Fleadh Feirste – Fleadh ar leith!

JJ Ó Dochartaigh, Dónal Ó Connor, John Mc Sherry, Dáithí Ó hOgáin, Eamonn Ó Dónaill, Gearóid Mac Lochlainn agus Dianne Ní Channáin (buaiteoir ar Chomórtas na mBan ag Oireachtas na bliana seo) a bheith orthu sin a bheidh ar stáitse i gCeathrú Gaeltachta Bhéal Feirste an tseachtain seo agus Fleadh Feirste faoi lán seoil.

Tá Fleadh Feirste , atá á reachtáil ag Forbairt Feirste i gcomhar le heagrais is fiontair eile Gaeilge, ag dul le roinnt laethanta anuas cheana féin. Eolas ag Inné bhí craoladh seachtrach ag Raidió Fáilte ón Chultúrlann agus aréir rinne  Tura Artura soilse na Nollag a lasadh ag an Chultúrlann . Agus tá scoth imeachtaí le bheith ar bun anocht agus sa dá lá amach romhainn.

Anocht beidh ceoltóir den scoth ón Danmhairg, Marianne Green agus foireann ceoltóirí s’aici ag canadh sa Chultúrlann. Tá roinnt amhráin Gaeilge ag Marianne cé gur Danmhargach í agus bhí amhráin Ghaeilge ar an dhlúthdhíosca a sheol sí anuraidh, ‘Dear Irish Boy.’

Beidh scothcheoltóirí eile ar an bhille anocht mar atá At First Light, grúpa a áiríonn Dónal O’Connor, John Mc Sherry agus Francis Mc Ilduff ar a chuid ball. Beidh Ciara Mc Crikard sa line-up anocht. Tosóidh an cheolchoirm ar 8.00 anocht. Cuirfidh JJ O’Dochartaigh clabhsúr ar imeachtaí na hAoine nuair a chanfaidh sé ag Club na Féile i gCaifé Feirste @ 10.00in.

Dé Sathairn beidh ‘Na Bopóga’ i mbun siamsa sa Chultúrlann ag tosú ar 12.30in, agus ansin ceardlann damhsa ar an sean nós @ 2.00in – 3.00 in sa Chultúrlann. Déanfar dá chunasach filíochta a seholadh sa Cheathrú Póilí Dé Sathairn 26 Samhain @ 1.00 in. Is iad dá leabhar le Coiscéim Feirste atá i gceist, ‘Lúb ar Lár’ le Máire Wren agus ‘Lastar Coinneal’ le Dáith Ó hÓgáin.

Taispeánafar an scannán ‘The Secret of Kells’ @ 3.30 in amharclann na Cultúrlainne. Agus ar 4.00in déanfar an leabhar ‘Gaeilge gan Stró’ le hÉamonn Ó Dónaill a sheoladh sa Chultúrlann.

Beidh Bernadette Morris agus Dianne Ní Channáin ag canadh i gClub na Féile @10.00in sa Chumann Chluain Ard.

Beidh Club an Domhnaigh ann in Ionad Uíbh Eachach Dé Domhnaigh 27 Samhain @ 6.30in. Beidh an file Gearóid Mac Lochlainn agus an ceoltóir Maria Rafferty ar lucht siamsa ann. Déanfar an gearrscannán ‘Lipservice’ a thaispeáint agus beidh tráth na gceist chun clabhsúr a chur leis na himeachtaí sin.

Ar ball ag 8.00in sa Chultúrlann taispeánfar an scannán ‘Tubaiste Árainn Mhór’, scannán faisnéise atá déanta ag an chomhlacht léiriúcháin Tobar agus a pléann leis an tubaiste a fhág naonár duine déag de bhunadh Árainn Mhóir ar lár mar gheall ar tubaiste amach ón chósta agus iad ag filleadh abhaile ó thochailt prataí in Albain. Scothscannán.  Beidh Club na Féile ar siúil i Caifé Feirste chun crioch a chur leis an Fhéile, ag tosú ar 9.00 in.

Scríofa ag ar 25.11.2011 Rannóg ealaíona, náisiúnta.

Tabhair Freagra

Tráchtanna is Déanaí

  • Seamus mac Seain bealfeirste on
  • seamus mac seain on
  • seamus mac seain on
  • seamus mac seain on
  • Calgach on
© Nuacht24