Litir chuig NÓS seolta go dtí an tSín

Cuireadh iontas ar fhoireann na hirise Gaeilge NÓS an tseachtain seo caite nuair thug siad faoi deara stampa as an ghnáth ar cheann de na litreacha a seoladh chuig an oifig. Litir ón bhanc i mBéal Feirste a bhí ann ach clóite ar an chlúdach bhí ‘MISSENT TO MACAU’, mar aon le marc stampa Síneach […]

Cumas sa Ghaeilge ag 184,898 ó thuaidh

Daonaireamh 2011 an tuaiscirt

Tá cumas éigin sa Ghaeilge ag 184,898 duine i sé chontae an tuaiscirt, dar le réamhthorthaí Dhaonáireamh 2011. Is ionann sin agus 10.65% den daonra agus is ardú é ó 167,490 duine in 2001. Mar a bheifeá ag súil, is é Béal Feirste an áit is líomhaire maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge le 36,837 duine sa chathair […]

Laigí móra i soláthar Gaeilge an stáit – Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga

Tuarascáil Bhliantúil 2011

Seoladh Tuarascáil Bhliantúil 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga maidin inniu agus é ag tabhairt le fios gur tháinig méadú 5% ar líon na gcásanna nua – ó 700 sa bhliain 2010 go dtí 734 in 2011 – inar chreid daoine go raibh cúis ghearáin acu de bharr deacrachta nó faidhbe i dtaca le seirbhís a […]

Stan Collymore ag leanúint don tweetáil Ghaeilge

culaith mor

Bhí sé ina scéal nuair a rinne Stan Collymore, fear talkSport Shasana agus iarpheileadóir sacair aitheanta, nuair a rinne sé cúpla tweet as Gaeilge an lá faoi dheireadh. Thosaigh sé nuair a d’impigh sé, i measc rudaí eile, ar a chara Dara Ó Briain, roinnt Gaeilge a fhoghlaim dó ach ó shin bíonn teachtaireachtaí beaga […]

Beidh an sár ghrúpa óg traidisiúnta as Baile Átha Cliath, Na Bonny Men, atá go mór faoi thionchar An Bothy Band, ach go bhfuil fuaim éagsúil acu féin, ag seinm ag Cabaret Craiceáilte na Nollag, Tigh Hiúdaí, An Bun Beag, Gaoth Dobhair, De Sathairn seo. Tá ceirnín úr go direach eisithe ag The Bonny Men, […]

Dinny i nGleann Cholm Cille

Pic-1-Aire-McGinley-ag-Oideas-Gael

Ar a thuras go hIardheisceart Dhún na nGall, thug an tAire Donncha Mac Fhionnaighle cuairt go hOideas Gael, Gleann Cholm Cille, áit a chas sé leis an fhoireann agus Cathaoirleach, Dr. Seosamh Watson. Bhí an Dr. Watson, Iar-ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Átha Cliath, ina léachtóir Ghaeilge ag an Aire Mhic Fhionnaighle agus […]

Ollchruinniú ag na Cumainn Ghaelacha

Cumainn Ghaelacha

Beidh an deireadh seachtaine traenála is mó do Chumainn Ghaelacha agus d’Oifigigh Ghaeilge na n-institiúidí tríú leibhéil sa tír á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn i bpáirt le Comhluadar agus Seachtain na Gaeilge, don chúigiú bliain as a chéile, ón 14 – 15 Deireadh Fómhair […]

Áras 2011 – díospóireacht na n-iarrthóirí ar TG4

páidí ó lionáird

Deimhníodh inniu go gcraolfar díospóireacht dátheangach teilifíse ar TG4 Dé Máirt seo chugainn, 18 Deireadh Fómhair ina mbeidh iarrthóirí do Thoghchán na hUachtaránachta páirteach. Áras 2011 is teideal don chlár nuálach seo, faoi chathaoirleacht Pháidí Uí Lionáird, ina mbeidh seisear de na hiarrthóirí á gcur féin i láthair agus i mbun plé dátheangach lena gcéilí […]

Ethel Brogan ar shlí na Fírinne

ethel brogan

Le Daltaí na Gaeilge Cailleadh ár gcara dil Ethel Brogan oíche aréir, an 5ú lá de Dheireadh Fómhair 2011. Grásta ó Dhia ar a hanam. Rugadh Ethel Mathews i gCathair Ard Mhacha seacht mbliana is ceithre scór ó sin.  Cé nach raibh ach cúpla focal acu sa bhaile, cheap Ethel go raibh sé tábhachtach a […]

Éigse Loch Lao

eigse loch lao

Beidh Éigse Loch Lao ar siúl i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo le réimse imeachtaí sóisialta agus painéil ar siúl in Ollscoil Uladh faoin téama ‘An Ghaeilge i gCóras Scolaíochta na hÉireann’. Dé hAoine 7 Deireadh Fómhair 2011 An Ghaeilge sa chóras meánscolaíochta thuaidh agus theas, 4:00i.n. – 5:30i.n. PAINÉAL 1 Niall Comer (Comhairleoir […]

© Nuacht24