Bua ag lucht ‘Tá’ ach vóta íseal sa reifreann

Chaith 33% de vótóirí vóta sa reifreann faoi chearta na bpáistí agus sa deireadh bhí 57.4 an leasuithe bunreachta agus 42.6% ina choinne. Vótáil trí thoghcheantar i gcoinne an leasuithe, mar atá Dún na nGall Thoir Thuaidh, Dún na nGall  iarTheas, agus Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh. Ba é an toradh ná lucht ‘Tá’ 615,731 (57.4%) [...]

Thug an Tanáiste Eamon Gilmore cuairt ar Chultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich inniu. Bhí an tUasal Gilmore i láthair ag comhdháil an SDLP aréir agus ar maidin thug sé cuairt ar an Cenotaph i mBéal Feirste gur leag sé bláthfheasc le linn do chuimhneacháin ar Lá na bPóipíní a bheith ar siúil ann. Thug [...]

An Tanáiste le bheith ag seirbhís ag Cenotaph Bhéal Feirste

Beidh an Tanáiste Eamon Gilmore ar chuairt ar Chultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich i mBéal Feirste an Domhnach seo. Beidh sé sa chathair chun freastal ar roinnt ócáidí. Orthu sin beidh sé ar an chéad Aire de chuid an rialtais chun bláthfheasc a leagan ag Cenotaph Bhéal Feirste ar Lá Cuimhneacháin do shaighdiúirí na [...]

Sráith nua ag Máiréad Uí Dhomhnaill

Sraith nua ag Cinnidí, Máiréad Uí Dhomhnaill, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. “Scéalaíocht: Fadó agus go Deo”. Gach Satharn ag 6.30 pm. Athchraoladh ar an Luan ag 6.30am   3 Samhain 2012:Léargas leathan ar thraidisiúin na scéalaíochta in Éireann. An tOllamh Ríonach uí Ógáin, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile. BÁC. Scéalaí: Domhnall Mac [...]

Labhair le Líofa!

Labhair le Líofa! Preas ráiteas   A chairde, Mar atá a fhios agaibh, rinneadh Líofa a sheoladh ar an bhliain seo caite chun spreagadh a thabhairt do dhaoine tabhairt faoin dúshlán Líofa agus líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach faoin bhliain 2015.  Go dtí seo, tá an feachtas á chur chun cinn agus tá cumarsáid [...]

Grianghrafanna ón Oireachtas

Rogha de ghrianghrafanna le Clive Wasson ón Oireachtas i Leitir Ceannain an tseachtain seo caite.

‘Báidín Fheidhlimidh’ ag an Oireachtas

Tháinig thart faoi 300 duine amach do sheoladh an leabhair agus dlúthdhiosca dúbailte ‘Báidín Fheidhlimidh’, bailiúchán amhráin agus dánta do pháistí atá ceolta agus aithriste ag páistí ó Ghaeltacht Thír Chonaill. Bhí Seomra Knockalla in Óstán Mount Errigal dubh le daoine nuair a rinne Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, cócaire agus amhránaí, an cnuasach úr [...]

Alex Hijmans sa Chultúrlann

Beidh an scríbhneoir Alex Hijmans i mbun agallaimh phoiblí leis an iriseoir Eoghan Ó Néill i nDánlann Gerald Dillon i gCultúrlann Bhéal Feirste Dé Máirt 13 Samhain @ 7.00 in. Tá cónaí ar Alex Hijmans, Ollannach, sa Bhrasaíl le roinnt blianta anuas agus tá dá leabhar scríofa anois aige a bhfuil a shaol sa Bhrasaíl [...]

Sléacht Inis Cheithlinn – cuimhneachán 25 bliain

Beidh seirbhís chuimhneacháin ann ar an Inis Cheithlinn inniu i gcuimhne orthu sin a maraíodh cothrom na hama seo 25 bliain ó shin nuair a phléasc buama ag leacht cuimhneacháin ar an bhaile. Pinsinéirí bunús iad sin a maraíodh nuair a phléasc buama de chuid an IRA agus seirbhís cuimhneacháin ag dul ar aghaidh ag [...]

Aoife Phelan – fear á cheistiú

Tá na Gardaí ag leanúint leo de cheistiú fir maidir le dúnmharú Aoife Phelan. Fuarthas corp Aoife, a bhí torthach an t-am a d’imigh sí as radharc, inné ag Bóthar Tigh Mochua. Bhí cuardach ar siúil acu ag abhainn an Bhearú ar feadh an lae inné ach d’éirigh na Gardaí amhrasach faoin eolas a chuir [...]

© Nuacht24