughlin.

Rinne Máirtín a sciar féin i ngluaiseacht na Gaeilge i gcuideachtana cuideachta: ba é ba chúis le hoifig Ghlór na nGael a bhunú inIarthar Bhéal Feirste, an eagraíocht Pobal a bhúnú, chomh maith leForbairt Feirste, an áisínteacht fostaíochta; ba é a chuir coincheap naCeathrún Gaeltachta chun tosaigh an chéad uair. Ba é fosta, igcuideachta Phádraig Uí Mhaolchraoibhe agus Bhairbre de Brún, aba chúis leis an Ghaeilge a thabhairt isteach i bhfealsúnacht ShinnFéin. Bheadh díospóireacht ann ar lenár leas nó lenár n-aimhleas é sin,
ach is díospóireacht í do lá níos faide anonn nuair is féidir an scéal amheasúnú ina iomlán agus é i bhfad uait.

217

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 218
An stailc ocrais agus an Ghaeilge

Ar aon nós, ba eisceachtaí iad na daoine sin, Máirtín Ó Muilleoir,
Bairbre de Brún agus Pádraig Ó Maolchraoibhe, i ngluaiseacht naGaeilge agus ní fios an mbeadh duine ar bith acu i Sinn Féin murachar tharla ó 1969 ar aghaidh agus go háirithe ó aimsir na stailce ocraisar aghaidh. I bprionsabal, d’fhan an Ghaeilge amach as anpholaitíocht ach, go hiondúil, cuireann an saol isteach ar phrionsabal.

Ba í an stailc ocrais in 1981 a chuir cruth eile ar an scéal, a chuirbrú ar chuid mhór den phobal Náisiúnach, Gaeilgeoirí san áireamh.
Ba dheacair le duine bheith neodrach nó seasamh ar leataobh. Níorbh
í an Ghaeilge ná úsáid na Gaeilge sna príosúin a chuir suathrán saphobal amuigh, idir Chaitlicigh agus Phrostastúnaigh, ach gníomhna híobartha féin: go raibh deichniúr fear óg chomh tréan sin inandearcadh gur thoiligh siad bás léanmhar a fháil. Is cinnte gur tháinigardú ar spéis an phobail sa Ghaeilge i ndiaidh na stailce ocrais, ach níde bharr go raibh na príosúnaigh ag foghlaim Gaeilge iad féin, darliom, ach gur chuir gníomh na híobartha an pobal ag meabhrú ar abhféiniúlacht agus gur spreag sé sciar áirithe acu le suim a chur sateanga dá bharr. Is fiú cuimhneamh go raibh dúshraith dhomhaincurtha síos ag Gluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste le blianta roimhan stailc ocrais agus rinne sé furast ag daoine ceangal leis an teanganuair a d’ardaigh a spéis. Thug an Ghaeilge faill do dhaoine iad féina chur in iúl ar dhóigh dhearfach agus ar dhóigh nár bhain le marú nále scrios. Bhí sin fíor i rith an Dara Cogadh Domhanda chomh maith,
dála an scéil, nuair a bhíodh na ranganna Gaeilge lán de dhaoine a bhíag iarraidh an teanga a fhoghlaim.

Fuair deichniúr de na príosúnaigh bás. Ba é Bobby Sands, treoraína stailce agus an duine ab fhearr a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus éfaoi ghlas, ba é an chéad duine le bás a fháil. Ar leathanach dechnuasach de dhánta Alice Milligan a chuir cara de mo chuid, LiamRice, isteach chuige, scríobh sé cúpla líne:

218

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 219
Beannacht Dé ortsa a Liam agus go raibh míle maith agat,

táim faoi fulaingt ach rinne do leabhar an bóthar fada níos

fusa – go maire tú i bhfad – Bobby S – 6ú lá déag de Mhí

Aibreann ’81.

Tá sé dodhéanta anois cur síos a dhéanamh ar an tocht agus ar anbhriseadh croí a bhí ar an an phobal Naisiúnach mar gheall ar an stailcocrais, ach éinne a chonaic na sochraidí, mhothaigh sé an chumhacht.
Leath an scéal ar fud an domhain: san India, d’fhan an freasúra sapharlaimint ina thost ar feadh bomaite ar bhás Sands; dódh bratachana Breataine i Nua-Eabhrac; thairg na Francaigh go rachadh antUachtarán Mitterand ar shochraid Sands (dhiúltaigh rialtas BhaileÁtha Cliath an tairiscint).

Ba é Bobby Sands, ar ndóigh, a spreag úsáid na Gaeilge mar uirlis eileeasumhlaíochta i gcoinne dhroch-choinníollacha na bpríosúnach. Godtí sin, tá mé den bharúil nach raibh foghlaim na Gaeilge sa CheisFhada chomh tréan agus a bhí sé sna príosúin ó thuaidh sa DaraCogadh Domhanda agus le linn fheachtas na teorann 1956-61 nuaira bhí rannóga tréana Gaeilge i bpríosún Bhóthar Chromghlinne.

An Ghaeilge agus an
pholaitíocht

Is fíor go ndeachaigh an stailc ocrais i bhfeidhm ar Ghaeilgeoirí igcuideachta na cuideachta agus gur shiúil siad mar Ghaeilgeoirí imórshiúlta na linne; shiúlfadh siad mar Ghaeilgeoirí freisin, breis isfiche bliain ina dhiaidh sin, mar agóid i gcoinne an ionraidh ar anIaráic. Ba dár bpobal féin iad na stailceoirí agus ba dheacair gan truaagus meas a bheith againn ar an ghníomh íobartha. Ach nuair alaghdaigh an tocht a bhain le bás na stailceoirí ocrais, d’fhill bunús

219

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 220
mór na nGaeilgeoirí ar a ndearcadh neamhpholaitiúil nó sílim gurthuig siad nárbh í an Ghaeilge an chloch ba mhó a bhí ar phaidríndream ar bith ag an am sin, lucht Shinn Féin ná na Briotanaigh.

Bhí Máirtín Ó Muilleoir ag obair i mo chuideachta ag an amagus admhaím nár aontaigh mé leis nuair a chinn sé ar dhul leis anpholaitíocht pháirtí (ba bheag a chuir sin isteach air atá mé agceapadh). Mar dhuine a raibh Irish Above Politics ag Máirtín ÓCadhain mar bhunalt creidimh agam, bhí mé dearfa de ag an am, agustá go fóill, gur cheart do Ghaeil fanacht amach as na páirtithepolaitíochta Béarla ach muid cur ar ár son féin le gach páirtí agus legach cuid den tsochaí. Le mo linn, slogadh Gaeilgeoirí breátha isteachi bpáirtithe polaitíochta éagsúla, Sinn Féin san áireamh, gan a dhathacu ar a shon. Ach admhaím go bhfuil tarraingt agus mealladh agbaint leis an pholaitíocht pháirtí nár éirigh linne i ngluaiseacht naGaeilge a shárú in ainneoin ár gcuspóir bheith níos radacaí agus níosdúshlánaí ná cuspóir páirtí polaitíochta ar bith.

Bhí buntáiste áirithe ag baint le Gaeilgeoirí dul isteach i SinnFéin afach nó tharraing sé aird rialtas na Breataine ar an Ghaeilge. Ótharla ‘battle for hearts and minds’ ar siúl ag na Briotanaigh, bhí eaglaorthu gur ag titim isteach i lámha Shinn Féin a bhí na Gaeilgeoiríagus go gcaithfeadh siad rud éigin a dhéanamh féachaint lena chosc.
Sílim féin go mba sin an rud a bhí taobh thiar de mhaoiniú a thabhairtdo Bhunscoil Phobal Feirste in 1984, mar shampla, cé go ndearna anobair mhór a chuir Aodán Mac Póilin, Liam Andrews, Seoirse Macan Iolair srl an talamh a dhéanamh reidh dó. Ba í an choimhlint idir
na Briotanaigh agus Sinn Féin a d’fhág ar chumas Shéamuis Napierleas a bhaint as le hIontaobhas Ultach a bhunú agus airgeadsubstaintiúil rialtais, nárbh airgead oideachais é, a fháil don Ghaeilge.
Deich mbliana níos faide anonn, tugadh aitheantas do CholáisteFeirste, agus tá a fhios agam anois gur de bharr cúrsaí polaitíochta atugadh an t-aitheantas sin, ainneoin nach raibh na bunchritéir, darleo, bainte amach ag an scoil. Má bhíonn an pholaitíocht cáidheach,
scaití, is minic a bhíonn sí cabhrach chomh maith.

220

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 221
Múinteoirí agus daltaí na chéad Meánscoile 1978. ar chúl ó chlé Máire Mhic Sheáin, ÁineMhic Aindreasa agus Bríghid Mhic Sheáin. Na daltaí ó chlé, Colm Mac Aindreasa,Conal ÓCoisneacháin,Adhamh Mac Giolla Chatháin, Éilis Ní Bhruadair agus Nuala Nic Sheáin. tá

siad ar chéimeanna na scoile a thóg Seán Mac Seáin dóibh an samhradh sin.
Aisteoirí Aon Drama i mbun “Lá Fhéile Mhíchíl”. Bhí an dream seo le saol na Gaeilge i
mBéal Feirste a shaibhriú go mór le Páipéir Nuachta, Raidío, Dramaí, Cultúrlann Siopa
leabhar agus Caife Gaelach. Chun tosaigh ó chlé ta Máire clár Nic Mhathúna, Róisín
Nig Uidhir, Máire Andrews, agus Áine Nic Gearailt. Ar chúl ó chlé ta
Gearóid Ó Cairealláin, Eoin Ó Néill, Éamonn Ó Cianáin, Seán Ó Tuathaláin,
Pól Mag Uidhir agus Liam Maskey

221

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 222
dhá phictiúr thabhachtacha i stair na Gaeilge i mBéal Feirste, Céad Chomaoin as
Gaeilge den chéad uair ariamh sa chathair. ó chlé Nuala Nic Sheáin,Ciarán Ó
Cearbhalláin agus Siubhán Mhistéil sa dara phictiúr tá an chéad ghrupa ariamh a
chuaigh faoi lámh an Easpaig sa chathair roimhe sin b’éigean dul go Baile Átha Chliath
fa choinne comhneartú. Ar chlé chun tosaigh tá Alastair Mac Aindreasa, Conor Mac
Ainmhire, Tomás Mac Seáin agus Pádraig Mac Seáin ar chúl ó chlé ta Diarmaid Ua
Bruadair Úna Ní Bhruadair, agus Emer Mhistéil.
An tEaspag Pádraig Breathnach a rinne an comhneartú.

222

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 223
An Cairdinéal Tomás Ó Fiaich agus an tAth Breandán Mac Maoláin ar chuairt ar an
Bhunscoil i 1985. bliain i ndiaidh aitheantas rialtais a fháil.

an chéad rang i Meánscoil Feirste 1991 lena múinteoirí Fergus Ó hÍr, Cathal ÓDonnghaile, Ciarán Ó Dornáin agus Nóirín Ní Chléirigh

223

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 224
60 Meirge de chuid na bhFear Buí ar ghnáthach leo a iompair amach as EaglaisBroadway ( an Chultúrlann anois) ar an bhealach chun na Faiche fadó

Cumann Staire Uí Fhiaich ar chuairt i bParas na Fraince 1991. Ar dheis ar fad sa
phictiúr tá Pádraig Ó Cléirigh a d’ fheallmharaigh na dílseoirí an bhlian dar gcionn inatheach cónaí. Tá a bhean Íde i lár sa líne tosaigh. Fuair Íde bás cúpla bliain ina dhiaidhagus fágadh na páistí ina ndíleachtaí

224

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 225
Pól Ó Muirí agus Brenda Uí Bhléine i bParas leis an Chumann Staire 1991

Ciarán Ó Duibhinn ina threoraí ar chéad turas an Chumainn Staire go h Í
Cholmcille 1990

225

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 226
Tacadóirí Cúltúrlann McAdam/ Ó Fiaich 2001. ó chlé Gearóid Ó Cairealláin,mé féin, antOllamh Pól Mag Uidhir, Seán Mac Seáin, Bairbre De Brún agus Concubhar Ó Liathánas Cúil Aodha aneas. Tháinig Concubhar go Béal Feirste leis an chéad chúrsa lán
aimseartha ar na Meáin Ghaeilge a bhunú sa chathair agus d’fhan sé deich mbliain againn

Na hochtóidí

Sna hochtóidí, lean cúrsaí Gaeilge ar aghaidh faoi lánseol. ImBealtaine 1983, thug an Cairdinéal Ó Fiaich cuairt ar an bhunscoilagus dhearbhaigh a thacaíocht le fuinneamh agus le greann – agus leseic! Mar a ba dhual dó, thóg sé croíthe gach duine ar an ócáid nó badhuine é a bhain sult as an chuideachta agus nach raibh aird aige arshollúntacht. An bhliain dár gcionn, tugadh aitheantas do BhunscoilPhobal Feirste, faoi dheireadh, i ndiaidh trí bliana déag de choimhlintchrua. Ba stairiúil an bua é.

Mí roimhe sin, tharla aitheantas de chineál eile, ach chomh
stairiúil céanna ar dhóigh: chuaigh seachtar de dhaltaí na bunscoilefaoi lámh an easpaig (an tEaspag Walsh), an chéad Chóineartú

226

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 227
Gaeilge i ndeoise an Dúin agus Chonaire. Bhí an Chéad
Chomaoineach Ghaeilge ann ó 1973 (féach thuas), í á déanamh bliaini ndiaidh na bliana ag an Athair Breandán Mac Maoláin, ach marnach ndearnadh easpag de riamh agus nach raibh an tEaspag MacPhilibín sásta freastal ar líon chomh beag, d’fhág sin fadhb againnmaidir le cóineartú Gaeilge.Thoiligh an tEaspag Mac Philibín, áfach,
cead a thabhairt dúinn dul go Baile Átha Cliath, áit ar ar thriall muidin 1981 agus chuaigh na páistí – cuid acu sna déaga faoin am sin – faoilámh an Easpaig Séamus Caomhánach. Tá ár mbuíochas ag dul donEaspag Caomhánach as an fhíorchaoin fáilte a chuir sé romhainn.

In 1984, bhunaigh Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néillan nuachtán Lá; ar an chéad eagrán de, i Lúnasa, bhí scéal faoi SeanDownes a maraíodh i mBaile Andarsan le piléar plaisteach. In 1988,
thosaigh Eoghan agus Gearóid Radió Fáilte i seanmhuileann Shráid
Mhic Con Midhe; cé go raibh sé neamhdhleathach agus gur dúnadhé ar feadh tamaill, tá sé ann arís le fada agus Fergus Ó hÍr, Eoghan ÓNéill agus Gearóid ag plé leis ar fad. I scéal an Ghaeloideachais imBéal Feirste, tugadh céim chróga eile nuair a bhunaigh Sue PentelGaelscoil na bhFál i Meán Fómhair 1987, cruthú ar leanúnachas anéilimh ar an Ghaeloideachas.

Club Leabhar Choiscéim Feirste

Is beag baint a bhí agam féin leis na himeachtaí thuasluaite ach faoidheireadh na n-ochtóidí, chuaigh mé i gcomhar le Máirtín ÓMuilleoir le club leabhar Gaeilge a bhunú. Bhí roinnt cúiseannaagainn lena leithéid a dhéanamh. Theastaigh uainn cur le líon nandaoine sna Sé Chontae a bhí ag scríobh i nGaeilge nó in ainneoinméadú bheith tagtha ar líon na ndaoine a bhí ag foghlaim na Gaeilgeagus borradh le sonrú faoi dhul chun cinn na teanga, ní raibh achbeagán leabhair Ghaeilge as na Sé Chontae á bhfoilsiú. Theastaighuainn chomh maith tacú le Pádraig Ó Snodaigh, a bhunaigh an

227

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 228
comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim agus a bhí ag foilsiú leis arbheagán acmhainne. Dar linn dá dtiocfadh linn díol cinnte de 150leabhar nó mar sin a gheallúint dó go mbeadh sé ina chuidiú aige.
Tharla bá phearsanta againn leis an fhear féin nó sa tréimhse badhorcha againn, thrialladh sé féin agus a bhean, Clíodhna Cussen, óthuaidh go minic le bheith linn nuair a d’fhanadh daoine céillí amachas an áit mar a bheadh aicíd ann. Ní dheachaigh an tacaíocht sin ganaireachtáil agus ba dhóigh í seo lena cúiteamh leo. Agus ba dhóigh eileé, shíl muid, le cur le saol sóisialta na Gaeilge i mBéal Feirste.

Bhí an taobh cuideachta den chlub leabhar go háirithe ar m’airdagus is cúis sásaimh dom, mar sin, gur tharla breis agus céad teacht lechéile le leabhair úra a sheoladh sna fiche bliain atá an club leabhar agdul. Cuireadh Club Leabhar Choiscéim Feirste ar siúl den chéad uair
ar 13 Eanáir 1990. Ó shin, seoladh tuairim is 150 leabhar agusmeasarthacht acu sin ag muintir na Sé Chontae. Is féidir nach rachadhcuid acu sin i gcló gan Pádraig Ó Snodaigh agus Coiscéim.

Thug an club leabhar faill dúinn dearcadh Chomhairle nanEalaíon ó thuaidh i leith na Gaeilge a thástáil lena fháil amach anraibh athrú ar an neamhaird a bhí léirithe go dtí sin nó chonacthasdom go raibh léaró beag dóchais ann go raibh siad ag athrú.
Cruthaíodh go raibh nuair a fuair muid deontas £5,000 leis an ChlubLeabhar a chothú ar feadh bliana. Ba chuidiú é go raibh an file CiaránCarson ag plé leis an iarratas, duine a tógadh le Gaeilge é féin (deirfiúrleis, Caitlín, bhí sí ar dhuine de na chéad mhúinteoirí i mBunscoilPhobal Feirste). Ghlan an deontas sin costais an Chlub Leabhar aguscibé fuílleach a bhí ann, chuaigh sé chuig Pádraig. Lean an deontas sinfad agus a bhí Ciarán sa phost, ach tháinig deireadh leis nuair ad’imigh sé.

Tá an club leabhar ag dul go fóill, ar ndóigh, agus é ag ceiliúradhfiche bliain a bhunaithe agus é le fada anois faoi chúram Áine NicGearailt, Phádraigín Ní Mhurchú agus Shéamais Mhig Fhionnghaileas siopa leabhar na Cultúrlainne, An Ceathrú Póilí.

228

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 229
Cúrsaí oideachais an teaghlaigh

Nuair a druideadh an Mheánscoil Ghaeilge i mBéal Feirste in 1980agus nuair a chuir muid beirt dár bpáistí chuig Coláiste Íosagáin imBaile Átha Cliath, chuir muid tús le heachtra a bhí lenár saol a riarar feadh seacht mbliana agus nach raibh aon dul siar air.

Thaistil Seán agus mé féin suas agus síos go Baile Átha Cliathgach seachtain le linn na dtéarmaí scoile agus san am chéanna, bhímuid ag iarraidh gnó a fhorbairt sa bhaile. Níor fhág sin a lán ama dorud ar bith eile. Go fírinne nuair a bhí an ceathrú duine clainne réidh
leis an bhunscoil, ba mhaith mar a tharla go ndearna muid amachnach mbeadh sé ar ár n-acmhainn é a chur go Baile Átha Cliath. Bamhaith fosta go raibh cúram Bhunscoil Phobal Feirste ar dhaoine eilefaoin am sin. Ba dhaoine iad a thug an scoil a fhad le haitheantasoifigiúil agus maoiniú rialtais in 1984. An bhliain dár gcionn, 1985,
tháinig an duine ba shine den mhuirín, Nuala, ar ais go Béal Feirstele dul ar Ollscoil na Ríona, ach bhí cúpla bliain eile le cur isteach agan dara duine, Deirdre, i mBaile Átha Cliath go fóill, gan tracht ariníon Sheáin agus Mháire Mhic Sheáin, Caitríona, a raibh ceithrebliana eile le déanamh aici.

Meánscoil úr

Ba bheag a shíl mé ag an am sin go mbeadh baint agam le hiarrachteile meánscoil Ghaeilge a bhunú i mBéal Feirste, ach faoin am a bhían chéim bainte amach ag Nuala in Ollscoil na Ríona, in 1988, bhíGearóid Ó Cairealláin agus Aoife Ní Riain ag smaoineamh armheánscoil, cé nach raibh an chéad pháiste acu ach i ndiaidh tosú aran bhunscoil. Chuir siad coiste le chéile agus iarradh orm bheith i mochathaoirleach air. Bhí mé thar a bheith sásta bheith bainteach leis
an iarracht nó ghoill sé riamh orm gur theip ar an chéad mheánscoil,

229

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 230
go háirithe nuair nach raibh mé cinnte gurbh é deacracht antionscnaimh a ba chúis leis sin ach go mb’fhéidir gur theip ar ármisneach agus ar ár bhfuinneamh.

Chomh maith liom féin, bhí seachtar ar an choiste: Gearóid ÓCaireallain, Aoife Ní Riain, Feardorcha Mac Bhranair, Micheál MacCú Uladh, Nóirín Uí Chléirigh, Máire Andrews agus Eoghan ÓNéill. Mar an chéad chéim, bailíodh cuid mhaith eolais faoinoideachas iarbhunscoile trí chuairteanna a thabhairt ar scoileanna ó
dheas. I dtrátha mhí Iúil 1989, bhí tuairisc measartha cuimsitheachcurtha le chéile a chlúdaigh gach rud a bhí riachtanach le scoil a thosú.
Ní rabhthas ag súil le mórán daltaí ag an tús agus gur mar sin ab fhearrle go gcruthódh an scoil í féin. Rinneadh amach go mbeadh beirtmhúinteoirí ag teastáil sa chéad bhlian, duine don taobh matamaiticeagus eolaíochta agus duine do thaobh na n-ealaíon. Dar leis an tuairiscgo dtiocfadh rogha d’aon ábhar is fiche a chur ar fáil ach cúpla duinepáirtaimseartha a thabhairt isteach i gcuideachta na beirte a bheadhann go lánaimseartha. Bheadh trí sheomra de dhíth agus rinneadhroinnt moltaí faoin áit a dtiocfadh an scoil a lonnú. Ceapadh gombeadh tuairim agus £60,000 riachtanach leis an scoil a choinneáil agdul sa chéad bhliain. Baineadh úsáid as leathanaigh Nuachtán Bhaile
Andarsan leis an scéal a scaipeadh mar a rinneadh leis an chéadmheánscoil. Bhí cruinniú poiblí i Muileann Mhic Con Midhe inarthug Pádraig Mac Donncha as Ráth Cairn cuntas ar an scoil abunaíodh ansin, tamall gairid roimhe sin.

Airgead á bhailiú don mheánscoil

Cheap an coiste go dtiocfadh an scoil a thosú i Meán Fómhair 1990,
ach mar a tharlaíonn go minic sna cúrsaí seo, ba ródhóchasach a bhímuid agus bheadh bliain eile de dhíth sula gcuirfí tús léi. An bhliainchéanna sin, scríobhadh plépháipéar ar ‘Irish-medium secondaryeducation in Belfast’, inar míníodh dúinn nárbh é an t-am ceart é le

230

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 231
fiontar mar sin a thionscnamh. Is féidir gur cheap cuid mhaith daoinean rud céanna, ach ní raibh ciall cheannaithe againn go fóill agus leanmuid linn.

Ach ná creid nár thuig muid na deacrachtaí nó go ndearna muida bheag díobh. Bhí mé féin cinnte de gurbh í fadhb an airgid anfhadhb a bheadh le fuascailt le go n-éireodh leis an scoil agus ba airsin a chaith mé mo chuid fuinnimh. Tharla crannchur ar bun agmuintir Ráth Cairn le hairgead a bhailiú d’fhorbairt an cheantairs’acusan agus bhí siad ag ligean do dhreamanna eile bheith páirteachann ach iad sciar den airgead a íoc leo i dtreo na nduaiseanna móra abhí á dtairiscint acu. Dhíol baill an choiste na ticéid, ach ba iad beirtfhear nach raibh ar an choiste ar chor ar bith a dhíol an chuid ba mhó
acu, mar a bhí, Malachy Duffin an ceoltóir, agus Pádraig ÓMaolchraoibhe, iarchathaoirleach ar Bhunscoil Phobal Feirste, agusduine de na múinteoirí a chuidigh leis an chéad mheánscoil. Ba mhóran spreagadh dúinn obair na beirte sin. Tháinig an fear teilifíse agusceoltóir,Tadhg Mac Dhonnagáin, agus rinne oíche cheoil i gCumannChluain Ard ar son na scoile.

Ceapadh na múinteoirí

Faoi thús na bliana 1991, bhí £11,000 sa chiste agus thiocfadhsmaoineamh dáiríre ar mhúinteoirí a lorg. Cuireadh fógraí ar nanuachtáin agus ceapadh Fergus Ó hÍr i mbun matamaitice aguseolaíochta agus Cathal Ó Donnghaile i mbun na n-ábhar ealaíon. Nígan trioblóid a rinneadh é sin nó bhí cúpla duine ar an choiste a bhímíshásta leis na ceapacháin a rinneadh agus ní amháin gur éirigh saidas an choiste, ach thug said leo a gcuid páistí a bhí le dul ar an scoilchomh maith. Buille mór a bhí ansin nó bhí go leor déanta ag anbheirt acu leis an scoil a bhunú agus caithfear a admháil nach raibhna céadta ag an doras ag iarraidh a gcuid páistí a chur ar an scoil. Nítús rómhaith a bhí ann gur éirigh idir baill an choiste chomh gearr sin

231

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 232
roimh thús na scoile, ach b’éigean glacadh leis agus treabhadh araghaidh. Ní raibh fágtha againn anois ach naonúr páistí, ach bhí namúinteoirí ceaptha agus ní raibh aon dul siar air.

Eaglais Phreispitéireach
Broadway

I mí an Mheithimh 1991, bhí airgead éigin againn agus beirtmhúinteoirí ceaptha agus naonúr daltaí, ach ní raibh áit scoile go fóillagainn. Mar a tharlaíonn níos minice ná shílfeá, ba de thaisme aréitíodh an fhadhb. Chuala mise go mbeadh an tseaneaglaisPhreispitéireach ag Broadway ar Bhóthar na bhFál ar fáil ag dreaméigin a thiocfadh a chruthú do Springfield Charitable Association, an
cumann carthanachta ar leis an foirgneamh, go rachadh sé chuntairbhe don phobal i gcoitinne an foirgneamh bheith ina sheilbh.

Bhí an eaglais féin ar an suíomh ó 1896, ach leis an chogadh agdul in olcas, d’imigh an pobal Preispitéireach agus druideadh aneaglais in 1982. Is ceart a rá nár ionsaíodh riamh í, ach bhícomhdhéanamh an cheantair ag athrú ar feadh tamaill roimhe sin; iscuimhin liom féin baill an Oird Oráistigh a fheiceáil ag máirseáilamach as an teampall i ndiaidh seirbhíse. I ndiaidh don eaglaisdruidim, bhí an foirgneamh in úsáid ar feadh tamaill mar ionad aggnónna beaga éagsúla. Bhí sé an-mhór taobh istigh agus balcóin fadan dá thaobh de. Rinneadh damáiste don fhoirgneamh nuair a bhí séina luí folamh agus tugadh iarraidh é a chur le thine. Thit cuid dendíon isteach agus dar leat nach i bhfad eile a mhairfeadh sé, ach gohádhúil, fuair Springfield Charitable Assoctiation seilbh air agus thug nahúdaráis airgead dóibh le dhá urlár breise a chur ann agus é a fheistiúmar ionad traenála do dhaoine óga.

In 1991 agus muid ar tí an Mheánscoil a thosú, chuala muid goraibh an t-ionad traenála le druidim agus chonacthas dúinn go

232

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 233
mbeadh sé oiriúnach don scoil. Chuaigh muid chun cainte le SCAagus bhí siad fabhrach go leor ach muid a bheith in inmhe an cíosbliana de £25,000 a íoc agus plean ar pháipéar a thabhairt dóibh decad a bheartaigh muid a bheadh san fhoirgneamh. Cé nach raibh dedhíth orainn ag an am ach cúpla seomra ranga, leag muid (Gearóid ÓCairealláin, Liam Andrews agus mé féin) amach plean ar chúplaleathanach A4. Ar an phlean, bhí Meánscoil Feirste, siopa leabhar,
caifé, amharclann agus ionaid oibre do ghnónna beaga Gaeilge. Bhídúil ag SCA sa phlean nó bhí siad ag iarraidh an áit a ligean le haondream amháin seachas lena lán grúpaí beaga éagsúla.

Ní raibh de dhíth ansin ach an £25,000! Chuaigh muid chuigfear a raibh Gerry Rogan air a bhí ina stiúrthóir ar an choiste áitiúilden Belfast Action Team. Bunaíodh na ‘Action Teams’ seo tuairim is trí
bliana roimhe, faoi choimirce straitéis stáit ar tugadh Making BelfastWork air. Tugadh cead a gcinn do na foirne gníomhaíochta seoinfheistíocht a dhéanamh i gceantair bhochta ar fhocal an stiúrthóraa fhad is nach raibh an infheistíocht thar £50,000. Bhí Gerry Roganbáúil lenár bplean nó chuir an rialtas measarthacht airgid isteach satseaneaglais cheana féin agus dá n-éireodh linn, ní bheadh aninfheistíocht sin amú. Gheall sé go bhfaigheadh sé cíos dúinn donchéad bhliain. Bhí sé i bhfách le níos mó de chuidiú a thabhairt dúinn
ná an cíos agus thairg sé airgead a chur i dtreo thuarastal namúinteoirí, ach nuair a chuir sé an tairiscint faoi bhráid Roinn anOideachais, crosadh air aon chuidiú a thabhairt go díreach donMheánscoil. Ba é Stanley Smith a shínigh an litir ar son Roinn anOideachais; ba ainm é sin a bhí muid le cluinstin go minic agus muidag troid ar son aitheantais agus maoiniú rialtais. Agus an geallantasfaighte go n-íocfadh Making Belfast Work an cíos ar feadh bliana,
shínigh mé féin agus Gearóid Ó Cairealláin léas trí bliana agus bhí ant-éacht déanta.

233

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 234
Muintir Lá sa Chultúrlann

Is féidir go ndéarfadh duine nach raibh sa phlean a thug muid donSCA ach caisleáin óir, ach ní bheadh an ceart aige. Bhí MeánscoilFeirste le tosú lom láithreach; bhí siopa leabhar agus nuachtán anncheana féin agus thar gach rud eile, bhí dornán de dhaoine ógadíograiseacha a bhí ag obair i mBéal Feirste ar feadh deich mblianabeagnach roimhe sin, ag cur na Gaeilge chun tosaigh. D’oibrigh siadgo lánaimseartha a bheag nó a mhór gan aon chuidiú stáit, mághlacann tú amach as an áireamh an liúntas beag leasa shóisealaigh abhí siad ag fáil. Orthu sin, bhí Gearóid Ó Cairealláin, Áine NicGearailt, Eoghan Ó Néill, Séamus Mag Fhionnghaile, Pádraigín NíMhurchú agus Máire Nic Fhionnachtaigh; ba dhaoine éirimiúla iada roghnaigh an Ghaeilge mar shlí bheatha. Bhunaigh siad annuachtán Lá (agus mé féin, Séamus Napier, Albert Fry agusMaolcholaim Scott inar stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin ar an
pháipéar) agus siopa leabhar agus bhog ó áit go háit de réir mar a bhíag éirí leo. Bhí siad lonnaithe tráth i seancheanncheathrú Chonradhna Gaeilge i Sráid Dhuibhise (an Ardscoil) go dtí gur dódh é dethaisme agus chaill siad deireadh. Ach ansin féin, níor tháinigbeaguchtach orthu agus fuair siad áit oibre i seanmhuileann ar ShráidConway agus lean leo. Bhunaigh Gearóid compántas drámaíochta arthug sé Aisteoirí Aon Dráma air a raibh a chomrádaithe oibre uiligpáirteach ann. Nuair a chuaigh an Andersonstown News go dtí oifigí
nua ar imeall Bhaile Andarsan, chuaigh Lá agus an siopa leabhar leisisteach sna seanoifigí ag Owenvarragh agus d’fhan siad ansin go dtígur bunaíodh an Chultúrlann in 1991. Is fiú a lua go bhfuil gach duineatá thuasluaite ag obair sa Chultúrlann ar fad.

Mar sin, bhí an plean don chultúrlann nua bunaithe a bheag nóa mhór ar na tionscadail éagsúla a bhí ar bun ag muintir Lá cheana
féin. Chuaigh Máire Nic Fhionnachtaigh i mbun an chaifé saChultúrlann, bíodh is go raibh sí i mbun scaipeadh an pháipéirnuachta roimhe sin. Bhí Séamus Mag Fhionnghaile i mbunfógraíochta. Rinne Eoghan agus Gearóid scríobh agus

234

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 235
eagarthóireacht an pháipéir, rinne Pádraigín an clóchur agus bhí Áinei mbun léamh profaí chomh maith leis an siopa leabhar. Agus arndóigh, bhí múinteoirí agus daltaí na Meánscoile ann chomh maith.

An cumann staire

Má tá duine ar bith amuigh ansin ag léamh an chuntais seo, tá eaglaorm go gceapfaidh sé gur blianta duairce dorcha a bhí sna nóchaidígan de spraoi againn ach obair agus olagón. Ní hamhlaidh a bhí agustá na pictiúir againn lena chruthú! Luadh cheana féin gurainmníodh an Chultúrlann as beirt a léirigh grá don Ghaeilge ardhóigheanna éagsúla, Robert Shipboy MacAdam agus Tomás ÓFiaich. Fuair an Cairdinéal Ó Fiaich bás go tobann in 1990 agus éar oilithreacht chuig Lourdes. Bhí a chroí sa Ghaeilge agus i stairagus i seanchas na tíre. Cé gur dhuine acadúil é agus cé gur bhain séan gradam ab airde san Eaglais in Éirinn amach, ba é croígealgháireach na cuideachta é, fear a raibh acmhainn grinn aige agusgan aon mhórchúis ag dul leis. Nuair a chuala mé faoina bhás,
chuimhnigh mé ar an uair dheireanach a casadh orm é; an bhliainroimh a bhás a bhí ann agus bhí sé ina shuí sa chaifé ar an long óAlbain ag ól tae as cupán plaisteach ar nós gach duine eile. Bhí sé agfilleadh abhaile i ndiaidh bheith ar oilithreacht go hOileán Í, a dúirtsé linn, an chéad chuairt aige ann ó 1984, agus rinne sé gáire: ‘Ag
seachaint Ronald Reagan a bhí mé an t-am sin,’ ar seisean.

Ba é sin an rud a spreag muid le cumann staire a chur ar bun agusé a ainmniú as Tomás Ó Fiaich. Fuair sé bás i mBealtaine na bliana
1990 agus i Lúnasa na bliana sin, thug Cumann Staire Uí Fhiaich achéad turas – go hÍ Cholmcille. An bhliain dár gcionn, thug muidcuairt ar Choláiste na nGael i bPáras agus ar feadh breis is deichmbliana ina dhiaidh, leanadh le turais go háiteanna éagsúla in Éirinnagus in Albain. Foilsíodh irisleabhar amháin, in 1993, agus ailt ann óRuairí Ó Bléine, Séamus Ó Bléine, Ciarán Ó Duibhín, Séamas Mac

235

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 236
Diarmada, Fedeilme Ní Bhroin agus Bríghid Mhic Sheáin, ach baiad na turais príomhghnó an chumainn, bhain muid sult as saoirebheag, as an chuideachta agus as an chomhrá, ar shiúl ó bhuamaí agusó mharú sa bhaile. B’fhéidir gur fhoghlaim muid rud beag staire fosta.

Blianta tosaigh na Cultúrlainne

Má bhí an Chultúrlann úr nua, ní folamh a bhí sí ó thús. Bhí daoinei gcónaí san áit i rith an lae agus ba rud nua é sin ag saol na Gaeilge imBéal Feirste, nach mbíodh beo ach san oíche agus ag deireadhseachtaine. Rinne muid amach ó thús go n-osclódh an Chultúrlannseacht lá sa tseachtain, go gcuirfí fáilte roimh an uile dhuine ann, bachuma cá mhéad Gaeilge a bhí acu. An bharúil a bhí againn ná gurábhar Gaeilgeora a bhí in achan duine agus gur fúinn féin a bhí sédul i bhfeidhm orthu lena gcur i dtreo na Gaeilge nó ar a laghad, ambá leis an Ghaeilge a chothú. Chun sin a dhéanamh, bhí orainnféachaint chuige go mbeadh an Ghaeilge chun tosaigh san áit i gcónaí,
gur Gaeilgeoirí amháin a bheadh ar an choiste agus gur i nGaeilgeamháin a dhéanfaí an áit a stiúradh.Taobh amuigh de sin, rinne muidcinneadh gur ionad do na hEalaíona Gaeilge a bheadh ann agus gogcuirfí aon spás sa bhreis ar fáil do ghrúpaí Gaeilge eile agus doghnónna beaga Gaeilge go háirithe.

Ag an tús, ní raibh oibrithe lánaimseartha ag an Chultúrlánn íféin ach na himeachtaí á reáchtáil ag na daoine a bhí ag obair ar adtionscnaimh féin san fhoirgneamh agus iad ag obair ar bhonndeonach don Chultúrlann ag an am chéanna.Taispeántas ar shaol anChairdinéil Uí Fhiaich an chéad mhórimeacht a bhí againn sanfhoirgneamh. Mhair an taispeántas sin ar feadh seachtaine agusmheall sé go leor daoine isteach. I ndiaidh dúinn bliain mhaith oibrea chur isteach, bhí go leor imeachtaí curtha sa tsiúl againn le go raibh
an Belfast Action Team toilteanach an cíos a íoc go ceann cúpla bliaineile agus ansin bhí muid sa dóigh go dtiocfadh linn maoiniú a iarraidh

236

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 237
ar Chomhairle na nEalaíon. Bhí an t-ádh orainn riamh sa
Chultúrlann gur éirigh linn daoine éirimiúla a mhealladh le hoibriúsan áit.

Eaglais go Cultúrlann/
Meánscoil Feirste

Mar sin, ba mar ionad sóisialta agus cultúrtha a shínigh mé féin agusGearóid Ó Cairealláin an léas ar an ionad nua ar thug muidCultúrlann McAdam Ó Fiaich air. Roghnaigh muid an dá ainm sinmar aitheantas ar an dá chuid den phobal agus mar chomóradh ar anChairdinéal Tomás Ó Fiaich a fuair bás an bhliain roimhe sin agus araibh cumann staire bunaithe againn ina chuimhne cheana féin. Achba ar mhaithe le Meánscoil Feirste a lonnú ann a shínigh muid anléas agus ba mhór an faoiseamh é áit chomh lárnach agus chomhfairsing (mar a shíl muid ag an am) bheith againn.

Ag tús Mheán Fómhair 1991, thosaigh an dara meánscoilGhaeilge le naonúr páistí, beirt mhúinteoirí lánaimseartha, Fergus ÓhÍr agus Cathal Ó Donnghaile, agus beirt pháirtaimseartha gantuarastal, Nóirín Uí Chléirigh agus Ciarán Ó Dornáin. Faoin am seo,
bhí cúraimí airgid na scoile orm féin agus an dara hiarracht agam ledeich mbliana anuas le meánscoil Ghaeilge a bhunú i mBéal Feirstefaoi lánseol.

Tús maith, déarfá, ach anois bhí an t-airgead le tógáil. Chuirmuid tús le scéim ar thug muid Éarlamh air: gheall daoine, cuid mhóracu, ba iad mo lucht aitheantais iad, gheall siad £250 sa bhliain leis anscoil a choinneáil ag dul. Níorbh fhada go raibh tuairim agus céadduine ag cur airgid isteach sa chiste agus de réir a chéile, thosaighgrúpaí agus eagraíochtaí ag déanamh amhlaidh: Iontaobhas Ultach,
Taca, Cumann na Meirleach, Bord na Gaeilge. Choinnigh sin arsnámh muid ach ba ar éigean é. Tugaim buíochas dóibh sin, ach

237

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 238
tugaim buíochas ar leith do phobal na Gaeilge agus doghnáthmhuintir Bhéal Feirste nó is í a bhflaithiúlacht ag scaradh lenagcuid airgid féin a chuireann idir áthas agus iontas orm agus mé agiarraidh déirce do chúis na Gaeilge le breis agus caoga bliain. Is iadcroí na féile iad agus cá mbeimis gan iad?

Mar sin, ní raibh tús na Meánscoile i mí Mheán an Fhómhair
1991, gan ach naonúr daltaí inti, ní raibh sé éagsúil ar fad leis an túsa bhí le Bunscoil Phobal Feirste, fiche bliain roimhe, nó thuig muidgo mbeadh cuid mhór oibre le déanamh go deonach le go n-éireodhleis an tionscnamh. Rinne mise cinneadh gan iarraidh ar natuismitheoirí cúraimí airgid ar bith a thógáil orthú fein nó nuair nachraibh ach bliain amháin againn le cumas maireachtála na scoile achruthú, thuig muid go gcuirfeadh sé bac ar thuismitheoirí a gcuidpáistí a chur ar an scoil agus a fhios acu go mbeadh siad cráite agcúrsaí airgid. Bhain muid úsáid as an Andersonstown News le deaíomhá
don Mheánscoil a chur os ard; ba bheag seachtain a chuaighthart gan scéal ar an pháipéar faoin scoil. Ach i gcomhthéacs anoideachais Ghaeilge, ba chréatúr bocht í an Mheánscoil an chéadbhliain sin. Ní amháin go raibh Bunscoil Phobal Feirste ag fás gorábach, ach bhí an dara bunscoil Ghaeilge, Gaelscoil na bhFál,
bunaithe ag Sue Pentel, duine ábalta fuinniúil. Chomh maith, bhí anstát anois ag tabhairt airde ar an Ghaeilge mar nach ndearna séroimhe nó bhí rudaí áirithe ag dul ar aghaidh i gcúrsaí polaitíochta nárléir dúinn ag an am, ach a tháinig chun solais ó shin.

238

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 239
Ceannach nó ceansú? An
pholaitíocht agus an Ghaeilge

Tá a fhios againn anois go raibh comhráite faoi choim ar siúl idirGluaiseacht na Poblachta agus Rialtas na Breataine chomh fada siar le1988, comhráite a bhí mar thús ar an rud a dtugann muid an ‘Próiseas
Síochána’ air. Maíonn Jonathan Powell, comhairleoir ag Tony Blair, goraibh teagmháil de chineál éigin ann ó na seachtóidí. Mar chuid de nacomhráite, bhí an Ghaeilge ar an ‘chlár oibre’ anois ag na Briotanaighó tharla macasamhail Mháirtín Uí Mhuilleoir agus a chomrádaithebheith ag cur na Gaeilge chun tosaigh taobh istigh de Shinn Féin. Níoirfeadh sé do pholasaí na mBriotanach ‘fronta’ eile náisiúnach bheith
ag na Poblachtaithe. Cad a bhí le déanamh? É a chosc dá mb’fhéidir,
ach cén bealach is fearr chuige: arbh fhearr féachaint le Gaeilgeoirí acheannach nó a cheansú? Ar triaileadh an chéad bhealach chomh fada
siar le 1984, nuair a maoiníodh Bunscoil Phobal Feirste?

Is deacair againn straitéis rialtais a thuiscint, scaití, nuair nach eoldúinn cad atá ar siúl faoi choim, ach is minic a bhronntar agus abhaintear ar ala na huaire, dar leat. Ba é sin an rud a rinneadh nuair abaineadh an maoiniú de Ghlór na nGael i mBéal Feirste. Is fíor gurbhiad Máirtín Ó Muilleoir agus Pádraig Ó Donnchú, beirt a bhígníomhach i nGluaiseacht na Poblachta, a bhunaigh craobh IartharBhéál Feirste de Ghlór na nGael, ach níor bhunaigh siad ar son nagluaiseachta sin é ach ar son na Gaeilge. Ar aon nós, faoin am acuireadh cosc ar airgead na heagraíochta, b’fhada an bheirt acusanimithe uaithi agus daoine eile ina bun, ach bhain na húdaráis na poistleasa shóisialaigh a bhí acu, cibé ar bith. Bhí obair mhór déanta agGlór na nGael, faoi cheannas Nóirín Uí Chléirigh, sa chórasnaíscolaíochta thar na blianta agus ba throm an buille é na naoi bpostdéag a bhí acu a chailleadh. Bhí sé tamall fada sular cuireadh an coscar ceal. Ní ar Ghlór na nGael amháin a rinneadh an leatrom seo nó
baineadh an t-airgead de ghrúpaí eile pobail in Iarthar Bhéal Feirstear measadh baint a bheith acu le Poblachtaithe.

239

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 240
Iontaobhas Ultach

Ansin, in 1989, tharraing an rialtas straitéis eile chucu féin agus chuirsiad airgead ar fáil d’eagraíocht a bhunaigh Séamus Napier agus RuairíÓ Bléine, ar thug siad Iontaobhas Ultach uirthi, eagraíocht leis anGhaeilge a chur chun tosaigh ar bhonn trasphobail. Gaeilgeoirídúthrachtacha a bhí iontu beirt, a thóg teaghlach le Gaeilge agus achaith a saol ag iarraidh í a chur chun tosaigh. Fear críonna céillí a bhíi Séamus nach raibh ar a aird ach cur chun cinn na Gaeilge. D’oibrighsé go dlúth le Gaeilgeoirí eile i mBéal Feirste le Gaeltacht BhótharSeoighe agus le Bunscoil Phobal Feirste a bhunú agus le SráidBombay a atógáil agus thuig sé gur faill a bhí anseo le hairgead rialtaisa chur ar fáil d’imeachtaí Gaeilge nár bhain go sonrach le cúrsaíoideachais. Bhí mo bhean Bríghid ar an choiste bunaithe, ar chuireadhó Shéamus, cé nár mhair sí i bhfad ann.

Thug an rialtas ciste airgid don Iontaobhas le go dtiocfadh leosuimeanna beaga a bhronnadh ar imeachtaí éagsúla Gaeilge.
Bronnadh cúpla míle punt ar an Mheánscoil, mar shampla, letrealamh a cheannach agus cúpla míle le caitheamh ar imeachtaí naCultúrlainne, airgead a raibh fáilte mhór roimhe. Bíodh is gurbunaíodh Iontaobhas Ultach i bprionsabal leis an Ghaeilge a churchun cinn ar bhonn trasphobail, ba sa phobal Náisiúnach a caitheadhan chuid ba mhó den airgead ag an tús, rud a tuigeadh a bheadhamhlaidh.

San am i láthair, gníomhaíonn Iontaobhas Ultach ar limistéarníos fairsinge ná dhéanadh sé fadó: maoiníonn sé leabhair (Gaelic
Identities, Ulster Gaelic Voices, Taisce Focal, Protastúnaigh an lae inniu
agus an Ghaeilge, gan ach cuid acu a lua) agus comhlachtaí scannánGaeilge; tá níos mó béime ar an ghné thrasphobail den eagraíocht, sésin, ranganna Gaeilge a sholáthar do Phrotastúnaigh maraon le cur ara shúile do Phrotastúnaigh nach ‘teach fuar’ dóibh í an Ghaeilge.
D’fhéadfá a rá gur ‘aghaidh na measarthachta’ é an tIontaobhas agusaithním an tairbhe atá leis, cé nach mbím i gcónaí suaimhneach leisan iarracht den ‘political correctness’ a théann le gach rud trasphobail

240

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 241
anois, mar a bheadh dualgas beannaithe orainn uilig bheith ‘deas’ le
gach duine agus a mhór a dhéanamh de gach comhartha éagsúlachta,
cuma chomh beag de mhaith é. Éiríonn an cheartaiseacht pholaitiúilthar a bheith tréan, uaireanta. Ag deireadh an lae, má théann sí tharan phrionsabal ginearálta de chothrom na féinne do chách, tá an baolann go bhfuil tacaíocht don chinsireacht ar na gaobhair. Ní hiad naliobrálaithe i gcónaí a chosnaíonn neamhspleáchas intinne agussaoirse cainte.

Ag gríosú bruíne

An polasaí seo ag rialtas na Breataine, sna nóchaidí, de bheith agtabhairt airgid do dhream amháin de Ghaeilgeoirí agus ag baint airgidó ghrúpaí eile, chothaigh sé go leor eascairdis idir Poblachtaithe agusIontaobhas Ultach, ainneoin gur thuig lucht an Iontaobhais an fhadhbagus gur thacaigh siad le Glór na nGael san aighneas faoi mhaoíniú.

Dar leis na Poblachtaithe go raibh rialtas na Breataine ag baintleasa as an Iontaobhas le bac a chur ar a n-iarrachtaí féin chun an
Ghaeilge a chur chun tosaigh, go díreach mar a rinne siad roimhe sinnuair a thug siad iarraidh airgead poiblí ar bith a bhí le caitheamh igceantar Náisiúnach a chur tríd an Eaglais Chaitliceach i mBéalFeirste. Ba é an seanchleas céanna é, dar leis na Poblachtaithe, is é sin,
iarracht chun tionchar na bPoblachtaithe a laghdú. Is féidir andearcadh seo ag na Poblachtaithe a thuiscint: bhí polaiteoiríAontachtacha ar nós Chris McGimpsey agus Ian Adamson ar anIontaobhas, agus bíodh is go raibh bá acu leis an Ghaeilge, bapholaiteoirí iad agus níor mhó a suim sa teanga ná mar a bhí ag bailláirithe de Shinn Féin, agus ní ba lú déanta acu ar a son.

I dtaca leis an naimhdeas seo idir Poblachtaithe agus antIontaobhas, bhí an scéal olc go leor le gur iarr Séamus Napier ormsacruinniú a shocrú idir é féin agus Máirtín Ó Muilleoir, an té ba mhóa bhí ag tabhairt faoin Iontaobhas ag an am. Sílim gur tháinig laghdúar an eascairdeas idir an dá ghrúpa dá bharr.

241

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 242
Drithle sholais don Mheánscoil?

Cé gur bheag iad na suimeanna airgid a tháinig chugainn saMheánscoil ón rialtas trí Iontaobhas Ultach, ba léir nach raibh muidar an taobh amuigh go hiomlán ó thaobh airgead rialtais de agus thugsin dóchas éigin dúinn go maoineofaí an scoil, am éigin, ach muidleanúint linn. Bhí buntáiste mór amháin againn: bhí fiche bliain dethaithí againn ar a bheith ag tabhairt faoi rudaí a cheap daoine eilebheith dodhéanta: d’éirigh linn Gaeltacht uirbeach agus bunscoil
Ghaeilge a bhunú, d’éirigh linn Sráid Bombay a atógáil, d’éirigh linn
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich a chruthú as seaneaglaisPhreispitéireach; bhí gach ceann acu, dar le daoine áirithe, dodhéanta.
Anois, bhí muid ag tabhairt faoi mheánscoil Ghaeilge a bhunú, rudeile dodhéanta, cheapfá. Ach d’éireodh linn. Ní ag déanamh mórtaisatáim: is fíor go raibh dílseacht agus diongbháilteacht againn, ach níraibh muid dall ar na fadhbanna, fadhbanna a d’fhéadfadh bheithdochloíte; ba mhaith liom treise a chur leis sin, ar eagla go gceapfadhdaoine nach raibh ionainn ach amadáin gan stuaim. Thuig muid gomaith an tslí achrannach a bheadh romhainn. Ba í an tacaíocht, idirthacaíocht mhorálta agus tacaíocht phraiticiúil, a spreag an misneachionainn an scoil a choinneáil ag dul ar feadh cúig bliana gan aontacaíocht rialtais.Tá Éireannaigh ann go fóill a sheasann leis an chúischaillte! Buíochas agus moladh do gach duine acu.

Ach má bhí misneach againn, ba chrua an fhéachaint a cuireadhorainn sna blianta sin sula bhfuair an scoil airgead stáit. Thuig muidgo maith nárbh fhéidir linn leanúint go deo gan airgead stáit; bhímuid idir bás is beatha i rith an ama. Gach bliain ina dhiaidh sin, deréir mar a diúltaíodh dár n-iarratas, chuir muid moladh eile isteacharbh éigean don Bhord Leabharlainne é a iniúchadh, gach uair. Bhían t-ádh orainn, ar dhóigh amháin, nó tharla go raibh an PróiseasSíochána á chur le chéile le linn an ama seo agus bhí an Mheánscoilina cause celèbre acu sin a bhí ag éileamh chothrom na féinne ó thuaidh.
Bhíodh gach cineál duine ar cuairt uirthi. Bhíodh na polaiteoirí anngo minic.Tháinig Dick Spring, an tAire Gnóthaí Eachtracha san am,

242

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 243
tháinig sé isteach lá amháin agus nuair a fiafraíodh de an raibh eolasar bith aige ar Mheánscoil Feirste, dúirt sé go raibh a fhios aige ní bamhó fúithi ná bhí a fhios aige faoin scoil ar a raibh a chuid páistí féin!
Bhí feachtas leanúnach poiblíochta faoin scoil ar siúl i rith an amaagus den chéad uair i stair an stáit ó thuaidh, bhí an Ghaeilge inabeocheist ag an mhaorlathas.

Cigireacht

Níorbh fhiú a dhath í an bholscaireacht uilig gan daltaí agus bachomhartha é ar éifeacht mhúinteoirí na Meánscoile gur tháinig 18dalta nua isteach in 1992 agus 36 in 1993. Ba chomhartha é goháirithe gur cheap tuismitheoirí go raibh na páistí sona agus go raibhan t-oideachas sásúil.

Rinne cigirí ón Roinn Oideachais cigireacht ar an scoil agus cégo raibh muid gan aitheantas oifigiúil ón stát, d’iarr muid orthu an
scoil a mheas de réir caighdeán scoileanna a bhí sa chóras. Ní bhfuairsiad locht ach ar an easpa áiseanna agus trealaimh; bhí an teagasc gomaith agus mhol siad go háirithe an caidreamh idir daltaí agusmúinteoirí. Bhí an droch-ádh ar Bhairbre de Brún a thosaigh agteagasc Fraincise sa scoil faoin am sin agus arbh éigean di cur suas leisan chigireacht, i gcuideachta na cuideachta; bean ábalta í agus tháinigsí slán. Bheadh Bairbre ar ball ina hAire Sláinte sa chéad Tionól ó
thuaidh agus ina dhiaidh sin, ina Feisire i bParlaimint na hEorpa.

243

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 244
Easpa airgid 1992-1994

Bhí go leor cruinnithe againn leis an Roinn Oideachais agus muid agtroid ar son aitheantais agus maoiniú stáit, ach ba bheag a bhí againnar a shon nó ní amháin gur dhiúltaigh siad féin aon chuidiú athabhairt, ach chuir siad i gcoinne dream stáit ar bith eile cuidiú linnach oiread, fiú amháin ar bhonn leasa shóisialaigh. Bhí muid réasúntamúinte sna chéad trí bliana a bhí an scoil ag dul agus muid ag plé leisan Roinn Oideachais nó níor mhaith linn na tuismitheoirí a scanrú
le drochscéal faoi dhiúltú aitheantais, ar eagla nach gcuirfeadh siadpáistí ar an scoil. Easpa daltaí an chontúirt ba mhó do mhaireachtáilna scoile agus mar sin, ba é an dea-scéal a chuireadh muid amach igcónaí. Ach in 1994, bhí mise ag éirí imníoch nach mbeadh go leorairgid againn le pá na muinteoirí a íoc ainneoin an iomad litreachadéirce a chuirinn amach. Mar a bhí, íocadh na múinteoirí faoina luachagus tharla uaireanta nach raibh an t-airgead agam le cáin fhostóra aíoc, rud a bhí in éadan an dlí, ach choinnigh mé agam féin é, gan namúinteoirí a chrá leis. D’éirigh rudaí chomh holc agus bhí mé chomhbuartha go dtitfeadh an t-iomlán as a chéile gur choinnigh mé siarlitreacha pearsanta ón Roinn Oideachais chuig na daltaí sa scoil faoindiúltú maoinithe. Rinne mé sin ar eagla go gcaillfeadh idir dhaltaíagus tuismitheoirí uchtach.

Cás dlí

Ba léir, mar sin, go raibh gá le seasamh ní ba threise agus in 1994,
d’iarr muid ar bheirt de na tuismitheoirí, Gearóid Ó Scolláin agus abhean, dul chun na cúirte le hathbhreithniú a lorg ar dhiúltú an stáitan Mheánscoil a mhaoiniú. Ní raibh an t-airgead ag an Mheánscoilféin an cás a thabhairt, ach mar dhaoine dífhostaithe, gheobhadhGearóid agus a bhean cabhair leis na costais dlí. Éisteadh an cás ar 19

244

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 245
Iúil 1995 agus bíodh is gur rialaigh an breitheamh (an BreitheamhMcCollum) inár gcoinne, thug sé ráiteas láidir uaidh sa chúirt goraibh sé scanallach go mbeadh bunoideachas trí mheán na Gaeilgeag páistí ach nach gcuirfeadh an stát iar-bhunoideachas trí mheán naGaeilge ar fáil dóibh. Bua morálta de shórt éigin a bhí ann, is dócha.

Feachtais

Ar mhaithe le haird a tharraingt ar an diúltú maoinithe ó Roinn anOideachais, lean muid leis an fheachtas ar dhóigheanna éagsúla nób’fhéidir gur cheart a rá, ar dhóigheanna aisteacha. Ar ócáid amháin,
mí na Nollag 1994, thug muid daltaí uilig na scoile a fhad leceanncheathrú na Roinne Oideachais i mBeannchar agus ‘bata scoir’
an duine thart ar an mhuineál acu. Ba é an bata scoir a d’úsáidtí i
bhfad ó shin in Éirinn le daltaí scoile a chosc ar Ghaeilge a labhairt:
chuirtí marc ar son gach focal Gaeilge a labhair páiste agus agdeireadh an lae, d’fhaigheadh sé buille ar gach marc ar an bhata. Nídócha gur thuig na státseirbhísigh ciall na mbataí, go háirithe dámbeadh a fhios acu gur lasáin a bhí iontu dáiríre a cheannaigh méféin i siopa i mBaile Andarsan gur cheangail mé píosa corda de gachceann acu lena gcrochadh ar mhuiníl na bpáistí. Ar ócáid eile, thugmuid cuid de na daltaí ba shine linn chuig cruinniú leis an Roinn gurchuir siad féin a gcás i láthair na státseirbhíseach, i nGaeilge bhreálíofa Bhéal Feirste.

Ní dóigh liom féin gur fhág na hagóidí seo aon lorg ar nastátseirbhísigh a raibh muid ag plé leo, ach thaitin siad leis na daltaíagus is féidir gur fhág siad lorg éigin den drochmheas ar mhaorlathasagus ar údarás orthu; ní holc an rud é sin. I dtaca leis an mhaorlathasde, go hiondúil, is cuma leis ceart nó contráilte. Na daoine achleachtann é, leanann siad rialacha agus sin a n-aithníonn siad.

245

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 246
An pholaitíocht arís

Ba cheart go mbeadh a fhios againn gur de bharr cúrsaí polaitíochtaa thiocfadh aitheantas agus maoiniú, ach níor staon muid de bheithag tathant ar na polaiteoirí thuaidh agus theas rud éigin a dhéanamhar ár son. Mar shampla, ar ócáid amháin faoi thús 1994, rinne fear araibh ‘Declan’ air, díoltóir do chomhlacht bainne, mar dhea, rinne séteagmháil linn agus thairg dom féin agus do Ghearóid Ó Cairealláindul go Baile Átha Cliath a bhualadh le Albert Reynolds a bhí inaThaoiseach ag an am. Ba léir gur ghníomhaire de chuid sheirbhísírúnda na 26 Chontae a bhí ann ach ní fhacthas dúinn go raibh a dhathle cailleadh againn agus chuaigh muid leis.

I mBaile Átha Cliath, thug ‘Declan’ muid chuig Roinn anTaoisigh, chuir sé muid in aithne don Taoiseach ina oifig agus rinnemuid cás dó faoin tábhacht a bhí le maoiniú don Mheánscoil, níamháin don scoil féin, ach mar chruthú go raibh cothromas le fáil agNáisiúnaithe ó thuaidh agus mar thaca do cibé socrú a bheadh ann arball. D’éist sé go béasach linn agus dúirt go ndéanfadh sé a dhícheall.
Níl a fhios agam an raibh tionchar ar bith aige sin ar mhaoiniú a fháildon Mheánscoil, ach ar a laghad, cuireadh an cás ina láthair. Sularfhág muid Teach Laighean, an lá sin, chuir Reynolds muid in aithnedo Martin Mansergh, a bhí ina chomhairleoir speisialta ag anTaoiseach ar na Sé Chontae agus ar dhúirt Reynolds faoi, ‘We have
one of their own to advise us about the English.’ Níl a fhios agam cad
a shílfeadh Mansergh de sin, fiú mar ghreann?

246

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 247
Cuireadh ó Sir Patrick Mayhew

Níorbh fhada i ndiaidh shos cogaidh an IRA, mí Lúnasa 1994, guriarradh orainn dul chun cainte le Sir Patrick Mayhew i gCaisleánStormont le scéal na Meánscoile a phlé. Ba é Mayhew an Státrúnaíag an am agus nuair a fuair muid an cuireadh sin, bhí a fhios againngo raibh cath na Meánscoile bainte againn; ní raibh i gceist anois acha fháil amach cad é an chabhair a gheobhaimis agus cad é mar athiocfadh sí.

Bhí scata maith daoine ar an chruinniú le Mayhew. Ar
thoscaireacht s’againne, bhí gobharnóirí na scoile, mar a bhí, mé féin,
cúpla tuismitheoir agus Gabrielle Nig Uidhir (a scríobh stair PhobalFeirste, Our Own Language); bhí Fergus Ó hÍr, príomhoide naMeánscoile, ann fosta. In éineacht le Mayhew, bhí go leorstátseirbhíseach as an taobh polaitiúil in Oifig Thuaisceart Éireann,
chomh maith le Stanley Smyth as an Roinn Oideachais, an té ba mhóa mbíodh muid ag plé leis faoin Mheánscoil. Bhíodh Stanley deasmúinte linn i gcónaí, ach ba bheag an dul chun tosaigh a rinne muidam ar bith agus muid ag plé leis. Tá súil agam go ndéanfainn éagóirair dá gceapfainn go raibh baint idir sin agus é bheith inaChathaoirleach ar Chraobh Bheannchair de Pháirtí Aontachtach
Uladh, mar a chualathas nuair a d’éirigh sé as an Státseirbhís, ní ba
mhoille.

Chuaigh an cruinniú chun cinn go ciúin cneasta; ní chuirfeadhsé iontas orm má bhí an príomhchinneadh déanta roimh ré. Rinnena tuismitheoirí an cás ar son thuismitheoirí uile na scoile agus ar sondhaltaí uile na scoile. Mar réamhshampla i bpolasaí na Breataine,
thrácht Gabrielle ar óráid a thug Sir George Younger, a bhí inastátrúnaí in Albain ar feadh tamaill agus a bhí sa pháirtí chéanna leMayhew, óráid a thacaigh le hoideachas trí mheán na Gàidhilge inAlbain. Dúirt Mayhew gurbh fhéidir go dtiocfadh cabhair airgid éigina thabhairt don Mheánscoil agus nuair a d’fhiafraigh duine de nastátseirbhísigh cá bhfaigheadh sé an t-airgead leis an Mheánscoil amhaoiniú, dá gcinnfí air sin, rinne sé gáire beag agus dúirt go

247

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 248
bhféadfadh sé theacht as pá na bpóilíní ó tharla nach raibh íocaíochtaíragoibre ag dul chucu de bharr an IRA bheith ar shos cogaidh.
Chonacthas dom gur léirigh sin meon lucht ceannais Shasana ní baghlinne ná fiche leabhar: an chosmhuintir a úsáid lena leas féin adhéanamh agus gan aon mheas orthu ná bá leo.

Airgead éigin faoi dheireadh,
Márta 1995

Tamall i ndiaidh an chruinnithe, tháinig David Watkins chugam agusdúirt go ndeachaigh muid i bhfeidhm ar Mayhew; bhí a fhios agamgo raibh airgead éigin le teacht nó bhí Watkins an t-am sin go hardin Oifig Thuaisceart Éireann cé gur leis an Bhord Forbartha Tionscaila bhí sé nuair a casadh orm é, blianta roimhe sin.Tháinig an tuar faointairngreacht i Márta 1995 nuair a fuair mé litir ó Tony McCusker,
ceannaire Making Belfast Work, ag rá go raibh an Státrúnaí Mayhew indiaidh iarraidh air £100,000 a chur ar fáil don scoil as ciste MBWagus go mbeadh sé sin againn gach bliain go dtí 1997 nuair a bheadhathbhreithniú le déanamh ar MBW féin.

Ní haon áibhéil é go raibh muid ríméadach faoin scéal nó bhíbrú chomh mór orainn ó thaobh cúrsaí airgid de go raibh sé ag tosúa chur isteach ar mo shláinte, nó bhínn go síoraí faoi imní godtiocfadh an lá nach mbeadh airgead againn leis na múinteoirí a íoc.
B’fhéidir go gceapfá gur suim beag go leor í £100,000 le meánscoil areáchtáil, ach bhí muid i ndiaidh bheith chomh spárálach go raibhsuim mar sin cosúil leis na múrtha airgid againn.

Rinne an rialtas amach gur ó MBW, trí Iontaobhas Ultach godtí an Mheánscoil a rachadh an t-airgead, rud a raibh muid sásta goleor leis ainneoin gur léirigh sé íomhá an ‘Abrasive Gael’ bheith ácothú go fóill ag na húdaráis nuair nach raibh siad sásta an t-airgeada chur díreach chugainn mar a dhéanfaí le dreamanna eile. Bhí mé

248

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 249
féin i ndiaidh ceithre bliana crua a chur isteach ag stocaireacht agusag iarraidh déirce le hairgead a choinneáil leis an scoil, agus nuair arinne Iontaobhas Ultach iarracht a chur ina luí orm go mbeadh orthubheith iontach cúramach go gcaithfí an tairgead go céillí, ní freagraróbhéasach a fuair said uaim. Sílim gur dhúirt mé leo an t-airgead adhiúltú dá mbeadh siad buartha faoi nó nach mbeadh moill ar an
rialtas bealach eile a aimsiú leis an airgead a chur chugainn; ní le tréancineáltais nó le meas ar an Ghaeilge a bhí an rialtas á thabhairt, achmar chuid den Phróiseas Síochána agus mura dtiocfadh sé tríIontaobhas Ultach,thiocfadh sé bealach éigin eile. Ní bhíonn teorainnle sotal an mhaorlathais, de réir cosúlachta.

Aitheantas don Mheánscoil

Cé gur mhór an cuidiú a bhí san airgead ó Making Belfast Work in
1995, níorbh ionann é agus aitheantas iomlán ó Roinn an Oideachaisagus ba sin an chéad chéim eile. Ach ar a laghad, d’fhág sé ar mochumas é litreacha buíochais a chur chuig na daoine a thacaigh linnle ceithre bliana anuas tríd an scéim Éarlamh. Thug Éarlamh £60,000do chiste na scoile agus ba é an dream beag dílis céanna a thug anchuid ba mhó den airgead sin. Is fíor nach raibh ansin ach beagán denairgead iomlán arbh éigean a bhailiú le go mairfeadh an scoil, ach ganan dúshraith a thug Éarlamh, bheadh sé i bhfad ní ba dheacra.

Don scoilbhliain 1995/6, bhí suas le 150 dalta ar an Mheánscoilagus bhí an Chultúrlann ag cur thar maoil le slua chomh mór sin. Bhípáistí gach aon áit agus an scoil a thosaigh amach le seomra amháinar an bhunurlár den fhoirgneamh, bhí sí i ndiaidh seilbh a thógáil aran dá urlár eile go dtí gur ar éigean a thiocfadh leis an Chultúrlannfeidhmiú.

Ach bhí muid leagtha amach ar aitheantas a fháil agus chrommuid athuair ar an cheann sprice sin a bhaint amach. Go fóill féin, níraibh an Roinn Oideachais réidh le haitheantas iomlán a cheadú, cé

249

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 250
gur dhea-chomhartha é, dar linn, nuair a dúradh linn nár ghá pleanforbartha eile a sheoladh chuig an Bhord Leabharlainne, gondéanfadh an ceann ón bhliain roimhe cúis. Agus ceart go leor, níraibh i bhfad le fanacht againn. I mí na Bealtaine 1996, scríobh antAire Oideachais, Michael Ancram, chugainn lena rá go raibhaitheantas iomlán faighte againn. Cúis cheiliúrtha a bhí ansin, ganaon amhras, agus chuaigh cuid againn amach le béile a bheith againnle chéile. Inár gcuideachta, chuaigh Máirtín Ó Fáinnín as an RoinnGnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath, fear lách a chuir suim
mhór sa Mheánscoil agus a thug go leor cuidithe dúinn. Is féidir gogcruthaíonn a mhacasamhail bheith linn gur cinneadh polaitiúil a bhísan aitheantas a raibh lámh ag rialtas na 26 Chontae ann mar aon leSinn Féin agus an SDLP. Rud amháin suimiúil faoin aitheantas nágur polaiteoirí as Páirtí Coimeádach na Breataine a thug é doBhunscoil Phobal Feirste agus do Mheánscoil Feirste araon.

Agus aitheantas againn, bhí sé anois d’fhiacha ar BhordLeabharlainne Bhéal Feirste socrú a dhéanamh le riar ar an scoil, ach
dhearbhaigh an Bord nach raibh buiséad acu dúinn chomh mall seosa scoilbhliain. Ar chruinniú sa Chultúrlann le hionadaithe ón Roinn
Oideachais agus ón Bhord Leabharlainne araon, d’éirigh idir an dádhream faoin mhaoiniú, gach dream acu ag fáil lochta ar an dreameile. Bheadh fonn gáire ort ag éisteacht leo go dtí go gcuimhneofá arna blianta streachailte a rinne muid leis an scoil a chothú. Ba chuma,
bhí an t-aitheantas againn, tháinig an maoiniú ar ball agus den chéaduair, fuair an naonúr múinteoirí an tuarastal a bhí dlite dóibh.

250

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 251
Teach Ard na bhFeá
(Beechmount House)

Mar a chonacthas, d’fhás Meánscoil Feirste ó naonúr daltaí in 1991go dtí suas le 150 in 1996; bhí muid cinnte, mar sin, go bhfásfadh síní ba mhó arís agus an t-aitheantas faighte. Le tamall maith, ní raibhan Chultúrlann fairsing go leor, ach nach raibh sé d’acmhainn againnáit eile a fháil. Anois, bhí dualgas ar an Roinn Oideachais scoil chearta sholáthar dúinn agus caithfidh mé a admháil gur ghníomhaigh siadchomh gasta agus is feidir le maorlathas gníomhú. Scrúdaíodh ansuíomh ar Bhóthar an Ghleanna a luaigh muid sa chéad mholadhforbartha in 1991, ach fuarthas amach gan mhoill nach raibh séoiriúnach. Ach mar a tharla in 1991 le seaneaglais Broadway, bathráthúil a chuala me faoin fhoirgneamh a bhí i ndán do MheánscoilFeirste.

Aimsir na Nollag 1996 a bhí ann agus tharla mé in Our Lady’s
Nursing Home i gceantar Ard na bhFeá (Beechmount) ar Bhóthar nabhFál. Ba de thaisme a bhí mé ann, le bronntanas Nollag a iomparisteach chuig seanbhean a raibh Bríghid ar cuairt chuici, ach ar anbhealach, casadh duine de na banaltraí orm a raibh aithne agam uirthiagus i gcomhrá léi, luaigh sí go raibh an seanospidéal ina mbíodh anteach banaltrais sular tógadh an ceann úr seo, go raibh sé ina luífolamh agus gur cheap sí go rabhthas lena dhíol.Thuig mé láithreachgo mbeadh an suíomh, idir Bóthar na Carraige Báine agus Ard nabhFeá, go díreach i gceart don Mheánscoil; bheadh neart spáis snafoirgnimh agus bhí breis agus trí acra talaimh ag dul leis. Chomhmaith, bhí sé taobh le Sólann Ard na bhFeá ar le Comhairle naCathrach í agus a raibh faichí imeartha agus hallaí aclaíochta aige.

Chuaigh mé chun cainte le mo sheanchara, Seán Mac Goill, ant-ailtire a bhí linn ag bunú na Gaeltachta ar Bhóthar Seoighe, ag túsna Bunscoile, ag atógáil Shráid Bombay agus ag an iliomadtionscnamh eile pobail in Iarthar Bhéal Feirste, agus d’iarr mé air
teagmháil a dhéanamh leis an Eaglais Chaitliceach ar leo an áit,

251

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 252
féachaint le í a cheannach. Rinne Seán amhlaidh agus i ndiaidh cuidmhór cur agus cúiteamh le hIontaobhaithe an Ospidéil a raibh cuidacu in éadan aon rud a thabhairt don scoil nuair nár scoil Chaitliceach
í, sheas an tEaspag Walsh isteach agus dúirt leo an áit a dhíol linn.

Ní raibh foirgneamh an Ospidéil féin chomh sean sin nó tógadhé timpeall 1934 (osclaíodh an otharlann go hoifigiúil in 1935), achbhí sé ceangailte le seanteach Ard na bhFeá a bhí ar cheann de natithe móra ba shine i mBéal Feirste nó bhí sé ar an láthair ón dara
cuid den ochtú haois déag agus ordú caomhnaithe ar an iomlán.
D’fhág sé sin nach dtiocfadh an áit a leagan nó athrú ar bith suntasacha dhéanamh air, coinníoll a mhúchfadh suim ag forbróirí ann. Ba é£500,000 an luach a bhí ar an fhoirgneamh (d’íoc an Eaglais £2,100air in 1932!) agus i ndiaidh don Roinn Oideachais a rá go raibh siadsásta leis, fuair mé iasacht den mhéid sin ón bhanc. Fuair mé an tairgead
sin in ainm an triúir chaomhnóirí a thoiligh an iasacht aghlacadh orthu féin, mar a bhí, Bríghid Mhic Sheáin (mo bheanchéile), Seán Mac Seáin (mo dheartháir) agus Seán Mac Goill naché amháin a fuair an áit faoinár gcoinne ach a ghlac iasacht air feinlena cheannach. Is léiriú é ar an mhuinín a bhí againn as a chéile gurshínigh an triúr sin leabhar iomlán de sheiceanna a d’fhág siad agamle caitheamh mar ba ghá ó tharla mé bheith i mo chathaoirleach arBhord na nGobharnóirí ag an am.

Rinneadh obair £250,000 ar an sean-Ospidéal (an t-ailtireMichael Doherty a rinne an obair) agus ag tús 1999, aistríodh anMheánscoil (300 dalta) go dtí Teach Ard na bhFeá. Ó shin i leith,
chuaigh na céadta páistí tríd an scoil agus caitheadh na milliúin punteile ar an áit. I mbliana (2010), tá pleananna ann Sólann Ard na bhFeáa cheannach agus spórtlann nua, a bheadh ar fáil don scoil agus donphobal máguaird, a thógáil ar an suíomh.

252

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 253
Coláiste Feirste

Agus aitheantas bainte amach agus foirgneamh buan scoile ann, bhían chuid ba mheasa thart, go háirithe ó thaobh airgid de. Ní hé nachmbeadh fadhbanna ann go fóill, is beag scoil nach mbíonn fadhbannaaici, agus ní hé nach mbeadh lucht cáinte ann, is beag fiontar Gaeilgenach mbíonn lucht a cháinte ann agus is fíor go raibh Gaeilgeoirí anna bhí diúltach faoin oideachas Gaeilge ón tús agus a fuair lochtannaair ó am go chéile, ar an Ghaeilge féin nó ar an chaighdeán oideachais,
nó ar chúiseanna pearsanta dá gcuid féin.

Ar na mallaibh, mhol príomhoide ar bhunscoil Ghaeilge amháindo thuismitheoirí gan páistí a chur ar Choláiste Feirste (athraíodh ant-ainm ó ‘Meánscoil Feirste’ go ‘Coláiste Feirste’, roinnt blianta ó shin)
má bhí cumas an léinn iontu. Sin d’ainneoin go ndéanann an scoil gomaith sna scrúduithe agus go bhfuil clú uirthi mar gheall ar bhuannacumarsáide na ndaltaí. I mbliana, d’éirigh le 78% de dhaltaí CholáisteFeirste gráid A*- C a fháil i gcúig GCSE; sin sé phointe níos airde náan meán do scoileanna uilig na Sé Chontae (72%) agus ceithrephointe is fiche níos airde ná an meán do scoileanna uile-ábalta (54%).
An 78% i mbliana (2010), is ardú suntasach é ó 67% anuraidh. Agussna marcanna sin, níl an Ghaeilge féin san áireamh: déanann na daltaían scrúdú Gaeilge GCSE sa dara bliain; i mbliana, rinne ocht ndaltais seachtó (78) é agus fuair ceithre is seachtó (74) acu A (caoga acu sinA*).

Cuireadh go suntasach le líon na ndaltaí sna rangannaArdleibhéil a fuair na barrghráid A* – C; bhí an coláiste ar cheann dena scoileanna uile-ábalta ab fhearr i mBéal Feirste agus bhí sé ar ancheann is fearr don A-leibhéal in iarthar na cathrach i mbliana.
Chomh maith, na daltaí uilig a rinne an BTEC sa Drámaíocht agusan Spórt, bhain siad ardghradam amach, comhionann le grád A, natorthaí is fearr sa chathair, is cosúil. Ach marcanna scrúduithe, ní hiadbun agus barr an oideachais iad; mar a dúirt Príomhoide CholáisteFeirste, Micheál Mac Giolla Ghunna, ‘Tá fís againn de phobalscoil adhéanann freastal ar gach ábaltacht, ar gach bua agus ar gach spéis –
curaclam ina bhfuil an dalta féin lárnach.’

253

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 254
Ionad Tacaíochta Foghlama

An cuspóir sin, freastal ar gach ábaltacht, a ba chúis le hIonadTacaíochta Foghlama a chur ar bun i Meán Fómhair 2008 faoicheannas Emer Mhic an Fháilí (bean de thógáil Ghaeltacht BhótharSeoighe agus iníon le Seosamh agus Caitlín Mistéil). D’ainneoindaichead bliain beagnach de bhunoideachas Gaeilge i mBéal Feirsteagus formhór na mbunscoileanna Gaeilge beith suite sna ceantair ismó fadhbanna sóisialta agus eacnamaíocha, ní raibh soláthar doriachtanais speisialta oideachais ann; ní amháin nach raibh i mBéalFeirste nó sna limistéir máguaird, ní raibh sé le fáil in Éirinn, thuaidhná theas. Ní hé nach raibh múinteoirí agus príomhoidí ann riamh ad’oibrigh go díograiseach le cuidiú le daltaí a raibh deacrachtaí acu, achis é aonad faoi leith an sársholáthar do riachtanais speisialta. Baghníomh ceannródaíoch é, mar sin, gur éirigh le Coláiste Feirsteaonad mar sin a bhunú agus tá an scoil faoi chomaoin ag gobharnóirímar Sheán Mistéil agus Colma McKee a thuig chomh tábhachtachis a bhí an tionscnamh agus a chuir chun cinn é. I láthair na huaire, tátriúr múinteoirí agus naonúr cúntóirí ann, foireann fhuinniúil abhaineann feidhm as modhanna éagsúla agus a thugann iarracht, níamháin tacaíocht a thabhairt do na daoine óga, ach spreagadh agusmuinín a chothú iontu. Mar a deir sé i bhForógra na Cásca, clann goléir an náisiúin a chaomhnú agus a chumhdach.

Cairde sa chúirt

Má bhí roinnt bheag Gaeilgeoirí ann a bhí diúltach, bhí an chuid bamhó acu iontach fabhrach ar fad agus gan a dtacaíocht agus a gcuidiúairgid, ní dócha go mairfeadh an scoil ar chor ar bith. Agus má bhícuid de na státseirbhísigh diúltach, bhí cuid eile a bhí an-chabhrach.
Duine acu sin Stephen Peover, a chuir ina luí ar Michael Ancram (antAire Oideachais ag an am) córas satailíte a bhunú a cheangail

254

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 255
Gearóid Ó Scolláin a thóg cás cúirte i gcoinne na Roinne Oideachais ó thuaidh
cionn is nár mhaoinigh siad Meánscoil Feirste

Agóid na Meánscoile ag an Roinn Oideachais

255

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:36

Page 256
Sean teach Ard na bhFeá, Ceanncheathrú Choláiste Feirste agus an teach is sine i
mBéal Feirste atá in úsáid go fóill.(ta sé ann ón 18ú Aois)

Cairde agus comharsana ag bronnadh Gradam an Phiarsaigh 1995
ó chlé, Brian Ó Maoileoin, Seán Mac Seáin,Máire Mhic Sheáin,Helen Uí
Mhuilleoir,Bríghid Mhic Sheáin, Áine Mhic an Iolair, Máire Geoghan-Quinn,
Seoirse Mac an Iolair,Caitlín Mhistéil, Máirtín Ó Muilleoir, Seosamh Mistéil, Donncha
Ua Bruadair agus Máire Ua Bhruadair

256

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 257
Gearóid Ó Cairealláin agus mé féin ag bronnadh pictiúir ar Áine de Baróid UachtaránChonradh na Gaeilge i1994. ar chlé ta Seán Mac Mathúna rúnaí Chonradh na Gaeilgesan am. Bhí Gearóid le bheith ina Uachtarán i gcomharba ar Áine

An teach breá ag Cearnóg an Choláiste Thuaidh i lár Bhéal Feirste a bhí le bheith inacheanncheathrú ag Conradh na Gaeilge sa chathair ach gur dhíol Coiste Gnó anChonartha é le fiacha a ghlanadh

257

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 258
Muintir Bhóthar Seoighe ag ceiliúradh 60 bliain na Gaelscolaíochtaag Coláiste Feirste

Pilib Ó Ruanaí (ar chlé) as Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus Pádraig Ó Cianáin
as Taca

258

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 259
Bunú Iontaobhas na Gaelscolaíochta 2001. ó chlé mé féin,an tAire Oideachais ag an am
Martin Maguinness,Seán Mag Uidhir, Séamus Napier agus Aonraí Mac Ruaraí

Lorcán Mag Oirc atá ag eagrú an Aifrinn Ghaeilge i dTeach Pobail Naomh Muire
le blianta fada

259

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 260
Muintir Mhic Sheáin ag ceiliúradh pósadh Colma ar Paul McKee

Foireann Bhunscoil Phobal Feirste 1996 ag ceiliúradh 25 bliain a bunaithe

260

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 261
6 theach úr ag Gaeltacht Bhóthar Seoighe 2006

Dan agus Kathleen Johnston agus a mac Daniel i dtí an teaghlaigh ag Rodney Parade

261

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 262
Seachtar de theaghlach Mhic Sheáin ag cóisir teaghlaigh agus iad fásta.
Ó chlé mé féin, Dan, Lily, Caitlín Seán, Frank agus Bobby

Gearóid Ó Cairealláin (ar chlé) ag teacht chuige féin i ndiaidh droch stróc a bheith aige.
Tá sé i gcuideachta Ard Mhéara Bhéalfeirste Tom Hartley agus Bríghid Mhic Sheáin

262

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 263
Cuid de Gharpháistí Mhic Sheáin -ar líne ó chlé Benedict, Séamus, Maria, Úna,
Aidan, Anna, Robert agus Fiona (níl Míchéal ná Conor i láthair )

Bunscoil na Fuiseoige le Bunscoil Phobal Feirste, ainneoin go raibhdhá mhíle eatarthu; chuir sin airgead ar fáil don scoil nach mbeadh arfáil ach ab é sin. Bhí cigirí áirithe sa Roinn Oideachais a bhí go maithfosta, daoine mar Seán Ward agus Henry McCrory.Tony McCusker,
a bhí ina cheannaire ar an Aonad Caidreamh Pobail (CCRU) tráth,
agus i mbun Making Belfast Work in aimsir lorgtha aitheantais donMheánscoil, thug sé cuidiú fial don nuachtán Lá agus do RaidióFáilte. Ba dhaoine iad sin a chruthaigh nár ghá don mhaorlathasbheith ina bhac i gcónaí.

263

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 264
Gradam an Phiarsaigh,
Nollaig 1994

Bhí iontas orm i mí na Samhna 1994 nuair a fuair mé litir ó
Fhondúireacht an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath ag rá gur cuireadhm’ainm chun tosaigh do Ghradam an Phiarsaigh, gradam a bhronntargach bliain ar dhuine a rinne leas na Gaeilge. Cé go raibh mégníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge le fada agus gur oibrigh mé argo leor tograí thar na blianta, ba ar éigean a bhí aithne ag duine arbith orm taobh amuigh de mo chathair dhúchais agus de mo luchtaitheantais féin. Ba mhó arís m’iontas nuair a roghnaíodh mé leis anGhradam a fháil. Feictear dom anois gur bhain bronnadh anghradaim leis an iarracht le deireadh an chogaidh a chomóradh ardhóigh dhearfach éigin ó thaobh na Gaeilge de.

Is fíor nach raibh baint ar bith ag na daoine a bhí ag obair saChultúrlann nó sa Mheánscoil leis an chorraíl pholaitiúil ó thuaidh,
ach ní hionann sin agus a rá go raibh muid saor óna tionchar. Bhírialtas na 26 Chontae ag cur ar ár son le rialtas na Breataine le linn nagcainteanna a bhí ag dul ar aghaidh le Gluaiseacht na Poblachtaféachaint leis an chogadh a stopadh; cheap siad gur cheart cuidiú athabhairt don Ghaeilge, mar chomhartha dea-thola. Chaith MáirtínÓ Fáinnín ón Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath goleor ama linn agus é ag iarraidh tacaíocht a fháil dúinn. Mar sin, nuaira d’fhógair an IRA an sos cogaidh, mí Lúnasa 1994, bhí barúil againnnach mbeadh i bhfad eile le fanacht againn go bhfaighimis cabhairéigin. Mar a tharla, b’fhíor sin, ach measaim anois gur d’aonghnó abronnadh an gradam ar dhuine ó na Sé Chontae.

Dá measfainn sin ag an am, ní dóigh liom go ndiúltóinn angradam dá thairbhe. Ach mar sin féin, bhí fonn orm diúltú, ní de bharrbréagumhlaíochta ach de bhrí nach dtaitníonn liom an mór is fiú abhaineann leis na hócáidí seo. Rinne mé athsmaoineamh nuair a
chuimhnigh mé go dtiocfadh liom an ócáid a úsáid le cur ar son BordOideachais uile-Éireann do na scoileanna Gaeilge thuaidh agus theas.

264

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 265
Ba Bhord é a bheadh neamhspleách ar an dá Roinn Oideachais a bhíag feidhmiú sa tír ag an am agus nár thuig ceachtar acu, dar liom,
coincheap an Ghaeloideachais.

Rinneadh an bronnadh i gceanncheathrú Chomhaltas CeoltóiríÉireann i mBaile na Manach i mBaile Átha Cliath ar 1 Nollaig 1994agus ba í Máire Geoghagan-Quinn, an tAire Dlí agus Cirt, a rinne anbronnadh. Bhí mo chairde as Bóthar Seoighe i láthair agus rinne mécás an Bhoird Neamhspleách don Oideachas lánGhaeilge, chan mécúpla amhrán (sean-nós Gaelach!) agus chuaigh abhaile. Fuair anachainí poiblíocht áirithe ach ba bheag an mhaith a rinne sé nó nílBord neamhspleách uile-Éireann go fóill againn, ainneoin beirt AiríOideachais de chuid Shinn Féin bheith i gcumhacht i Stormont ledeich mbliana anuas; murar féidir leosan é a fháil dúinn, cé
gheobhadh?

Uachtaránacht Chonradh na
Gaeilge

De bharr Ghradam an Phiarsaigh agus na poiblíochta a tugadh dó,
bhí iomrá éigin orm i gcúrsaí Gaeilge taobh amuigh de mo bhaileféin; ba léir sin dom nuair a tháinig cúpla duine a bhí ar Choiste GnóChonradh na Gaeilge chugam agus d’fhiafraigh díom an mbeinnsásta m’ainm a ligean chun tosaigh le bheith i m’Uachtarán ar anChonradh. An tUachtarán a bhí ann in 1994, Áine de Báróid, bhí síle héirí as de bharr cúraimí teaghlaigh agus oibre, cé nach raibh achbliain amháin déanta aici mar Uachtarán in ionad na dtrí bliana is
gnách. Dhiúltaigh mé ar an toirt nó ní réiteodh maorlathas eagrasnáisiúnta Gaeilge liom agus ní fhanfainn an cúrsa.Tharla Gearóid ÓCairealláin bheith sa chuideachta ag an am agus dúirt mé leis an dísó Bhaile Átha Cliath dá mba thuaisceartach a bhí de dhíth gurdhócha go seasfadh Gearóid. Bhí an-aithne ar Ghearóid i measc lucht

265

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 266
na Gaeilge de thairbhe an bhaint a bhí aige le drámaíocht na Gaeilgeagus leis an nuachtán Lá a raibh sé ina eagarthóir air. Chomh maithleis sin, bhí sé ina thráchtaire rialta ar chúrsaí reatha an tuaiscirt, i
nGaeilge agus i mBéarla, agus iomrá áirithe air dá bharr. Bhí teacht iláthair ann mar dhuine agus dóigh mhaith aige ar na meáin. ChuaighGearóid chun tosaigh agus ag an Ard-Fheis i dTrá Lí in 1995,
bhuaigh sé ar Thomás Mac Ruairí le vóta amháin. Bheadh Tomás inaUachtarán i ndiaidh do Ghearóid a sheal a chur isteach.

Ba de bharr tréan stocaireachta ó thuaidh agus clárú craobhachanua a d’éirigh le Gearóid an toghchán a thabhairt leis agus bhí arddóchas
ann go dtiocfadh leis an Conradh a athrú agus brí nua a churann. Monuar, ní mar a shíltear a bítear agus bhí an bua ag anmhaorlathas agus d’fhág Gearóid an Conradh mar a fuair sé é, lán derialacha seasta, de mheamraim agus de chruinnithe coiste. Is cosúilgo bhfuil rudaí ar an saol seo nach n-athraíonn. Ar aon nós, bhí ficherud eile ar siúl ag Gearóid sa dóigh is nár éirigh leis riamh iomlán aairde a thabhairt don Chonradh agus ní raibh de thoradh ar a shealmar Uachtarán ach neamart san obair a bhí á déanamh aige go háitiúili mBéal Feirste. Ba é taithí Ghearóid agus é i mbun Chonradh naGaeilge a chruthaigh dom rud a chreid mé le fada roimhe sin, gur arbhonn áitiúil a dhéanfar leas na Gaeilge agus ní le heagrais náisiúnta,
le pleananna fiche bliain, le staidéir fhéidearthachta nó le
comhdhálacha.

266

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 267
An tOireachtas i
mBéal Feirste 1997

Cé gur bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893, ní raibh anchéad chraobh de i mBéal Feirste go dtí 1895. Mar sin nuair ationóladh Ard-Fheis an Chonartha i mBéal Feirste in 1996, bhí sé
mar bheadh comóradh céad bliain an Chonartha sa chathair ann.
D’éirigh go measartha maith leis an Ard-Fheis an bhliain sin, achníorbh ionann an scéal in 1997 nuair a tionóladh an tOireachtas i
mBéal Feirste.

Go hiondúil, is coiste áitiúil a bhíonn i mbun na n-eagruithe donócáid, coiste a bhunaítear d’aonghnó chuige sin agus ar a mbíonnrogha leathan d’ionadaithe a fheidhmíonn ar son mhuintir uilig nacathrach. Ach an t-am seo, thóg Coiste Ceantair Bhéal Feirste air féinan tOireachtas a eagrú cé go raibh sé róbheag agus an iomad rudaíéagsúla ar bun ag na baill ann le go dtiocfadh leo na himeachtaí aeagrú mar ba cheart. Ba mheancóg í, mar shampla, go raibh cuid denchoiste páirteach i ndráma, an tseachtain sin, nuair ba é ab fhearr gombeadh a n-aird iomlán ar eagrú na hócáide. Dá thoradh sin, agus aran drochuair, bhí go leor de na himeachtaí trí chéile. Ní dhearna aneachtra fabhar ar bith do chlú Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste agus ní raibhan tOireachtas ar ais i mBéal Feirste ó shin.

267

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 268
An Áisínteacht um

Chomhionannas Fostaíochta á

húsáid inár n-éadan

Bhunaigh rialtas na Breataine an Áisínteacht um ChomhionannasFostaíochta (Fair Employment Agency) in 1976 le leas na gCaitliceacha dhéanamh ó thaobh fostaíochta de. Chomh luath sin féin, thuig anrialtas gurbh é an leatrom ar an phobal náisiúnach ó thuaidh ba chúisle corraíl an phobail an chéad uair; chomh fada siar le 1964, cuireadhna fíricí agus na staitisticí os ard sa leabhrán, Northern Ireland,The Plain
Truth (féach thuas).Tugadh Acht Comhionannas Fostaíochta isteach in1976 agus bunaíodh an Áisíneacht leis an Acht úr a chur i bhfeidhm.
Tharla gur ar na Caitlicigh a bhí éagóir i gcúrsaí fostaíochta á déanamh,
ba iadsan a thóg bunús na gcásanna, rud a thug ar na hAontachtaithea chur i leith na hÁisínteachta go raibh sí frith-Phrotastúnach. Bhí nagearáin leanúnacha ag cur as do lucht na hÁisínteachta agus ba é a bhíuathu ná cás i gcoinne fostóra Chaitlicigh a bhréagnódh na líomhaintíó na hAontachtaithe. Fuarthas sin nuair a ceapadh Janet Muller marstiúrthóir ar an Chultúrlann in 1995 agus chuaigh duine de nahiarrthóirí eile chuig an Áisínteacht agus mhaígh go raibh sé féin ní bacháilithe ná Janet agus go ndearnadh an ceapachán ar chúiseannapolaitiúla. Thoiligh an Áisínteacht cás a thógáil ar a shon. Uisce lenagcár, gan amhras, a bhí sa chás nó bhí na fostóirí seo ‘ní amháin
Caitliceach ach Gaelach chomh maith’.

Ní hé gur thuig muid féin an cúlra seo ag an am, ba ní ba mhoillea dúradh linn gur mar sin a bhí agus ba dhuine de chuid nahÁisínteachta féin a dúirt linn é. Ní raibh ciall ná réasún leis na
líomhaintí. Maidir leis an ghearán nach raibh Janet chomh cáilithe leisan duine eile, ní raibh bunús ar bith leis. Ba phost úr é agus ba dhuinele taithí ar obair phobail a bhí de dhíth orainn; ba le grúpaí pobail achaith Janet a cuid ama uilig beagnach ó tháinig sí go Béal Feirsteagus ba í an taithí sin a ghnóthaigh an post di, sin agus an t-agallamh

268

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 269
a rinne sí. Agus is lú d’údar a bhí leis an ghearán gur ceapadh Janet archúiseanna polaitiúla: ní raibh aon cheangal nó bá faoi leith ag duinear bith againn le páirtí polaitíochta ar bith riamh. Rud a bhí a fhiosgo maith ag an duine a rinne an gearán.

D’fhostaigh coiste na Cultúrlainne dlíodóir, rud nár aontaigh méleis, caithfidh mé a admháil: agus cé go ndearna an dlíodóir a chuidoibre go dícheallach, b’fhearr liom an cás a bheith inár lámha féin.
Bhí costas an ghnó ina chonstaic mór againn. De réir dlíthe ceartafostaíochta anseo, má thógann an Áisínteacht cás ar son duine, níbhíonn air costas ar bith a dhíol, cibé acu cailleann sé nó baineann sé,
ach a mhalairt atá fíor don fhostóir. Ghoill sé orainn nach dtiocfadh
linn an cás a throid go hoscailte sa chúirt, ach mar is eol do chách, níleor bheith sa cheart le cás dlí a bhaint; fiú dá mbainfeadh muid an cás,
bheadh na costais ar fad le híoc againn agus ní raibh an t-airgeadagainn chuige sin. Mar sin, ó thaobh airgid de, ní raibh aon rud legnóthú againn, ba chuma cad é mar a chuaigh an cás. Is cosúil gurthuig an Áisínteacht féin nach raibh cás acu nó i gceann tamaill,
tháinig siad chugainn ag rá go mbeadh said sásta glacadh le litir achuirfeadh in iúl go raibh muid buartha gur chuir diúltú an phoististeach ar an ghearánaí. Ní raibh aon admháil i gceist go ndearna muidaon éagóir ar an iarrthóir, mar sin thoiligh muid an litir a scríobh.

Tá aguisín le cur leis an scéal nó bhí alt ar The Sunday Times faoin
ghnó, alt a luaigh ainm Janet; throid sí iad, ghéill an nuachtán agusrinne a leithscéal go poiblí. Mhaígh an nuachtán céanna go bhfuair anÁisínteacht coiste na Cultúrlainne ciontach as leatrom polaitíochta,
rud a bhí contráilte agus rinne muid féin gearán láidir leis anÁisínteacht mar gheall ar an scéal a sceitheadh. Ba léir ag an chruinniúa bhí againn leis an Phríomhfheidhmeannach, Bob Cooper, go raibhsé féin míshuaimhneach faoin chás.

Thug sé sólás dúinn, áfach, go ndearna Janet chomh maith agusí i mbun na Cultúrlainne. In éineacht lena cúntóir, Cormac Ó Coinn,
d’ardaigh sí caighdeán na n-imeachtaí go mór agus d’éirigh léimaoiniú substaintiúil rialtais a fháil leis an fhoirgneamh a dheisiú,
maoiniú a d’fhág sí le huacht againn nuair a d’imigh sí chuig post eilear ball.

269

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 270
An Chultúrlann ó 1999

Agus daltaí na Meánscoile imithe le breis is deich mbliana anois, cadfaoi chursaí na Cultúrlainne? In 1999, bhí 300 paiste, a bheag nó amhór, san fhoirgneamh agus fad is a bhí sin amhlaidh, laghdaíodh gomór ar an spás a bhí againn d’imeachtaí ealaíon. Nuair a d’imigh napáistí, thiocfadh linn cur le líon na ndaoine a bhí ag obair golánaimseartha san áit.

Is iomaí grúpa Gaeilge a bhí ag tosú amach a fuair spás san áit.
Bhí naíscoil ag Ionad Uíbh Eachach ann ar feadh tamaill. BhíIontaobhas na Gaelscolaíochta, Comhairle na Gaelscolaíochta, AnTelelann, Forbairt Feirste agus Glór na nGael ann ar a seal. Bhícomhlachtaí teilifíse agus drámaíochta ann. Ag tús 2010 agus seo áscríobh, tá breis agus daichead duine fostaithe san áit agus deichngrúpa éagsúla lonnaithe ann. Bhí an siopa leabhar ann ó thús, chomhmaith leis an chaifé. Tá oifig na Ceathrún Gaeltachta, Pobal, RaidióFáilte agus an comhlacht teilifíse Tobar ann. Tá an compántasamharclainne Aisling Ghéar ann agus an grúpa carthanachta Tacaagus gach dream acu ag díol airgid leis an Chultúrlann lena coinneáilag dul. Is polasaí láidir ‘comhar na gcomharsan’ é seo, atá ag gníomhúgo praiticiúil mar ba cheart: Gaeil ag cúidiú le Gaeil.

Tá seo uilig á riar ag foireann bheag de sheisear. Tá Eimear NíMhathúna ina stiúrthóir ar an Chultúrlann le fada agus d’fhág sí alorg ar an áit ó tháinig sí isteach ó thaobh riaracháin agus deisiú deagus is í aghaidh phoiblí na háite í. Faoi stiúir Eimear, tá anChultúrlann mar ionad ealaíon chomh deismir agus atá le feiceáil áitar bith.Ta Frainc Mac Cionnaith i mbun imeachtaí, Gerard Shannoni mbun cothabhála, Fionnuala Nic Ainmhire i mbun riaracháin agusPádraig Ó Ceallaigh i mbun an airgid. Chomh maith leis sin, tá OifigFáilte ann, maoinithe ag an Bhord Turasóireachta ach á riar ag anChultúrlann, tá sin faoi chúram Aoife Nic a’ tSaoir.

Bíonn amach agus isteach ar 50,000 duine tríd an Chultúrlanngach bliain agus breis agus £1,000,000 á láimhseáil ag na grúpaí atáann. Mar sin, ní amháin gur ionad ealaíon í an Chultúrlann, ach is

270

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 271
aonad eacnamaíoch í chomh maith. Ó mhí Dheireadh an Fhómhair
2010, tá obair sa tsiúl a chuirfidh go suntasach le spás na Cultúrlainne.
Cosnóidh an obair sin £1,700,000 agus faoi cheann bliana, beidhionad ealaíon den scoth againn.

Ceanncheathrú nár éirigh leis

Agus an Chultúrlann faoi lánseol, bhí pleananna sa tsiúl lenamacasamhail a chur ar bun i lár na cathrach. Bhí ceanncheathrú
Chonradh na Gaeilge i bhfoirgneamh (An Ardscoil) ar ShráidDhuibhise ó 1924 agus nuair a dódh é, fágadh an suíomh folamh arfeadh fada go leor. Ansin nuair a bhí an suíomh de dhíth arChomhairle na Cathrach do choláiste teicneolaíoichta taobh leis, thugan Chomhairle seanfhoirgneamh i gCearnóg an Choláiste Thuaidhdon Choiste Ceantair mar chúiteamh ar an suíomh, maraon lehairgead lena dheisiú.

Na daoine a bhí anois i mbun an Choiste Ceantair, gasra dedhaoine ní b’óige ná an seandream a chaith blianta ag stiúradh chúrsaían Chonartha i mBéal Feirste, chuir siad deisiú an fhoirgnimh sa tsiúl.
Sócmhainn luachmhar a bheadh ann nuair a bheadh dóigh air nó batheach breá é. Ba é an t-ailtire Seán Mac Goill a chuaigh i mbun nahoibre agus níorbh fhada go raibh ceanncheathrú thar barr ag anChonradh i mBéal Feirste agus é i gceartlár na cathrach. Lonnaíodhan Coiste Ceantair san fhoirgneamh agus pleananna móra á mbeartúacu dó. Ní amháin go raibh sé le bheith mar lárionad ag an Chonradhsa chathair, ach bhí tréan spáis ann d’fhiontair eile Ghaeilge. In 1997,
go gairid i ndiaidh don obair bheith críochnaithe, tosaíodh bialann arurlár na sráide ar tugadh Mil Ar Luachair uirthi, ón amhrán ‘’Sé fáth
mo bhuartha’. Mr a tharla, b’oiriúnach a bheadh teideal an amhráin
féin don tionscnamh uilig. Mar a tharlaíonn go minic le tionscnamhmeasartha mór, ní raibh riar an airgid ann don obair a rinneadh agusfágadh fiacha móra ar an scéim nárbh fhéidir a íoc.

271

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 272
Faoi dheireadh, chuaigh an scéal fhad le Coiste Gnó an Chonarthai mBaile Átha Cliath a bhí freagrach, is cosúil, sna fiacha ar deireadhthiar, cé nárbh é a ba chúis leo sa chéad dul síos. Ba é an rud a chinncoiste gnó an Chonartha ná an foirgneamh a dhíol leis na fiacha aghlanadh. Ar dhóigh, thuig mé an cinneadh, ach ba thrua foirgneamhbreá mar sin bheith caillte ag Gaeilgeoirí Bhéal Feirste, rud a spreag méle labhairt le hUachtarán úr an Chonartha, Tomás Mac Ruairí, lemoladh go ndíolfaí an teach le triúr againn: mé féin, Gearóid MacCumhaill agus Máirtín Ó Muilleoir. Dhiúltaigh sé, áfach, agus is féidirliom sin a thuiscint fosta nó is dócha nach raibh sé cinnte go raibhmuid iontaofa. Chomh maith, is féidir go raibh a sháith faighte aige debhagairtí dlí agus de mhuintir Bhéal Feirste araon!

D’fhill na gasraí éagsúla a bhí lonnaithe sa teach i gCearnóg anCholáiste ar an Chultúrlann agus chuir sin deireadh leis an chaibidilsin i stair na Gaeilge i mBéal Feirste

Sin méid m’eolais ar an sceal nó ba bheag an bhaint a bhí agamféin le Cearnóg an Choláiste taobh amuigh de bheith ar an choistemar gheall ar an chraobh den Chonradh a bhunaigh mé i gcuimhnear Thomás Ó hÉanáin, mo sheanmhúinteoir Gaeilge, fadó.

Fás agus forbairt an
Ghaeloideachais ó 1989

Ba go réidh a d’fhás an Gaeloideachas i ndiaidh 1971 nuair abunaíodh Bunscoil Phobal Feirste. Sna nóchaidí, bhí sé ag tógáil siúil.
Ag tarraingt ar dheireadh na n-ochtóidí, bhí dhá bhunscoil lánscarthaGhaeilge i mBéal Feirste, ceann eile ar an Iúr i gContae an Dúin,
sruth Gaeilge i mBunscoil Bhaile Stíle (Bunscoil Cholm Cille) inDoire agus a ceathair nó a cúig de naíscoileanna faoi lánseol ag Glórna nGael i mBéal Feirste. Faoi dheireadh na nóchaidí, bhí breis is athrí oiread ann.

272

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 273
Roinnt rudaí a tharla ó 1989 ar aghaidh, baineann siad leis andul chun cinn mór a tharla sa Ghaeloideachas i rith na nóchaidí. In
1994, tugadh céim shuntasach chun tosaigh nuair a thoiligh ColáisteMhuire (Coláiste Ollscoile Naomh Muire anois) cúrsaí oiliúnaGaeilge a chur ar bun agus cheap Gabrielle Nig Uidhir marthaighdeoir le dearadh a dhéanamh orthu, obair a bhí ar siúl aici idir1994 agus 1996. Sa dara bliain sin, tugadh an chéad ghrúpa de mhicléinn isteach leis na cúrsaí úra (PGCE agus Bed) a dhéanamh agusGabrielle á dteagasc. D’fhág sin go raibh oiliúint do mhúinteoirí ingaelscoileanna ar fáil den chéad uair, rud a thacaigh leis anGhaeloideachas agus a thug aitheantas dó mar chuid de shaol anoideachais. Tharla fosta sa tréimhse seo bunú eagraíochtaí marGaeloiliúint, Iontaobhas Ultach agus Taca, tús le meánoideachas lebunú Mheánscoil Feirste agus teacht Ray Quinn as Meiriceá. Seoleanas cuntas ar chuid éigin acu sin.

Taca

I ndul chun cinn na Gaeilge ó na seascaidí ar aghaidh, ba le cúrsaíairgid a chaith mé féin cuid mhór ama agus fuinnimh nó ba léir domgo raibh costas an dul chun cinn mar ghné phráinneach denghluaiseacht. Mar gheall air sin, bíonn meas faoi leith agam ar anduine a thugann faoi airgead a sholáthar don Ghaeilge agus goháirithe ar an duine a n-éiríonn leis sin a dhéanamh. Mar sin, is mórmo mheas ar Ghearóid Mac Cumhaill a bhunaigh an eagraíocht Taca,
in am an ghátair, 1989. Sa 20 bliain is breis ó bunaíodh é, chuir Taca
breis is milliún punt isteach in earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidhagus tá sé ag dul i gcónaí.

I rith na n-ochtóidí, bhí an córas Gaelscolaíochta sna Sé Chontaeag fás, má ba go mall féin é. Bhíodh easpa airgid ina síor-chonstaic araon fhorbairt in earnáil a bhíodh ag gníomhú go deonach, a bheagnó a mhór. Ba é sin an t-am a bhunaigh Gearóid Mac Cumhaill Taca

273

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 274
le theacht i gcabhair ar an Ghaelscolaíocht. Deir sé féin gur bhunaighsé scéim airgeadais i gCumann Chluain Ard a raibh ‘Cumann Céad’
mar ainm air, timpeall 1987, ach nuair a thug sé cuairt ar Ghaelscoilna bhFál a bhí i ndiaidh tosú sa seanmhuileann i Sráid Mhic Con
Midhe agus chonaic an riocht ina raibh an scoil, dhírigh sé a chuidiarrachtaí ar an Ghaeloideachas ó shin ar aghaidh. Ba é Taca an
toradh. Bailítear airgead ar roinnt dóigheanna: bocsaí i siopaí ar fudna Sé Chontae, bailiúcháin in ionaid siopadóireachta agusscríobchártaí a bhfuil duaiseanna ag dul leo a dhíoltar i siopaí nó ódhoras go doras. Bhí Gearóid gníomhach le fada i ngluaiseacht naGaeilge i mBéal Feirste – cé gurb as Fear Manach ó dhúchas é – agusbhí mianach gnó ann: bhí sé ar an ghrúpa a bhunaigh Eadras (féach
thuas) agus an páipéar, Scéal Úr, sna seascaidí. Chomh maith,
bhunaigh sé siopa grósaera agus rinne earraí a sheachadadh arGhaeilgeoirí ina dtithe féin, go díreach mar a dhéanann nahollmhargaí móra inniu.

Ní raibh baint agam féin le bunú ná le heagrú Taca go dtí 2003agus faoin am sin, bhí Gearóid éirithe as agus Doiminic Gearlann imbun an ghnó. Bhí mé i mo chathaoirleach ar Iontaobhas naGaelscolaíochta agus rinne mé socrú le Doiminic an ciste a thabhairtisteach faoi choimirce Iontaobhas na Gaelscolaíochta, áit a bhfuil séar fad. Tharla go raibh orm Iontaobhas na Gaelscolaíochta a fhágáilnuair a theip ar mo shláinte in 2003, ach d’fhan mé i mochathaoirleach ar Taca, rud atá amhlaidh go fóill. Tá Gearóid féin arais ar choiste na fondúireachta a bhunaigh sé na blianta ó shin. Ní hégo mbíonn an t-uafás le déanamh againn mar bhaill den choiste nótá Pádraig Ó Cianáin ina stiúrthóir lánaimseartha éifeachtach ar anghnó. Féadfaidh Gearóid Mac Cumhaill a bheith bródúil as ancharthanacht ar chuir sé tús léi.

274

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 275
Gaeloiliúint; Ray Quinn

I mí na Samhna 1991, dhá mhí i ndiaidh bhunú Mheánscoil Feirste,
tugadh cruinniú le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich féachaintle comhthacaíocht idir Ghaelscoileanna sna Sé Chontae a phlé. Dethoradh ar an chruinniú sin, scríobh Seosamh Ó Máirtín, as BunscoilBhaile Stíle i nDoire san am, chuig gach duine a bhí ag baint leis anGhaelscolaíocht sna Sé Chontae, ag iarraidh orthu theacht chuigcruinniú sa Chultúrlann ar 30 Samhain leis an chomhthacaíocht a
phlé. Rinneadh dhá chuid den ábhar a bheadh le plé:

“(1) an bhaint idir an tumoideachas Gaelach agus an RoinnOideachais aitheantas scoileanna, airgeadas, curaclam, cúrsaí srl;

(2) tacaíocht inmheánach a chothú.”
Ba ag an chruinniú sin ar 30 Samhain, más buan mo chuimhne, acinneadh ar an eagraíocht Gaeloiliúint a bhunú le comhordú a
dhéanamh ar an Ghaelscolaíocht sna Sé Chontae agus feidhmiú goginearálta mar scáthghrúpa di. Gabrielle Nig Uidhir a toghadh inacathaoirleach, Seosamh Ó Máirtín ina rúnaí agus Cathal ÓDonnghaile ina chisteoir. Ar feadh deich mbliana ina dhiaidh sin,
rinne Gaeloiliúint cuid mhór oibre ar bhonn iontach daonlathach leis
an Ghaelscolaíocht a chur ar aghaidh. Mórchuid na scoileanna atáinniu ann, bunaíodh sa tréimhse sin iad, tréimhse nuair nach raibhaitheantas oifigiúil ag an teanga ach sa bheag. Ba í Gaeloiliúint a rinne
teagmháil leis na hinstitiúidí oideachais (Ollscoil na Ríona, OllscoilUladh agus Coláiste Mhuire) mar gheall ar oiliúint do mhúinteoirí inearnáil an Ghaeloideachais (féach thuas) agus nuair nár fhreagair achColáiste Mhuire, iarradh ar an choláiste sin cúrsaí a chur ar fáil.

Agus formhór na scoileanna Gaeilge go fóill gan maoiniú stáit,
níorbh fhéidir an dul chun tosaigh a dhéanamh gan airgead, arndóigh, agus sin an tábhacht a bhí le hIontaobhas Ultach, a bhímaoinithe ag an rialtas faoin am sin agus a bhí in inmhe suimeannaáirithe airgid a chur ar fáil le cuidiú le naíscoileanna; le Gearóid Mac

275

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 276
Cumhaill agus Taca a bhí ag cur cuid mhaith airgid ar fáil doscoileanna ar fud na Sé Chontae; agus le Ray Quinn, trádálaí airgidas Texas, a chuir suim mhór sa Ghaelscolaíocht mar ghléas le pobailfaoi mhíbhuntáiste a thabhairt in éifeacht. Meastar gur chuir sé níosmó ná £1,000,000 dá chuid airgid féin ar fáil sna nóchaidí lescoileanna a mhaoiniú agus tuarastal a dhíol le daoine a bhí ag obairsan earnáil. Ba bheag scoil sa tréimhse sin nach bhfuair cuidiú uaidhagus gan a chabhair agus gan saothar Ghearóid Mhic Cumhaill isféidir nach rachadh cuid mhór de na scoileanna níos faide ná an
naíscolaíocht.

Lean Ray Quinn leis agus airgead á chur ar fáil aige donoideachas Gaeilge. Ansin, ag tús na bliana 2000, bheartaigh sé féinagus roinnt daoine a bhí le Gaeloiliúint scéim tríú leibhéal Ghaeilge,
ar thug siad An Bradán Feasa air, agus a bheadh mar chuid d’ollscoil
nua a bhí le bunú in Iarthar Bhéal Feirste. Ar an drochuair, nídheachaigh na húdaráis ollscoile ar agahidh leis agus i ndiaidh cúplabliain, bhí deireadh leis an Bhradán Feasa chomh maith. Tharla RayQuinn iontach míshásta nár éirigh leis an scéim agus chuir sé an chuidba mhó den mhilleán ar Shinn Féin gur theip air. Bhí Sinn Féin sarialtas faoin am sin agus dar le Ray Quinn nach raibh siad sásta tacúleis an scéim cionn is nach raibh sé faoina smacht féin. Mar nach raibh
aon bhaint agam leis an Bhradán Feasa, ní thig liom breithiúnas athabhairt ar an ghearán sin. Is féidir go raibh fáthanna eile ann nártuigeadh i gceart. Níl aon amhras ann, áfach, ach gur cheart doghluaiseacht na Gaelscolaíochta in Éirinn aitheantas poiblí athabhairt do Ray Quinn as an chabhair mhór a thug sé, idir airgeadagus fhuinneamh, le dúshraith a chur faoin Ghaelscolaíocht, gohairithe sna Sé Chontae. Agus sin in ainneoin nach duine é a d’iarr
aitheantas riamh dó féin.

276

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 277
Ré úr; olc agus maith

Sa bhliain 2001 i ndiaidh cúpla iarracht le feidhmeannas a chur lechéile do na Sé Chontae agus cur agus cúiteamh ag nahAontachtaithe faoi dhíchoimisiúnú airm an IRA, bunaíodh rialtasfaoi dheireadh. Bhí Mairtin McGuinness ó Shinn Féin ina Aire
Oideachais agus Mark Durkan ón SDLP ina Aire Airgeadais. BhíBairbre de Brún a bhí ar shos gairme ó Mheánscoil Feirste ag an am,
ina hAire Sláinte. Den chéad uair riamh, mar sin, bhí cairde sa chúirtag lucht na Gaeilge i rialtas na Sé Chontae.

Níor laghdaigh sin fuath agus formad na nAontachtaithe i leithna Gaeilge, áfach; a mhalairt a tharla nó ba ghearr gur léir go raibh anGhaeilge mar ionadaí anois ag na hAontachtaithe do Shinn Féinnuair nach dtiocfadh leo a racht a ligean ar a sean-nós lenagcomhpháirtithe i rialtas. De réir cuma, ba ar an teanga Ghaeilge agusar lucht a labhartha a díríodh an fuath agus an drochmheas a bhí agna hAontachtaithe ar Shinn Féin roimh dhul i rialtas leo. Sin ainneoin
nach raibh aon bhaint dhíreach ag bunús mór na nGaeilgeoirí le haonpháirtí polaitíochta, Sinn Féin san áireamh.

Comhairle na Gaelscolaíochta

De bharr Chomhaontú Aoine an Chéasta, a síníodh in 1998 agus achuir d’fhiacha ar na húdaráis riar ar an Ghaeilge, bhunaigh an RoinnOideachais abhus Comhairle na Gaelscolaíochta in 2000 le comhordú
a dhéanamh ar an Ghaelscolaíocht sna Sé Chontae. Ba é sin an cúram
a bhíodh ar Ghaeloiliúint go dtí sin. Bhí páirt ghníomhach agGaeloiliúint sna socruithe don Chomhairle úr agus cead acu tromlachna mball a roghnú le dul ar an choiste, cé gur tugadh ionadaíocht domhúinteoirí, do thuismitheoirí agus don earnáil oideachaisChaitliceach, a raibh cuid éigin den Ghaeloideachas faoina cúram.

277

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 278
Tugadh airgead poiblí don Chomhairle le haghaidh tuarastal foirne,
costais riaracháin agus feidhmiú plean bliana. Níorbh fhada i ndiaidhbhunú na Comhairle go ndeachaigh Gaeloiliúint in éag. Ba chuma sinféin dá n-éireodh le Comhairle na Gaelscolaíochta gníomhú de réirna n-acmhainne a bronnadh uirthi. Is deacair breithiúnas a thabhairt
ar an cheist sin mar nach bhfuil againn ach liosta de theidil marOifigeach Sinsearach Oideachais, Oifigeach Sinsearach Forbartha,
Oifigeach Sinsearach Iar-bhunscolaíochta agus mar sin de. Is oifigighfhorbartha seacht gcinn de na poist.

Ar shuíomh idirlín Chomhairle na Gaelscolaíochta, deirtear,
‘Ceann de na príomhchuspóirí atá ag Comhairle na Gaelscolaíochtais ea féachaint leis an teacht atá ar an ghaelscolaíocht a leathnú amachdo thuismitheoirí ar mian leo í a thapú dá bpáistí.’ Más é atá i gceistleis sin ná scoileanna Gaeilge a bhunú, an féidir comórtas a dhéanamhidir Comhairle na Gaelscolaíochta agus Gaeloiliúint? Níl dátaíbunaithe na scoileanna ar an liosta ar an idirlíon, ach déanaim amachgur bhunaigh Gaeloiliúint aon scoil is fiche idir 1991 agus 2000 agusgur bhunaigh Comhairle na Gaelscolaíochta sé scoil idir 2000 agus anlá inniu. Fiú mura bhfuil sin cruinn go hiomlán, léiríonn sé difearsuntasach. Cén fáth? An é nach bhfuil an t-éileamh céanna ann, gobhfuil buaic an Ghaeloideachais sroichte? Nó an féidir gur chothaighan maoiniú an maorlathas agus go bhfuil an fuinneamh agus andúthracht múchta faoi ualach de mhiontuairiscí agus de theidilardnósacha? An ionann bheith mar chuid den chóras is géilleadh dochúngú an chórais agus brí a chailleadh?

278

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 279
Iontaobhas na Gaelscolaíochta

Sna sála ar bhunú Chomhairle na Gaelscolaíochta sa bliain 2000,
rinne an tAire Oideachais nua, Martin McGuinness, rinne sé amachgo mbunófaí Iontaobhas ar leith le hairgead a chur isteach saGhaelscolaíocht. Bhí an tIontaobhas nua seo le bheith mar
mhacasamhail an Iontaobhais a bhí ann cheana féin don scolaíocht
iomlánaithe, is é sin, Iontaobhas Carthanachta faoi stiúir ag coistedeonach de dhaoine go mba shuim leo an Gaeloideachas. Cuireadhm’ainm chun tosaigh don choiste, rud a bhí go mór le mo shásamh.
Chuir Martin McGuinness agus Mark Durkan le chéile gur bhronnsiad breis agus dhá mhilliún punt ar an Iontaobhas mar chúlchisted’earnáil an Ghaeloideachais.

Tugadh an chéad chruinniú den Iontaobhas le chéile in Óstán anGlenavna taobh amuigh de Dhún Geanainn i gContae Thír Eoghain,
ag deireadh na bliana 2000. Bhí sé ansin le nach mbeadh chomh fadale taisteal ag Henry McCrory, iarchigire scoile, a bhí ceaptha inaIontaobhaí ag an Roinn agus a bhí ina chónaí in Inis Ceithleann. Iláthair chomh maith, bhí Séamus Napier, bunaitheoir IontaobhasUltach agus duine de na daoine a bhunaigh gaelscoil i nDúnPhádraig; an tOllamh Dónall Ó Baoill as Ollscoil na Ríona i mBéalFeirste, a bhí ina bhall de Ghaeloiliúint agus a raibh taithí fhada aigear an Ghaeloideachas i mBaile Átha Cliath; agus Seán Mag Uidhir,
a bhí ag obair ag an North Belfast News, an t-aon duine de chuid ShinnFéin i measc na nIontaobhaithe, cé gur Aire de chuid Shinn Féin achuir an tIontaobhas ar bun. Chomh maith leo sin, bhí an Dr.
Maurice Hayes ar an choiste, ardstátseirbhíseach a ghníomhaigh marOmbudsman sna Sé Chontae ar éirí as an státseirbhís dó agus suimaige sa Ghaeilge i gcónaí. (Níor fhan Hayes i bhfad ar choiste anIontaobhais, ar an drochuair, nó is duine é a mbíonn glaoch i gcónaíar a shaineolas mar chathaoirleach ar choistí tábhachtacha, thuaidhagus theas.) D’fhreastail triúr státseirbhíseach de chuid na RoinneOideachais ar an chruinniú le cruth a chur ar an Iontaobhas roimh
dheireadh an lae.

279

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 280
Caithfidh mé a admháil gur bheartaigh mé ón tús bheith i mochathaoirleach ar an Iontaobhas nó thuig mé, agus taithí fhada agamar choistí, an chontúirt go mbeadh duine éigin i mbun an choiste nachraibh ar a aird ach taighde agus iniúchadh ar mhodhanna teagaisc, nóa leithéid. Níor mhór an t-airgead a úsáid leis na scoileanna ganaitheantas a mhaoinú agus tuilleadh a bhunú. Mar sin, rinne mé mosheacht ndícheall dul i bhfeidhm ar an chruinniú, ag cur i gcéill i rithan ama go raibh mé eolach ar gach ábhar. Nuair a tháinig an t-am lecathaoirleach a thoghadh, d’amharc an Dr. Hayes i mo threo agusdúirt, go tarcaisneach, b’fhéidir, ‘Sílim go bhfuil cathaoirleach againncheana féin.’ Ceapadh mé i mo chathaoirleach láithreach gan duine arbith cur ina choinne agus roghnaíodh Séamus Napier ina chisteoir, anchéad uair dúinn bheith ar aon choiste ó bhí atógáil Shráid Bombayann, tríocha bliain roimhe. Dhearbhaigh duine de na státseirbhísigha bhí ar an chruinniú gur cheart mná bheith mar Iontaobhaithe agusceapadh Muireann Ní Mhóráin ar an choiste agus, ní ba mhoille,
Róise Ní Bhaoill as Iontaobhas Ultach. Bhí an bheirt acu sin ann i
bhfad i ndiaidh dom féin éirí as in 2004.

Fad agus a bhí na meamraim agus rialacha an Iontaobhais á socrúag na státseirbhisígh, bhí muid sa tóir ar phríomhfheidhmeannachleis an Iontaobhas a stiúradh ó lá go lá. Post tábhachtach a bhí ann adhéanfadh an difear idir eagraíocht fhiúntach agus eagraíochtleadránach. Bhí an t-ádh linn nuair a chuir Pilib Ó Ruanaí isteach air
nó ba é an cineál duine a bhí de dhíth. Bhunaigh sé Bunscoil anDroichid ar Bhóthar Ormeau agus ionad pobail den scoth lena choisagus mar sin, fear gnímh éifeachtach a bhí ann agus taithí aige ar nadeacrachtaí a bheadh ag daoine a bheadh ag iarraidh scoil Ghaeilge athosú. Cuireadh agallamh ar Philib agus tairgeadh an post dó agus tásé ann ó shin. Ní fada ina dhiaidh sin gur comhthoghadh Seán MacGoill (comrádaí eile ó Shráid Bombay) ar an choiste; tharla saineolass’aigesean ar chúrsaí tógála agus pleanála thar a bheith úsáideachagainn agus muid ag iarraidh dóigh a chur ar chuid de na scoileannaagus an riocht ina raibh siad de bharr easpa airgid.

Nuair a bunaíodh an tIontaobhas, bhí suas le 15 scoil a bhí ganaitheantas, ach laghdaigh Martin McGuinness na critéir iontrála do

280

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 281
scoileanna Gaeilge nua agus do na scoileanna iomlánaithe (15 dalta,
seachas 25, a bheadh de dhíth anois sa chéad bhliain do scoil i mbailemór, agus 12 faoin tuath). Idir sin agus an t-airgead a bhí antIontaobhas in inmhe a chur ar fáil, ní raibh ach cúpla scoil a bhí ganaitheantas taobh istigh de chúpla bliain.

D’fhan mé i mo chathaoirleach ar an Iontaobhas go dtí gurbualadh tinn mé in 2003 agus gur fágadh mé san aonad dianchúraimar feadh tamaill. Mar sin, nuair a d’iarr an Roinn Oideachais orm
fanacht seal eile sa phost, rinne mé amach gurbh fhearrde dom féinagus don Iontaobhas go n-éireoinn as, rud a rinne mé in 2004.

Ní bás ach athfhás

Tá Gearóid Ó Cairealláin ina fhear óg go leor go fóill, ach tá súil agamgo dtabharfaidh sé scéal a bheatha dúinn sula mbíonn sé rómhallagamsa é a léamh agus tá scéal le hinsint aige. Is é an t-aon duine é abhfuil aithne agam air a fuair bás agus a tháinig ar ais ina bheo arís.
Sa bhliain 2006, bhí Gearóid ag obair thuas staighre sa Chultúrlanni mBéal Feirste nuair a bhuail taom é. Bhí a chaint go fóill aige cé gurléir dá chomrádaíthe oibre gur taom tromchúiseach a bhí ann.
Ainneoin chomh holc agus a bhí sé, bhí an acmhainn grinn go fóillann agus é á iompar ar shiúl ag lucht otharcharr. ‘Are you allergic to
anything ?’ arsa fear acu leis. ‘Yes, the English language,’ a d’fhreagair
Gearóid.

Bhain an chuideachta spraoi as sin, ach ní fada a mhair an spraoinó ar a bhealach chun an ospidéil, bhuail taom eile é a d’fhág ganchaint gan urlabhra é. D’oibrigh lucht an ospidéil air ar feadh i bhfadag iarraidh a bheo a shábháil. Chuir siad faoi scian é roinnt uaireantathar cúpla lá, ach ní raibh maith ann. Ní raibh leigheas i ndán dó, darleo, agus d’éirigh siad as. Dá mbeadh aithne acu ar an Ghearóid ÓCairealláin a raibh aithne agamsa air, ní bheadh siad chomh sciobthaag cur ar shiúl a gcuid sceana.

281

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 282
Bhí eolas maith agam air ó thaobh na Gaeilge de ainneoin fichebliain a bheith agam air. Casadh orm an chéad uair é nuair a tháinigsé isteach san Andersonstown News agus é ina mhac léinn ollscoile. Agiarraidh eolais ar an dóigh le páipéar de chuid na hóllscoile a chur igcló a bhí sé. Ba theagmhail í sin a bhí le maireachtáil breis agustríocha bliain ainneoin muid a bheith éagosúil le chéile ar a lándóigheanna.

Nuair a rinne lucht an Ospidéil amach nach dtiocfadh leo adhath a dhéanamh dó, chuir siad fios ar a mhac, Ainle, a bhí agdéanamh staidéir san Astráil san am, a theacht ’na bhaile, agus rinnesiad amach an t-inneall a bhí ag coinneáil Gearóid beo a fhágáil arobair go dtiocfadh sé. Nach maith nach i nDún Dealgan a bhí Ainleag staidéar nó ainneoin muid uilig a bheith istigh le slán a fhágáil aige,
socruithe a thórraimh déanta, agus feartlaoi leathscríofa agam dó, níimeodh sé.

Banaltra san aonad dianchúraim is cúis le Gearóid bheith ina
bheatha go fóill nó cé gur dhúirt na dochtúirí go raibh sé marbh, achsa bheag, fuair an bhanaltra greim láimhe air agus d’iarr air a lámh a
fháscadh, rud a rinne. Chuaigh na dochtúirí ag obair air láithreachgur thug siad ar ais ina bheo é. Bíodh is go bhfuil lúth na gcos caillteaige, tá sé ar ais chomh haigeantach agus a bhí sé roimhe agus é inachathaoirleach ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich. Ba bheag a shílmé, in earrach na bliana 2006 agus mé féin agus é agus Tom Hartleyar thuras go dtí Oileáin Thiar na hAlban, gur ar thuras eile a bheadhGearóid roimh dheireadh na bliana sin, turas nach bpilleann mórandaoine uaidh.

282

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 283
An Ghaeilge i mBéal Feirste 2010

An lá inniu – 2010 – tá na céadta fostaithe go lánaimseartha ar anGhaeilge a chur chun cinn sna Sé Chontae. Ní mar sin a bhí sé in1969 nuair a thosaigh mise ag obair le Comhaltas Uladh mar oibríforbartha: cé nár mhair mé ach sé mhí sa phost, ba mise an t-aonduine amháin a bhí fostaithe go lánaimseartha ar an Ghaeilge. Anoisi mBéal Feirste, tá Gaeltacht uirbeach de 22 teaghlach i mBaileAndarsan, deich naíscoil Ghaeilge, naoi mbunscoil, iarbhunscoilamháin agus cúrsaí breisoideachais do dhaltaí Gaeloideachais. Táamach agus isteach ar 350 duine ag obair go lánaimseartha in earnáilan Ghaeloideachais sa chathair. Chomh maith leis sin, tá raidhsed’eagrais éagsúla ag obair leis an teanga a chur chun tosaigh.

I lár na cathrach, tá Foras na Gaeilge, Comhairle naGaelscolaíochta agus Iontaobhas Ultach. I ndeisceart na cathrach, táAn Droichead a bhfuil naíscoil, bunscoil agus ionad pobail aige. Tagrúpa de Phreispitéirigh a thagann le chéile uair sa mhí i dTeampallFitzroy a bhfuil an Tor ar Lasadh orthu.

I dtuaisceart na cathrach, tá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtainle bunscoil agus naíscoil; Bunscoil agus Naíscoil Naomh Éanna;
Bunscoil agus Naíscoil Bheann Mhadagáin; Naíscoil Ard Eoin; agusCraobh Naomh Pádraig de Chonradh na Gaeilge.

In iarthar na cathrach, tá Pobal (eagraíocht abhcóideachta);
Compántas Amharclainne Aisling Ghéar; Raidío Fáilte; an
comhlacht scannánaíochta, Tobar; Taca; Fís24, an nuachtseirbhís arlíne; Forbairt Feirste; Iontaobhas na Gaelscolaíochta; siopa leabharAn Ceathrú Póilí; Caifé Feirste; agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.
San earnáil oideachais, tá Bunscoil agus Naíscoil na bhFál; IonadUíbh Eachach ina dteagasctar an Ghaeilge, lá agus oíche, agus a bhfuilnaíolann lae ann chomh maith; Naíscoil agus Bunscoil an Lonnáin;
Bunscoil agus Naíscoil an tSléibhe Dhuibh; Bunscoil agus Naíscoil naMóna; Bunscoil agus Naíscoil Phobal Feirste; agus Bunscoil agusNaíscoil na Fuiseoige.Tá an mheánscoil, Coláiste Feirste, ann chomhmaith, agus An Rannóg Ghaeilge d’ábhar múinteoirí i gColaiste

283

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 284
Ollscoile Naomh Muire. Lena chois sin, tá craobh Mhic Asmaint deChonradh na Gaeilge ann, gan trácht ar na ranganna Gaeilge inionaid oideachais éagsúla ar fud an bhaile.

Is scéal iontach é an méid sin thuas agus nuair a chuimhníonn túar na huimhreacha atá i gceist, is léir go bhfuil na mílte ag plé leis anGhaeilge sa chathair seo, ón pháiste lena obair bhaile go dtí anstiúrthóir ar scannán Gaeilge. Ba cheart go raibh láithreacht níosfeiceálaí ag an Ghaeilge i mBéal Feirste. B’fhéidir gur tharla an dulchun cinn chomh tobann sin nach dtuigeann muid féin ár neart.

Mo chlann féin

Faoin am seo in 2010, tá Bríghid agus mé féin i ndiaidh 50 bliain árbpósta a cheiliúradh. Tá ár gclann fásta agus ag déanamh as dóibhféin, iad uilig pósta agus clann dá gcuid féin acu.

An duine is sine, Nuala, chuaigh sí go Sasana le dul ag teagasc. Iláthair na huaire, is múinteoir staire í i scoil in Cambridge.Tá sí póstaar Chris Long, príomhoide ar Choláiste Naomh Edmond, an scoilChaitliceach is sine i Sasana, a bunaíodh sa Fhrainc in aimsir naBanríona Eilís.Tá beirt chlainne acu, Benedict agus Aidan. Is banaltraí Deirdre a mhúineann athbheochan chairdiach. Tá cónaí uirthi i
mBéal Feirste, ní i bhfad uainn. Tá sí pósta ar Robert Campbell,
teicneolaí scagdhealaithe in Ospidéal na Cathrach, agus tá beirt pháistíacu, Robert agus Fiona. Is comhordaitheoir í Colma ag ForbairtFeirste, an áisínteacht fostaíochta; eagraíonn sí cúrsaí breisoideachaisdo dhaltaí Gaeloideachais. Is duine de na gobharnóirí ar CholáisteFeirste í. Tá sí pósta ar Paul McKee Stáitsheirghíseach, tá ceathrarclainne aici, Mícheál, Séamus, Úna agus Maria. Ba é Mícheál, macCholma, an chéad gharpháiste againn; is teicneoir ealaíne é i gColáisteFeirste agus rugadh mac dó, Michael James, dá pháirtí, tá roinntseachtainí ó shin, rud a dhéanann sin-seantuismitheoirí dínn! Is éPádraig an duine is óige den chlann agus tá cónaí air i gCorcaigh agus

284

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 285
é ag obair ag IBM mar shaineolaí ríomhaireachta.Tá sé pósta ar LauraCoyle as Ros Comáin, dochtúir teaghlaigh, agus tá beirt pháistí acu,
Anna agus Conor.

Rinne an ceathrar acu go maith agus tá mé bródúil astu. Tá mébuíoch díobh nach ndearna siad gearán riamh mar gheall orm bheithas láthair chomh minic ina n-óige; ó mo thaobh féin de, ba‘dhílleachtaí na Gaeilge’ iad.

Foirgneamh úr do Bhunscoil
Phobal Feirste

Fuair Bunscoil Phobal Feirste aitheantas stáit agus maoiniú in 1984,
ach bhí ar na daltaí fanacht go dtí an bhliain 2000 ar fhoirgneamh úrscoile. Faoin am sin, bhí géarghá leis le fada mar gheall ar dhrochbhailna mbothán ina raibh an scoil ag feidhmiú. Bhí cumhacht pholaitiúilanois ag Sinn Fein agus tionchar acu nach raibh riamh roimhe agusba de bharr brú ón fheisire áitiúil, Gerry Adams, a fuarthas anfoirgneamh úr. Is annamh a mholaim polaiteoirí, ach tá moladh tuillteaigesean ó thaobh na Gaeilge de. Ní amháin gur fhoghlaim sé féin anGhaeilge, ach d’úsáid sé í nuair nár shíl cuid dá chomhghleacaithegurbh fhiú an saothar é.

Ba é seo an dara foirgneamh úr do scoil Ghaeilge a tógadh inIarthar Bhéal Feirste: tógadh ceann úr do Ghaelscoil na bhFál cúplabliain ní ba luaithe. Bhí breis agus milliún púnt ar fhoirgneamh nuaBhunscoil Phobal Feirste agus ba é Ciarán Mac Goill, mac ag SeánMac Goill (céad ailtire na scéime), a rinne an dearadh, dearadh abhain duais ailtireachta ar a fheabhas. D’fhéadfá a rá go raibh an t-ádhar an scoil go raibh coiste ann, cúig bliana déag roimhe sin, a bhífadradharcach go leor le cúpla acra talún a cheannach taobh leis antseanscoil, i ndúil is go dtiocfadh scoil nua, am éigin. Sa bhliain 2001,
d’fhág na páistí na seanbhotháin ina raibh siad go dtí sin agus chuaighisteach i bhfoirgneamh nua-aimseartha geal galánta, ar shuíomh

285

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 286
fairsing.

Daichead bliain ag fás

Ba athrú é ag na páistí bheith in áit nua, ach ba mhó arís an t-athrúag Diarmaid Ó Tuama, a bhí mar phríomhoide in 2001, am anathraithe. Nuair a thosaigh Diarmaid ag teagasc sa scoil in 1977, níraibh ann ach dhá sheomra ranga i seanbhothán a thóg muid féin aran láthair sna seachtóidí. Nuair nach raibh an scoil aitheanta, ní raibha leithéid mar phríomhoide ann go dtí 1984 agus ó shin, ní raibh achtriúr príomhoidí ag an scoil: Áine Mhic an Iolair, Diarmuid Ó Tuamaagus Áine Nic Giolla Dé (tá duine úr i ndiaidh tosú i mbliana, DeirdreNic Suibhne). Ar na múinteoirí eile a bhí sa scoil ó bunaíodh í breisagus daichead bliain ó shin, níor mhair an chéad duine, Caitlín UíDhiscín, ach roinnt míonna, d’fhan Caitlín Mhic Ghiolla Chiaráinbliain go leith, chaith Áine Mhic Aindreasa (nach maireann) agusMáire Mhic Sheáin cúig bliana sa bhunscoil gur thosaigh an bheirtacu ag teagasc sa chéad mheánscoil in 1978. Ar imeacht dóibh, tháinigÁine Mhic an Iolair ag obair sa scoil agus ba ise agus Diarmuid ÓTuama a bhí i mbun na scoile go dtí 1981 nuair a d’éirigh Áine as.
D’fhill sí, áfach, in 1984 nuair a ceapadh í mar an chéad phríomhoideagus chaith sise breis is fiche bliain inti, an té ba mhó a mhúnlaighleagan amach agus dea-chlú na scoile.

Is obair chrua í bheith i mbun scoile agus bhí fadhbanna thar anchoitiantacht ann, go háirithe sular maoiníodh í, ach bhí díograis tharan choitiantacht ann chomh maith. Bhí easaontas ann, mar a bhíonngo minic nuair a bhíonn cúis agus dúthracht i gceist, ach mhair anscoil agus sin ábhar comhghairdis do gach duine a bhí páirteach saniarracht.Tá earnáil mhór Ghaelscolaíochta sna Sé Chontae anois, achtá buíochas ar leith ag dul do na ceannródaithe a threabh an t-iomairea bhí rompu, má bhí sé achrannach féin, uaireanta.

286

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 287
An talamh againn arís

Agus an foirgneamh úr ann, tháinig an talamh ar a raibh an tseanscoilar ais inár seilbh. De ghnáth, ceannaíonn an Roinn Oideachais antalamh ar a bhfuil scoil suite, ach ós rud é go raibh an coiste a bhí annag an am fadradharcach go leor le píosa eile talaimh a cheannachtaobh thuas de shuíomh na scéime agus mar sin gur linn féin antalamh don scoil úr, thug an Roinn orainn úsáid an talaimh don scoilbhunaidh a thabhairt dóibh saor in aisce, rud a bhí amhlaidh ar feadhsé bliana déag. D’ainneoin sin nuair a bhí an talamh le tabhairt ar aisi ndiaidh 2001, bhí dearmad déanta, is cosúil, ag na státseirbhísighnár íoc siad pingin ar an talamh riamh agus luaigh duine acu liom goraibh £300,000 ag an Roinn Oideachais orainn! Rinne mé soiléir dódá mbeadh cúiteamh i gceist gur dúinne a bheadh sé dlite. Ba mhaithmar a tharla nach bhfuair muid airgead ar bith air ón RoinnOideachais nó d’fhág sé ar ár gcumas tuilleadh tithe a thógáil ar anláthair agus ‘scéim na dtithe’ a chríochnú.

Scéim na dtithe: fás agus forbairt

Bíodh is gur Gaeltacht Uirbeach í Gaeltacht Bhóthar Seoighe, atásuite i dtimpeallacht Bhéarla, d’éirigh linn sainíomhá dár gcuid féin achruthú, dar liom. Tháinig teaghlaigh agus d’imigh teaghlaigh, ach
d’éirigh linn an Ghaeilge a chaomhnú den chuid is mó. Sna nóchaidí,
thóg muid seacht dtithe nua. Bhog Síle agus Seoirse Ó Dubhthaighisteach, Éamonn Ó Ceallaigh, Bríghid agus Cathal Ó Donnghaile,
Tina agus Pilib Mistéil (a tógadh ar Bhóthar Seoighe) agus Áine agusRobert Laverty (is iníon í Áine le Seán Mac Goill, an t-ailtire a rinnepleananna don scéim sna seascaidí). D’imigh Bríghid agus Cathal ÓDonnghaile go Tír Eoghain le Gaeltacht dá gcuid féin a bhunú ann.

287

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 288
Tháinig Jackie agus Fionntán de Brún isteach ina n-áit agus nuair ad’imigh siadsan, tháinig Diarmaid Ua Bruadair agus a bhean Alvinaisteach. Tógadh Diarmaid ar Bhóthar Seoighe agus tá sé inamhúinteoir sinsearach i gColáiste Feirste. Chaith sé blianta ag obairar scéimeanna fóirithinte sa Bhrasaíl agus is as an Bhrasaíl dá bheanchéile, Alvina, a bhfuil scoth na Gaeilge anois aici agus í ag obair inGaelscoil na bhFál.

Ba ag tús na bliana 1969 a tógadh na chéad chúig theach de‘Scéim na dTithe’ (an t-ainm a bhí againn air ag an am). Sa daicheadbliain ó chuaigh na teaghlaigh éagsúla a chónaí ann, tharla a lán, cuidde maith agus cuid de olc, cith is dealán. Ag léamh dom an chuntaisseo anois, feictear dom go mb’fhéidir go ndearna mé talamh slán debhunchúis na scéime, mar atá, na páistí.

Tógadh beirt pháistí is daichead le Gaeilge ar Bhóthar Seoighethar an daichead bliain sin. Anois agus an tríú glúin ar an tairseachagainn, cad a tharla don dara glúin sin? Mar a fheictear i dteaghlaigháit ar bith, chuaigh siad bealaí éagsúla agus rinne siad rudaí éagsúla:
ina measc, tá ar a laghad naonúr múinteoirí, chomh maith le banaltra,
cnáimhseach, ollamh ollscoile, sagart, státseirbhísigh, oibrí sóisialta,
leabharlannaí, tiománaí bus, aisteoir, ceoltóirí, cuntasóirí, innealtóiríleictreonacha, oibrí forbartha Gaeilge agus beirt fhear gnó. D’imighcorrdhuine acu thar sáile ar thóir oibre: chuig na Stáit Aontaithe, anIorua, Sasana; tharraing cuid acu ar áiteanna eile in Éirinn marGhaillimh, Corcaigh, Baile Átha Luain agus Baile Átha Cliath.

Tá páistí dá gcuid féin ag formhór na chéad ghlúine sin anoisagus tá oideachas Gaeilge á fháil nó faighte ag an chuid is mó de napáistí sin a bhfuil na tuismitheoirí in Éirinn ar fad. Tá tuairim istríocha acu sin ann, uimhir shuntasach nuair a ghlactar san áireamhgo bhfuil tuilleadh ann nach bhfuil aosta go leor go fóill le freastal arscoil nó ar naíscoil. Ar an chéad ghlúin de pháistí a tógadh ar BhótharSeoighe, tá seachtar acu a bhfuil cónaí orthu anois ar an talamh afuarthas in 1965 do scéim na dtithe (féach thuas), a bhuíochas sin dona tithe breise a raibh sé ar ár gcumas a thógáil dóibh. Seo thíos anscéal beag sin.

288

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 289
Sé theach eile

Chomh luath agus a bhí an talamh ar a mbíodh an scoil ar ais inárseilbh, sa bhliain 2003, d’iarr muid cead pleanála le sé theach nua athógáil a bhearfadh líon na dtithe go dtí 22. Tugadh an suíomh saorin aisce do na daoine a cheannaigh na tithe, rud a rinneadh do gachduine a fuair teach sa scéim agus gurbh fhiú £50,000 é. Chinn muidfosta gur chuig an dara glúin de mhuintir na scéime a rachadh natithe, dá mb’fhéidir.

Ní gan constaicí a tógadh na tithe sin ach oiread nó chuaigh antógálaí as gnó sula raibh deireadh déanta agus ghlac Seoirse Mac anIolair agus mé féin an cúram orainn an tógáil a eagrú; is maith goraibh an taithí againn. Tógadh na sé theach faoi dheireadh agus istithe breátha iad. Faoi dheireadh na bliana 2005, bhí na lánúineachaóga ina gcónaí iontu: Conall Ó Bruadair, Féilim Mac an Iolair, AoifeNí Phóilin, Ruairí Ó hAnluain, Colma Nic Sheáin agus Fionntán ÓMealláin.Tá páistí óga acu uilig anois agus i ndiaidh daichead bliain,
tá an tríú glúin de Ghaeilgeoirí á dtógáil i nGaeltacht bheag BhótharSeoighe. Bheadh Máirtín Ó Cadhain sásta linn!

Ní thógfar tithe ar bith eile i nGaeltacht Bhóthar Seoighe nó níla thuilleadh talaimh ann, ach cá bhfios nach bhfuil dream óg éiginamuigh ansin a bhéarfadh faoi Ghaeltacht uirbeach eile a bhunú, áitéigin eile.

DEIREADH

289

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 290
Muintir Ghaeltacht Bhóthar Seoighe
atá ar shlí na fírinne

Ba sa bhliain 1969 a cuireadh tús le Gaeltacht Bhóthar Seoighe. Achtharla sin breis is daichead bliain ó shin agus tá na ceannródaithe sinuilig ag dul in aois anois. Is ábhar bróin dúinn uilig gur cailleadhceathrar acu thar na blianta, ón am a tháinig muid le chéile agus muidóg fuinniúil: Áine Mhic Aindreasa, Adam Mac Giolla Chatháin,
Seosamh Mistéil agus Proinsias Ó hAnluain.

Is gné shuntasach den áit seo a oiread againn a bhfuil gaoleadrainn.Tá Seán Mac Aindreasa ina chónaí béal dorais dá dheirfiúr,
Caitlín; is comharsa bhéal dorais í Áine Andrews dá deartháir, Liam;
tá na deartháireacha Donncha agus Liam Ó Bruadair marchomharsana agus i dtaca liom féin de, tá mo dheartháir Seán agusmo dheirfiúr Caitlín mar chomharsana agam.

Mar a luadh cheana, phós Caitlín s’againne Seosamh Mistéil in1961 agus bhí siad ar cheann de na chéad lánúineacha a tháinig achónaí anseo in 1969 nó ón tús, bhí siad sa chomhluadar a bhí agiarraidh an Ghaeltacht a bhunú. Crann taca a bhí ann, mar Joe, adtiocfadh bheith ag brath air i gcónaí. Seasmhach agus siosmaideachan dá fhocal a ritheann liom mar gheall air. Choinnigh sé cuntaisairgid na scoile ar feadh na mblianta, go héifeachtach agus go beacht.
Dála go leor againn, d’fhág sé an scoil go luath le dul amach ag obair.
D’fhoghlaim sé an Ghaeilge ag ranganna Chonradh na Gaeilge agustheagasc sé í go deonach do na céadta. Ball gníomhach agus ceannairede chuid Chumann Chluain Ard a bhí ann le mo linn. Chuaigh sé leisan mhúinteoireacht go gairmiúil i ndiaidh dó céim a fháil ó Ollscoilna Ríona. Is fiú a chuimhneamh gur éacht a bhí ann ag an am gorachadh duine den chúlra s’againne ar an ollscoil, go háirithe duine abhí pósta agus clann air, mar a bhí ar Joe – níorbh fhéidir go raibh séfurast aige an staidéar a dhéanamh agus a bheatha a shaothrú ag anam céanna. Fuair sé post ag teagasc Gaeilge agus Creidimh i scoil namBráithre Críostaí i mBéal Feirste agus d’fhan inti go ndeachaigh ar

290

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 291
phinsean. Thóg sé féin agus Caitlín cúigear de theaghlach saGhaeltacht agus bhí siad beirt gníomhach i ngach gné den fhorbairta rinneadh le linn na ndaichead bliain sin. Fuair Joe bás anuraidh,
2009, i ndiaidh bheith tinn le tamall.

Casadh Adam Mac Giolla Chatháin orm den chéad uair agCumann Saoirse na hÉireann, sna caogaidí, nó bhí sé féin agus SeánÓ Cearnaigh mór le chéile ag an am. Chaith sé seal i mbraighdeanasagus ar scaoileadh saor dó, thosaigh sé ag freastal ar ChumannChluain Ard, áit ar casadh a bhean chéile Monica air. Bhí Gaeilge idteaghlach Monica nó bhí Gaeilge mhaith ag a hathair, Tomás ÓCiaráin. Mar sin, ba dhual do Adam agus Monica teaghlach a thógáille Gaeilge agus bhí siad i measc an dara grúpa a tháinig go BótharSeoighe in 1970. Thóg siad clann d’ochtar agus ba é a mhac féin, antAthair Darach Mac Giolla Chatháin, a rinne é a adhlacadh.

Bean an-éirimiúil ab ea Áine Mhic Aindreasa, céimí sna Clasaicía theagasc Laidin i gceann de na scoileanna is mó gradam i mBéalFeirste sular bhog sí isteach sa Ghaeltacht in 1970. Theagasc sí imBunscoil Ghaeilge Bhéal Feirste (Bunscoil Phobal Feirste ar ball) ó1973 agus ina dhiaidh sin, sa chéad mheánscoil, inar theagasc sí Laidinagus Reiligiún. Chuir sí féin agus a fear céile, Seán, ábhar le chéile dona ranganna sin. Bhí sí fosta ina rúnaí ar an scéim ar feadh tamaill,
agus ar an scoil ar a seal. Ba í an chéad duine de mhuintir BhótharSeoighe a fuair bás; ba mhéala mór a bás dá fear céile, Seán, agus dátriúr mac agus iníon amháin, Colm, Séamus, Alastair agus Caitlín.

Tháinig Proinsias Ó hÁnluain go Bóthar Seoighe in 1970. Feardíograiseach a chuir suim mhór i gcúrsaí garraíodóireachta a bhí annagus an dubh-eolas ar an ghnó aige. Ní iarrfadh sé de phléisiúr ach achuid eolais ar phlandaí a roinnt leat. Bhí sé pósta ar Chaitlín, deirfiúrle Seán Mac Aindreasa, atá ina chónaí ar Bhóthar Seoighe chomhmaith. Bhí sé de chúram ar Phroinsias an t-airgead a bhailiú ón chuideile againn, leis an iasacht airgid a aisíoc a fuair muid le GaeltachtBhóthar Seoighe a fhorbairt, an chéad lá riamh. Rinne sé sin le linndeich mbliana gan teip, go dtí go raibh an t-airgead uilig aisíoctha.
Beidh cuimhne agam i gcónaí ar an siopa beag a bhíodh sa teach aigeféin agus ag Caitlín le go dtiocfadh le páistí na scéime cuid éigin den

291

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 292
tsiopadóireacht a dhéanamh i nGaeilge. Beirt mhac a bhí ag Caitlínagus Proinsias.Tá Ruairí ina chónaí i gceann de na tithe deireanachaa tógadh ar an láthair; oibríonn sé i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh.
Tá cónaí ar Pheadar sa bhaile; seinneann sé leis an ghrúpa ceoilGhaeilge, Bréag.

Sin ceathrar de na ceannródaithe ar lár, imithe chun naGaeltachta móire sna flaithis. Go ndéantar a saothar a chúiteamh leo.

Nótaí ar mo theaghlach
Mo mhuintir

Chuaigh m’athair agus mo mháthair a chónaí in Rodney Parade,
roinnt blianta i ndiaidh dóibh pósadh in 1926. Daniel Johnston abainm do m’athair agus rugadh in 1902 é ar an Lorgain i gContae ArdMhacha, do Robert Johnston agus Rosanne Shanks arbh as anLorgain dóibh beirt. Ba i séipéal an chlochair ar an bhaile a pósadhiad in ionad i dteach pobail an pharóiste nó bhí Rosanne ag iomparclainne agus ba chúis náire an t-am sin cailín bheith ag iompar clainneroimh phósadh di.

Ní raibh sé i ndán is go bhfeicfeadh m’athair a mháthair achoíche nó fuair sí bás tamall gearr i ndiaidh na breithe de bharr anna seipticéime a thóg sí nuair a rugadh an leanbh. Ba ag muintir amháthara, muintir Shanks, a chaith m’athair a óige agus go hiondúil,
ba é Danny Shanks a nglaoití air agus é ag fás aníos ar an Lorgain.
Phós Robert Johnston arís i ndiaidh cúpla bliain, ach níor mhair andara bean i bhfad ach oiread agus phós sé arís in 1911, don tríú huair,
agus gan é ach tríocha bliain d’aois go fóill. Ba bhean de mhuintirMathews ón bhaile céanna í agus chaith sé a shaol léi. Rugadh beirtchlainne dóibh, ach níor mhair ach duine amháin acu, Patricia,
leasdeirfiúr m’athar.

De réir sheanchas an teaghlaigh, ba mhairnéalach é JohnJohnston, sinseanathair m’athar, Protastúnach a d’iompaigh ina

292

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 293
Chaitliceach ar phósadh dó in 1850. Is cosúil gur ghnóthaigh sé goleor airgid agus é ar na báid le gabhaltas beag talaimh a cheannach dedheas den Lorgain, áit ar rugadh seanathair m’athar in 1851 agus anduine a bhfuair sé a ainm uaidh. Cé gur fhan Daniel Johnston ar anfheirm, d’oibrigh sé mar shaor adhmaid, ceird a d’fhág sé le huacht aga mhac, Robert, athair m’athar. Chaill muintir Johnston an talamh abhí acu nuair a chuaigh siad i mbannaí ar chomharsa dóibh agus indiaidh seal i mbaile Lorgan, d’imigh siad go Béal Feirste, áit a raibhcónaí orthu i Sráid Bombay. (Blianta ina dhiaidh agus mé páirteachin atógáil na sráide sin, is beag a shíl mé go raibh cónaí ar moshinseantuismitheoirí inti, tráth den saol.) Faoin am a tharla sin, bhíRobert Johnston, mo sheanathair, pósta don tríú huair agus ar ball,
chuaigh sé féin agus a theaghlach a chónaí i mBéal Feirste i gceantarna bhFál, áit a bhfuair Robert obair mar shiúinéir i gceann de namuilte línéadaigh a bhí fairsing sa cheantar ag an am.

Bhí m’athair ag na seantuismitheoirí Shanks i rith an ama, ach arfhágáil na scoile dó in 1916, cuireadh eisean go Béal Feirste fosta agusfuair sé post ag obair do Mhór-Iarnróid an Tuaiscirt (an GNR). Sabhliain 1926, phós m’athair Kathleen Webb as Sráid Raglan arBhóthar na bhFál, sráid nach raibh i bhfad ón áit a raibh sé féin inachónaí. Ní raibh siad i bhfad pósta nuair a tháinig fiabhras nandaitheacha air agus ba bheag nár mharaigh sé é. D’fhág an fiabhrassin croí fabhtach aige an chuid eile dá shaol agus ba é an croí fabhtachsin a thug a bhás sa deireadh.

Rugadh mo mháthair Kathleen i mBéal Feirste in 1907, ach baas Droim an Easa i gContae an Dúin a hathair, Frank Webb, agus asBaile Labhráis (Lawrencetown) i gContae Ard Mhacha a máthair,
Lizzie Byrne. Bhíodh teach tábhairne acu ar feadh tamaill ag 45Utility Street in Sandy Row i mBéal Feirste agus iad ina gcónaí oscionn an tábhairne. Ba cheantar tréan Protastúnach é Sandy Row ant-am sin agus tá i gcónaí; ar an dara lá déag de mhí Iúil 1905, rinneadhionsaí ar an tábhairne agus b’éigean don lánúin imeacht. Chuaigh siadar dtús go Sráid Balkan, i gceantar Caitliceach na bhFál, agus inadhiaidh sin, go Sráid Raglan, áit ar thóg siad clann mhór de naonúr:
Sarah, mo mháthair Kathleen, Lily, Jinny, Mary, James, Johnny,

293

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 294
Francie agus Willy. Bhí mo mháthair ar an dara duine den chlann.

Ar phósadh dóibh, chónaigh mo thuismitheoirí ar feadh tamaillag seanmháthair Kathleen i Sráid Spinner agus ansin i SráidIslandbawn sular bhog said go Rodney Parade, áit ar thóg said an
t-ochtar againne i dteach beag, dhá sheomra thuas agus dhá sheomrathíos, an teach ina bhfaigheadh m’athair bás suas le daichead bliain níba mhoille.

Ba é Frank an duine ba shine den teaghlach. D’fhág se an scoil igcuideachta na cuideachta ag ceithre bliana déag d’aois agus chuaighag obair lena athair ar MhórIarnród Thuaisceart Éireann. D’oibrighsé mar fhear tine ar an traein ghaile, an Enterprise, a théadh idir BéalFeirste agus Baile Átha Cliath gach lá. D’oibrigh sé ar an traein sin arfeadh fiche bliain gur fhág sé é le dul ag obair sa stáisiún cumhachtaleictreachais i mBéal Feirste (Power Station West) agus ina dhiaidh sin,
ag oifig an phoist i mBéal Feirste. Fuair sé bás in 1984 gan é ach 56bliain d’aois. Phós sé go hóg, mar a rinne gach duine den teaghlach.
Phós sé Greta Wilson as ceantar Bhóthar Cluanaí i mBéal Feirste.
Chaith siad a saol i mBéal Feirste agus thóg siad teaghlach desheachtar: Frank, Margaret, Rosaleen, Geraldine, Eamonn, Louiseagus Donal.Tá Frank agus Greta curtha in Ó Méith Mara, ar bhruachLoch Cairlinn i gContae Lú.

Ba í Róisín (Rosaleen) an cailín ba shine agus d’oibrigh sí marfhíodóir nuair a d’fhág sí an scoil. Phós sí James Conlon arbh asBóthar na bhFál dó agus thóg siad ceathrar: Kathleen, Breege, Lindaagus Donna Marie. Fuair sí bás ag tús na bliana 2010 agus tá sí féinagus a fear céile, Jimmy, curtha i reilig Bhaile an Mhuilinn i mBéalFeirste.

D’oibrigh Lily (Elizabeth) mar fhíodóir i gcuideachta a deirféarRóisín i ndiaidh di an scoil a fhágáil. Phós sí James McKenna asBóthar Grosvernor i mBéal Feirste. Rugadh naonúr páistí dóibh saniomlán, ach fuair an chéad duine, Danny, bás ag bliain d’aois aguscailleadh le breith anabaí na tríríní a rugadh di. Mhair cúigear eile:
Margaret Rose, Jim, Kathleen, Elizabeth agus John.

D’oibrigh Dan, an dara buachaill sa teaghlach, mar mhaisitheoirtí a shaol uilig. Ba go hóg ina shaol a bhunaigh sé comhlacht dá chuid

294

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 295
féin agus d’oibrigh sé ar a chonlán féin go bhfuair sé bás in 2009. Phóssé Monica McWilliams arbh as Ard Mhic Nasca i gContae an Dúindi agus bhí seisear páistí acu: Bernard, Catherine, Monica, Magaret,
Clare agus Sarah. Fuair Monica McWilliams bás gan í ach 41 bliaind’aois agus fágadh Dan le seisear clainne a thógáil agus gnó a reáchtáilsan am chéanna. Fuair Dan bás roimh an Nollaig anuraidh (2009)
agus tá sé féin agus Monica curtha i reilig Redburn in Ard MhicNasca i gContae an Dúin, siúl gairid ón teach inar chónaigh siad.

Bobby (Robert): An tríú buachaill den teaghalach. I ndiaidh dó anscoil a fhágáil, chuaigh sé ag obair mar mhaisitheoir tí, ach d’fhág sésin le dul ag obair ar na traenacha i gcuideachta a athar agus adhearthár Frank. Ansin chuaigh sé ag obair sa stáisiún cumhachta imBéal Feirste agus ina dhiaidh sin, d’aistrigh sé féin agus a theaghlachgo Corcaigh le dul ag obair le hollchomhlacht Pfizer. Chaith sé blianta
ag obair ar an rige gáis amach ó chosta Chorcaí ag Cionn tSáile, áit arfhan sé go ndeachaigh sé amach ar pinsean. Phós sé Ruth Gallagheras Bóthar Dhún na nGall i mBéal Feirste agus thóg siad teaghlach desheisear: Ruairí, Caitlín, Róisín, Dónal, Breandán agus Seán.

Séamus (mé féin): An ceathrú buachaill sa teaghlach. D’fhág anscoil ag 15 agus rinne printíseacht le beith ina mheicneoir.
D’fhoghlaim sé an Ghaeilge ag ranganna Chonradh na Gaeilge. Phóssé Bríghid Ní Chonghaile as Béal Feirste a d’fhoghlaim an Ghaeilgeag ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge chomh maith. Bhí siadar an chéad teaghlach a chuaigh a chónaí i nGaeltacht BhótharSeoighe, mí Feabhra 1969. Bhunaigh sé comhlacht clódóireachta arinne sé a chónascadh leis an Andersonstown News in 1978 agus chaithfiche bliain ansin gur éirigh sé amach ar pinsean in 1997. Rugadhceathrar clainne do Bhríghid agus Séamus: Nuala, Deirdre, Colmaagus Pádraig

Caitlín: D’oibrigh in Ollsiopa Woolworth i mBéal Feirste indiaidh di an scoil a fhágáil. D’fhoghlaim sí an Ghaeilge ag ranagannaChonradh na Gaeilge. Phós sí Seosamh Mistéil a casadh uirthi agCumann Chluain Ard. Bhí siad ar na chéad chúig theaghlach achuaigh a chónaí i nGaeltacht Bhóthar Seoighe in 1969. Is í Caitlín‘matrarc’ an teaghlaigh, cé nach í is sine de na mná. Is í an pointe

295

Seamus Mac Shean:Body 17/11/2010 09:37

Page 296
teagmhála í ag baill uilig an teaghlaigh, an té a dtéann daoine chuicile dea-scéal nó le drochscéal faoin teaghlach, agus bíonn cluas lehéisteacht uirthi i gcónaí, is cuma cad é an buaireamh a bhíonn ardhaoine.Tá cúigear clainne aici: Domhnall, atá ina Ollamh le Béarlain Ollscoil Trondheim san Iorua; Seán, fear gnó a bhfuil comhlachtdeartha dá chuid féin aige agus é ina chathaoirleach ar CholáisteFeirste agus ar Fhobairt Feirste; Siubhán, atá ina bhean chabhrachsan Ospidéal Ríoga i mBéal Feirste; Pilib a bhí ina phríomhoideGaelscoile agus atá anois ina Chigire Gaelscoile sa Roinn Oideachaisó thuiadh; agus Emer, atá i mbun an Aonaid Tacaíochta Foghlama igColáiste Feirste. Tá teaghlach dá gcuid féin ag gach duine acu.

Seán: An duine is óige de theaghlach Mhic Sheáin. Rinneprintíseacht siúinéireachta i ndiaidh dó an scoil a fhágáil. D’fhoghlaimsé an Ghaeilge i gCumann Chluain Ard. Phós sé Máire NíMhuireagáin as Béal Feirste a casadh air ag Cumann Chluain Ard. Isbean iontach éirimiúil í Máire a bhí ar dhuine de na chéad
mhúinteoirí i mbunscoil Phobal Feirste. Ba í a rinne na páistí a ullmhúdo na comórtais cheoil agus drámaíochta uilig a chuir go mór le clúna scoile sna laethanta luatha. Is aisteoir cumasach é Seán. D’oibrighsé mar bhainisteoir fógraíochta leis an Andersonstown News ar feadh
níos mó ná fiche bliain. Bhí sé féin agus Máire ar na chéadlánúineacha a bhog isteach i nGaeltacht Bhóthar Seoighe in 1969.
Ba é Seán a rinne an obair shiúinéireachta uilig ar na tithe ina am féini ndiaidh dó lá oibre a dhéanamh ina phost féin, obair mhaslach. Bhítriúr clainne acu: Caitríona, atá ina múinteoir scoile i Scoil anDroichid i mBéal Feirste. Bhunaigh sí féin agus a fear céile, AndrewWhitson, an comhlacht foilsitheoireachta Gaeilge, An tSnáthaid
Mhór, a bhfuil go leor duaiseanna bainte aige as feabhas a chuidleabhar. Oibríonn Máire i nBunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBéal
Feirste agus tá Tomás, atá ina inealltóir fuaime, i Meiriceá. Ba bhallbunaithe é den ghrúpa ceoil Gaeilge, Bréag, sula ndeachaigh sé goMeiriceá.Tá teaghlach dá gcuid féin ag gach duine acu anois.

296

Scríofa ag ar 12.08.2013 Rannóg gné-ailt/tuairim.

4 Nóta Tráchta ar “Leabhar ar líne – Séamas Mc Seáin – ‘D’imigh sin agus Tháinig seo’”

  1. Fearn

    Comhghairdeas, a shéamuis.

    Tá na leithscéalta gan a léamh ag leá diaidh ar ndiaidh!

  2. séamus mac seáin

    D’iarr mé ar Nuacht 24 an scéal a chur ar líne a Fhearn cionas nach bhfuil cóip ar bith den leagán chlóite fágtha le ceannacht agus bíonn daoine anois agus arís ag iarraidh eolas faoín Ghaeilge i mBéal Feirste le 50 bliain anuas fá choinne trachtais Olscoile srl. ar an dóigh seo beidh sé ar fáil acu go héascaí gan a theacht chugamsa.

  3. Fearn

    GRMA a shéamuis!

  4. Pól Réamainn

    Tá mé ag tnúth le do leabhar a léamh, a Shéamuis. GRMA.

Tabhair Freagra

© Nuacht24